Popular Posts

Sunday, February 25, 2007

Dánta is Geal Liom 10


Dánta is Geal Liom 10

Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile é féin. Is amhlaidh go raibh an file nua-aimseartha ag smaoineamh ar dhán an fhile ón seanaimsir gan dabht ar bith. Séard is ainm nó teideal don chéad dhán ná Valparaiso leis an Monsignor Pádraig de Brún (Monsignor Pádraig de Brún, 1945-1959 – uncail ab ea é don fhile cailiúil Máire Mhac an tSaoi ar chóir dom dán dá cuidse a chur ar an mblag seo gan aon agó. Ach sin gnó don fháistin.)

Caithfidh me a rá gur chuireas Valparaiso go glanmheabhair nuair a bhí mé im’ dhalta sa séú rang ar an mbunscoil. Arís mar a dúirt mé maidir le dánta eile atá curtha i gcló agamsa ar an mblag seo go ndeachaigh rithimí agus rím an dáin seo go mór i bhfeidhm orm. Arís mar a dúirt mé cheana cheap mé gur sheafóid amach is amach é bheith ag foghlaim dánta go glanmheabhair is mé óg. Ach leis an fhírinne a rá ba tréna mheán a chuaigh rithimí is ceol na Gaeilge i gcionn go mór orm. Sin ceann dena fáthanna go bhfuil an Ghaeilge ar mo thoil agam. Ar aon nós ar aghaidh leis an ngnó atá romham. Seo dhaoibh an chéad dhán.



Valparaiso

Tháinig long ó Valparaiso
Scaoileadh téad a seol sa chuan;
Chuir a hainm dom i gcuimhne
Ríocht na gréine, tír na mbua.

“Gluais,” ar sí ar thuras fada
Liom ó scamall is ó cheo;
Tá fé shleasaibh gorm-Andes
Cathair scáfar, glé mar sheod.”

Ach bhíos óg is ní imeoinnse,
Am an dóchais, tús mo shaoil;
Chreideas fós go raibh i ndán dom
Iontaisí na ndán is na scéal.

Ghluis an long thar lintibh mara
Fad ó shin’s a crann mar ór;
Scríobh a scéal ar phár na hoíche,
Ard i rian na réiltean mór.

Fillfidh sí arís chugham áfach;
Chífead cathair bhán fén sléibh
Le hais Mara na Síochána –
Creidim fós beagnach, a Dhé.

Dán iontach simplí atá anseo. Is amhlaidh go bhfuil cathú de shórt éigin ar an bhfile toisc nár lean sé na brionglóidí a bhí aige agus é an-óg. Cé againne ná fuil cathú de shaghas éigin air nó uirthi? Cuireann sé an dán de chuid Robert Frost i gcuimhne dhom, sé sin, “Two Roads diverged in a yellow wood.” Sin é an line tosaigh ar aon nós, ní chuimhin liom an teideal go cruinn beacht anois agus mé ag scríobh, ach is cuma sa tsioc.

Anois ba mhaith liom an dán de chuid Nuala Ní Dhomhnaill a chur i gcló díreach fé bhun an dáin chumhachtaigh seo. Seo dhaoibh é:



Athchuairt ar Valparaiso

Chuamar go Valparaiso
scaoileamar an téad sa chuan,
fuaireamar faoi shleasa Andes,
cathair ghléineach, tír na mbua.

Ach laistigh de chúpla lá
thosnaigh an bolcán múchta
Popocatapetl
ag glanadh a scórnaigh ifreanda
is ag rúscadh lasracha anuas orainn.

Chromas chun aibhleog
a ghlanadh de mo sciorta,
bhí spréanna teo ag titim orainn
mar chloichshneachta.

Ritheamar i gcoinne an tuille daoine
ag cuardach mo linbh
ach bhí mo leanbh slán
is ar thaobh na fothana.

Idir na tithe beaga
d’eascair an amhailt,
bláth mar lile.
Ní lile bhán Naomh Iósaif
ach lile bhreac an tíogair
a fhásann i bhforaoiseacha
tonntaoscach, rúndiamhair.

Is shiúlamar i dtriúr isteach i lár an bhlátha
Is mhúch an seirglile seo an ghrian orainn.



Go deimhin má tá brionglóidí nó aislingí an bhuachalla óig go h-an rómánsúil ar fad tá físeanna úafásacha feicthe ag an mbean – gan dabht ar domhan is tromluí i ndairíre atá i gceist sa dara dán. Téann an dá dán go maith mar sin lena chéile – ceann amháin an-dearfa ar fad agus an ceann eile an-diúltach ar fad. Bheadh an síciatraí Carl Gustave Jung an-sásta leis an dá cheann a bheith ag tagairt dá chéile – séard atá i gceist agam ná go bhfuil “iomláine” nó “wholeness” nó aonad amháin anseo maidir leis an saol féin agus maidir lenár dtaithí ina iomláine air. Cuireann an chontrárthacht nádurtha seo Songs of Innocence agus Songs of Experience de chuid William Blake i gcuimhne go cumhachtach dom.



Thuas ag barr an phoist seo tá pictiúr beag a ghlac mé 09/2003 de long beag seoil ar a sli isteach i gCaladh Bhinn Éadair.

Friday, February 23, 2007


Dánta is Geal Liom 9

Ta sé luaite ró-mhinic is dócha sna leathanaigh seo agam gurb iad Nuala Ní Dhomhnaill agus Cathal Ó Searcaigh an bheirt mhórfhile chomhaimseartha is fearr liom. Go bunúsach leathnaíonn nó síneann siad amach teorainneacha ár mbraithstintí. Chomh maith leis sin is daoine macánta ionraice an bheirt acu ina scríbhinní. Anuas air sin féadaimid a lua gan dabht go bhfuil cumas iontach na cruthaíochta agus cumhacht na bhfocal iontu beirt!

Bhuel, anois díreach ba mhaith liom dán beag de chuid Ní Dhomhnaill a athsrcríobh anseo daoibh. Dán iontach tíriúil, créiúil fiú, ceapaim, dán baineann, dán a théann go doimhin isteach i mbraithstintí an ghrá is an ghnéis.

Póg

Do phóg fear eile mé
i lár mo bheola,
do chuir sé a theanga
isteach i mo bhéal.
Níor bhraitheas faic.
Dúrt leis
“Téir abhaile a dheartháirín,
tán tú ólta
is ta do bhean thall sa doras
ag fanacht.”

Ach nuair a chuimhním
ar do phógsa
critheann mo chromáin
is imíonn
a bhfuil eatarthu
ina lacht.

Cumahachtach, cumasach, tíriúil, gnéasach agus macánta amach is amach. Ní féidir aon rud níos mó a rá. Is leor an dán féinig gan aon anailís! Beannacht leat a scríbhinn!!

Thuas ag barr an phoist seo tá grianghraf de shruthán cumhachtach a ghlac mé i nDelphi mi Marta 2006, ar thuras scoile le daltai na hEadarbhliana 's'againne. Cumhacht eile is amhlaidh - cumhacht chréiúil na n-eiliminti nó na ndúl!

Wednesday, February 21, 2007

Dánta is Geal Liom 8


Dánta is Geal Liom 8

Ceann eile de dhánta a chuireas go glanmheabhair ar scoil nó Na Coisithe le Liam S. Gógáin. Séard a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus me I mo leaid óg ná an rithim agus an rím a ghabhann leis an dán seo. Arís cuireadh iachall orainn é a aithris ós ard duine ar dhuine, dalta ar dhalta sa seomra ranga. Chuaigh draíocht na bhfocal is draíocht na rithime i gcionn go mór orm. Chomh maith leis sin bhaineas an-taithneamh as an mhistéir a chruthaíonn an dán ceanannn céanna.

Fágadh muid go leir faoi dhraíocht ag an dán seo. Cérbh iad na coisithe seo agus cá raibh a dtriail? Cad as ar tháinig siad i dtús báire? Cérbh iad na “(h)anamna i bponc”? Ceapaimse gur dan cumhachtach é seo mar fágtar muid gan fhreagraí ar aon cheist. Fágtar muid faoi dhraíocht chumhacht na bhfocal. Sin is filíocht ann!



Ná Coisithe


I gcoim na hoíche cloisim iad,
Na coisithe ar siúl,
Airím iad, ní fheicim iad,
Ní fios cá bhfuil a gcuaird.

I gcoim na hoíche dorcha,
Is an uile ní i suan,
Airím teacht na gcoisithe
I lár an bhaile chiúin.

An daoine iad nach sona dóibh
Nó anamna i bpúnc
Nach aoibhinn dóibh an t-ionad san
I gconaíd go buan?

I gcoim na hoíche dorcha
Is cách ina chodladh suain,
Is ea cloisimse na coisithe
Ag teacht is ag imeacht uaim.



Scoláire mór Gaeilge ab ea Liam S. Gógáin agus chabhraigh sé go mór leis an Athair Pádraig Ó Duinnín chun an foclóir cáiliúil Gaeilge-Béarla a chur le chéile.




An pictiúr a chuireas thuas ná ceann a ghlacas de tháipéis den Bhlascaod Mór atá ar crochadh in Ionad an Bhlascaoid, Co Chiarrai, Deireadh Fómhair, 2005. Nach bhfuil draiocht agus mistéir ag baint léi?

Monday, February 19, 2007

Dánta is Geal Liom 7


Dánta is Geal Liom 7

Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama agus aigne aisteach an duine faoi mar a bhíonn an mórfhile eile dá linn Seán Ó Ríordáin. Rudaí beaga nó eachtraí fánacha óna a óige a chuireann Ó Díreain ag smaoineamh agus ag cumadh leis. Uaireanta bíonn sé ag casadh siar ar áilleacht agus ar shonas na hóige. Téann a dhánta go mór i bhfeidhm orm i ngeall ar a simplíocht chainte agus ar a gcumhacht ó thaobh na n-íomhánna soiléire. Seo dán a chuireas go glanmheabhair is me timpeall ceithre bhliana déag d’aois agus mé sa dara bliain sa mheánscoil.



An tEarrach Thiar

Fear ag glanadh cré
De ghímseán spáide
Sa gciúnas shéimh
I mbrothall lae
Binn an fhuaim
San Earrach thiar.

Fear ag caitheadh
Cliabh dha dhroim
Is an fheamainn dhearg
Ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bháin.
Niamhrach an radharc
San Earrach thiar.

Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá,
A gcótaí craptha,
Scáilí thíos fúthu:
Támh-radharc síothach
San Earrach thiar.

Toll-bhuillí fanna
Ag maidí rámha
Currach lan d’éisc
Ag teacht chun cladaigh
Ar ór-mhuir mhall
I ndeireadh lae
San Earrach thiar.



Bhí sé de nós ag seanfhilí na Gaeilge riamh pictiúr a charnadh anuas ar phictiúr ina gcuid danta chun radharc iomlán ilghnéitheach a chur ós ár gcomhair. Sin go díreach atá á dhéanamg anseo ag an nDíreánach. Cruthaíonn sé ceithre phictiúr chumasacha shoiléire a léiríonn go beacht an tEarrach in Árainn, oileáin in iarthar na tire.

Dob é an múinteoir Pádraigh Ó Súilleabháin, Ciarraíoch a chuir iachall orainn na dánta seo a chur go glanmheabhair. Ag an uair san im’ shaol cheapas gur dhul amú aimsire a bhí i gceist leis sin. Buachaill beag neirbhíseach a bhí ionam agus bhíodh orainn go léir dalta i ndiaidh dalta seasamg suas le taobh ár mbínse agus véarsa a aithris dhó gach lá. Ag an uair b’ualach mór é seo ach ba tréna mhéan a chuaigh rithimí iontacha na Gaeilge go mór i gcionn orm!

Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí ar gach n-aon a léann thú!


Is oth liom a rá nach bhfuil grianghraf agam ó Árainn nó ó Chonamara ar a laghad - ach seo dhaoibh ceann ó Chontae Mhuigh Eo, Delphi, Marta 2006.

Dánta is Geal Liom 6


Dánta is Geal Liom 6

Ceann de na dánta a chuireas go glanmheabhair agus mé im’ dhalta sa mheánscoil ná “An tOide” le Séamas Ó hAodha (1886-1967). Rugadh i gCathair Chorcaí é sa bhliain 1886 agus chaith se a shaol ina chigire scoileanna. Cheap sé drámaí agus aistí chomh maith le roinnt leabhar filíochta. Thaithin an dán seo go mór liom agus d’aithris mé é don scrúdú béil dom’ Ardteistiméireacht sa bhliain 1976.

Dar le hÓ hAodha go gcuireann an t-oide a chuid daltaí ar snámh ar “mhuir mhóir an léinn láin” – meafar iontach, cumasach agus cumhachtach. Tugann sé aire dhóibh faoi mar a dhéanfadh máthair. Oileann sé go cúramach iad. Ach sa deireadh thiar thall imíonn siad uaidh faoi is a imíonn siad óna máithreacha féin. Seo dhaoibh an dán – liric bheag chumachtach is ea é:


An tOide

Uasal ceird an oide:
Mar rí ar imeall trá,
Chuir ar tonn na soithigh
‘S sheoil go hoscailt bá.

Aoibhinn ceird an oide:
Mar gharnóir lá Iúil
D’aistrigh sciamh na scoithe
Ó ghrianán go húir.

Uaigneach ceird an oide:
Mar mhaithrín léi féin
Tar éis imeacht a clainne
Thar tairsigh i gcéin.


Dar leis an bhfile agus liom fhéin seasann an t-oide in áit an tuismitheora maidir lena chuid daltaí. Tosaíonn sé ar iad a theagasc, oileann sé go cúramach iad, agus ansan sa deireadh thiar thall imíonn siad uaidh.




Séard atá thuas ná grianghraf de thiúir mhúinteoiri againne ag spaisteoireacht lá amháin le linn dúinn bheith páirteach i gcúrsa in Oideas Gael i nGleann Cholm Chille i gContae Dhún na nGall, Deireadh Fómhair, 2004 - Seán, mé fhéin agus Cóilin Mac Ghiolla Rua.

Thursday, February 15, 2007

Dánta is Geal Liom 5


Dánta is Geal Liom 5

Ós rud é go ndéanaim an corr-iarracht dán nó dhó a chumadh caithfidh mé a admháil go bhfuil dán cumasach amháin ann ó pheann Mháirtín Uí Dhíreáin a dtagaim ar ais chuige arís is arís eile. Séard is teideal don dán seo ná “Bí id’ Chrann.” Taithníonn an dán seo go mór liom mar tá comhairle ar fheabhas ann d’éinne ar mhaith leis nó léi dánta a scríobh, agus níos mó ná sin roinneann sé gaois le héinne ar mhaith leis nó léi bheith i mbéal an phobail mar “fhile proifisiúnta” mar a dearfá. Chomh maith leis sin taithníonn teideal an dáin liom – teideal atá ann, atá ana-chumasach agus ana-éifeachtach go deo, atá scríofa mar ordú díreach don fhile – “Bí id’ Chrann.” Sé sin le rá go dtugann an Díreánach ordú dó fhéin agus d’éinne ar mhaith leo bealach na filíochta a leanúint. Dar leis go gcaithfidh an duine seo bheith láidir agus treis ann nó inti féin. Is maith liom an fhíric go n-úsaideann sé meafar an chrainn chun an láidreacht seo a chur in iúl dúinn.

An rud a thaithníonn go mór liom faoin nDíreánach ná gur bhain sé úsaid éifeachteach agus chumasach as rudaí fisiciúla, tathagacha ón nádúr nó ón dúlra – aibhneacha, cnoic, sléibhte, clocha, crainn, claíocha, fálta, srutháin, báisteach, sioc agus a leithéidí. Tá a chuid dhánta lán de thagairtí dosna dúile – aer, uisce, tine agus talamh. Chomh maith leis sin caithfidh mé a admháil leis go bhfuil an tréith seo – grá don nádúr – ionam fhéinig. Seo dhaoibh an dán:


Bí id’ Chrann

Coigil do bhrí
A fhir an dáin
Coigil faoi thrí
Bí id’ chrann.

Coigil gach ní
A fhir an dáin,
Ná bog na lúb
Roimh anfa an cháis.

Fan socair,
Fan teann,
Is fear an uain
Go dtaga do lá.

Corraíodh an ghaoth
A fhir na laoithe
Gach duille ort thuas;
Do stoc bíodh buan..

Uaigneach crann
I lár coille,
Uaigneach file
Thar gach duine.

Daingean crann
I dtalamh suite,
Cosa i dtaca
Cuir a fhile!

Coigil do chlí
Coigil do aird,
Coigil gach slí
I gcomhair an dáin.

Tá do leath baineann,
A fhir an dáin,
Bí fireann, bí slán
Bí id’ chrann.



Is amhlaidh go n-aontódh aon fhile leis an gcomhairle agus leis an ngaois atá sna línte cumhachtacha gonta thuas. Ar ndóigh is tréith iontach í an ghontacht i bhfilíocht an Díreánaigh. Ní charnann sé focal ar fhocal – baineann sé úsaid éifeachtach as an méid fhocal is lú ar féidir leis. Dar leis go mba cheart don fhile é/í féin a oiliúint go maith, go gcuirfeadh sé/sí eolas go foighneach ar an saol, go mba cheart dó/di bheith láidir mar a bheadh crann, agus ansan go mba chóir dó/di labhairt amach nuair a thiocfadh an t-am cuí. Ceapaim go mbéadh aon siceolaí ar chomhintinn leis maidir le bheith baineann maidir le braistintí agus fireann maidir le dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil. Is amhlaidh go mba cheart agus go mba choir an taobh baineann a bheith ionainn chomh maith leis an taobh fireann. Mar fhocal scoir ceapaim go bhfuil an téarma “fear an dain” i bhfad níos éifeachtaí agus fiú níos cuí ná “file.”

Beannacht leat a scríbhinn agus gach fear nó bean an dain atá amuigh ansan ar an mblagchruinne bígí teann, bígí in bhur gcrann.


Seo thuas pictiúr a ghlac mé de chrann ag Teach Newbridge samhradh 2006

Monday, February 12, 2007

Dánta is Geal Liom 4


Dánta is Geal Liom 4

Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá meadarachtaí iontacha agus Gaeilge bhreá shaibhir fhileata ag an bhfile céanna. Cuireann a chuid dhánta faoi dhraíocht mé. Seachas sin cumann sé comhfhocail iontacha éifeachtacha – seo gné thábhachtach dá stíl shuntasach phearsanta i ndairíre. Is féidir an tionchur seo a fheiscint go rí-shoiléir i ndánta de chuid Sheáin Uí Thuama. Ní gá duit ach breathnú ar an dán leis a chuireas díreach sa phost roimhe seo.

Taobh amuigh de sin ta féith na fealsúnachta sa Ríordánach agus tuigfidh léitheoirí mo bhlag Béarla é seo mar tá suim nach beag agam san ábhar céanna. Ar aon nós cíorann Seán Ó Ríordáin ceisteanna móra doimhne na beatha, agus ní nach ionadh san mar bhí an eitinn air ó bhí sé an-óg agus d’fhulaing sé a pháis fhéinig maidir leis sin. Ach bíodh sin agus uile, i ndairíre píre is é cumhacht na bhfocal agus cumas an chumadóra an tréith is tábhachtaí ag aon fhile ar bith.

Dán de chuid an Ríordánaigh a thaithníonn go mór liom ná “Rian na gCos.” Dán is ea é seo a chíorann an cheist mhór sin na féiniúlachta, “Cé mé féin? nó “Cé mise?” Cuirimid an cheist seo orainn féin minic go leor. Is amhlaidh nach bhfuil freagra éifeachtach ar an gceist seo. I ndáirire píre is léir go bhfuil a lán freagraí, go bhfuil a lán “daoine” ionam. An mé an duine a bhí ar aithne agam agus mé im’ phaiste? An me an duine úd a d’aithin me agus me ag freastal ar an mbunscoil? Ar an meánscoil? Ar an ollscoil? Nuair a pósadh me? Mistéir amach is amach is ea an duine fiú dó fein! Tá Seán Ó Ríordain ag cíoradh an fhéinaitheantais sa dán seo. Is léir nach dtagann sé ar reiteach na faidhbe mar is mistéir atá i gceist, mistéir ar féidir linn a bhlaiseadh agus bhraitstint agus nach feidir linn a shárú.

An rud a chuireann an file ag smaoineamh na rian a gcos féin is é ag teacht thar n-ais dó dá theach nó don áit a d’fhág se ar dtús. An é an duine céanna é an duine a chuaigh amach agus an duine a thainig ar ais?

Rian na gCos

Anois ba mhaith liom bualadh leis
Nuair nach féidir é,
Ó dheas a ghabh sé an mhaidin sin,
Aneas ní thiocfaidh sé.

Maidin ghréine i gCiarraí
Ba chlos tríthí sruthán
Mar ghlór cailín fé cheilt sa chlaí
Is mé ag dul thar bráid.

Do shiúil sé liom an mhaidin sin,
Ár mbeirt ar aon chosán,
Ag siúl ar ais sea tuigeadh dom,
Chonac rian a gcos sa láib.

Ní raibh sé ann gur imigh sé,
Ní hann go has go brách,
An duine sin tá imithe
Atá sé siúd iomlán.

Mo dhuine bocht ‘bhí i bhfara liom,
Go raibh a anam slán,
Is anam gach a leanfaidh é
Dem dhaoinese go brách.

Is liomsa anois na cosa sin
Ar shiúil sé leo sa láib,
Ach ní mé a bhí i bhfara leis
Ag éisteacht le sruthán.

Níor saolaíodh mé gur cailleadh é,
Is mó mé i mise amháin,
Cailltear le gach focal mé,
Ach éiríonn le gach anáil.

An mé nua sin a leanann mé
Go gcomhlíontar mise amháin;
Scata a scrí’ na ranna seo
Duine as gach anáil.

Sceo ar sceo do scumhadh iad,
Na daoine seo dem chroí,
Ní hionadh gurb ionmhain liom rian
A gcos sa láib im shlí.


Scríobhtar seafóid, is é mo bharúil, faoi cad is file ann. Deir saineolaithe áirithe go gcaitheann file ar bith “guth amháin” a aimsiú. Ach ní sin a cheapann an Ríordánach agus táim ar aon intinn leis. Dar liom go bhfuil an ceart aige agus go bhfuil tacaíocht le fáil sa tsiceolaíocht na nua haoise seo, sé sin go bhfuil scata mór guthanna ionainn, go bhfuil a lán pearsana ionainn. Mar a deir Seán Ó Ríordáin thuas: “Scata a scrí’ na ranna seo” – ní guth amháin a scríobh é! “Is mó mé i mise amháin” – tá an ceart aige. Mar a duirt mé tá draíocht agus mistéir ag baint leis na focail agus leis an gcaint a mbaineanna an Ríordánach úsáid astu. Má léann tú ós árd an dán seo báfaí thú sa mhistéir agus sa dhraíocht.



An grianghraf a chuireas thuas ar barr ná ceann de rian mo choischéimeanna féin i ngaineamh na trá ag Damhnach Bat, Co Bhaile Átha cliath. Thógas é le linn samhraidh 2005.

Sunday, February 11, 2007

Dánta is Geal Liom 3


Dánta is Geal Liom 3


Tá beirt fhile ón Mhumhain a thaithníonn go mór liom, sé sin, Seán Ó Ríordáin agus Seán Ó Tuama a d’éag timpeall sé mhí ó shin. Ba mhaith liom dán de chuid an Tuamaigh a chur thíos anseo. Gan dabht ar domhan d’fhoghlaimigh Ó Tuama a lán ó fhilíocht an Ríordánaigh. Go deimhin féin ceapaim go raibh Seán Ó Ríordáin mar fhile cónaithe i gColáiste na hÓllscoile le linn don Tuamach bheith ina léachtóir ag an gcoláiste céanna.

Rugadh Seán ó Tuama i gCathair Chorcaí sa bhliain 1926 agus bhásaigh sé sa bhliain 2006. Bhain sé amach dochtúireacht sa nuaGhaeilge agus bhí sé ina ollamh le fada i gColáiste na hOllscoile Chorcaí. Scríobh sé idir fhilíocht agus dhrámaí.

Seo dán luath dá pheann ina n-iarann an file ar Dhia gan ligean dó bás a fhail gan aithrí, ar eagla go bhfíorófaí an rud a samhlaíodh dó trén a thaibhreamh/thaibhrimh an la roimhe, sé sin, é a bheith scartha amach go deo ó gach rud álainn.


A Chríost ná scaoil orm an bás I ngan fhios
Mar scaoilis orm codladh inné,
Ach deonaigh dom an mhíogarnach ghnáthúil
Sula gcartfaidh siad an teampall cré –

Chun ná dúiseoinn, is gur díthreabh mo dhúchas,
Tír narbh eol dom bean ná gaol
Sceach-bhall ceoigh ‘nar shearg na finniúna
Mhilseodh an teanga, ramhar le scéan.

Go n-atfadh romham go sleamhain insa chiúineas
An abhainn dhubh le múnlach daol,
Go labharfadh chugham an eala le muc-ghnúsacht
‘S an gadhar bacach le tíogar-bhéic.

Gurb iad na hein a cheolfadh dom gan suaimhneas,
Ceirteacha uaigneacha le gaoth
Ag liobar-chaint’s ag seint go stracaithe
Ar sheanga teileafóin an aeir.

Go bhfliuchfaí me sa cheo, is fós na silfeadh
Aon bhraon le fuarthan ar mo bhéal,
Go siúlfainn is go siúlfainn I measc daoine
Ag prap-ghluaiseacht mar bhréagain ar théid –

A Chríost ná scaoil orm an codladh i ngan fhios
Mar scaoilis orm bás inné,
Ach deonaigh dom cnead-mhíogarnach ghnáthúil
An tseanduine I ndeireadh an lae.

Chun go leagfad fén gcathaoir mo léine chaite,
Oíche shailm-chiúin, tráth Tenebrae,
Is go bhfáiscfead fém chulaith suain mo chrios, le teannas
‘S go sínfead siar mo theampall cré.



Seo pictiúr thuas ar ghlac mo dheartháir Padraig de shean Chrois Cheilteach i mBaile an Fhéirtéirigh le linn an bhriseadh leath-théarma 2005. Ba i nGaeltacht Dhún Chaoin a d'fhoghlaimigh an Tuamach agus an Riordánach an Ghaolainn.

Tuesday, February 06, 2007

Dánta is Geal Liom 2



Mar is eol don léitheoir is maith liom dánta Chathail Uí Shearcaigh. Ceapaim gur sárfhile é agus is dóigh liom nach bhfuilim i m’aonar maidir leis an mbreithiúnas seo. Is breá liom nadúrthacht agus simplíocht a chuid chainte agus foirfeacht a chuid Ghaeilge. Is cainteoir ó dhúchas é agus tá saibhreas a shinsear ina fhocail.


Is file cumhachtach cumasach é an Searcach. Tá ar a chumas focail a mhúnlú agus íomhánna soiléire a bhreacadh ar phár. Ceapaim gurb é seo príomhghnó aon fhile ar bith – bheith in ann pictiúir nó íomhánna a chruthú go h-éifeachtach in aigne an léitheora. Cruthaíonn sé meafair go h-an nádúrtha ar fad. Fáisceann sé na meafair seo as ghnáthfhocail agus coraíonn sé sin go doimhin istigh inar gcroí! Maith thú, a Chathail, tá tú mollta is mé i mo thost.


Anois, a leitheoirí, dán simplí cumachtach cumasach daoibh.




Séisiúir


Bailc shamhraidh sna cnoic –
i dtitim throm thréan na fearrthainne
cloisim míle bó bainne á mblí.

I mbáine an gheimhridh sna cnoic
bíonn na bunsoip trom le sioc –
as a gcuid síní sileann tost.



Nach iontach go deo na híomhánna cumasacha anseo. Ar dtús féadaimid na mile bó bainne á mbleán a chloisteáil i dtitim throm na baistí ar dhíon theach an fhile – íomhá cloiste nó cluaise é seo – cluasíomhá nó cluasmheafar. Leanann sé ar aghaidh leis an meafar céanna sa dara véarsa – meafar na mbó á mbleán ach anseo cuirtear meafar feicthe nó súile ós ár gcomhair – amharcíomhá nó amharcmheafar is dócha an téarma a bheadh air seo! Abair na focail sa dán seo os ard agus cloisfidh tú binneas na binne!

Saturday, February 03, 2007

Dánta is geal liom 1


Sábháilteacht


Caithfead a rá gur maith liom dánta Nuala Ní Dhomhnaill. Chasas uirthi cúpla bliain ó shin agus mé amuigh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar chúrsa lae le mo dhaltaí scoile. Cúrsa dírithe ar an ardchúrsa Ardteiste is ea é seo a chuireann foireann Roinn na Gaeilge ar siúl gach bliain. Is amhlaidh go n-eagraíonn siad é chun síolta a scaipeadh in intinn na ndaltaí maidir le staidéar na Gaeilge san ollscoil chéanna. Ar aon nós bhí Nuala ann agus thug sí léacht bhréa shuimiúil uaithi ar an bhfilíocht agus ar féith na cruthaíochta. Bhi sí ina scríbhneoir cónaithe sa choláiste ag an am san. Bhíos ag caint lei ní ba dhéanaí i seomra na foirne. Chuaigh a tíriúlacht agus a ionraiceas go mór i bhfeidhm orm. Bean le croí mór doimhin is ea í chomh maith le h-intleacht ghéar. Tuigeann tú ar an toirt go bhfuil dearcadh cumasach aici ar an saol. Sular bhuaileas léi caithfead a rá gur léadh me a dánta rialta go leor mar is ise agus Cathal Ó Searcaigh an bheirt fhile is mó is maith liom atá ag cumadh leo sa Ghaeilge. Tagann an bheirt acu ó áiteanna fada go leor ó chéile maidir le canúintí – Ghaeilig bhreá bhinn na gConallach atá ag Cathal agus Ghaolainn bhreá bhinn na Muimhneach atá ag Nuala. Nuair a léim dánta de chuid Ní Dhomhnaill tosnaím ag smaoineamh is ag labhairt i gcanúint Chorca Dhuibhne agus nuair a léim dánta Uí Shearcaigh tosaím ag smaointiú is ag labhairt I nGaeilig Chontae Thír Chonaill. Ba i nGaeltacht Chiarraí agus ó mhúinteoirí ó Chiarraí a d’fhoghlaimíos mo chuid Ghaeilge ar scoil agus ba i nGaeltacht Dhún na nGall, go h-áirithe ar Oileán Árainn Mhóir a chuir me snas uirthi. Mar sin is breá liom an dá chanúint sin atá ar mo thoil agam.



Anois ba mhaith liom dán de chuid Ní Dhomhnaill a chur ar an leathanach seo. Dán is ea é faoin sábháilteacht atá bunaithe ar chaidreamh idir bheirt. Iarrann an file ar a chéile í a chosaint ar an olc, ionas nach slogfaí í i bpoll mór “faoin talamh,” ionas nach gcaillfí í i ndomhan mór anaithid an neamhchomhfheasa, ionas nach mbáfaí í i bhfaitís an tsaoil. Dán cumasach é seo dar liom a chíorann cúinní dorcha an neamhchomhfheasa agus ár bhfaitíos.





Gaineamh shúraic


A chroí, ná lig dom is mé ag dul a chodladh
titim isteach sa phluais dhorcha.
Tá eagla orm roimh an ngaineamh shúraic
roimh na cuasa scamhaithe amach ag uisce,
áiteanna ina luíonn móin faoin dtalamh.


Thíos ann ta giúis is bogdéil ársa;
tá cnámha na bhFiann ‘na luí go sámh ann
a glaimhte gan mheirg – is cailín báite
rópa cnáibe ar a muinéal tairrice.


Ta sé anois ina lag trá rabharta,
tá gealach lán is trá mhór ann,
is anocht nuair a chaithfead mo shúile a dhúnadh
bíodh talamh slán, bíodh gaineamh chruaidh romham.




Guím “talamh slán” nó “terra firma” ar léitheoirí uile an bhlaig seo agus “gaineamh crua” seachas gaineamh beo faoi bhur gcosa i gcónaí. Beannacht libh uile agus beannacht leat a scríbhinn.


Thuas ag barr an ailt seo tá pictiúr de bheirt iarscoláire liom a thug ard aire do na páisti ag an naoinaire aitiúil sa Phort Thoir. Is gnách leis na buachailli i mo scoilse aire a thabhairt dá ndeartháireacha agus deirféaracha beaga. Ghlacas an grianghraf seo timpeall ceithre bhliana ó shin.