Popular Posts

Monday, July 16, 2012

An Aimsir Arís



Iascaire ar thrá Monasterace, Calabria, Meitheamh 2012
Táim díreach tar éis filleadh ar Éirinn i ndiaidh mí the ghrianmhar a chaitheamh i gCalabria na hIodáile mar a bhfuil arasán beag agam féin agus mo bheirt dheartháireacha.  Admhaím go raibh an aimsir thar a bheith deas leis an teocht sna luaththriochadaí i rith an lae agus sna meánfhicheadaí um thráthnóna sa Mezzogiorno.  Agus sin ráite is deas teacht ar ais go dtí an tOileán Iathghlas seo agus bualadh le h-aeráid mheasartha na hÉireann arís, bíodh is go bhfuil sé sórt bog agus tais i láthair na h-uaire.  Anois, nílim ag iarraidh daoine mach bhfuil deis acu - de dhíth airgid nó de bharr chúinsí pearsanta - dul thar lear ar saoire ghréine a mhagadh nó fiú a chiapadh leis an ráiteas sin.  Táim dáiríre - dar liom go bhfuil an aimsir lastuigh dem' intinn i bhfad níos tábhachtaí ná an sórt aimsire atá lasmuigh díom.


Gan dabht ar domhan tá an samhradh seo sna h-aird ó thuaidh thar a bheith neamhghnáthach don tráth seo den bhliain agus tuigim do na páistí agus do na déagóirí atá ar a laethanta saoire ón scoil.  Cloisim iad ag síorghearán mar gheall ar an aimsir.  Dúirt iarscolaíre liom cúpla lá ó shin go raibh áthas thar na bearta air an "poll xxxxx de thír" cosúil le hÉirinn a fhágáil fiú ar feadh dhá sheachtain a chaitheamh lena chairde i Santa Ponsa. 

Sa deireadh thiar, is amhlaidh gurb é an diabhal ruda sin An Téamh Domhanda faoi deara na drochaimsire ó thuaidh.  Deir na saineolaithe go bhfuil Sruth na Murascaile ag dul i bhfuaire agus nach bhfuil na Scairdsruthanna ag feidhmiú mar ba cheart agus ba chóir. (Buail an nasc seo a leanas fá choinne níos mó eolais air seo: Aeráid na hÉireann).

Is cuimhin liom blianta ó shin bualadh le turasóir ón nGearmáin ar chósta thiar na hÉireann - ar Ailltreacha Móthair, ceapaim, agus bhí mé féin is mo chairde ag gabháil leithscéil leis mar gheall ar chomh h-uafásach is a bhí an aimsir.  Thosaigh sé ag gáírí, agus d'fhiafraíomar dhe cén fáth.  Is mar seo a d'fhreagair sé muid: "Níl aon rud mar dhrochaimsir ann - bíonn tú feistithe ina comhair nó ní bhíonn!"  Thosaigh mé ag smaoineamh i ndiaidh sin.  Nach bhfuil an ceart aige?  Má bhíonn an dearcadh ceart ag an duine in aon chúinse ar bith, titfidh cúrsaí amach gan mhórán trioblóide sa deireadh thiar. 

Bíonn sinne Éireannaigh i bhfad ró-dhiúltach fúinn féin agus faoin tír i gcoitinne.  Agus sin ráite, deir cara liom  - Iodálach é - go bhfuil rianta na h-aimsire le feiceáil ar litríocht agus ar fhealsúnacht na hÉireann agus go bhfuil an chuid is mó dhíobh ana-dhiúltach agus tugann sé oeuvre Samuel Beckett mar shampla.  Ní aontaím go h-uile is go h-iomlán leis mar faightear féith an ghrinn ina lán dár scríbhneoiri chomh maith, agus deir a lan saineolaithe go bhfaightear an fhéith chéanna i saothar Beckett má chreideann tú iad! 

Ar aon nós, éiríonn mé tuirseach traochta den ghearán faoin aimsir gidh is go dtuigim é.  Chomh maith leis sin éirím fíorthraochta den síordhiúltacht sin a chloisimid faoi chúrsaí geileagair ar a léithéid sin de chláracha mar Morning Ireland.  Cothaíonn cláracha mar sin meon diúltach agus dearcadh diúltach in intinní an naisiúin.  Cosúil leis an aimsir ba cheart dúinn bheith feistithe i gceart ó thaobh na h-eacnamaíochta dhe chomh maith le cúrsaí aimsire.

Bíodh lá maith agaibh uile, agus téigí amach bíodh soineann nó doineann ann.  Mar a deir an sríbhneoir iontach uilíoch sin Pauo Coelho: "Má théann tú amach ar laethanta grianmhara amháin, ni bhainfidh tú do cheann scríbe amach ariamh!" (Aleph san Alchemist).