Popular Posts

Saturday, October 13, 2007

"Is ait an Mac an Saol"





Is ait an mac an saol



Chaitheas chuid den lá ag cuardach roinnt leabhair (leabhair Ghaeilge gan aon agó) i mo leabharlann agus tháinig mé ar sheancheann dar teideal “Onóracha sa Ghaeilge” le Fiachra Ó Dubhthaigh (Gill and MacMillian, 1983), údar a bhí ina mhúinteoir Gaeilge inár scoil-ne uair amháin sna seascaidí agus sna seachtóidí den aois seo caite. Ansin fuair sé post mar léachtóir agus oideachasóir i Roinn an Oideachais i gColáiste Phadraig, Má Nuad. Chlis orm go h-iomlán teach ar an dá théacleabhar a bheadh aisíúil dom ar scoil. Caithfidh mé iad a cheannach anois. Bhuel, a chairde, ar aon nós istigh ins an leabhar beag le Fiachra tá liosta de timpeall daichead seanfhocal. Chaitheas mo shúile orthu chun teacht ar chinn a bheadh ar a laghad spéisiúil agus toipiciúil dar liomsa ar aon nós. An ceann a phiocas amach atá mar theideal agam thuas ná “is ait an mac an saol” a chiallaíonn go dtarlaíonn rudaí aite sa saol seo. Is ait an mac an saol.



Dar liom go bhfuil an seanfhocal seo thar a bheith cliste mar ní féidir le héinne againn an saol ina iomláine nó fiú píosa beag de anois a thuiscint agus a mhíniú. Bhí seans gan dabht ag a leitheidí mar Leonardo da Vinci bheith ina “fhear mór athbheochana” in aois nach raibh an méid sin eolais ar fáil sa domhan. Inniu is gnách dúinn tagairt do “phléascadh an eolais” nó “ró-úalú eolais” (information overload) agus bíonn mearbhall ar an intinn daonna dá bharr. Tarlaíonn go leor rudaí ar dhromchla an domhain nach dtuigimid i gceart – mistéirí de ‘chuile short. Is féidir tagairtí a dhéanamh d'fhorbairt na teicneolaíochta agus na heolaíochta a dhéanann ár saol domhanda níos éasca an t-am ar fad. Taobh amuigh de sin is mistéir chruthanta amach is amach é an daonnacht féin. Is deacair nó fiú rí-dheacair iompar an duine dhaonna a thuiscint i gceart. Cé a bheádh in ann iompar a leithéid mar Mhichael Jackson a thuiscint i gceart? Cé a bhéadh ábalta bunchúiseanna nó spreagadh a leithéidí de dheachtóirí mar Hitler, Stalin, Papa Doc, Pol Pot, nó fiú Mugabe a thuisint. Go deimhin, is ait an mac an saol.




Chomh maith leis sin ritheann a lán fadhbanna fealsúnachta agus diagachta trénár n-intinn ó am go chéile:- “Cén fáth go maireann na daoine olca i bhfad agus go mbásann daoine maithe go h-óg? “Cén fáth go mbíonn an t-ádh dearg ar X agus an mí-ádh dubh ar Y? “An bhfuil Dia ann nó ná fuil?” “An bhfuil brí nó ciall ar bith leis an domhan?” “An féidir le héinne an t-olc a fhaightear ar dhomchla an domhain a ghlacadh ar láimh amháin agus maitheas Dé a ghlacadh ar an láimh eile? Nach bhfuil na coincheapanna seo frithráiteach (contradictory)?” Gan dabht tá móran ceisteanna ann seachas iadsan. Ach leiríonn siad an seanfhocal go maith. Is rí-chinnte gur ait an mac an saol.



Thuas ag barr an phoist seo d'uaslódáil mé grianghraf a ghlacas de ghrian an gheimhridh sna crainn i bPáirc Newbridge House bliain ó shin.