Níl aon tinteán mar do thinteán féin
Is dóigh liom nach bhfuil aon áit níos tarraingtí agus níos compórdaí ná ár dtinteán féin, sé sin ár mbaile féin, go h-áirithe díreach i ndiaidh lá fada tuirsiúil a chaitheamh san oifig nó i bpé áit ina mbímid ag tuilleamh ár gcoda. Ciallaíonn an focal “tinteán” an áit sin timpeall na tine a mbailíonn an lion tí thart uirthi. Mar sin braithimid slán sábháil ar ár dtinteán féin. Go deimhin is cuimhin liom nuair a bhíos an-óg ar fad go raibh fógraí ar an raidio agus ar an teilifís do chomhlucht cairpéad darbh ainm “Tintawn Carpets” mar is amhlaigh go raibh fhios ag na húinéirí go dtuigfeadh a n-éisteoirí impleachtaí an fhocail iontaigh seo.
Blianta ó shin bhailíodh an lion tí go léir thart ar an tine go h-áirithe oícheanta fuara an gheimhridh agus insítí seanscéalta chun na t-am a chur isteach roimh am luí. Bhíodh tithe speisialta ann leis ina mbailíodh na comharsana go h-iondúil, sé sin, tithe airneáin nó tithe airneáil. B’ansin thart fán tinteán a d’fhoghlaimigh na daoine óga na seanscéalta ón seanghlúin. Ba ar an dóigh sin a mhair an béaloideas – sé sin ó bhéal go béal.
Ar leibhéal eile tuisceana is féidir a rá gur meafar iontach é an tinteán don teach nó fiú don ghabháltas uile saolta a bhíodh ag na daoine sa seanaois – feirmeacha beaga don bhformhór. Bhíodh ar na feirmeoirí bochta a bhfeirmeacha beaga a roinnt ní ba lú fós chun spréanna a thabhairt dá gclann iníon ar phósadh dóibh. In Oileáin Árann ní raibh aon mhóin le fáil ceal pórtaigh. Mar sin bhíodh orthu aoileach bó a thriomú agus é sin a dhó in áit na móna. Má bhí móin acu le dó is ón nGaillimh a d’fhaightí í agus thugtaí isteach ar “Galway Hookers” í.
Anois chun clabhsúr a chur ar an bpost beag seo is cuimhin liom seanbhráthair críostaí a bhásaigh nuair a bhí sé naoi mbliana is ceithre scór d’aois ag aithris leagan eile den seanfhocal seo, leagan greannmhar a bhí ann nó sórt imeartas focal ar a laghad. An Bráthar Tomás Nioclás Ó Cadhla ab ainm dó – sár-mhúinteoir agus oideachasóir iontach ab ea é a bhí ina fhear uasal léannta, go ndéana Dia trócaire ar a anam dilis. Ba mar seo a chuaigh an leagan sin: “Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn fein!” Bhuel, a chairde, sin mo chuidse don lá seo ar aon nós. Go dté sibh slán.
Thuas ag barr an phoist seo tá pictiúr de mo thinteán féin curtha agam - mo sheomra sui féin. Ghlac mé seo nios mó ná ceithre bliain ó shin.