Popular Posts

Sunday, April 17, 2011

Cuairt an Dalai Lama ar Éirinn

An Spioradáltacht

Tá a fhios a cách go bhfuil na mílte tuiscintí ar fáil ar cad is spioradáltacht ann.  Sa chás seo tagraím di sa chomhthéacs is leithne ar fad, sé sin le rá ná an cumas domhain atá sa duine daonna ceangal nó nasc a dhéanamh le daoine eile agus fiú leis an bhfórsa atá ina chroí féin agus fiú taobh thiar den chruinne ina iomláine agus ina fairsinge.  Is cuma sa tsioc más Críostaí nó Moslamach nó Iúdach nó Budaí nó fiú aindiagaí thú.  Sa tslí ina bhfuilimse ag baint úsáide as an téarma anseo tagraím don inniúlacht bhunúsach sin is dúil do gach duine atá luaite agam anseo nó do gach duine daonna nasc nó ceangal a dhéanamh le Pointe Socair na Beatha.

Cuairt an Dalai Lama

Taithníonn an Búdachas go mór liom toisc gur féidir brí neodrach oibiachtúil a bhaint as, seachas an brí reiligiúnda, dhiaganta nó chráifeach.  Bím de shíor ag léamh leabhar ar ábhar machnaimh ó phinn scoláirí mar Daniel Goleman, Ram Dass (Richard Alpert), William Johnston, (C.I), Thomas Merton (Cistéirseach)Thomas Keating (Cistéirseach) Tony de Mello, (C.I), Thich Nhat Hanh Vitneam) agus gan dabht ar domhan ó pheann an Dalai Lama féin.  Léim na leabhair seo ar dhóigh neodrach oibiachtúil, ar dhóigh siceolaíoch.  Mar a dúirt mé is cuma sa tsioc i ndáiríre píre cad a chreideann nó nach gcreideann tú!  Ní gá ach bheith oscailte d' Fhírinne na Beatha.

Tá a fhios ag cách na laethanta seo go bhfuil traidisúin nó scoileanna éagsúla den Bhúdachas á gcleachtadh in Éirinn, Búdachas na Tibéide agus Zen san áireamh. Creidim anois gur daingean iad fréamhacha an Bhúdachais inár dtír bheag, thuaidh agus theas, agus is iomaí tearmann breá atá ar fáil dóibh siúd atá suaite cráite ag an saol.  Chomh maith leis sin táid ann a bhfuil gach sórt spioradáltachta á cleachtadh acu, fiú an Spioradáltacht Cheilteach agus Spioradáltacht Dhúchais. 


Feicim go ndeir suíomh gréasain Inis Oírr go bhfeileann a n-áras cultúrtha, Áras Éanna go mór do ghrúpaí ar mian leo cúrsaí a reachtáil i dtimpeallacht chiúin fhrithchaiteach.   Deir an laithreán fós go gcuirtear fáilte chuile bhliain roimh ghrúpaí a dhéanann staidéar ar Spioradáltacht Cheilteach, ar mhachnamh agus ar fhorbairt phearsanta.  (Feictear: Áras Éanna)  Is go díreach sa chomhthéacs seo a dtagraím féin don spioradáltacht!   


Is iontach go deo an Dalai Lama mar dhuine daonna.  Fear é ar bronnadh an Duais Nobel air toisc go ndearna sé éacht chomh mór sin ar son na síochána.  Leanann sé leis an misean nó leis an mbunchuspóir seo i gcónaí gan dabht.  Creidim gurb eisean an duine is iomráití agus is aithnidiúla ar na ceannairí domhanda uilig - bíodh is gur ceannairí reiligiúnda nó polaitiúla iad.  Tugaim féin an leasainm Lama na hAoibhe air toisc chomh áthasach, iontach fairsing is trócaireach is atá a mhiongháire!

Is amhlaidh gur thug Lama na hAoibhe cuid bheag ar a laghad dá dhóchas dúchasach agus dá dhearfacht dhúchasach dochuimsithe do mhuintir na hÉireann!  Go dtéigh tú slán sábhailte ar do bhóthar, a Dalai Lama!