Popular Posts

Monday, March 03, 2014

Stair Mhúineadh na Gaeilge i Scoil Iósaif, Fionnradharc

Is oth liom a rá, a léitheoirí dílse, nár scríobhas puinn anseo sa bhlag seo le níos mó ná bliain anuas!. Deacair a chreidiúint cé chomh scioptha is a theitheann na laethanta uainn. Bhuel, ar aon nós, seo chugaibh píósa próis a chum mé le fíordhéanaí ar stair mhúineadh na Gaeilge d' Irishleabhar Cuimhneacháin a chuireas in eagar do chomóradh 125 bliana na scoile, sé sin, Scoil Iosaif, Fionnradharc, Baile Átha Cliath, 3.

An Ghaeilge i Scoil Iósaif le Tadhg Ó Caoinleáin

An Príomhoide, mé féin agus beirt dalta ag láinseáil an Irisleabhair
Ní staraí mé, ach ina ainneoin sin déanfaidh mé iarracht cuntas a thabhairt ar stair a múinte agus a labhartha anseo i Scoil Iósaif.  Nuair a fostaíodh mé sa scoil sa bhliain 1988 bhí an Ghaeilge go líofa ag a lán den fhoireann ag an am, fiú taobh amuigh de roinn na Gaeilge féin.  Bhí cúigear againn sa roinn sin: Mícheál Ó Catháin (an leas-phríomhoide ó 1980 go dtí 1997 nuair a chuaigh sé amach ar pinsean), Tomás Mac Ádhaimh (Ciarraíoch agus cainteoir ó dhúchas a d’éirigh as sa bhliain 2000), Bairbre Uí Dhéadaigh, Mánas Ó Luathaire (cainteoir dúchais eile) agus ansin mé féin Tadhg Ó Caoinleáin. Labhraímis an Ghaeilge le chéile de ghnáth mar bhí sean-traidisiún a labhartha coitianta i scoileanna na mBráithre Críostaí agus níorbh aon eisceacht í Scoil Iósaif. 

Bhí an Ghaeilge ar bharr a dteanga ag daoine eile ar an bhfoireann taobh amuigh den roinn, mar a bhí: Róisín Nic Chába, cainteoir dúchais eile de bhunadh Chonamara di.  Mhúin Róisín an Spáinnis amháin sa scoil, más buan mo chuimhne agus bhí deartháir leí, Éanna in a léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach leis na blianta.  Bhí neart Gaeilge ag a leithéidí mar Róisín Nic Ghuidhir (Mata a mhúin Róisín don chuid is mó ach in am an ghátair líonfadh sí an bhearna go huchtúil) agus Antaine de Barra a sheas an fód ar son na cúise go dtí le déanaí nuair a chuaigh sé amach ar pinsean sa bhliain 2013.  Bhí togha na Gaelainne fós ag Gearóid Brockie a rinne a scolaíocht ar fad tréna meán agus fiú ag Breandán Ó Lathaigh, a d’éag sa bhliain 2002 agus gan ach timpeall caoga bliain slánaithe aige, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.  Ach faraor, tá formhór na ndaoine atá thuasluaite agam éirithe as gairm na múinteoireachta agus braithimid uainn iad.

Sa bhliain 1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge chun an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.  Nuair a tosnaíodh ar mhúineadh na Gaeilge ag an am sin in Éirinn tugadh Ceiltis mar ainm ar an ábhar.  Scoláirí na mBráithre nach mór a roghnaigh an t-ábhar agus a bhformhór a bhain na marcanna ab’airde amach sna Scrúdaithe Meánteistiméireachta.  Mar shampla, sa bhliain 1895 bhain 528 dalta pas amach sa Cheiltis sa scrúdú sin agus tháinig 449 den uimhir sin ó scoileanna na mBráithre Críostaí.

Conchubhar Ó Raghallaigh leis an gcéad chóip!
Sna nóchaidí den naoú h-aois déag chaith na Bráithre a lán dá gcuid ama ag múineadh na Gaeilge agus bhí fear amháin ar an bhfoireann anseo i Scoil Iósaif, an Bráthair J.V. Ó Cathasaigh agus do scríobh seisean leabhar scoile dar teideal Aids to Irish Composition. Le linn na bhfichidí den bhfichiú haois chuaigh stáid na Gaeilge go mór chun cinn sa scoil agus de réir a chéile múineadh ní ba mhó ábhair tréna meán.  Tosnaíodh ar í a labhairt fiú taobh amuigh den seomra ranga. De thoradh na dtréan-iarrachtaí a rinne na Bráithre bronnadh corn speisialta, Corn na Dála, ar Scoil Iósaif, Fionnradharc.  Chuir Dáil Éireann an corn sin ar bun chun aitheantas a thabhairt d’aon scoil ina raibh an líon ba mhó scoláirí le Gaeilge ar a dtoil acu.  Bhain Scoil Iósaif an corn sin dhá uair: sa bhliain1926 agus arís sa bhliain 1928.

Le h-imeacht na mblianta chuaigh stáid na Gaeilge chomh mór sin chun tosaigh sa scoil gur tosnaíodh ar gach ábhar a mhúineadh tréna meán sna luath-thriochaidí.  Sa bhliain 1937 bhain Scoil Iósaif céim iontach amach, sé sin, stádas ar a nglaoití “Scoil A.”  Seárd a bhí i gceist leis an stádas “A” ná scoil inar múineadh gach abhar tré mheán na Gaeilge.  Lean an stádas sin ar aghaidh ins an scoil seo ’gainne go dti an bhliain 1957 – tréimhse fiche bliain ar fad.

Bhunaigh An Bráthair T.M. Ó Catháin Cumann na nIar-Scoláirí (sé sin, an PPU) sna luath-daichidí.  Matamaiticeoir agus Gaeilgeoir den scoth a bhí san fhear céanna, chomh maith le físí thar an ngnáth.  (Is maith is cuimhin liom féinig úsáid a bhaint as a chuid leabhar mata a bhí scríofa as Gaeilge nuair a bhíos i Scoil Uí Chonaill mar dhalta sna seachtóidí).  Dob í an Ghaeilge meán cumarsáide Chumann na nIarscoláirí sna blianta tosaigh sin agus dob é Annraoi Ó Beoláin ceannródaí an Chumainn sin leis na blianta, fiú síos chun an am i láthair, agus gura fada buan an fear céanna. 

Sa bhliain 1944 tháinig an Bráthair Ó Donnchú chun na scoile agus bhí an-dúil aige i gcúrsaí spóirt agus sa Ghaeilge araon agus bhunaigh sé craobh den eagraíocht Ógra Éireann a raibh mar aidhm aige ár dteanga dhúchais a chur chun cinn trén í a labhairt le linn gnáthimeachtaí agus caitheamh aimsire i gcoitinne.
Chaith an mórscoláire Gaeilge an Bráthair Liam P. Ó Caithnia seal sé bliana ar an bhfoireann múinte ó 1960 – 1966.  Scríobh sé leabhar iontach agus tábhachtach, saothar mór scolárthachta agus taighde, dar teideal Scéal na hIomána a foilsíodh sa bhliain 1980.  Scríobh sé dhá leabhar shuimiúla eile eile, ceann ar stair na peile gaelaí agus dírbheathaisnéis duine de bhunaitheoirí an Chumann Lúthchleas Gael, viz, Micheál Ó Cíosóig.  Dúirt an tOllamh le Gaeilge Alan Titley (léachtóir i gColáiste na Tríonóide ag an am) go raibh Scéal na hIomána ar cheann dena leabhair ba thábhachtaí a scríobhadh i nGaeilge sa bhfichiú haois.  D’éag an t-údar sa bhlian 2001 agus cúig bliana d’éag is trí scór slánaithe aige.

Bhí scoláire Gaeilge amháin eile ar an bhfoireann agus b’eisean an tUas Fiachra Ó Dufaigh a theagaisc sa scoil ó 1964-1970.  Nuair a d’fhág Ó Dufaigh scoil Iósaif fostaíodh é mar léachtóir i Roinn an Oideachais i gColáiste na hOllscoile, Má Nuad mar ar mhúin sé Módheolaíocht na Gaeilge.  Is cuimhin liom féinig úsáid a bhaint as leabhar fíor-áisiúil a scríobh sé don Ardteistiméireacht Onóireacha sa Ghaeilge.
Is mithid dom stad anois mar tá an tobar beagnach tráite agam.  Fágaim todhchaí na Gaeilge sa scoil seo ag a leithéidí mar Shinéad Ní Ghleannáin, Conchubhar Mac Ghloinn agus Séadhan de Poiré, múinteoirí óga fuinniúla den scoth a bhfuil an teanga ar a dtoil agus suim thar na bearta sa chultúr Gaelach i gcoitinne acu.  Má tá múinteoirí cosúil leo i scoileanna eile na tire beidh todhchaí geal ag an nGaeilge. Go n-eirí an t-ádh leo.