Popular Posts

Saturday, June 23, 2007

Ar Sliobarna


Ar Sliobarna


Tá brón orm nár scríobhas aon fhocal dá laghad as Gaeilge sna leathanaigh seo le fada an lá. Cosúil len a lán daoine eile a dhéanann iarracht ar chúpla teanga a labhairt agus a scríobh – déanaim fein iarracht ar thrí chinn a dhéanamh – bím mar a déarfá “ar sliobarna” áit éigin idir eatharthu.

Is cuimhin liom go raibh an fhadhb sin ag Seán Ó Ríordáin, an sárfhile sin ar luaigh mé dánta dá chuid cheana féin ar an mblag seo. Bheartaigh an Ríordanach “filleadh ar a chuid” nó filleadh ar theanga a shinsir mar a dúirt sé sa mórdhán san, “Fill Arís.” Bhí an fhadhb chéanna ag an file dátheangach Mícheál Ó hAirtnéide nó Michael Hartnett. Scríobh sé dánta as Béarla agus as Gaeilge araon, agus bhí an fhilíocht óna pheann ar fheabhas sa dá theanga. Ba fhile é a mhair faoi chrá an óil is an ólacháin le linn a shaoil – alcólaí ab ea é, ach cén duine dúinn nach bhfuil a fhadhbanna féinig aige?

File ildánach agus iltreitheach ab ea an hAirtneideach a raibh an Spáinnis (chónaigh sé sa Spáinn ar feadh cúpla bliain agus d’aistrigh sé dánta de chuid Lorca ón Spainnis go Béarla) ar a thoil aige agus a scríobh eagrán pearsanta den Tao Te Ching i mBéarla nuair nach raibh ach dhá bhliain fichead slánaithe aige. Uair amhain dá shaol chuir sé leabhar dár teideal “Farewell to English” (1975) i gcló. Is amhlaidh go raibh sé ar intinn aige scríobh as Gaeilge ó shin i Leith. Lean an cíunas as Béarla ar feadh deich mbliana. I 1985 cuireadh leabhar clúiteach dá chuid “Inchicore Haiku” i gcló. Fuair an hAirtneideach bas sa bhliain 1999, in aois a ochtú bliain is caoga dó. Caithfidh me filleadh arís ar fhilíocht an hAirtnéidigh a mheas uair eigin sna leathanaigh anseo.

Cad is teanga ann? Is módh nó meán cumhachtach cumarsaide é. Nuair a smaoiníonn an duine daonna in aon teanga faoi leith is amhlaidh go smaoíníonn sé nó sí ar slí nó ar mhódh áirithe nó speisialta atá difriúil le h-aon teanga ar bith eile. Is amhlaidh go dtuigeann idir scríbhneoirí agus theangeolaithe an feiniméan seo.

Ar aon nós táim gafa ag an scríbhneoireacht is ag an leitheoireacht sa trí theanga seo mar atá, Béarla, Gaeilge agus Íodáílis. Bím ag múineadh na Gaeilge mar cheard nó mar phroifisiún nó mar phost lan-aimseartha. Caithfidh mé a rá go raibh uair ann a fuair mé a lán sásaimh as nuair a bhí uimhreacha na ndaltaí ard go leor ins an scoil s’againne. Ach anois, mo lean, tá na h-uimhreacha titithe agus caighdeán acadúil na ndaltaí leis. I mbliana agus an bhliain seo caite ní raibh duine ar bith againn a raibh ar a chumas an paipéar onóracha a shuí. Chomh maith leis sin tá lion na ndaltaí atá ag déanamh an bhonnleibhéil ag dul in airde. Ach mar sin is atá cúrsaí acadúla i láthair na h-uaire in a lán dena scoileanna lárchathracha.

Anois taim tagtha chun críche. Ta súil agam nach mbeidh bearna chomh mór sin idir seo agus an chéad uair eile a scríobhfaidh me sna leathanaigh seo. Beannacht leat a scríbhinn.



Thuas ag barr an phoist seo tá grianghraf beag a ghlac mé i dTeach Newbridge ab bhliain seo d'imigh tharainn. Is é mo bharúil gur geata iontach isteach ar an samhlaiocht aon teanga ar bith.