Popular Posts

Wednesday, December 31, 2008

An Ghaolainn Dheas Mhín




Is fada an lá, is an oíche le bheith macánta, ó scríobh me as Gaeilge agus, leis an fhírinne a rá, mothaím uaim í. Chomh maith leis sin, táim tar éis post nua a fháil ar scoil mar mhúinteoir acmhainne agus mar sin tá slán fágtha agam ar an ngnáthsheomra ranga mar ar mhúin mé an Ghaeilge le níos mó bliana ná mar ar mhaith liom cuimhneamh orthu. Níl aon chúram orm anois teanga ársa álainn ár dtíre a theagasc i mo ról nua sa scoil. Sea, uair dá raibh agus fiú na mílte uair dá raibh bhínn ag trabhadh na mara liom fhéinig ag iarraidh seanteanga ár muintir a mhúineadh do bhuachaillí a raibh beagán nó níos lú suime acu inti mar theanga. Bíodh sin mar atá, braithim uaim an Ghaeilge is a fuaimeanna áille éadroma ag damhsa ar dhomchla mo theangan. Braithim uaim na fíorfhuaimeanna a d’fhoghlaimigh me ó mo sheanmhúinteoirí atá básaithe le fada, go ndéana Dia - nó pé cumhacht atá ag beoú nó ag cothú an domhain – trócaire ar a n-anamacha uaisle. Tá a re thart agus fós tan a fuaimeanna ag damhsa im’ chluaise. Sin mar a bhíonn le teangacha. Téann a ndraoícht i gcionn ar na cainteoirí is ar na h-éisteoirí.

Táim ag dul in aois ach tá “damhsa an tsaoil,” mar ar thug an Ríordanach uirthi, fós i mo chroí. Beidh bliain is caogad slánaithe agm ar an ithir dhomhanda seo sar i bhfad – ‘sé an cúigiú lá d’Eanair mo lá breithe. Chaitheas an lá, a bheag nó a mhór, ag gabháil do bhlaganna a léamh ar an idirlíon, agus go h-áirithe blaganna as Gaeilge agus molaim iad go léir. Ta go leor daoine óga anois ann a bhfuil neart Gaeilge acu agus molaim na h-iarrachtaí is na sáriarrachtaí ata á ndeanamh acu chun dul i gcumarsáid is i gcomhrá is i gcomhairle lena cheile ar an idirlíon. Molaim sibh go léir. Lean leis an ngnó fíorthábhachtach seo.

Maith Dom É – A Ghaolainn Dheas Mhín

Maith dom é anois is choíche
Mo thuirse is mo lagthuirse –
Faighim an saol ró-throm ar mo ghuaillne-
Scaití ach maith dom é,
Mo chailín deas álainn
Nach faighim seans do bhriathra a labhairt.

Maith dom é anois is choíche,
Is mé ag dul in aois,
Maith dom m’fhaillí i mo dhualgaisí
I leith mo theanga dhúchais.
Maith dom é nuair a thitim a chodladh
Ag eisteacht le do rithimí éadroma ar an raidíó.

Maith dom é anois is choíche
Nuair nach dtéim i muinín do shaibhris
Mar ba cheart agus mar ba chóir.
Uair amháin agus mé an óg
Do thiteas bun ós cionn i ngrá leat,
Ach ni dhearúdann éinne a chéadghrá riamh.

Maith dom é anois is choíche
Mo thuirse is mo lagthuirse –
Fillfidh mé ar mo dhúchas
Is siúlfad an ród leat,
A Ghaolainn dheas mhín.



Thuas chuireas pictiúr a ghlacas de dhul faoi na gréine i bPairc an Fhionuisce, Meitheamh, 2008.

Saturday, June 21, 2008

Ardú Meanman




Ceithre Dhán

Uaireanta mar seo, téim i muinín mo theanga dhúchais chun ardú meanman a thabhairt dom féin; chun mé féin a dhúiseacht ón ísle brí is ón nduibheagán is ón ndorchadas a thithfeadh murab í agus a cúnamh draíochta misteach. Tagann focail chugham ceapaim ón neamhchomhfhios, áiteanna rúnda éigin mar a bhfuil na scáthanna ag lámhacháin i gcúinní dorcha iargúlta. Nuair a thagann na focail amach ó na cúinní damanta dearmata céanna taithníonn solas an fheasa agus an chomhfheasa orthu agus léimeann siad chun beochta i gcruth na gnáth-abairte ar dhromchla mo theangasa. Uaidh sin ardaítear m’anam is mo chroí – glacaim dóchas agus muinín nua as an saol místéireach ina gcaitear sinn go neamhthrócaireach mar a deir na fealsaimh chomhaoiseacha. Sin a tharlaíonn i mo chása ar aon nós.

Ba mhaith liom, mar sin, sraith eile de dhánta a chur ós bhur gcomhair amach arís an babhta seo. Anseo thíos gheobhfá ceithre cinn de dhánta a scríobh mé faoin tréimhse a chaitheas sa mhéanscoil. Seo dhaoibh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu. Beannacht libh a dhánta!


Méanscoil 1

Halla mór scrúdaithe
I lár an bhaile mhóir –
Cúpla céad macléinn
Scáfar roimh aineolas,
Buachaillí beaga bailithe
I gcomhair roghnaithe.
Bráthair uasal ag glaoch rolla
I nguth galánta –
Bhíomar i meánscoil ar dóigh –
“Ó Murchú, Maitiú,”
“Ó hÁinle, Eoghan,”
Agus “anseo” á fhreagairt
Ar fud na h-áite.

An príomhoide ag an ngeata
Dár ngríosadh ár ndícheall a dhéanamh.
“Beidh an lámh in uachtar agat air inniu!”
Ar seisean le buachaill beag tanaí
A raibh cuma intleachtúil air.
Ní raibh múinteoir tuata le feiceáil
Mar bhí na bráithre fós chun tosaigh
Ach i ndeireadh réime.

Ocáid mhór sholúnta ab ea é,
Cead isteach don mheánscoil
Ba mhó clú ar fud na cathrach,
Éalú ó na sráideanna beaga cúnga
Is ó na postanna gan todhchaí.

Lá breá i dtús Bealtaine,
Gach rud ina áit chuí,
Boladh úr an pháipéir scríofa,
Iontas mór an pháipéir scrúdaithe,
M’uncail sa bhaile ar saoire
Ó na Stáit Aontaithe –

An Domhan Mór faoi chaibidil aige
Is mise i mo thír bheag féinig.



Méanscoil 2


Arbh iad na réalta
Nó an chinniúint
Nó fiú an t-ádh
Nó an mí-ádh féin
A thug le chéile muid –
Breis is céad againn,
Chéadbhlianaigh,
Scáfar roimh
Todhchaí éiginnte?

Conas nach mbraithfeá
Caillte i measc an tslua mhóir sin?
Conas nach mbeifeá níos mó
Ná uimhir ar mheamram
Nó scríbhinn i leabhar rolla?
Fiú an dtabharfaidís faoi deara
Dá mbeifeá as láthair?

Ach lá liath cinniúnach amháin
Stopadh saol na scoile,
Saol mór neamhphearsanta na scoile
Le drochscéala –
Lá liath an fhómhair,
Cosúil le laethanta liatha eile an fhómhair,
Leagadh buachaill beag againn
Ar a shlí ar scoil,
Duine beag dár míle saighdiúir,
Buachaill nár chuimhin linn a ainm
Trasna na mblianta,
Chéadbhlianach nár tháinig chun críche
É buailte ar lár
I lár an fhómhair –
Lá liath an fhómhair –

Tá a ainm greanta ar leach áit éigin
Nó i gcroíthe anaithide,
I bhfad bhfad i gcéin
San imigéin.


Meánscoil 3

Dob é an t-eolas an chumhacht
Agus an fhoghlaim an eochair,
An eochair dhraíochta don fháistin.
Thuigeamarna sin,
Sinne mic na ndaoine bochta
Gurbh é seo an deis
A chaithfimis a thapú
Dá dtiocfadh linn dul chun cinn
Sa saol mór milteach mealltach scanrúil.
Bhíomar cúthail agus trína chéile
Os comhair na ndaltaí
A raibh níos mó de rachmas an tsaoil acu,
Ach bhíomar ar chomhchéim leo
In obair na leabhar
Má bhí an mheabhair chuige ionainn.
Is chuige sin a tháinig siad –
Na mic fheirmeoirí ó iarthar tire –
Bunmhúinteoirí is meanmhúinteoirí,
Is ó dheas is aniar aduaidh fosta
Chun buachaillí bochta na cathrach
A chur ar bhóthar a leasa.
Chuireamar gach rud go glanmheabhar.
Ní raibh áit ar bith ann don leisceoir.
Caithfeadh a leithéid an scoil a fhágáil
Agus post íseal umhal a fháil.
Úsaideadh an leathar cumhachtach
Go ró-mhinic monuar
Fiú chun eolas a dhoirteadh
I gcloigne folmha –
Ach b’iad sin na seachtóidí liatha duairce.
Má dúnadh doirse an tsaoil inár n-aghaidh
Bhéadh eochair dhraíochta don fháistin
In ár gceachtanna leadránacha againn.

Bhímís de shíor ag tnúth lena n-oscailt.


Méanscoil 4

Ba bheag nár
Leim sé as a chraiceann,
An seanmhúinteoir ag barr an ranga,
Mile naoi gcéad seachtó ceathair
Is sinne suite suaimhneach
Smachtaithe inár mbínsí scoile,
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Bhí gach éinne neirbhíseach
Is na gardaí cúramach faoi pháirceáil
Is sinne scáfar roimh charranna pairceáilte
Anseo is ansiúd ar fud na cathrach
Ach níor lean an t-imeagla ró-fhada –
D’éiríomar cleachtaithe aige
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Is cuimhin liom seanbhráthair,
“Pa”an t-ainm a baisteadh air
ag caint faoi na buamaí a thit
Trom tragóideach ar an Trá Thuaidh
Le linn an Dara Cogadh Domhanda,
Blianta, blianta roimhe sin
Is an t-eagla agus an fhuil,
An rí-rá agus an ruaille-buaille
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.




Thuas ta pictiúr a ghlac me le déanai nuair a bhi mé ar thuras deireadh seachtaine i gContae an Chláir - Aillteacha an Mhóthair ar ndóigh atá leirithe ann!

Thursday, June 19, 2008

Sraith de Dhánta




Réamhrá

Is oth liom a rá nach raibh deis agam scríobh sna leathanaigh seo le déanaí. Orm féinig a bhí an locht leis an fhírinne a rá mar ní dhearna mé iarracht am a chur ar fáil chuige. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí sa saol againn – bímid sáite i rud amháin nó eile agus déanaimid faillí i gcúraimí áirithe. Gan dabht is cuid thábhachtach dem’ shaol í an Ghaeilge. Mar sin caithfidh mé blag a bheith agam chun mó ghrá don teanga ársa sin ár sinsir a léiriú nó a thaispeáint. Rud eile ar mhaith liom a admháil anseo nó go bhfuilim tuirseach traochta i ndiaidh bliain acadúil fhada a chur díom ag múineadh teanga nach bhfuil móran suime ag na leitheidí de leaids atá againne inti. I ndairíre píre nílim ag fáil aon locht orthusan nó fiú ormsa nó ar ar bhfoireann dhúthrachtach dhíograiseach atá ag treabhadh na mara rompu inár scoilín beag. Is ar an gcóras oideachais atá an locht. Ta líon na scolairí titithe inár scoil – níl ach tuairim ar dhá chéad dalta triochad sa scoil ina iomláine, agus is ó lár na cathrach don bhformhór acu. Nil móran suime acu sa léann – b’fhearr leotha príntíseacht de shaghas éigint a fháil seachas dul ar aghaidh agus freastal ar ollscoil. Leis an fhírinne a rá níl an curaclam atá curtha chun tosaigh againne in oiriúint do riachtanaisí na ndaltaí. Chomh maith leis sin tá dearcadh i gcoinne na Gaeilge acu chomh maith ón gcliabhán – “Dúirt mo dhaid nach raibh aon fhiúntas riamh sa Ghaeilge” agus ráitis eile cosúil leis sin ar a mbéal acu. Bíodh sin is uile is scata iontach iad ó thaobh iompair agus béasa dhe. I ndairíre píre tá sé deas go leor bheith leo agus a bheith á dteagasc ach tá an post dúshlánach agus tuirsiúil in a lán slite. Ar aon nós is faoin scoil nó faoin mbunscoil a chumas sraith de cheithre dhánta le deireannas – sé sin an bhunscoilíocht lem’ linnse. Ní gá ró-mhór a rá mar labhraíonn gach aon dán as a stuaim fhéinig. Seo dhíobh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu.



Bunscoil 1

Seanchlós stroighne,
Glaonna buachaillí
Is bualadh cloig
Is ord agus eagar
Na h-aoise imithe
Is an fhuacht gheimhriúil
Fiú sna seomraí.
An tsean-staighre iarainn
Mar uirlís ceoil
Faoi choischéimeanna
Scolairí na nglúnta caillte –
Daicheadaí, caogaidí,
Seascaidí ‘gus seachtóidí –
ní fios cá bhfuilid.
Amhail an tseaca
Tá na laethanta sin leáite,
Ach na cuimhní cinn
Fanfaidh siad fuar
Im’ chnámha.



Bunscoil 2

Seanbhráthair Críostaí
Ag barr ranga
Agus sinne buachaillí
Faoi dhraíocht aige,
Faoi chumhacht na scéalta
A dhoirt go fras
As a bhéal binn beacht,
Scéalta móráltachta
Don chuid is mó,
Ceachtanna ón gcaiticiosma,
Léirithe is mínithe
I scéalta beaga
A d’fhoghlaimigh sé
Thar na blianta dubha
Anseo is ansiúd
I seanscoil bhocht
Sula raibh aon ní ann
Seachas solas an dóchais
Go mbeadh cúrsaí
I bhfad bhfad níos fearr
San am a bhí le teacht.


Bunscoil 3

Fear beag galánta,
Feistithe i ndubh na mbráithre,
Gan ríb ghruaige in aimhréidh,
Fios a ghnó aige –
Dhéanfadh sé príomhoide maith –
Shílfeá.

Fear mór gramadaí
Le spéaclaí an intleachtaí
A scríobh go cruinn
Ar chlár ar thacas,
Sárghramadóir,
Sármhúinteoir –
Shílfeá.

Ní ligfeadh sé aon rud ó smacht,
Gach rud in ord,
Gach rud in eagar,
Gach rud ina áit chuí,
Gach dalta ina bhínse féin
Faoi scáth an bhráthar bhig.
Rang suaimhneach –
Shílfeá.

Fear mór na seanfhocal,
Fear mór an ghinidigh,
Ach ní mar a shíltear bítear –
Fear mór na rangabhálacha
Is an leabhair ghramadaí
Ach ní mar a shíltear bítear.

Fear beag searbh a bhí ann,
Searúsach fiú,
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.

Is cuimhin liom na deora,
Is cuimhin liom na lámha dearga,
Is cuimhin liom na daltaí malla,
Na daltaí fíorlaga
Nár thuill a fhíor-dhroch-íde
Is fuaim olc an leathair
Ag teacht ina dtreo.


Ba sinne na buachaillí
A raibh an t-ádh dearg leo
Ar theacht thar n-ais dúinn
An bhliain dar gcionn –
Bhí an ollphéist imithe,
Ardú céime faighte aige
Mar phríomhoide
I scoil níb’ fhearr.
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.
Ardfhear,
Sárghramadóir,
Sarmhúinteoir –
Shílfeá.



Bunscoil 4

Seanfhear anois
Ag teacht chun ceann scríbe,
Tuirseach is amhlaidh
Ach ba chuma dhúinne –
Daltaí ar dúil dóibh ord is eagar
Faoi chúram seanchaptaena
Nár lig aon rud ó smacht.
Is cuimhin liom a rialacha
Dearfa, dochta, daingne
A bhí chomh soiléir le grian
La breá samhraidh gan scamall.
Ansin na garanna beaga bídeacha
Ag gach éinne againn
A choimeád sinn socair –
Dalta á dhéanamh seo,
Dalta á dhéanamh siúd,
Duine ag glaoch “paidreacha”
Agus sinne ag éirí inár seasamh,
Seanchlár dubh na bhfocal marcálta,
Ceann eile dá chéimseatan chruinn
Ag bun an ranga
Is sinne ‘nár suí ar barr bhínse.
An seanrothar Raleigh
Ina sheasamh i leataobh
Ní rófhada ón tacas –
Dob’ é mo ghnósa
É a shiúil chun an dorais
Ag am lóin
Ionas go n-éalódh seanoide
Óna chúraimí ranga
Go lár na cathrach.

Ach b’fhathach cineálta é
In ainneoin an bhata fhíochmhair
Nar úsáideadh go ró-mhinic.
Is cuimhin liom é á bhualadh
I gcoinne bharr a bhínse
Chun meadarachtaí na ndánta
A chomhaireamh is a chúntas –
Is uaidhsean a d’fhoghlaimíos
Áilleacht is binneas na filíocht’.

Blianta ina dhiaidh sin
Is mé fásta im’ mhúinteoir féinig
Chonaiceas é ina ochtóidí
Seanfhear cromtha críonna
In ollmhargadh nua-aimseartha
Ag pacáil a mhálaí plaisteacha.
Ní raibh sé de mhisneach agam
Mé féin a chur in aithne
Mar b’fhearrde go mór
Go bhfanfadh sé fós
Ina fhathach
Im’ chuimhne.





Thuas d'uaslódalas pictiúr a ghlacas le déana de sheanscoil naisiúnta na mbuachailli i Ros Cré, Co. Thiobraid Árann, scoil ar ar fhreastal mo dhearthair mór Gearóid.

Friday, March 07, 2008

Caora Throm Uan i bhFad




Caora throm Uan i bhfad



Bhuel, a chairde uile, d’fhill mé ar Bh’l’áth Cliath oíche aréir. Bhíos ar thuras scoile ar feadh ceithre lá i nDelphi, ionad le haghaidh spóirt agus cluichí faoin aer. Bhíos fhéin agus comhmhúinteoir liom, Bairbre Ní Fhearghail, i bhfeighil scaifte buachaillí – cúig chloigeann fichead díobh – ó Scoil Iósaif, Fionnradharc anseo sa chathair. Tá an-tóir ar Ionad Delphi le haghaidh na spórt céanna – curachóireacht, tógáil rafta, dreapadóireacht de gach cineál, fánaíocht, siúlóid agus mar sin de. Gan dabht is ar lucht na ceathrú bliana – sé sin An tIdirbhliain – atá na cúrsaí seo dírithe mar bíonn curaclam níos leithne acusan agus níos mó am le spáráil acu.


Caithfead a admháil nach duine ró-aclaí nó ró-fhiteáilte mé fhéin agus níor ghlacas páirt in aon imeacht seachas an tsiúlóid agus an bhoghdóireacht a bhaineas an-taithneamh go deo as. Ina theannta sin caithfead a admháil go bhfuilim timpeall aon chloch go leith ró-throm a bhfuil sé ar intinn agam a chur díom go luath amach anseo tré dhul ar aistear bídh agus roinnt aclaíochta a dhéanamh – níos mó siúlóide atá ar intinn agam gan aon agó.


Bíodh sin is uile, tháinig an príomhoide Brian Ó Duibhir anoir maidin Dé Céadaoin chun cuairt a thabhairt orainn agus ghlac se féin páirt iontach ins na himeachtaí go léir. Chuaigh se suas ar na rópaí arda agus dhreap sé suas ar an bhfalla mór agus thuirling sé go deas den bhfalla céanna le chabhair na rópaí éagsúla. Níor bhain sé sin fiú tarraingt anála as. Maith thú, a Bhriain. Is duine maith aclaí fiteáilte thú.


Ar aon nós caithfead filleadh ar theideal an phíosa seo – sé sin, “Caora throm uan i bhfad.” Chuir Brian an seanfhocal sin i gcuimhne dom mar nuair a bhí seisean óg ba shin ceann des na seanfhocail a chuir se de ghlanmheabhair. Seanbhrathar Críostaí a mhúin dhó é, ceapaim. Is amhlaidh a bhí orainn dul ar thuras chun roinnt bídh agus sóláistí a cheannach do na daltaí – ní rabhadar san ar fail san Ionad - mar sheacláid, líomanáid, bríoscáin phrátaí 7rl. Bhí bosca mór le h-iompar again ar ais go dtí carr an phríomhoide agus séard a dúirt Brian ná: “Caora throm uan i bhfad,” seanfhocal a bhí iontach oiriúnach nó fóirsteanach don ocáid. Cé chomh éadrom is atá aon ualach ar bith is léir go mbraithimid níos troime é nuair a bhíonn aistear sách fada le dul again leis. Tá an fhírinne sa raiteas céanna gan aon agó.


Sin mar a bhíonn cúrsaí maidir le seanfhocail. D’eascair siad ó ghnímh phraicticíula mar sin – beart nó bosca nó ualach a iompar ó áit amháin go h-áit eile, nó ó bheith amuigh ag obair ar an bhfeirm, nó fiú ag fiach nó ag iascaireacht. Sin mar a d’fhás an béaloideas go ginearálta agus na seanfhocail go speisialta – ó bhéal go béal is ó ghlún go glún. Go raibh maith agat, a Bhriain, as an seanfhocal iontach sin a mheabhrú dhom! Go maire tú i bhfad, a bhuachaill.



Thuas, tá grianghraf de Bhrian Ó Duibhir á fheistiú féin chun dreapadóireacht in Ionad Deplphi Dé Céadaoin seo d'imigh tharainn, uaslódalta agam.

Tuesday, February 12, 2008

Filleann an Feall




Filleann an Feall ar an bhFeallaire

Is breá liom na laethanta seo mar táim saor o shrianta uileag na scoile. Tá idir mhúinteoirí agus mhicléinn go léir ar laethanta saoire – an tsaoire leaththéarma atá i gceist – anseo ó dheas i bPoblacht na hÉireann. Níl’s agam an bhfuilid saor ó thuaidh. Ar aon nós tá lá iontach grianmhar séimh cneasta againn anseo ó dheas. Cosúil leis na seanaistí a bhímis ag scríobh is sinn an óg ar an mbunscoil – níl scamall sa spéir agus tá na h-éiníní go léir ag canadh in ard a gcinn is a ngutha ar bharr na gcrann. Caithfeadsa dul amach agus siúlóid chuíosach fhada a dhéanamh maille le roinnt siopadóireachta. A bhuí leis na laethanta saoire céanna is féidir liom dul i muinín mo ríomhaire glúine níos minice ná mar is gnách liom. Sin an fáth atáim anois suite ag éisteacht le guth fíorbhinn domhain Leonard Cohen. Agus arís sin an fáth go bhfuil sé ar mo chumas bheith ag scríobh liom, chomh saor le h-einín ar mo bhlag Gaeilge, a ndéanaim faillí ann níós minicí ná a chéile toisc go mbím sáite i gcúrsaí eile - obair de ghnath - agus lem’ bhlag as Béarla. Bíodh sin mar atá, ar ais anois chuig an seanfhocal a bhreacas mar theideal ar an bpíosa scríbhinne seo.

Bhíodar agus táid ann a admhaíonn go bhfuil cothrom agus ceartas le fáil ar an saol seo. Sé sin, má dhéanann tú aon rud dona as an slí go dtarlóidh drochrudaí dhuit. Séard atá anseo, nó sa bhfealsúnacht bhaile seo acu, ná an seanchóras cúitimh nó éirice a fhaighimid i Sean Tiomna an Bhíobla. Dob é sin an chomhairle a bhí ar bhéal agus ar bheola solásaithe Iób – Bildad agus an bheirt eile nach féidir liom cuimhniú ar a n-ainmneacha anois – gurbh amhlaidh a rinne Iób peaca nó coir mhór ionas gur thuill sé an píonós agus an phian mhór a bhí sé ag fulaingt ag an am áirithe sin. Ach glaonn Iób amach le h-ionraiceas nach ndearna sé aon drochrud, go raibh sé neamhchiontach. Amhail Joseph K ins an úrscéal iontach úd le Franz Kafka, “An Triail”, níl sé ciontach. Faigheann sé é fhéinig ós comhair na cúirte gan a fhios sa tsioc aige cén choir a rinne sé.

Séard atá faoi chaibhidil agam ná mistéir nó rúndiamhair na fulaingte neamhchiontaí. Táim ag iarraidh an cheist mhór sin a chíoradh ar mo bhlagsa as Béarla. Ach anseo is leor a rá gurb é taithí ár bhformhór nach bhfilleann an feall ar an bhfeallaire.

Ach ar an taobh eile den scéal ceapaim go bhfuil blúire bheag den fhírinne ag gabháil leis an seanfhocal seo. Ó mo thaithí fhéinig ar an saol – tá suim iontach mhór sa Bhúdachas agus sa Mhachnamh agam - dearbhaím go bhfuil cothromas agus ceartas éigint ann ó thaobh na síceolaíochta ar a laghad de. Táim ag déanamh tagairte anseo do Karma. Is amhlaidh go mbraithim féin i bhfad níos fearr nuair a dhéanaim rudaí maithe agus go mbraithim go h-ainnis de ghnáth nuair a dhéanaim aon drochrud as an slí. Uaidh sin amach ceapaim go bhfásann braithstint nó mothú domhain ionat fhéin go bhfuil tú ar chosán áirithe beannaithe nó draíochta a thugann faoiseamh aigne iontach duit siúl cuíosach éadrom ar dhromchla an domhain, domhan draíochta naofa ár Máthar Gaya.

Slán tamall.


An grianghraf a d'uaslódalas thuas ná pictiúr a ghlacas de dhul faoi na gréine ag Caladh Bhinn Éadair cúpla blian ó shin!

Monday, February 11, 2008

Ritheann Fear Buile




Ritheann fear buile trí thuile go dána
Ach is minic a thug an tuile fear buile le fána



Caithfead admháil díreach ag tús na sleachta seo gur maith liom go mór an seanfhocal seo. Ar an gcéad dul síos tá sé scríofa i bhfoirm leathrainn agus is iontach go deo an ceol, an rithim is an rím atá ag gabhail leis. Go bunúsach is é an seanfhocal Béarla “Fools rush in where angels fear to tread” an seanfhocal is gaire dó im’ thuairimse.

Na laethanta seo is amhlaidh go bhfuil an iomad daoine ar an domhan seo a bhfuil an iomad feirge is an iomad buile orthu. Cén fáth, a fhiafraíonn tú, go bhfuilid amhlaidh? Bhuel, gan dabht ar bith mothaíonn a lán acu an “stoiteachas” mar a thug mórfhile Gaeilge an fhichiú h-aois Mairtín Ó Díreáin air, sé sin braithstint go bhfuil siad “bainte óna bhfréamhacha” nó go mothaíonn siad “ar sliobarna” ins an domhan nua-aoiseach seo. Braitheann a bhformhór coimhthíos (alienation) go domhain istigh ina saol féin. Tá na seanchinnteachtaí uile beagnach ar lár; tá na seanfhreagraí folamh, gan éifeacht ar bith iontu; tá luachanna agus gnásanna an tseantraidisiúin imithe gan thairbhe; an tseanEaglais lag gan spiorad is a spioradáltacht caite spíonta. Mar sin tá daoine caillte gan treo. Cé tá ann a thabharfaidh eolas an bhealaigh dóibh? Na meáin chumarsáide?

Bhíos ag breathnú ar chlár iontach faisnéise ar RTE 1 le deireanas – clár faisnéise ar shaol an phaiteolaithe fhóiréinsigh, Dr Máire Cassidy. Is í an paiteolaí Stáit í agus déanann sí ardjab ar fad, a bhuí leí agus a comhleacaithe sa phaiteolaíocht fhóiréinseach agus sa Gharda Síochána. Ar aon nós, ceann de na rudaí suntasacha suimiúla a dúirt sí ná go bhfuil neart feirge nó teannas ollmhór buile in úsáid ag na coirpigh a dhéannann na dúnmharaithe uafásacha a léimid go léir futhu sna nuachtáin laethiúla. In áit buile mharfaigh amháin nó in áit urchair mharfaigh amháin téann na dúnmharfóirí thar fóir ar fad – fiche, tríocha nó daichead buile nó urchar.

Oireann an seanfhocal nó an leathrann seo don saol mar atá sé in Éirinn sa lá atá inniu ann – go leor leor dúnmharaithe fealltacha; mórán foréigin ní amháin ar na sráideanna ach sna teaghlaigh féinig; a leithéid sin d’andúilíocht san ólachán agus sna drugaí, gan trácht ar an ráta ard de fhéinmharaithe ar fud na tire. Gan dabht ar domhan bíonn daoine faoi bhrú ollmhór agus faoi strus na laethanta seo – buile agus fearg agus fearg agus buile. Ritheann na daoine seo a bhfuil buile is fearg as an ngnáthach orthu, atá stoite agus frustráilte “trí thuile go dána.” Sé sin déanann siad rudaí – coireanna agus fiú ionsaithe foréigneacha is dúnmharaithe uafásacha - gan smaoineamh ar na h-iarmhairtí díobhálacha a leanann iad. De ghnáth sciobann an taoide na “fir dána” seo le fána, sé sin sciobann sí iad le h-aill.

Níl a fhios agam an bhfuil aon fhreagra suntasach ar bith ar an gceist seo nó aon fhuascailt ar an bhfadhb ollmhór seo. Pé freagra nó fuascailt atá air níl sé agam féinig. Ach dar leis an traidisiún go bhfuil ceartas agus cothromas ar an saol eile agus fiú uaireanta ar an saol seo. Dearbhaíonn seanfhocal eile seo leanas go “bhfileann an feall ar an bhfeallaire.” Ar shlí amháin tá fírinne ag baint leis an ráiteas seo ach ar dhóigh eile tá sé mícheart ar fad. Déarfaidh mé níos mó faoin seanfhocal deireanach seo sa chéad phost eile.


Slán tamall.


D'uaslódáil mé pictiúr a ghlacas de lucht cleachtaithe Falun Gong i lár na cathrach anseo i mBaile Átha tráth na Nollag 2006. Bhi siad ag agóid in aghaidh fhoréigin an Stáit i gcoinne chleachtóiri Falun Gong sa tSin.

Sunday, February 10, 2008

Is iomaí lá




Is iomaí lá i mbliain is fiche is níl aon la acu nach dtagann


Níl a fhios agam (nó gan dabht ag éinne) cár shleamhnaigh na blianta uainn. Seo anois mé agus mé im’ aonú bliain is caoga – shroich mé caoga bliain d’aois ar an gcúigiú lá d’Eanáir i mbliana. Ní bhraitear na blianta ag sleamhnú isteach. Is cuimhin liom ceist á cur agam ar m’athairse cén chaoi ar mhothaigh sé nuair a bhí sé cuíosach sean. Séard a thug sé mar fhreagra ná gur bhraith sé mar a bhraith sé nuair a bhí sé ina ghasúr agus seacht mbliana déag slánaithe aige. Má bhí an corp sean bhí an intinn an-óg ar fad. Sin mar ata cúrsaí agam féin chomh maith. Chuala mé comhleacaí liom fhéinig, Mánas Ó Luathairí ag ra an rud ceanannn céanna. Cé go raibh trí bliana triochad caite aige ag teagasc i Scoil Iósaif nár mhothaigh se na blianta céanna ag sleamhnú thart agus gur bhraith sé chomh h-óg is a bhraith sé ariamh roimhe.

Sin mar a bhíonn cúrsaí daonna againn – sleamhnaíonn na blianta isteach i ngan fhios dúinn. Nuiar a shroicheann tú an caogadú breithlá ceapaim ar shlí go bhfuil barr an chnoic bainte amach agat, agus b’fhéidir níos mó ná sin – gurb amhlaidh go bhfuil tú ar do bhealach síos an taobh eile. I ndairíre cuireann sé eagla orm nuair a smaoiním go bhfuil i bhfad níos mó ná leath mo bhlianta caite agam ar dhromchla an domhain mhistéirigh seo. Cá ndeachaigh na blianta in aon chor? Aontaím go h-uile is go h-iomlán lena leithéidí de shiceolaithe agus síciatraíthe mar Carl Gustave Jung go gcaitheann an duine an chéad leath dá shaol ar an aistear domhanda (an t-aistear ar an taobh amuigh) – ag tuilleamh airgid is ag tógadh clainne – agus an dara leath ar an aistear pearsanta (an t-aistear ar an taobh istigh), sé sin ag iarraidh a fháil amach cá bhfuil a thriall na laethanta seo, cé h-é fhéinig, cad tá bainte amach aige i ndáirire ar an saol seo, ar cheart dó rud éigint eile, rud a bhfuil níos mó céille ag baint leis, a dhéanamh amach anseo. Mar sin bíonn níos mó ceisteanna doimhne á gcur aige nó aici air nó uirthi fhéinig. An ndéanann an bheatha, nó an bheatha mar ar chaith me í, aon chiall ar bith? Ceisteanna agus níos mó ceisteanna gan aon agó.

Tugann a lán daoine aghaidh ar chreideamh pearsanta a bhaint amach de réir mar a mhothaíonn siad na blianta ag sleamhnú isteach. Faigheann cuid acu “freagraí” nó cabhair de shaghas eigint sna reiligiúin mhóra éagsúla mar an Chríostaíocht, an Búdachas, An Ioslam, nó an Iúdachas. Faigheann daoine eile freagraí sa bhfealsúnacht nó sa tsiceolaíocht nó áit eile. Is dóigh liom gur cuma sa tsioc cá bhfaightear na “freagraí” chomh fada is a fhaightear iad, agus nach bhfaightear iad in aon slí nó dóigh a dhéanann dochar dóibh fhéinig nó d’éinne eile nó don domhan féin ar a mairimid beo slán i gcónaí.

Is iomaí lá i mbliain is caoga is níl aon la acu nár tháinig. Slán tamall.



Pictiúr diom féin i seomra sui mo dhearthár Pádraig.

Saturday, February 09, 2008

An tSlat nuair a Chruann




An tSlat nuair a chruann le h-aois is deacair a shníomh ina Gad


Ciallaíonn slat bata caol. Is maith is cuimhin liom na seanlaethanta agus sinn sa bhunscoil anseo in Éirinn “slat” nó dhó fiú a bheith ag ár múinteoirí. Buíochas le Dia ní fhaca mé mórán damáiste nó mórán dochair á ndéanamh leis an slat chéanna. Ar aon nós bhaintí úsáid aisti anois agus arís inár rang-na nuair a dhéanadh pleidhce de dhalta aon rud mór as an slí agus seachas sin dhéantaí dearmad ar an mbata céanna. Nuair a úsáidí go neamhrialta mar sin í is ea ba mhó a bhí a cumhacht i ndáiríre píre. Ach admhaím anseo go rabhadar ann a ndeachaigh thar fóir leis an slat uafásach cheanann chéanna. Chloisinn mo dheartháir mór a rá go bhfaca sé múinteoirí ag dul thar fóir agus ag tabhairt bascadh uafásach do ghasúir bheaga. Bíodh sin mar atá nó mar a bhí agus a bhuí le Dia mór na cruinne tá na seanlaethanta sin imithe go brách.

Ar aon nós ar ais chuig an seanfhocal atá idir láimhe agam. Nuair a bhíonn an tslat óg go leor – slat shaile is mó a bhí i gceist ceapaim – bíonn sí bog go leor nó go deas so-lúbtha. Mar sin, de réir mar a théann an t-admad in aois is ea is mó a éiríonn sé i bhfad níos cruaidhe. Mar sin ní féidir leis an gceárdaí mórán a dhéanamh leis an adhmad mar tá sé gan feabhas ar bith. Ní fhéadtar ciseáin nó aon rud áisiúil mar fhearas ti a dhéanamh as. Ciallaíonn “gad” slat sailí nó rópa nó “noose” sa Bhéarla. Cloisim anois agus arís go n-úsáidtear an seanfhocal seo sa chaoi is go n-úsáidtear an seanfhocal Béarla: “you cannot teach an old dog new tricks.” Ach ceapaim féin go bhfeileann an senfhocal Béarla “Strike when the iron is hot,” níos fearr mar aistriúchán ar an seanfhocal iontach seo. Sé sin nuair a dhéantar rudaí go tráthúil agus san am inár cheart dúinn iad a dhéanamh is sea is fearr agus is éifeachtaí iad.

Tá seanfhocal eile ann atá gaolmhar leis an seanfhocal seo, viz., “Ná fág go dtí amarach an rud gur féidir leat a dhéanamh anois.”




Thuas d'uaslódáil mé pictiúr a thógas de chúpla seanchraobh titithe de sheanchrann marbh!

Friday, February 08, 2008

Dá mbéadh soineann go Samhain bhéadh breall ar dhuine éigin




Dá mbéadh soineann go Samhain bhéadh breall ar dhuine éigin


Is deacair gan aon agó gach éinne a shásamh . Thuig duine amháin ar a laghad de na chéad uachtaráin ar na Stáit Aontaithe é seo. Táim ag tagairt d’Uachtarán le linn an Chogaidh chathardha – Abe Lincoln a dúirt: “Is féidir linn cuid de na daoine a shásamh an t-am go léir; na daoine go léir a shásamh cuid den am ach ní féidir linn na daoine go léir a shásamh an t-am ar fad.” Gan dabht ar domhan bhí agus tá an ceart ag an bhfear feasach seo.

Bhí tuiscint thar an gnáthach ag an bhfear ceanann céanna seo, léargas domhain aige ar an duine daonna agus mórchlú agus mórcháil air mar chosantóir iontach cearta na nGormach sna Stáit Aontaithe. Eisean ab ea an ceannródaí mór ar an bhfeachtas um dhíothú na sclábhaíochta.

Anois ar ais chuig an seanfhocal féin thuas. Ciallaíonn soineann aimsir bhreá agus breall an stuaic a chuireann duine air nó uirthi féin nuair nach bhfuil sé/sí sásta le cúrsaí mar atá.
Uair amháin agus me ag éisteacht leis an raidio – RTE 1 – chuala mé agallamh le turasóir in Éirinn le linn samhraidh éigin. Mar ba ghnáthach na laethanta seo ní raibh an aimsir ró-dheas. Bhí an t-agallóir nó an tuairisceoir ana-leithscéalach faoi seo, amhail is go raibh sé féin nó fiú na hÉireannaigh féin ciontach as an doineann míthráthúil. Ach bhí freagra iontach ag an turasóir – Gearmánach a bhí ann – a chuaigh mar seo: “Níl aon rud mar aimsir dhona ar dhromchla an domhain – ‘Sí an fhadhb nó nach bhfuil an turasóir (nó aon duine áta i gceist) feistithe i gceart don aimsir!” Freagra iontach críonna atá anseo dar liom, agus fealsúnach freisin. Freagra iontach praicticiúil leis gan dabht!

Sula gcuirfidh me clabhsúr leis an bpost seo ba mhaith liom a mheabhrú do mo léitheoirí amuigh ansin ar an mblagchruinne gurb iontach suimiúl na contrárthachtaí S-D sa Ghaeilge. Seo samplaí:


(i) Soineann = aimsir mhaith agus Doineann = Drochaimsir
(ii) Suáilce = dea-thréith, bua (na suáilcí diaga); feabhas agus Duáilce = drochbhéas; locht; duairceas, gruaim.
(iii) Saibhreas = a lán airgid nó maoine agus Daibhreas = bochtannas, easpa airgid
(iv) Sonas = áthas, sástacht; ádh, séan, rath agus Donas = mí-ádh, mífhortún; tubaiste.


Nach bhfuil na contrárthachtaí seo suimiúil. Caithfidh me níos nó a chuardach má fhaighim an t-am chuige. Ma tá cinn sa bhreis ag éinne eile dhíobh cuirigí chugam iad. Slán tamall.

Thuas tá pictiúr a ghlacas de ghloine folamh i ndiaidh dom pionta Guiness a shlogadh siar le déanai. Cuireann an tsiúlóid tart orm!

Sunday, January 20, 2008

Is Fearr an tSláinte ná na Táinte




De réir mar a théimid in aois is ea a fhoghlaimímid – de ghnáth ar aon nós. Admhaím go bhfuilid ann nach ndéanann amhlaidh. Bíodh sin mar atá, foghlaimíonn formhór dínn de réir mar a shleamhnaíonn na blianta istigh. Caithfidh mé a rá gurb é an seanfhocal seo ceann des na cinn is fearr liom. Tá neart eagna agus mórán gaoise ann ceapaim: “Is fearr an tsláinte ná na táinte.” Uaireanta de réir an tSeabhaic, sé sin, Padraig Ó Siocfhradha, chuirtí dhá fhocal sa bhreis leis uaireanta, mar atá: “Is fearr an tsláinte ná na táinte (ar cnoc)”

Ciallaíonn an focal “táin” tread nó scata eallaigh le chéile. Is fuirist a thuiscint an dá fhocal sa bhreis más ea – sé sin d’fhéadfá fiú na táinte a fheiscint go soiléir ar na conic. Is rí-shoiléir agus so-fheicthe go gciallaíonn “táinte” saibhreas an tsaoil nó rachmas i dtír mar Éire atá bunaithe ar talamhaíocht.

Ar ais anois chuig smaointe mo chéad ailt. Ceann des na rudaí a fhoghlaimímid ná nach féidir le h-éinne aon bhlúire dá chuid mhaoine a thabhairt leis nó léí in am an bháis. Bhí seanfhocal Béarla ag m’athairse, sé sin, “There are no pockets in a shroud.” Is amhlaidh gur féidir é sin a aistriú go Gaeilge i bhfocail mar: “Níl aon phocaí i marbhfháisc.”

Mar sin múineann an seanfhocal seo ceacht maith tábhachtacht dúinn agus peirspictíocht thráthúil ar an saol.

Rud suntasach eile le tabhairt faoi deara inár seanfhocail ná gur féidir leis na h-eisteoirí sult agus súp a bhaint as draíocht na bhfocal. Bíonn imeartas focal nach beag ag baint leis na seanfhocail chéanna. Anseo, gan aon agó tá imeartas focal i gceist maidir leis an dá fhocal “tsláinte” agus “táinte.” Mar sin, ní amhain go mbíonn gaois agus eagna le fáil sna seanfhocail ach bíonn saibhreas teanga ag baint leo chomh maith.



Tá pictiúr beag uaslódáilte agam thuas, snap a ghlacas le linn dom féin agus dom' dheartháir Gearóid bheith ar saoire i dTuscán na hIodáile. Grianghraf de chraobhacha arda na gcrann ag Pistoia - Samhradh 2006.

Friday, January 18, 2008

Is ar Scáth a chéile a Mhaireann na Daoine





Téigh siar chomh fada agus is féidir leat sa stair nó fiú níos faide siar sa réamhstair agus is amhlaidh a fhoghlaimeoidh tú nach féidir leis an duine daonna maireachtáil ina aonar. Braithimid ar a chéile. Mairimid i gcomhluadar áirithe, i bpobal faoi leith, in áit shuntasach – agus tugann na nithe go léir seo aitheantas nó féin-aithne dúinn mar dhaoine. Is Éireannach mé agus tugann sin aitheantas nó aithne faoi leith dom mar dhuine ar dhromchla an domhain seo. Is as baile beag darb ainm Ros Cré mé – mar sin is Tiobraid Árannach mé – díreach ó lár na tíre. D’fhág an baile beag sin blas na dúiche sin ar mo ghuth. Ach táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó bhí me sé bliana d’aois. Mar sin, ar shlí d’fhéadfa a rá go bhfuil níos mó de Bh’láth Cliathach ionam seachas Tiobraid Árannach, ach bíodh sin is uile d’fhág an dá áit seo a rian féinig orm mar dhuine. Fuaireas mo chuid scoilíochta anseo i mBaile Átha Cliath agus is amhlaidh gur sheol an t-oideachas iontach san ar bhóthar mo leasa mé maidir le h-ollscoilíocht agus gairm bheatha.


Níos mó ná sin, áfach, braithimid ar a chéile i gcónaí. Mar a dúirt an Ministéir Anglacánach agus mórfhile Bhéarla John Donne “Ní oileán aon duine dúinn” – “No man is an island.” “Is cuid den mhórthír sinn go léir agus nuair a fhaigheann éinne ar bith ar aithne dúinn bás cailltear cuid shuntasach dínn.” Sin a dúirt Tréadaí Ard-Eaglais Naomh Pól i seanamóir iontach a thug sé uair amháin san Ard-Eaglais chéanna. Is fíor dhó gan aon agó. Ar chomhchéim le bunsmaointe an Mhinistéara Anglacánaigh seo tá seanfhocal Gaeilge ann a deir – “is ar scáth a chéile is ea a mhaireann na daoine,” – agus tá an brí cheanann chéanna ag an dá insint. Is daoine sinn a mhaireann, ní amhain le chéile ach go mbraithimid ar a chéile, go gcónaímid i scáth agus ar scáth a chéile.

Is brónach agus fiú caointeach, tragóideach agus truamhéalach an rud é gurb in amanta na géirchéime, in amanna móra – cosúil le tubaistí móra ar thír nó ar mhuir mar bhás agus bá go dtuigimid an fhírinne atá sa seanfhocal cumasach tábhachtach seo. Is ansan a thuigimid go domhain istigh ionainn go mbraithimid go mór ar a chéile. Is fíor mar sin don síciatraí Harry Stack Sullivan nuair a deir sé nach ar an duine aonar ar cheart don saineolaí meabhrach staidéar a dhéanamh ach ar an duine i gcomhthéacs na teagmhála a bhíonn aige le daoine eile. Thug Dr Sullivan an téarma “síocanailís idirphearsanta” ar an sórt anailíse seo.



D'uaslódalas thuas pictiúr de sheandhriosúr a ghlacas in Ionad Dhún Chaoin le linn an bhriseadh leath-théarma 2005.

Tuesday, January 15, 2008

Giorraíonn Beirt Bóthar





Is amhlaidh nach bhfuil aon mhódh múinte chomh cumhachtach tarraingteach agus fiú eifeachtach le scéal a insint nó a aithris. Na blianta ó shin leigh mé na leabhair iontacha a scríobh Bryan MacMahon, gearrscéalaí cumhachtach Éireannach. I leabhar amháin a scríobh sé, leabhar iontach dar teideal The Master, dúirt se gurbh é bua na scéalaíochta an bua ba mhó a bhí aige le linn a shaol múinteoireachta. Is maith is cuimhin liom chomh maith m’uncail Tomás, deartháir mo mhátharasa, ag insinst scéalta dúinn agus muid óg. Ní túisce é tosnaithe ar scéal nó go rabhamar bun ós cionn sáite i bpé eachtra a bhí á h-aithris aige.


Go deimhin níl aon rud chomh suimiúil tarraingteach le scéal béaloidis. Nuair a bhíos i mo leaid óg hhainainn an-taitneamh go deo as na seanscéalta a léimis sna seanleabhair scoile. Is maith is cuimhin liom a leithéidí mar Oisín i dTír na nÓg, Clann Lír Conas Mar a Fuair Diarmuid an Ball Seirce Uidhe Clann Uisnigh á n-aithris ag ár múinteoirí nó a léamh againn-ne ar scoil. Chuaigh na seanscéalta i gcionn go mór orainn mar bhí bua na scéalaíochta ag na seanscéalaithe nó ag na seanchaithe nó fiú ag ár seanmhúinteoirí féinig. D’fhoglaimíomar uathu cumhacht agus áilleacht na samhlaíochta. Chuaigh rithimí na bhfocal fiú i gcionn nó i bhfeidhm orainne. Ní gá bheith i do mhórscoláire amhail a leithéidí mar Joseph Campbell chun tuiscint a bheith agat ar cé chomh tábhachtach is a bhí na seanscéalta d’ár bhféinaithne nó d’ár bhféinaitheantas mar chine ar leith agus fiú d’ár bhféinmhuinín asainn féin mar náisiún leithleach i measc naisiún eile an domhain.


Léigh me seanscéal uair amháin faoi dhéagóir óg a bhí ag fás aníos. Uair amháin chuaigh an fear óg amach chuig tigh áirneáil “ag bothántaíocht” mar a thugtaí air seo ó dheas sna Gaeltachtaí sa tseanaimsir. Nuair a shroich sé an tigh d’éist sé leis na scéalta is na hamhráin ó bhéal na ndaoine a bhí bailithe, ach nuair a iarradh air scéal d’aithris, mo léan, ní raibh scéal ar bith aige. Séard a bhí i gceist leis an scéal suntasach suimiúil seo ná gur rud mór é scéal traidisiúnta nó amhrán ó na seanlaethanta a bheith ar eolas agat chun tú féin a chur in iúl sa chomhluadar nó chun féinaithne agus féinmhuinín a bhaint amach duit fhéinig.


An seanfhocal a chuir ag smaoineamh anseo mé na an ceann sin a deir: “giorraíonn beirt bothar” Chuirtí an seanfhocal seo i mbéal an Ghobáin Saoir – soar chloiche mór cailiúil a bhí ins an nGobán céanna a d’iarr ar a mhac an bothar a ghiorrú lá dá ndeachadar amach ar thuras áit eigin. Níor thuig an mac cad a bhí i gceist ag a athair. Is ansin a mhínigh an t-athair an seanfhocal cumhachtach seo, sé sin nuair a thosaíonn beirt nó níos mó ag caint is ag comhrá is ag cur tré cheile nó ag insint nó ag aithris seanscéalta is amhlaidh go ngiorraíonn siad an turas. I bhfocail eile, sé sin le rá, nach mothaíonn siad an t-am ag sleamhnú isteach nuair a bhíonn siad ag caint is ag malartú scéalta le chéile. D’fhoghlaim an mac scéal cumhachtach agus seanfhocal cumasach an lá sin. Bígí ag insint scéalta is ag giorrú na mbóithre mar sin!!




Thuas ag barr an phoist seo ta beirt de mo chairde a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Glacadh an grianghraf gar do Ghleann Choilm Chille i nDún na nGall cúpla bliain ó shin!

Muna bhfuil ach poc gabhair agat bí i lar an aonaigh leis!




Féinmhuinín agus Féiniúlacht


Bhí féinmhuinín ariamh ag na Meiriceánaigh astu féin. Is amhlaidh gurb é an fáth búnúsach leis sin ná gur naisiún ollmhór í inar chuir go leor náisiúnaithe ó chuile chearn den domhan fúthu chun éalú ó ghéarchéim éigin nó ó bhochtannas ainnis a dtíortha dúchasacha. Caitheadh le gach éinne go cothrom sa Domhan Nua. Má bhí fonn oibre orthu d’éirigh go rí-gheal leotha. Muna raibh chlis orthu dul chun cinn ar bith a dhéanamh, ach ní raibh mórán leisceoirí i dteannta na gcéad-imirceach. Ba náisiún ollmhór muiníneach cruthanta é an náisiún úrnua seo – Stáit Aontaithe Meiriceá. B’imircigh chuig an Domhan Nua a lán de ghaolta mo Dhaid – clann Uí Chaoinleáin – ag deireadh an naoú h-aois déag. Is ansin a d’fhoghlaimigh siad féinmhuinín agus féiniúlacht úrnua cumhachtacht cosúil leis na mílte mílte eile Éireannaigh a d’fhág an tOileán Glas gan filleadh riamh ar a dtír dhúchais.


Deirtear agus ceapaim go bhfuil an ráiteas seo rí-fhíor, sé sin go mbíodh coimpléasc ísleachta ar na hÉireannaigh ariamh. Duine de chomhleacaithe Freud, síciatraí darbh ainm Alfred Adler, a chum an téarma iontach úsáideach seo. Is cuimhin liom staraí Éireannach, an tOllamh Hayes-McCoy, á rá i seactóidí na haoise seo caite, go raibh coimpléasc ísleachta comhchoiteann (“collective inferiority complex) ar na Gaeil mar dhaoine nó mar chine ariamh toisc gur rabhadar brúite fá chois leis na cianta ag náisiún eachtrannach – an Bhreatain Mhór. Is amhlaidh go bhfuil an coimpléasc comhchoiteann céanna ar tí a dhíothaithe ó rugadh an Tíogar Ceilteach sna luath-nóchaidí den aois seo d’imigh tharainn. Ó na nóchaidí i leith tá glúin nua éirithe suas in Éirinn a bhfuil féinmhuinín úrnua láidir acu iontu féin agus féiniúlacht chumhachtach acu mar chine iontach leithleach i measc na náisiún eile ar an domhan.

Spreag seanfhocal beag ar ar smaoinigh mé le déanaí an méid a scríobhas thuas, sé sin:

“Mura bhfuil ach poc gabhair agat, bí i lar an aonaigh leis!”

Is amhlaidh go bhfuil an seanfhocal seo intuigthe agus nach gá é a mhíniú.


Thuas ag barr an phoist seo chuir mé grianghraf de phoc gabhair a ghlacas le mo chéad cheamara digiteach sa bhliain 2001.