Popular Posts

Sunday, September 19, 2010

Grá don Ghaeilge 7

Ní ait an rud é i ndáiríre píre go nascaimid aon ní is dual agus is dúchasach dúinn leis na daoine a chuaigh i bhfeidhm orainn go mór le linn ár saoil.  Luaigh mé an sármhúinteoir bunscoile a bhí agam, an tUasal Ó Muirí go minic sna leathanaigh seo, fear a chuaigh go mór i gcionn orm mar dhuine agus mar mhúinteoir nuair nach raibh mé ach dhá bhliain déag d'aois.  Is maith is cuimhin liom dul abhaile agus a rá le mo mháthair go raibh dúil mhór agam sa mhúinteoireacht mar ghairm bheatha.  Bhuel, d'éist mo mháthair liom gan aon agó agus thosaigh sí ag ceannach a lán leabhair dom mar bhí suim nach beag agam riamh sa léitheoireacht.  Is maith is cuimhin liom go raibh leabharlann de chúpla céad leabhar agam agus mé sa mheánscoil agus ba rud neamhghnách é sin ag an am do bhuachaill a raibh cónaí air i measc an lucht oibre agus gurbh fhear an phoist é a athair.

Rud a ritheann liom anois ná gur shúigh mé isteach an chríonnacht, an ghaois nó an eagna a bhí ag na seanmhúinteoirí sin - agus ag m'athairse agus mo mháthairse gan dabht ar bith - ciall na gcianta i ndáiríre a thug na daoine seo leo ón tuath mar thánadar go léir nach mór ó cheantair éagsúla lasmuigh des na bailte móra.  Séard atá a rá agam ná gur thuathánaigh ab ea a bhformhór agus  gan dabht ar domhan táim ag tagairt do thuathánaigh sa chás seo sa bhrí is fearr agus is dearfaí den fhocal céanna.  Rud b'fhéidir nach eol do chách, sé sin go dtagann na focal "peasant" nó "tuathánach" ó na focail "pays" agus "tuath" faoi seach.  Fiú sa lá atá inniu ann buailim le daoine a cheapann gur focal maslach é an focal céanna.  Bhuel, mar a dúirt an fealsamh spioradálta Gaelach úd an Dr John Ó Donohue, go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis, go bhfuil nasc nó ceangal nach beag idir an tírdhreach nó an talamh dúchasach agus an spriodáltacht nó an fhealsúnacht mhaireachtála a bhíonn ag aon treibh ar bith ar domhan.

Ó scríobh mé an post deireanach sa bhlag seo tá dearbhaithe ag an mórthráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil sé ag éirí as a phost inniu díreach tar eis tráchtaireacht a dhéanamh ar an gcluiche ceannais sa Pheil Ghaelach idir Corcaigh agus an Dún.  Is deireadh ré é seo i ndáiríre.  Agus ar maidin bhíos ag éisteacht leis an bhfear céanna in agallamh le Miriam O Callaghan ar a clár iontach suimiúl sin Miriam Meets atá le fáil ag an nasc seo leanas: Miriam.  Bhí beirt dá ochtar páiste á gcur faoi agallamh leis an athair, sé sin, a mhac Cormac agus a iníon Doireann.  Bhuel, fuaireamar uile mar éisteoirí léargas iontach ar fhealsúnacht agus ar spriodáltacht an Mhuircheartaigh ar an gclár seo - an eagna, an ghaois nó ciall na gcianta mar a bhaist mé ar an bhfealsúnacht chéanna thuas.  Mar a dúirt mé tá baint nach beag aige sin leis an tírdhreach agus leis an talamh dúchasach.  Deir Ó Muircheartaigh nach raibh sé riamh buartha ina shaol, go gcaithfimid sult agus súp a bhaint as an saol - sé sin, "carpe diem," mar is achar beag i ndáiríre é an saol céanna. 

Deireann Doireann go dtosnaíonn lá an chluiche cheannais ar a leath i ndiaidh a sé ar maidin agus ó thús go nglaodh Mícheál ar a gclann iníonacha agus ar a gclann mhac leis na focail: "Éirigí suas. Is cleachtadh báis é an codladh!"  Nathanna eile a léiríonn an fhealsúnacht agus an spioradáltacht atá ag an Muircheartach ná seanfhocail mar: "Bíonn Dia ar an mbóthar""Is gaire cabhair De ná an doras."  Sé sin níl aon éifeacht ar bith ag baint le bheith buartha faoi chúrsaí an tsaoil - caithfear éirí suas, aghaidh a thabhairt ar an saol agus beidh na freagraí ar fáil leis an gcur i ngleic sin, leis an gcur chuige, fiú sa streacailt agus sa choimhlint.

Seanfhocal eile is cuimhin liom go minic i mbéal an Mhuircheartaigh nuair a bhí mé ar scoil agus fiú ag obair leis ar an bhfoireann múinte céanna ná, "Beatha duine a thoil."   Sé sin go mba cheart agus chóir d'aon duine ar bith a mhianta, a shoilse, a chroí agus a aislingí féin maidir leis an ghairm bheatha is dual dó nó di a leanúint.  Sa tslí sin beidh an duine sona sásta nó gar dó ar a laghad ina shaol.

Seo ar bharr na rudaí a chorraíonn agus a bhogann mé maidir le mo ghrá mór don Ghaeilge.  Tá a h-eagna féin nó a fealsúnacht féin ag baint le h-aon teanga ar bith ar domhan, agus leis an nGaeilge féin gan dabht.  Cloisim agus aithním mó ghrá do mo theanga dúchais agus do m'oidhreacht agus do mo dhúchas mar Ghael agus mar dhuine daonna ar chaint nádúrtha diesbhéalach binnbhriathrach an Mhuircheartaigh.

Sunday, September 12, 2010

Grá don Ghaeilge 6

Leis an fhírinne a rá ceanglaím an grá atá agam don Ghaeilge le mo shaol mar scoláire agus mar mheánmhúinteoir.  Bhí an t-ádh dearg orm go raibh sármhúinteoirí Gaeilge agam ar scoil agus go h-áirithe sa bhunscoil.  Is cuimhin liom Mícheál Ó Muircheartaigh mar mhúinteoir sa mheánscoil le mo linnse mar dhalta agus ansin mar chomhmhúinteoir ar an bhfoireann teagaisc, gidh is gur éirigh se as an gceird bliain i ndiaidh dom tosnú ar an ngairm bheatha iontach tábhachtach sin mé fhéin.  Bhíodh sé riamh de nós ag na múinteoirí Gaeilge labhairt le chéile sa teanga san i gcónaí, agus mar a dúirt mé d'fhoghlaim mé a lán uathu thar na blianta.

Mar a dúirt mé, táim díreach tar éis dírbheathaisnéis Uí Mhuircheartaigh a léamh agus cé nach bhfuil an leabhar céanna scríofa as Gaeilge is féidir rithimí na Gaeilge a fháil i gcónaí ar Bhéarla an údair.  Anseo is ansiúd fiú faightear an feiniméan Éireannach iontach sin -an Hiberno English - i mbéal an údair.  Is fíor a rá, a chairde, go bhfuil an feiniméan sin ag fáil bháis le teacht chun cinn an idirghréasáin.  Mar shampla faightear an Hiberno-English san abairt seo leanas: "... and we gave most of the day in the church singing Latin hymns to the Blessed Virgin."  Níl an tuiscint is atá i gceist ag an Muircheartach anseo maidir leis an mbriathar "give" ag gabháil leis an mbriathar sin sa Bhéarla.  An Ghaeilge atá ar an abairt seo gan aon agó ná "!... agus thugamair an chuid is mó den lá sa tséipéal ag canadh 7rl."  Ciallaíonn  "thugamair" an rud ceanann céanna is a chiallaíonn "chaitheamair", sé sin, gan aon agó "and we spent..." sa Bhéarla.  Níl an chiall sin ag gabháil leis an mbriathar "give" sa Bhéarla, ach gan dabht tá an chiall sin ag baint le "give" sa Hiberno-English.  Mar a dúirt mé is féidir rithimí na Gaeilge a chloisint ar Bhéarla an Mhuircheartaigh i gcónaí.

Gan dabht ar domhan tá dlúthcheangal idir an dírbheathaisnéis nua-aimseartha seo leis na dírbheathaisnéisí iontacha fíorthábhachta a thagann ón gcuid sin sin den tír, dírbheathaisnéisí Mhuiris Uí Shúilleabhain, Thomáis Ui Chriomhthain agus Peig Sayers i mblianta luatha an chéid seo caite agus fiú le dírbheathaisnéis Mhaidhc Dainín Uí Shé, ceann a foilsíodh níos déanaí ar fad.  Luann an Muircheartach go gcaitheadh sé agus a chlann dheartháireacha a lán dá gcuid ama ag cuardach na farraige i gcomhair raice ó longa a scriosadh le linn an Dara Cogadh Domhanda.  Faightear an rud ceanann céanna sna leabhair a luaigh mé thuas, sé sin cuardach raice.  Chomh maith leis sin luann an Muircheartach na dírbheathaineisí cáiliúla seo ina leabhar fhéinig.  Admhaíonn sé go raibh grá mór ag a dheartháir Pádraig, RIP (iar-Phríomhfheidhmeannach Bhórd Soláthair an Leictreachais) ar na dírbheathaisnéisí clúiteacha cáiliúla sin a d'eascair as ithir Chiarraí agus as ithir an seanoileáin sin d'arbh ainm An Blascaod Mór.

Maille leis sin, luaitear a lán rudaí  agus imeachtaí eile i leabhar an Mhuircheartaigh is a luaitear ins na dírbheathaisnéisí clasaiceacha eile, sé sin fiach coiníní agus iascaireacht bhradán.  Chomh maith leis sin, ní raibh aon aibhléis nó leictreachas ar fáil ag daoine sa chuid sin den tír nó fiú in a lán áiteacha sa tír ag an am sin roimh scéim leictriú na tuaithe.  Tugann an t-údar cur síos iontach ar an gcaoi a dhéanaidis a gcoinnlí féin ag an am, coinnlí féin-déanta nó féinseirbhíse ar a thugtaí padóga nó "padógs" - coinnle féinseirbhíse déanta as ceirteacha clúdaithe le saill ainmhíoch.  Chomh maith leis sin tugann an Muircheartach cúntas maith dúinn ar bhairille céire a fuaireadar mar raic ón bhfarraige agus ar an slí a ndearnadar coinnlí as agus gur mhair na coinnlí céanna tráth an Chogaidh Dhomhanda go léir.

Ar lean

Tuesday, September 07, 2010

Grá don Ghaeilge 5

Sa phost deireanach agam sa bhlag seo bhí mé ag tagairt don chraoltóir agus don tráchtaire iontach san Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí ina mhúinteoir sa scoil ar ar fhreastailíos sna seachtóidí mar dhéagóir, sé sin Scoil Uí Chonaill anseo i mBaile Átha Cliath.  Ní raibh sé mar mhúinteoir agam ach chaitheas bliain amháin ag múineadh ar an bhfoireann chéanna le Mícheál agus caithfidh mé a admháil gur fear fíórdheas cairdiúil é agus gur Gaeilgeoir fíorbhlasta deisbhéalach binnbhriathrach é ar deas bheith ag comhrá leis.

Mar a dúirt mé sa phost deiridh chomh maith táim díreach tar éis a chéad dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park a léamh agus is fíorshuimiúil an léamh é domsa mar bhí aithne agam ar an bhfear céanna agus chomh maith leis sin luann sé daoine óna shaol múinteoireacha a bhfuil ar aithne agam.

Rud suimiúil amháin eile a bhfuil spéis agam féin ann ná na Coláistí Ullmhúcháin - coláistí ullmhúcháin speisialta lánGhaeilge a cuireadh ar bun in áiteacha éagsúla ar fud na tíre i mblianta luatha an Stáit s'againne chun ábhar múinteoirí idir bhuachaillí agus chailíní a ullmhú do na Coláistí Oiliúna.  Gheobhaidh tú léirmheas críochnúil ar leabhar taighde a scríobhadh faoi na coláistí féin A Gaelic Experiment : The Preparatory System 1926 – 1961 and Coláiste Moibhí le Valerie Jones ag an nasc seo leanas Léirmheas Feasta. Deireadh na seanmhúinteoirí Gaeilge liom thar na blianta - agus is amhlaidh go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa tuairim chéanna - gur thug an t-oideachas a bhí ar fáil sna coláistí céanna lámh chúnta nach beag do chur chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Oiliúna agus uaidh sin amach go dtí na scoileanna naisiúnta i mblianta luatha an Stáit bhig seo.  Deirtear nach bhfuil béim ró-mhór ar an nGaeilge sna coláistí seo sa lá atá inniu ann.  Ach is tuairim mhaol í seo nach bhfuil mé ró-chinnte faoi in aon chor - mar níl aon fhianaise bheacht agamsa - agus tá a fhios agam, leis, go bhfuil na léachtóirí is na cúntóirí éagsúla Gaeilge sna colaistí éagsúla ag saothrú go díograiseach dúthrachtach i ngort na teangan céanna i gcónaí.

An coláiste ar fhreastail an Muircheartach air ná Coláiste Íosagáin i gContae Chorcaigh a bhí suite sa Ghaeltacht díreach idir Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha.  Bhí an colaiste céanna faoi chúram na mBráithre ón Ord De La Salle.  Dob é an Bráthair Peadar, uachtarán agus príomhoide an choláiste, croí agus anam na scoile, a raibh suim nach beag aige sa teanga agus sa chultúr Gaelach.  Tugadh cuireadh d' aoínna speisialta chun labhairt leis na micléinn - scríbhneoirí,  filí, amhránaithe agus cumadóirí éagsúla Gaeilge.  Ní nach ionadh go raibh an Muircheartach sáite sa chultúr Gaelach ón tús gan trácht ar an bPeil Gaelach ina raibh sé páirteach mar imreoir díograiseach ó thús ar scoil agus sa choláiste.  Chaith sé seal chomh maith mar thraenálaí d'imreoirí fhoireann Chiarraí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Nuair a bhí mé sa séú bliain sa mheánscoil chuir mé iarratais isteach ar na coláistí éagsúla chun bheith i mo mhúinteoir agus is cuimhin liom freastal ar chaint bheag a thug Mícheál ar ghairm an oide. Séard a dúirt sé go bunúsach ná nár cheart ná cóir d'éinne dul le bunmhúinteoireacht gan suim a bheith aige i agus cion a bheith aige ar scoláirí óga ó cheithre bliana go dhá bhliain déag d'aois agus nár cheart d'éinne dul le meánmhúinteoireacht gan suim agus cion dá shamhail a bheith aige nó aici do dhéagóirí mar bíonn ar an múinteoir an chuid is mó den lá a chaitheamh leo.  Comhairle mhaith uaidh an méid sin is dóigh liom.

Ar lean

Sunday, September 05, 2010

Grá don Ghaeilge 4

Ar na múinteoirí ar an bhfoireann i Scoil Uí Chonaill sna seascaidí agus sna seachtóidí den aois seo caite bhí Mícheál Ó Muircheartaigh an sárthráchtaire sin atá fós ag obair leis ar an raidio, gidh is go bhfuil sé tar éis ceithre scór bliain a shlánú ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo.  Go deimhin rinne sé an tráchtaireacht raidio ar an gcluiche sinsearach san iomáint inniu idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus aréir bhí sé mar aí speisialta ar an gclár teilifíse Up for the Match nuair a d'iompair sé Corn Liam Mhic Chárthaigh isteach sa stiúidio teilifíse.  Ta Mícheál fós lán de chroí is d'aigne agus de dhíograis is de dhúthracht.  Ní chreidfeá go raibh ochtó bliain slánaithe aige - cheapfá nach raibh sé ach timpeall trí scór bliain d'aois.  Go maire tú an céad, a Mhíchíl!

Cén fath go  bhfuil Mícheál Uasal Ó Muircheartaigh faoi chaibidil agam anseo?  Bhuel bhí sé ina mhúinteoir bunscoile is meánscoile i Scoil Uí Chonaill i Sráid Risteamain Thuaidh, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath , 1, scoil iontach stairiúil ar leag an Fuascailteoir Dómhnall Ó Conaill an bhunchloch sa bhliain chiniúnach sin 1828. D'fhreastailíos féin ar an meánscoil sin sna seachtóidí.  Ach mo léan ní raibh Mícheál agam mar mhúinteoir ach mhúin sé mo dheartháir óg Pádraigh.  Bhí Gaeilge bhreá bhinn riamh ag Mícheál.  D'eírigh sé as an mhúinteoireacht sa bhliain 1981 nuair a bhí sé bliain is caoga d'aois agus chuaigh sé go lánaimseartha isteach mar chraoltóir in RTE agus Raidio na Gaeltachta.

Nuair a chláraigh mé mar mhéanmhúinteoir sa bhliain 1980 agus nuair a thosaíos ag múineadh sa mhéanscoil chéanna bhí Micheál ar an bhfoireann liom ar feadh bliana. Fear deas séimh cairdiúil ab ea an fear céanna agus sin mar a chuireann sé é féin i láthair fós ar na meáin chraolacháin fiú sa lá atá inniu ann. Fear mór Gaeilge is ea é gan aon agó a rinne agus a dhéanann a lán ar son chúis na teangan.  Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge uair amháin - eagraíocht ab ea í sin a aistríodh go Foras na Gaeilge  - an comhlacht nua a bunaíodh ag deireadh na bliana 1999 i ndiaidh Chonradh Aoine an Chéasta ó thuaidh.

Léigh me chéad dhírbheathaisneis Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, From Dún Síon to Croke Park (Penguin Ireland, 2004)  le déanaí .  Léamh iontach deas comhráiteach atá sa leabhar seo - cheapfá go raibh Micheál ina shuí in  aice leat ag insinst an scéil duit.  I ndáiríre píre is scéalaí iontach é an Mícheál céanna.  Sciobtar isteach sa scéal thú agus ní bhraitheann tú an t-am ag sleamhnú isteach is tú ag léamh na dírbheathaisnéise seo.  Rugadh é i nDún Síon, sráidbhaile beag cúpla míle soir an bóthar ón Daingean, Contae Chiarraí.  Breac-Ghaeltacht a bhí i nDún Síon agus bhí idir Ghaeilge is Bhéarla ag a chlann.  Mar sin bhí Gaeilge aige ón gcliabhán.  Caithfidh mé a rá go labhraíonn an Muircheartach binnbhriathrach deisbhéalach an Ghaeilge agus an Béarla leis na rithimeacha céanna.  Uaireanta ní bheadh fhios agat cé acu an Béarla nó an Ghaeilge a bhíonn á labhairt aige, tá na rithimeacha chomh cosúil le chéile.

Anseo is ansiúd sa leabhar faightear nathanna traidisiúnta a d'úsáidí sa Ghaeltacht nuair a bhí an t-údar ag fás aníos, mar shampla an bheannacht seo leanas a thug comharsa d'Aintín May nuuair a d'fhill sí ar an mbaile tar éis beagnach caoga bliain a chaitheamh sna Stái;t Aontaithe: "Dé do bheatha-sa abhaile."   Slí eile é sin chun "fáilte romhat abhaile a rá."  Abairt iomlán eile as Gaeilge sa leabhar atá scríofa as Béarla gan aon agó ná "Is cinnte go bhfuil solas na bhFlaitheas ar Chonn scéalach anois."  Ag tagairt do thaistealaí bóthair - nár thincéir é - d'arbh ainm Conn Riordan - fear fíor dheisbhéalach a raibh guth galánta Etonian aige.

Rud amháin eile a d'fhoghlaimíos ón leabhar ná gur smaoinigh an Muircheartach dul le múinteoireacht don chéad uair nuair a d'fhoghlaim sé go raibh scrúdú ann a thuill deontas nó scoláireacht i gcomhair an Choláiste Ullmhúcháin chlúitigh sin Coláiste Íosagáin a bhí suite cóngarach do Bhaile Mhic Íre.  Sé an fáth gur tugadh coláiste ullmhúcháin ar an sórt sin scoile ná gurbh ullmhúchán do na Colaistí Ollúna na coláistí sin.  Thagadh na scoláirí ó gach cearn den tír agus bhí gach canúint le cloisint ann - ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí, ó gach contae sa Mhumhain, Ó Chonamara, Ó Thír Chonaill, Ó Phort Láirge agus ó Bhaile Átha Cliath.  Mar sin bhí cleachtadh ag gach ábhar múinteora ar gach canúint faoi leith - bhí sé nádurtha go leor nathanna mar "Conas ata tú?" "Conas taoi?" "Conas atánn tú?" "Cad é mar ata tú?" "Cén chaoi bhfuil tú?" a úsaid nuair a bhuailfeadh tú le duine ó na Gaeltachtaí éagsúla.

Ar lean