Popular Posts

Showing posts with label Dírbheathaisnéis. Show all posts
Showing posts with label Dírbheathaisnéis. Show all posts

Monday, July 07, 2014

Aistear Anama

Réamhrá


Leathanach samplach den Bhailiúchán
Éinne a bhfuil cúpla teanga nó níos mó ar a dtoil acu is amhlaidh go mothaíonn siad uaireanta mar scitsifréinigh.  Ar a laghad mothaímse féin mar sin ar uairibh.  Fanaigí liom go míneoidh mé an scéal ina iomláine daoibh, a chairde.

Ar an gcéad dul síos caithfidh me a rá nach bhfuil an Ghaeilge agam ón gcliabhán agus nach raibh ach cúpla focal ag m'athair is mó mháthair.  Ach bhí bá acu le gach rud Gaelach agus an teanga san áireamh.  Bhí an t-ádh dearg orm nuair a chuaigh mé ar scoil go raibh múinteoirí maithe tuisceanacha agam a raibh neart Gaeilge acu sa bhunscoil agus sa mheánscoil.  Rinne mé leath de mo mheánscoilíocht tré mheán na Gaeilge mar ba muidne an rang deireanach a rinne an Mheánteist as Gaeilge i Scoil Uí Chonaill.  Ina dhiaidh sin thiontaigh sraith na Gaeilge ar an mBéarla cosúil leis an gcuid eile den scoil. B'amhlaigh nach raibh na múinteoirí ann ag an am sin a raibh ar a gcumas na h-ábhair éagsúla, go h-áirithe an Eolaíocht, an Cheimic, an Fhisic agus an Bhitheolaíocht, a mhúineadh trén' mheán.  Ach sin scéal eile agus táim ag tosnú mo smaointe a ligint chun fáin.

Ar aon nós nuair a bhí mé i mo dhalta beag ní raibh foirm cheart agam riamh de mo shloinne i nGaeilge.  Thug gach múinteoir  foirm nua den sloinne orm gach bliain.  Bhaist fear amháin Ó Ceanndulabháin orm, fear eile Ó Caoindealbháin, múinteoir eile arís Ó Coinnealáin agus an fhoirm is fearr liom anois agus is fusa a rá na Ó Caoinleáin a bhí ag fear tuisceanach eagnaí amháin.

Féinaithne agus Féiniúlacht

Níl aon argóint ann nó gurb í an fhéiniúlacht ceann de phríomhaidhmeanna na beatha.  Ní gá d'éinne bheith ina shiceoalaí, síciatraí nó comhairleoir chun é sin a thuiscint.  Gan dabht  déanaim an chuid is mó den chíoradh nó den iniúchadh sin ar an ábhar seo as Béarla, ach caithfidh mé a admháil go ndéanaim cuid thábhachtach den mhacnamh sin i mo chuid dánta a chumaim as Gaeilge.  Cén fath go gcumaim dánta as Gaeilge?  Tá an freagra suimiúil ar shlí.  Baineann sé le fuaimeanna, ceol agus ceolmhaireacht na Gaeilge féin. Chomh maith leis sin, caithim a lán de mo laethanta saoire i gCalabria na hIodáile agus is fíorshuimiúil é dom i gcónaí go dtagann an Ghaeilge chun tosaigh i m'intinn, fiú ina srutháin, rud nach bhfuil amhlaidh nuair a bhím sa bhaile in Éirinn.  Cén fáth? Is rud bunúsach é ar shlí go mothaím níos mó mar Éireannach agus mar Ghael agus na focail sin ina rabharta i mo chloigeann ar ithir eachtrannach.  Mar a dúirt mé, séard atá ag dul i gcionn orm ná rithim agus ceol agus ceolmhaireacht an dá theanga.  Níl sa Bhéarla ach fuaimeanna leadránacha monatonacha i gcomparáid le ceachtar acu.

Is suntasach an fud é, ceapaim, go bhfuil réimse i bhfad níos leithne fuaimeanna sa Ghaeilge ná mar atá sa Bhéarla.  Chun a rud a shimpliú, níl ach cúig chinn de ghutaí  sa Bhéarla ach tá dhá oiread níos mó sa Ghaeilge.  Ar a shon san is amhlaidh gur thiteas i ngrá leis an Iodáilis agus an nGaeilge.

Chomh maith leis sin tugann gach teanga réimse dhifriúil smaointe agus réimse éagsúil slithe chun an smaoineamh sin a chur in iúl nó i bhfeidhm.  

Aistear Anama

I ndiaidh sin uile táim tagtha chun ceann scríbe sa phost seo, sé sin go bhfuilim tar éis bailiúchán beag de dhánta as Gaeilge a chur le chéile le fíordhéanaí agus an teideal air sin ná Aistear Anama.  Iar-scoláire liom darb ainm Mathew Staunton, a bhfuil gnó beag foilsitheoireachta aige ar a bhaist sé The Onslaught Press, a mhol dom bailiúchán beag de mo chuid dhánta a chur le chéile agus sin a rinne mé.  Is maisitheoir iontach e Mathew agus tharraing sé léaraidí bréatha don leabhar seo.  

Bhí mé ar tí tairicint Mhaitiú a dhiúltú mar thuig mé nach raibh mé ag bogadh timpeall sa chiorcal ceart, nach raibh mé mar a deirtear i mBéarla "ar an inside track."  Ach ansin smaoinigh mé go bhfuil claochló tagaithe ar an nGaeilge ó thaobh a labhartha de, cuir i gcás, na mílte cainteoirí Gaeilge atá sna Stáit Aontaithe agus in áiteacha eile ar fud an domhain. Cuireann Séamas Ó Neachtain ó Nua Abhrach irisleabhar as Gaeilge amach gach ráithe dar teideal An Gael: Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge. (Buail an nasc seo AN GAEL)  Séard atá a rá agam nach bhfuil aon mhonaplacht nó seilbh eisiach ag éinne ar aon teanga. 

Ar aon nó seo mar a scríobh mé ar an mblurba don leabhar nua:

Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad.  Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde.  Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh.  Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha – ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas.  Is múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta. 

Leathanach samplach eile

Roinnt Poiblíochta

Má ta suim ag éinne an leabhar beag seo a cheannach ní gá ach buaileadh isteach ar shuíomh gréasáin Amazon ag an nasc seo leanas: 

Aistear Anama








Sunday, September 12, 2010

Grá don Ghaeilge 6

Leis an fhírinne a rá ceanglaím an grá atá agam don Ghaeilge le mo shaol mar scoláire agus mar mheánmhúinteoir.  Bhí an t-ádh dearg orm go raibh sármhúinteoirí Gaeilge agam ar scoil agus go h-áirithe sa bhunscoil.  Is cuimhin liom Mícheál Ó Muircheartaigh mar mhúinteoir sa mheánscoil le mo linnse mar dhalta agus ansin mar chomhmhúinteoir ar an bhfoireann teagaisc, gidh is gur éirigh se as an gceird bliain i ndiaidh dom tosnú ar an ngairm bheatha iontach tábhachtach sin mé fhéin.  Bhíodh sé riamh de nós ag na múinteoirí Gaeilge labhairt le chéile sa teanga san i gcónaí, agus mar a dúirt mé d'fhoghlaim mé a lán uathu thar na blianta.

Mar a dúirt mé, táim díreach tar éis dírbheathaisnéis Uí Mhuircheartaigh a léamh agus cé nach bhfuil an leabhar céanna scríofa as Gaeilge is féidir rithimí na Gaeilge a fháil i gcónaí ar Bhéarla an údair.  Anseo is ansiúd fiú faightear an feiniméan Éireannach iontach sin -an Hiberno English - i mbéal an údair.  Is fíor a rá, a chairde, go bhfuil an feiniméan sin ag fáil bháis le teacht chun cinn an idirghréasáin.  Mar shampla faightear an Hiberno-English san abairt seo leanas: "... and we gave most of the day in the church singing Latin hymns to the Blessed Virgin."  Níl an tuiscint is atá i gceist ag an Muircheartach anseo maidir leis an mbriathar "give" ag gabháil leis an mbriathar sin sa Bhéarla.  An Ghaeilge atá ar an abairt seo gan aon agó ná "!... agus thugamair an chuid is mó den lá sa tséipéal ag canadh 7rl."  Ciallaíonn  "thugamair" an rud ceanann céanna is a chiallaíonn "chaitheamair", sé sin, gan aon agó "and we spent..." sa Bhéarla.  Níl an chiall sin ag gabháil leis an mbriathar "give" sa Bhéarla, ach gan dabht tá an chiall sin ag baint le "give" sa Hiberno-English.  Mar a dúirt mé is féidir rithimí na Gaeilge a chloisint ar Bhéarla an Mhuircheartaigh i gcónaí.

Gan dabht ar domhan tá dlúthcheangal idir an dírbheathaisnéis nua-aimseartha seo leis na dírbheathaisnéisí iontacha fíorthábhachta a thagann ón gcuid sin sin den tír, dírbheathaisnéisí Mhuiris Uí Shúilleabhain, Thomáis Ui Chriomhthain agus Peig Sayers i mblianta luatha an chéid seo caite agus fiú le dírbheathaisnéis Mhaidhc Dainín Uí Shé, ceann a foilsíodh níos déanaí ar fad.  Luann an Muircheartach go gcaitheadh sé agus a chlann dheartháireacha a lán dá gcuid ama ag cuardach na farraige i gcomhair raice ó longa a scriosadh le linn an Dara Cogadh Domhanda.  Faightear an rud ceanann céanna sna leabhair a luaigh mé thuas, sé sin cuardach raice.  Chomh maith leis sin luann an Muircheartach na dírbheathaineisí cáiliúla seo ina leabhar fhéinig.  Admhaíonn sé go raibh grá mór ag a dheartháir Pádraig, RIP (iar-Phríomhfheidhmeannach Bhórd Soláthair an Leictreachais) ar na dírbheathaisnéisí clúiteacha cáiliúla sin a d'eascair as ithir Chiarraí agus as ithir an seanoileáin sin d'arbh ainm An Blascaod Mór.

Maille leis sin, luaitear a lán rudaí  agus imeachtaí eile i leabhar an Mhuircheartaigh is a luaitear ins na dírbheathaisnéisí clasaiceacha eile, sé sin fiach coiníní agus iascaireacht bhradán.  Chomh maith leis sin, ní raibh aon aibhléis nó leictreachas ar fáil ag daoine sa chuid sin den tír nó fiú in a lán áiteacha sa tír ag an am sin roimh scéim leictriú na tuaithe.  Tugann an t-údar cur síos iontach ar an gcaoi a dhéanaidis a gcoinnlí féin ag an am, coinnlí féin-déanta nó féinseirbhíse ar a thugtaí padóga nó "padógs" - coinnle féinseirbhíse déanta as ceirteacha clúdaithe le saill ainmhíoch.  Chomh maith leis sin tugann an Muircheartach cúntas maith dúinn ar bhairille céire a fuaireadar mar raic ón bhfarraige agus ar an slí a ndearnadar coinnlí as agus gur mhair na coinnlí céanna tráth an Chogaidh Dhomhanda go léir.

Ar lean

Tuesday, September 07, 2010

Grá don Ghaeilge 5

Sa phost deireanach agam sa bhlag seo bhí mé ag tagairt don chraoltóir agus don tráchtaire iontach san Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí ina mhúinteoir sa scoil ar ar fhreastailíos sna seachtóidí mar dhéagóir, sé sin Scoil Uí Chonaill anseo i mBaile Átha Cliath.  Ní raibh sé mar mhúinteoir agam ach chaitheas bliain amháin ag múineadh ar an bhfoireann chéanna le Mícheál agus caithfidh mé a admháil gur fear fíórdheas cairdiúil é agus gur Gaeilgeoir fíorbhlasta deisbhéalach binnbhriathrach é ar deas bheith ag comhrá leis.

Mar a dúirt mé sa phost deiridh chomh maith táim díreach tar éis a chéad dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park a léamh agus is fíorshuimiúil an léamh é domsa mar bhí aithne agam ar an bhfear céanna agus chomh maith leis sin luann sé daoine óna shaol múinteoireacha a bhfuil ar aithne agam.

Rud suimiúil amháin eile a bhfuil spéis agam féin ann ná na Coláistí Ullmhúcháin - coláistí ullmhúcháin speisialta lánGhaeilge a cuireadh ar bun in áiteacha éagsúla ar fud na tíre i mblianta luatha an Stáit s'againne chun ábhar múinteoirí idir bhuachaillí agus chailíní a ullmhú do na Coláistí Oiliúna.  Gheobhaidh tú léirmheas críochnúil ar leabhar taighde a scríobhadh faoi na coláistí féin A Gaelic Experiment : The Preparatory System 1926 – 1961 and Coláiste Moibhí le Valerie Jones ag an nasc seo leanas Léirmheas Feasta. Deireadh na seanmhúinteoirí Gaeilge liom thar na blianta - agus is amhlaidh go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa tuairim chéanna - gur thug an t-oideachas a bhí ar fáil sna coláistí céanna lámh chúnta nach beag do chur chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Oiliúna agus uaidh sin amach go dtí na scoileanna naisiúnta i mblianta luatha an Stáit bhig seo.  Deirtear nach bhfuil béim ró-mhór ar an nGaeilge sna coláistí seo sa lá atá inniu ann.  Ach is tuairim mhaol í seo nach bhfuil mé ró-chinnte faoi in aon chor - mar níl aon fhianaise bheacht agamsa - agus tá a fhios agam, leis, go bhfuil na léachtóirí is na cúntóirí éagsúla Gaeilge sna colaistí éagsúla ag saothrú go díograiseach dúthrachtach i ngort na teangan céanna i gcónaí.

An coláiste ar fhreastail an Muircheartach air ná Coláiste Íosagáin i gContae Chorcaigh a bhí suite sa Ghaeltacht díreach idir Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha.  Bhí an colaiste céanna faoi chúram na mBráithre ón Ord De La Salle.  Dob é an Bráthair Peadar, uachtarán agus príomhoide an choláiste, croí agus anam na scoile, a raibh suim nach beag aige sa teanga agus sa chultúr Gaelach.  Tugadh cuireadh d' aoínna speisialta chun labhairt leis na micléinn - scríbhneoirí,  filí, amhránaithe agus cumadóirí éagsúla Gaeilge.  Ní nach ionadh go raibh an Muircheartach sáite sa chultúr Gaelach ón tús gan trácht ar an bPeil Gaelach ina raibh sé páirteach mar imreoir díograiseach ó thús ar scoil agus sa choláiste.  Chaith sé seal chomh maith mar thraenálaí d'imreoirí fhoireann Chiarraí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Nuair a bhí mé sa séú bliain sa mheánscoil chuir mé iarratais isteach ar na coláistí éagsúla chun bheith i mo mhúinteoir agus is cuimhin liom freastal ar chaint bheag a thug Mícheál ar ghairm an oide. Séard a dúirt sé go bunúsach ná nár cheart ná cóir d'éinne dul le bunmhúinteoireacht gan suim a bheith aige i agus cion a bheith aige ar scoláirí óga ó cheithre bliana go dhá bhliain déag d'aois agus nár cheart d'éinne dul le meánmhúinteoireacht gan suim agus cion dá shamhail a bheith aige nó aici do dhéagóirí mar bíonn ar an múinteoir an chuid is mó den lá a chaitheamh leo.  Comhairle mhaith uaidh an méid sin is dóigh liom.

Ar lean

Sunday, September 05, 2010

Grá don Ghaeilge 4

Ar na múinteoirí ar an bhfoireann i Scoil Uí Chonaill sna seascaidí agus sna seachtóidí den aois seo caite bhí Mícheál Ó Muircheartaigh an sárthráchtaire sin atá fós ag obair leis ar an raidio, gidh is go bhfuil sé tar éis ceithre scór bliain a shlánú ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo.  Go deimhin rinne sé an tráchtaireacht raidio ar an gcluiche sinsearach san iomáint inniu idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus aréir bhí sé mar aí speisialta ar an gclár teilifíse Up for the Match nuair a d'iompair sé Corn Liam Mhic Chárthaigh isteach sa stiúidio teilifíse.  Ta Mícheál fós lán de chroí is d'aigne agus de dhíograis is de dhúthracht.  Ní chreidfeá go raibh ochtó bliain slánaithe aige - cheapfá nach raibh sé ach timpeall trí scór bliain d'aois.  Go maire tú an céad, a Mhíchíl!

Cén fath go  bhfuil Mícheál Uasal Ó Muircheartaigh faoi chaibidil agam anseo?  Bhuel bhí sé ina mhúinteoir bunscoile is meánscoile i Scoil Uí Chonaill i Sráid Risteamain Thuaidh, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath , 1, scoil iontach stairiúil ar leag an Fuascailteoir Dómhnall Ó Conaill an bhunchloch sa bhliain chiniúnach sin 1828. D'fhreastailíos féin ar an meánscoil sin sna seachtóidí.  Ach mo léan ní raibh Mícheál agam mar mhúinteoir ach mhúin sé mo dheartháir óg Pádraigh.  Bhí Gaeilge bhreá bhinn riamh ag Mícheál.  D'eírigh sé as an mhúinteoireacht sa bhliain 1981 nuair a bhí sé bliain is caoga d'aois agus chuaigh sé go lánaimseartha isteach mar chraoltóir in RTE agus Raidio na Gaeltachta.

Nuair a chláraigh mé mar mhéanmhúinteoir sa bhliain 1980 agus nuair a thosaíos ag múineadh sa mhéanscoil chéanna bhí Micheál ar an bhfoireann liom ar feadh bliana. Fear deas séimh cairdiúil ab ea an fear céanna agus sin mar a chuireann sé é féin i láthair fós ar na meáin chraolacháin fiú sa lá atá inniu ann. Fear mór Gaeilge is ea é gan aon agó a rinne agus a dhéanann a lán ar son chúis na teangan.  Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge uair amháin - eagraíocht ab ea í sin a aistríodh go Foras na Gaeilge  - an comhlacht nua a bunaíodh ag deireadh na bliana 1999 i ndiaidh Chonradh Aoine an Chéasta ó thuaidh.

Léigh me chéad dhírbheathaisneis Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, From Dún Síon to Croke Park (Penguin Ireland, 2004)  le déanaí .  Léamh iontach deas comhráiteach atá sa leabhar seo - cheapfá go raibh Micheál ina shuí in  aice leat ag insinst an scéil duit.  I ndáiríre píre is scéalaí iontach é an Mícheál céanna.  Sciobtar isteach sa scéal thú agus ní bhraitheann tú an t-am ag sleamhnú isteach is tú ag léamh na dírbheathaisnéise seo.  Rugadh é i nDún Síon, sráidbhaile beag cúpla míle soir an bóthar ón Daingean, Contae Chiarraí.  Breac-Ghaeltacht a bhí i nDún Síon agus bhí idir Ghaeilge is Bhéarla ag a chlann.  Mar sin bhí Gaeilge aige ón gcliabhán.  Caithfidh mé a rá go labhraíonn an Muircheartach binnbhriathrach deisbhéalach an Ghaeilge agus an Béarla leis na rithimeacha céanna.  Uaireanta ní bheadh fhios agat cé acu an Béarla nó an Ghaeilge a bhíonn á labhairt aige, tá na rithimeacha chomh cosúil le chéile.

Anseo is ansiúd sa leabhar faightear nathanna traidisiúnta a d'úsáidí sa Ghaeltacht nuair a bhí an t-údar ag fás aníos, mar shampla an bheannacht seo leanas a thug comharsa d'Aintín May nuuair a d'fhill sí ar an mbaile tar éis beagnach caoga bliain a chaitheamh sna Stái;t Aontaithe: "Dé do bheatha-sa abhaile."   Slí eile é sin chun "fáilte romhat abhaile a rá."  Abairt iomlán eile as Gaeilge sa leabhar atá scríofa as Béarla gan aon agó ná "Is cinnte go bhfuil solas na bhFlaitheas ar Chonn scéalach anois."  Ag tagairt do thaistealaí bóthair - nár thincéir é - d'arbh ainm Conn Riordan - fear fíor dheisbhéalach a raibh guth galánta Etonian aige.

Rud amháin eile a d'fhoghlaimíos ón leabhar ná gur smaoinigh an Muircheartach dul le múinteoireacht don chéad uair nuair a d'fhoghlaim sé go raibh scrúdú ann a thuill deontas nó scoláireacht i gcomhair an Choláiste Ullmhúcháin chlúitigh sin Coláiste Íosagáin a bhí suite cóngarach do Bhaile Mhic Íre.  Sé an fáth gur tugadh coláiste ullmhúcháin ar an sórt sin scoile ná gurbh ullmhúchán do na Colaistí Ollúna na coláistí sin.  Thagadh na scoláirí ó gach cearn den tír agus bhí gach canúint le cloisint ann - ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí, ó gach contae sa Mhumhain, Ó Chonamara, Ó Thír Chonaill, Ó Phort Láirge agus ó Bhaile Átha Cliath.  Mar sin bhí cleachtadh ag gach ábhar múinteora ar gach canúint faoi leith - bhí sé nádurtha go leor nathanna mar "Conas ata tú?" "Conas taoi?" "Conas atánn tú?" "Cad é mar ata tú?" "Cén chaoi bhfuil tú?" a úsaid nuair a bhuailfeadh tú le duine ó na Gaeltachtaí éagsúla.

Ar lean

Saturday, August 28, 2010

Grá don Ghaeilge 3

Teach an tSolais, Árainn Mhór
Is maith is cuimhin liom an chéad uair a tháinig an teilifíseán - an gléas iontach úrnua sin a d'fhógair tús an chultúir nua-aimseartha in Éirinn - chun an bhaile bhig inar rugadh mé - sé sin, Ros Cré, Contae Thiobraid Árann sa bhliain 1962 nuair a bunaíodh Teilifís Éireann.  Ó thús tugadh áit speisialta don Ghaeilge - bíodh is go raibh sé sin beag go leor ó thaobh ama dhe - mar chuid thábhachtach d'ár n-oidhreacht agus d'ár gcultúr.  Sa bhliain 1965 chraol Teilifís Éireann sraith fhoghlamtha darbh ainm Labhair Gaeilge Linn ina raibh Eoin Ó Súilleabhain, aisteoir cáiliúil, mar láithreoir.  Buail ar an nasc seo leanas chun breathnú ar chartlann Amharclann na Mainistreach: Eoin Ó Súilleabháin .  Mac ab ea é den scríbhneoir cumasach cailiúil sin Muiris Ó Súilleabháin a bádh go tobann tragóideach i mBá na Gaillimhe sa bhliain 1950. Sa bhliain 1967 craoladh sraith fhíor-thábhachtach eile de chláracha dar teideal Buntús Cainte.  Cheannaigh ár máthair na leabhair a bhí ag gabháil leis an tsraith dúinn.  Tá na láimhleabhair sin fós ar mo sheilfeanna áit éigint.  Chun blas a fháil ar an sórt ruda a bhí i gceist sa chlár sin breathnaigh ar an nasc seo: Buntús Cainte .  

An fáth go luaim na sraitheanna seo ná gurbh amhlaidh gur fhéach gach uile chlann a bhí ar aithne agam ar na cláracha sin.  Fáth eile a luaim na cláracha seo ná go ndeachaigh leabhar a scríobh Muiris Ó Súilleabháin (1904-1950) go mór i gcionn orm sé sin Twenty Years a-Growing (1933) a léigh mé nuair nach raibh mé ach deich mbliana d'aois.  Caithfidh mé a rá gur léigh mé an leagan Béarla den leabhar ar dtús mar ní raibh mo chuid Ghaeilge chomh snasta líofa sin chun Gaeilge shaibhir órga Uí Shúilleabhain a láimhseáil, ach is cuimhin liom gur léas an leagan Gaeilge dhe nuair a bhí mé sé bhliana déag d'aois.  Bhí múinteoir iontach agam don Ghaeilge ar scoil ag an uair sin, an tUasal Pádraig Ó Súilleabháin a raibh Gaeilge nádúrtha ó dhúchas aige - Ciarraíoch ab ea é ó bhaile beag éigint i gCorca Dhuibhne.  Bhí a fhios agam ansin go raibh neart Gaeilge ar mo thoil agam chun dul i ngleic leis an mbunthéacs Gaeilge Fiche Bliain ag Fás don dara h-uair.   Blianta ina dhiaidh sin d'athléas an leabhar arís nuair a bhí an Ghaeilge á déanamh agam mar ábhar sa chéim  B.A. i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.

Saturday, August 07, 2010

Grá don Ghaeilge 1

Teach an tSolais, Arainn Mhór, Iúl, 2010
Nuair a bhí mé sé bhliana d'aois buaileadh tinn m'athair leis an ngalar polaimiailítis - chaill sé úsáid a láimhe deise, ach bhí an t-ádh dearg leis nár chaill sé ní ba mhó.  Ag an am sin chaill a lán daoine ar buaileadh tinn iad leis an ngalar uafásach sin úsáid a gcos agus fágadh a lán eile fiú ag maireachtaint ar scámhóg iarainn mar a tugadh ar an diabhal de mheaisín a rinne análú dóibh.  Ar aon nós bhí ar an gclann s'againne aistriú go Baile Átha Cliath ó bhaile beag Ros Cré i gContae Thiobraid Árann,agus ba sa chathair mhór a thosnaigh agus a d'fhás mó ghrá don Ghaeilge.

An bhliain chinniúnach míle naoi gcéad agus a seasca ceathair a bhí ann - deirim "cinniúnach" mar bíonn gach bliain cinniúnach, nach mbíonn?  Ar aon nós is cuimhin liom mo chéad lá ar scoil leis na mná rialta - ba cheart agus ba chóir dom bheith ag dul isteach sa chéad rang ag an am mar bhí mé in aois dó.  Chuir seanchailleadh de bhean rialta scrúdú léitheoireachta orm sa Bhéarla agus d'éirigh go geal liom leis sin.  Ansin chuir sí téacsleabhar Gaeilge ós mo chomhair amach agus d'iarr orm léamh.  Ambaist, ní raibh mé ábalta fiú is focal amháin a aithint agus d'fhanas im' thost neirbhíseach.  "Amadán," ar sise liom, bhain sí craith mhór asam agus is féidir liom fós fiú a mhéaracha tanaí géara a bhraitstint im' lámha.  "Caithfidh tú dara rang na naionán a dhéanamh arís, níl léamh agat!"  Agus sin mar a thit se amach go ndeara mé dara rang na naionán faoi dhó - an chéad uair i Ros Cré agus an dara h-uair i mBaile Átha Cliath."  Ag an uair sin ghlac na tuismitheoirí le moltaí na múinteoirí agus níor cheistigh siad aon rud.  Ar aon nós níor chuir an eachtra seo isteach nó amach ar mo thuistí féin.  Is cuimhin liom gur gháir m'athairse, agus dúirt go ndéanfadh an bhliain sa bhreis ar scoil maitheas mór dom.  Mar a thit cúrsaí amach bhí an ceart ag mo dhaid.

Nuair a chuaigh mé ar an mbunscoil bhí mé bliain amháin ní ba shine ná na buachaillí eile ach bhí mé i bhfad ní b'aibí agus bhain mé sult agus taithneamh as bheith ag déanamh m'obair scoile is bhaile i ndiaidh blianta ag gabháil do cúrsaí na naíonán.  Chuir na h-ábhair go léir iontas an domhain orm agus bhain mé taitneamh nach beag as iad a fhoghlaim.  Bhí mé i mo scoláire maith mar bhí mé ábalta gach rud nach mór a thuiscint.  Dúirt an chéad mhúinteoir a bhí agam, fear óg le folt maith mór gruaige rua air, nach cuimhin liom a ainm anois, go raibh bua na dteangacha agam, agus go raibh mé go maith ag an nGaeilge.

Ach an múinteoir ab fhearr a bhí agam riamh ná seanfhear d'arbh ainm an tUasal Ó Muirí, fear a bhí chomh maol le h-ubh.  Sár-mhúinteoir a bhí ann agus d'fhoghlain mé mórán i ngach ábhar go h-éasca uaidh, agus duine mór ceoil ab ea é agus chuireamar a lán amhrán, idir Bhéarla agus Ghaeilge go glanmheabhar ina rang.   Bhí O Muirí againn do rang a trí agus rang a ceathair agus b'uaidh a smaoinigh mé ar bheith i mo mhúinteoir don chéad uair i ndáiríre i mo shaol.  Le linn an dá bhliain sin thagadh Bráthair Críostaí d'arbh ainm Ó Cathasaigh isteach chun faobhar agus snas a chuir ar ár gcuid Ghaeilge.  Fear mór gramadaí ab ea é agus b'uaidh-sean a d'fhoghlaimigh mé na briathra go léir - gach aimsir, gach módh agus fiú An Módh Foshuiteach.  Ag an uair sin bhí béim an-mhór ar an ngramadach.  Bhí an t-ádh liom mar bhí an ceart ag an múinteoir rua go raibh bua na dteangacha agam.  Is cuimhin liom go bhfaigheadh cuid des na daltaí laga nó iadsan nár fhoghlaimigh a chuid cheachtanna buille den leathar, gléas uafásach smachtaithe a bhí ag na múinteoirí ag an am sin.

Uair nó dhó roimh dhul faoi na gréine: Árainn Mhór
Ansin cuireadh mé i rang a 5 A mar cheap an tUasal Ó Muirí go mba cheart dom roinnt ábhar sa bhreis a dhéanamh as Gaeilge.  Rinneamar Stair agus Tír Eolas ansin as Gaeilge.  Bhí múinteóir iontach againn sa rang sin - an tUasal Seán Ó Sé.  Fear mór Gaeilge ab ea eisean chomh maith.  Ní raibh pearsantacht ró-chairdiúil nó ró-thairraingteach aige ach bhí sé an-ordaithe go deo i leagan amach a ranganna agus i gcur chuige an teagaisc.  Bhíodh jab beag nó ról beag ag gach duiine dena scoláirí sa rang, duine chun giúirléidí na céimseatan a bhailíú ón gcófra agus iad a leagan faoi bhun an chláir dhuibh speisialta a bhí iage don chéimseata amhain.  Bhíodh ar dhalta eile seasamh suas as am faoi leith agus an focal "paidreacha" a ghlaoch amach agus ar chlos an gháir chatha san sheasadh na daltaí go léir suas chun paidreacha an lae a rá go béasadh solúnta.   Bhíodh ar dhaltaí eile garannaí beaga eile a dheamhach chomh maith - an chailc agus an glantóir a chur amach fé bhun an chláir dhuibh, na chláir éagsúla a ghlanadh, na cóipleabhair a bhailiú, agus fiú sean rothar Raleigh mór dubh a shiúil trasna an ranga chun an dorais le h-aghaidh chleachtadh coirp an tseanmhúinteora - théadh sé ag rothaíocht síos go dtí lár na cathrach gach lón nach mór. 

Bhí clár dubh speisialta eile aige don ailgéabar agus don uimhiríocht.  Ansin bhí clár beag tanaí ar leith aige d'fhoclóir na Gaeilge.  Chuireadh sé nathanna úsáideacha a bhí orainn a chur go glanmheabhar ar an gclár dubh speisialta sin.  Thugadh se "focla mairceálta" ar na nathanna cainte úsaideacha sin.  Mar a dúirt mé fear searbh ab ea é a dúradh go raibh crosta cantalach agus baisteadh an t-ainm "An Tarbh" air ó na seanlaethanta.  Bhí bata mór adhmaid aige ach ní chuimhin liom gur bhain se úsáid mhór as an mbata céanna ach dhá uair ar a mhéid nuair a thuill buachaillí dána an píonós sin.  Mar sin is féidir liom a rá go raibh glam Uí Shé i bhfad ní ba mheasa ná a ghreim.  Táimse fein ana-shásta go raibh múinteoirí den scoth sin againn -  sár-mhúinteoirí críochnúla maithe, a raibh meas acu ar a gceárd is ar a ndaltaí.  Muimhnigh nach mór a bhí sna múinteoirí a bhí againn ar scoil - mic fheirmeoirí beaga ó Chiarraí, ó Chorcaigh agus ón gClár.  D'fhoghlaimigh mé a lán uatha, go speisialta mo ghrá d'ár gcultúr agus dár dteanga ársa.

Ar lean

Sunday, September 27, 2009

Déjà vu




"Is amhlaidh go raibh mé díreach san áit cheannann chéanna seo uair dá raibh," arsa mise liom féin ar dul isteach dom tré gheata tosaigh Choláiste Phádraig an Luan seo caite. Go deimhin is maith is cuimhin liom dul faoi agallamh iontrála sa bhliain chinniúnach san, míle naoi gcéad is a seachtó sé - bliain m'ardteise. Ag an uair sin bhí ar an ábhar múinteora amhrán a chanadh mar ceapadh go mba chóir don teagascóir bheith in inmhe canadh. Bhí an t-ádh liom bheith in ann é a dhéanamh agus is cuimhin liom an t-amhrán clúiteach sin "Preab san Ól" a cheol. D' éirigh go geal liom san agallamh ach dhiúltaigh mé an an t-ionad sa choláiste sin mar theastaigh uaim bheith im' mheánmhúinteoir. Mar a dúirt mé cheana sna poist ar an mblag seo'gam bhí Micheál Ó Muircheartaigh (an tráchtaire clúiteach sin ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar Raidio 1 gan aon agó atá faoi chaibidil agam anseo, agus é beagnach in aois a cheithre scór anois - go maire tú an céad, a Mhíchíl uasail) ó Chiarraí agus Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh agam mar mhúinteoirí Gaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad Mhícheál díobh san á rá nár cheart d'éinne dul isteach sa bhunmhúinteoireacht gan bheith sásta a shaol oibre a chaitheamh le páistí beaga agus nár cheart d'éinne dul le méanmhúinteoireacht gan bheith in ann cur suas le déagóirí. Dob é sin an chomhairle ab fhearr a fuair mé riamh faoi chéird an oide. Fear fíorphraiticiúil é an Mícheal céanna. Bhí an scoth den Ghaeilge ag an mbeirt acusan. Iarbhunmhúinteoirí ab ea iad sula ndeachadar isteach sa dara leibhéal. Bhíodar bheirt anseo i gColáiste Phádraig sna caogaidí luatha.

Ar aon nós, séard a bhí ar siúl agam ná gur thosnaigh mé ar chúrsa eile iarchéime - Dioplóma Iarchéime sna Riachtanais Speisialta Oideachais. Bhraith mé gurbh amadán ceart mé bheith ag tosnú as an nua ar phleananna ranga, scéimeanna oibre, nótaí agus níos mó nótaí, gan trácht ar dhiabhal na téarmaíochta uafásaí atá ag baint leis an diabhal-rud céanna. Sea amadán ceart mé ach is fíor le rá gur tosú nua é i mbliain mo dhara bliain caogad dom. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh a lán deiseanna agam scríobh ar phár na blagchruionne anseo mar ceapaim go mbeidh me ró-ghnóthach. Ach bíodh sin nó na bíodh leanfaidh mé ar aghaidh ag léamh an méid sin a scríobhann mo chairde dile ina mblaganna éagsúla. Slán beo leis na seanlaethe! Ní thiocfaidh siad ar ais choíche. Is maith is cuimhin liom an t-ógánach neamhurchóideach soineanta a bhí ionam na blianta ó shin agus mé ag siúl liom trén ngeata sin. Chuir sé ionadh, gliondar agus fiú sceon ar mó chroí an Luan cinniúnach seo caite go raibh an t-ógánach sin caillte leis na blianta agus é claochlóite anois ina fhear meánaosta le taithí na mblianta ar a sheanghuailne.




Thuas chuireas grianghraf den fheá mhaith mhór álainn a leagadh le déanaí. Bhí an fheá roinnt mhéadair lastuigh den gheata tosaigh. Moladh an leagadh toisc go raibh an crann ró-shean agus ana-chontúirteach. Feictear an nasc seo a leanas: Feá na Feasa

Monday, July 20, 2009

Sos Beag




Níl a fhios agam cá dtéann an t-am in aon chor - sleamhnaíonn sé chomh gasta sin uainn. Ar aon nós caithfidh mé sos míosa nó níos mó a ghlacadh ón mblag seo. An fáth ná go bhfuilim ag dul síos go dtí an Iodáil Theas - Isca Marina - sráidbhaile beag ar chósta Mhuir Ionio. Anois, táimid chomh fada sin thíos ar mhéar na coise mar a déarfá nach bhfuil mórán fáil againn ar an idirlíon. Ar aon chaoi, níl an t-árasán ach tar éis a bheith tógtha.


Ansin, tá sé beartaithe agam briseadh a thógáil roimh fhilleadh ar obair - ag teagasc buachaillí a bhfuil Asperger's orthu. Is post é atá an-díocasach go deo, ach ar a shon san is obair an-sásúil í. Ós rud é go bhfuil cúpla galar nó tinneas orm - brú fola, airtríteas agus colaistéaról ard chomh maith leis an ghruaim, bíonn orm mám mór drugaí a thógáil in aghaidh an lae. Lena chois sin bíonn mo dhochtúir de shíor ag tathaint ort dhá chloch de mheáchan a bhaint díom, agus caithfidh mé éalú uaidh ar feadh míosa ar a laghad. Ar aon nós coinníonn na piollaí ag gluaiseacht mé ar scor ar bith. Anois, nílim ag gearáin in aon chor. Mar a deireadh mo dhaid, slán beo lena anam uasal, tá a lán sínte sa reilig a thabharfadh aon rud bheith beo ar an saol fós - fiú is dá mbéadh na tinnis éagsúla atá orainne orthu mar fhulaingt. Is amhliadh gurbh fhíor dhó.

Bhuel, ó bhí me an-óg bhí suim riamh agam i scríbhneoireacht - i mBéarla agus i nGaeilge, an dá ábhar arbh fhearr liom ar scoil. Nuair a bhíos sa mhéanscoil thosaigh mé ag scríobh d'irisleabhar na scoile, agus fós im' scoilse anois is mise eagarthóir an irisleabhair bhliantúla. Chomh maith leis sin tá grúpa beag scríbhneoireachta agam ar scoil agus é beartaithe agam blag a chur suas le nasc dár suíomh scoile. Ar aon nós sin an plean atá agam.

Bhuel, is oth liom a rá go gcaithfidh mé scarúint le pé duine atá amuigh ansin ag léamh na bhfocal seo. Gurab míle maith agaibh as bheith im' chomhluadar. Is mór agam é leis an fhírinne a rá. Mar a dúras roimhe seo caithfidh mé a lán nithe praicticiúla a dhéanamh, mar shampla, cistin a cheannach dár n-arasán nua san Iodáil, cúntais bhainc a oscailt, cúntais leictreachais, gáis agus uisce a oscailt agus a íoc astu, troscáin agus leabaí a ordú 7rl Anois níl ach an tríú chuid nó trian den chostas le h - íoc agam mar tá beirt deartháireacha agam agus roinnimid gach rud eadrainn. Is árasán teaghlaigh é i ndáiríre píre.

Anois caithfidh mé ullmhúcháin a dhéanamh don turas, siopadóireacht agus a leithéid, gan trácht ar an bpacáil uafásach nach maith liom ar chor ar bith.

Bhuel, fágaim agaibh mó bhuíochas, mo dea-ghuí agus mo bheannachtaí, chomh maith le mo chuid dhánta agus guím samhradh mór maith oraibh go léir. Slán tamall.

Tim.



Thuas, chuir mé pictiúr eile a ghlacas den nóinín mór, bláth simpli álainn siméadrach a thaitníonn go mór liom.

Friday, July 17, 2009

Seandánta 11




Tuigim go bhfuil an dán thíos go mór as séisiúr, ach táim ag cur na ndánta atá ar meamram agam ar mo p.c. in ord ama. Is amhlaidh mar sin nach bhfuil aon chomhfhreagras idir na dánta agus an t-am i láthair maidir le h-aimsir agus cúrsaí domhanda mar atáid ag titim amach go laethiúil. Ach bíodh sin uile amhlaidh, ceapaim go bhfuil uilíocht agus brí nach beag ag baint leo. Nílim ag déanamh aon ceartúcháin da laghad orthu. Seo mar atáid sa bhunleagan sa chomhad agam.

Titim an Fhómhair

Órga na duilleoga roimh mhallthitim an fhómhair
Agus an fhearthainn bhog ag fliuchadh mo chroí.
Tá an séisiúr ana fhionnuar don am seo den bhliain
Agus tá grá úrnua ag bogadh is ag leá m’anama.
Éistim le guth fíorbhinn corraitheach Luca Carboni
Agus glacaim misneach is dóchas arís sa saol,
Dóchas go bhfuil gach rud mar ba cheart is ba chóir dó,
Go dtagann is go n-imíonn gach neach san am cuí,
Go dtiteann na duilleoga buíthe,donna, órga,
Go siúltar tríotha le buillí éadroma an choisithe,
Go scríobhtar fútha i ndánta is i ngearrscéalta,
Go seasann siad do shíorghluaiseacht an tsaoil
Agus go mbailítear iad i málaí móra dubha,
Go bhfuil na páistí is na leannáin i ngrá leotha,
Go nglacann an garraíadóir leo go réidh
Agus go bhfuil gach rud in ord agus in eagar,
Go dtiteann siad fad is atá Dia ag siúl sa ghairdín.
Braithim cumhacht Genesis agus fionnuaire an lae
Fad is atáim ag ithe an úill ó lámha Éabha.
Ach is duine fásta mé agus glacaim le mo dhualgaisí,
Go bhfuilim ciontach mar chách,
Gur peacach mé is gur peacach mo stór,
Go bhfuil an bheirt againn i sáinn mhór –
Fadhb na míthuisceana agus easpa muiníne –
Na páistí gortaithe agus róghortaithe.
Ach glacaimid misneach i mallthitim na nduilleog
Agus téimid i muinín an mhachnaimh,
I muinín Gautama Siddharta ar thóir na gaoise
Ar thóir na céille is eagna na h-aoise.
Sa deireadh thiar titfidh gach rud amach
Ina shéisiúr, ina shéisiúr is ina shéisiúr féin.


Thuas chuireas pictiúr a thóg me de thitim na nduilleog le linn an fhómhair im' eastát tithíochta fhéinig. Thógas an grianghraf timpeall ceithre bhliana ó shin!

Thursday, July 16, 2009

Seandánta 10





Bainim an-sult go deo as an taisteal agus go h-áirithe bheith ag taisteal go dtí na Gaeltachtaí anseo in Éirinn nó chuig an Iodáil, an tír is fearr liom ar dhromhchla an domhain seo, gan Éire a bheith san aireamh ar ndóigh. Ins an dá áit sin bím in ann mo shuimeanna i gcultúir, i ndaoine éagsúla agus i dteangachaí a úsáid nó a chur i bhfeidhm. Fuaireas an seandán seo a leiríonn na suimeanna sin go deas i measc na meamram atá ar mo p.c. Ta súil agam go mbainfidh sibh sult as. Seo dhaoibh é. Agus...Slán tamall...


Teanga an Taistil

Is breá bheith suite ar thraein
Ag dul chuig Venezia Santa Lucia
Agus guthanna breátha binne na nIodálach óg
Ag moladh an tsaoil atá iontu le ceiliúradh.
Is breá bheith ag éisteacht
Le ceol gutaí oscailte agus dúnta na hIodáilise,
La bellissima lingua del mondo
Agus mé ag scríobh i nGaeilge bhreá bhinn na hÉireann
Lena gutaí gearra ’gus fada, caola ’gus leathana.
Molaim an óige iontu, ragazzi e ragazze,
Molaim an spiorad iontu,
Grá don saol iontu,
Grá don bheatha iontu,
Grá dona h-iontaisí iontu –
“C’e il mare, c’e il mare”
A deir leaid óg amhain arís is arís eile
Agus na cailíní óga ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha.
Cuimhním ar dhán de chuid Emily Dickinson,
Comrádaí croí agus spioraid dom:
“Exultation is the going of an inland soul to sea,”
Agus tá muidne uile ag dul chuig chathair ársa,
Venezia álainn na farraige is na gcanálach,
Venezia na ngondole ’gus na ngondolieri ,
Venezia, la bellissima cittá del mondo.
Ag binario a sé tá taoide na dturasóirí ag teacht i dtír
Agus léimeann una bella ragazza
Isteach i mbaclainn a ghrá ghil.
Táimid uile ar tháirseach na h-áilleachta is na fírinne
Agus táim féin ag tumadh ina ndoimhneacht.





Thuas d'uaslódálas pictiúr eile a ghlacas i Venezia timpeall cúig bhliana ó shin.

Wednesday, July 15, 2009

Seandánta 7




Bhuel is í an fhírinne lom í a rá nach bhfuil cinnteacht nó dearfacht ag baint le h-aon rud ar an saol seo. Sa Sean Tiomna nuair a chuaigh sólásaithe Iób, sé sin, Bildad, Zophar agus Eliphaz chuige tháinig siad leis na seanfhreagraí, an t-eagna nó an ghaois mar a chualadar é sa traidisiún. Bhíodar cinnte dearfa gurbh amhlaigh gur pheacaigh Iób agus gur pheacaigh sé go trom mar sciobadh gach uile ní faoin spéir ón bhfear bocht - a ghabháltas uile, a ainmhithe, na barraí go léir a bhí aige sna goirt, a shaibhreas agus fiú a chlann. Ní raibh rud ar bith faoin ngrian fágtha aige ach é ag fulaingt go pianmhar ar ualach brúscair. Thug siad na freagraí traidisiúnta dó i ndáiríre agus níor shólás nó faoiseamh iadsan dó. Bhí a fhios ag Iób nár pheacaigh sé in aghaidh Dé nó in aghaidh duine ar bith. Níor thuig sé cén fath gurbh éigean dó an méid sin péine a fhulaingt in aon chor - agus fulaingth neamhchionntach a bhí i gceist gan aon agó. Scrúdaigh mé go mion fadhb na fulaingte neamhchionntaí i mo bhlag as Béarla agus mar sin, más suim libh ceist an oilc téigí chuige sin agus cuir isteach na focail "olc" nó "fulaingt" - as Béarla ar ndóigh - agus gheobhaigh tú a lán postanna uaim ar an ábhar suimiúil sin.

Is fíor a rá mar sin go raibh neamhchinnteacht nó fiú amhras ar Iób bocht roimh chothrom nó cóir Dé. Dhealraigh sé go raibh Dia féin míchothrom agus éagóireacht ins an slí ar chaith sé le daoine. Bíodh is gur ghearáin sé go truamhéalach agus go searbh in ard a chinn is a ghutha le Dia níor chaill se riamh a chreideamh i nDia. Ag deireadh an scéil faigheann sé a ghabháltas uile ar ais agus caitheadh go maith leis as sin amach.

Tuigeann sibh anois, a leitheoirí, go bhfuilim ag caint faoi neamhchinnteacht nó éiginnteacht na beatha nó an tsaoil. Chumas dán ar an ábhar sin trí bliana ó shin. Sula gcuirfidh mé an dán fé bhun a bhfuil scríofa agam anseo, déanfaidh mé pointe suntasach amháin eile faoin éiginnteacht. Deir an fealsamh agus siceolaí, Eugene T. Gendlin, Ph. D., nach dtéann na cliaint a thagann chuige le fios nó le cinneacht réiteach a bhfadhbanna i bhfeabhas in aon chor. Iadsan atá neamhchinnte, caillte gan treo - iadsan a thagann biseach de shórt éigint orthu agus a éiríonn níos fearr.

Ar aon nós, seo dhaoibh an dán:

Neamhchinnteacht

Bliain nua, rang nua, aghaidheanna úra
agus muidne mar an gcéanna ach dulta in aois,
gan trácht ar an ghaois ba cheart a bheith ionainn
ach sin scéal eile agus muid mar mhangairí
ag díol eolais do dhaltaí nach bhfuil suim rómhór acu inár n-earraí caite – seanbhalcaisí an eolais.
Slán beo leis na seanlaethanta, leis an neamhshoifisticiúlacht,
leis an fhírinne shoiléir, leis na seanchinnteachtaí agus an dubh agus an bán
agus na seanmhúinteoirí ina bhfeisteas múinte – clócaí fada dubha.
B’shin uair eile, an aimsir atá caite, caite, caite gan filleadh go deo.
Buíochas le Dia, má tá sé nó sí ann, má tá fórsa taobh thiar den domhan,
a bhuí leis an bhfórsa sin, leis an stuif ónar eascair muid,
na blianta, blianta cairbreacha ó shin i gceo tiubh na staire is na réamhstaire.
Cé muid? Cá bhfuil muid ag dul? Cén fáth ann muid? Cad a chiallaíonn an bheatha, fiú an comhfhios?
Mórcheisteanna, mórcheisteanna i mullach a chéile agus muid fós ag múineadh
cinnteachtaí, cinnteachtaí, cinnteachtaí nach bhfuil muid ró-chinnte fúthu níos mó.
Ach sin ceist eile, ceist eile ar fad ar gá a chur fiú muna bhféadtar a fhreagairt.




Thuas chuireas suas grianghraf a ghlacas roinnt bhlianta ó shin i bPáirc Fhaiche Stíofáin. Nach deas an saol atá ag na lacha?

Seandánta 6


Seandán eile daoibh, a chairde. Ni dóigh liom go bhfuil sé iontuigthe ar an gcéad léamh, agus mar sin ba cheart, dar liom, cúpla focal a rá faoi. Éinne a léann mo bhlag as Béarla beidh a fhios aige nó aici go bhfuil an dúlagar nó an ghruaim orm. Rinneadh an diagnóis sin níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhuail sé mé go tobann nuair a shroich mé daichead bliain d'aois agus b'éigean dom tréimhse de sheacht seachtainí a chaitheamh in ospidéal síciatrach - ospidéal Naomh Pádraigh anseo i mBaile Atha Cliath - ceann des na h-ospidéil shíciatracha is fearr sa chuid seo den domhan. Ar aon nós, táim i mbarr mo shlainte ó shin i leith. Gan dabht ar domhan caithim piollaí frithdhúlagráin a thógáil - ceann amháin in aghaidh an lae. Níl aon dul as agam mar tá an galar atá orm cliniciúil. Ó na pointí sin tuigfidh siad an chuid is mó den dán thíos, mar shampla: línte 1-2, 7-10 agus 15-16. Ag an am sin chuaigh mé chomh fada sin thíos sa duibheagán nach raibh aon dul as agam ach iarracht a dhéanamh teacht suas arís. Bhuel - is amhlaidh go raibh slí éalaithe amháin eile agam - sé sin mo lámh a chur im' bhás féin, ach, buíochas le Dia, níor thógas an bealach sin. Rinne mé tréan-iarracht mo chosa a bhualadh de bhun an linn snámha agus mo chorp a thiomáint suas go dromchla an uisce chun aer úr na céille a shú isteach i mo scámhóga. Thuig mé ansin go raibh láidreacht, neart nó treise ionam nach raibh a fhios agam a bheith ionam roimhe sin. Míníonn sé sin línte 3 - 6.

Ní déarfaidh mé níos mó faoi anois, mar ceapaim go dtagann na píosaí beaga go léir le chéile uaidh sin amach. Ar scor ar bith, seo daoibh an dán, bíodh sé maith nó eile. Slán tamall.



Uaireanta briseann an ghrian.

Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil.
Uaireanta beirtear orm gan choinne,
Fágtar ag machnamh mé ar cé chomh láidir is atáim,
Is cé chomh cumhachtach ‘tá spiorad na saoirse ionam
Nuair a thagann an treise aniar aduaidh orm.
Smaoiním anois is arís ar an tromluí uafásach sin,
Oíche dhorcha na bhfuarallas roimh theacht an leighis
Is mé sínte frithlag i bpianta gan mhianta
Ach bheith slán sábhailte i mbroinn mo mháthar.
Thosaigh an láir ag éirí ionam roimh dhúiseacht na súl
Is chuimhnigh mé ar Nietzsche bocht i gCathair Geneva –
É cloíte briste brúite agus a lámha timpeall ar mhuinéal an chapaill bhoicht.
Thuig mé díreach ansin praghas na céile is na míchéile araon.
Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil
Mar a tharla nuair a léim comhleacaí dom’ ionsaí
Á rá nach raibh ionam ach duine leáite gan feidhm
Agus mallacht i mullach mallachta ag titim anuas orm
Is mé fágtha gan fhreagra, gan fhios, gan fhocal.
Ach le h-imeacht na laethanta d’éirigh Dáibhéad ionam
Is ghlac sé chuige a chrann tábhaill is mharaigh sé an fathach
A bhí dom chrá, dom chéasadh is dom chíapadh.
Theith gach sceoin is scéin, uamhan is uafás
Roimh Dhaithí beag a sheas an fód,
Roimh Dháibhéad mór an neamhchomhfheasa.



Thuas chuireas pictiúr eile a ghlacas le déanaí ar thrá Dhomhnach Bat - dul faoi na gréinne agus é frithchaite go tréan san uisce atá ina luí ar an tráigh.

Tuesday, July 07, 2009

Dán Gaeilge Eile ón Iodáil




Níl's 'am i ndáiríre píre cén fáth go dtagann focail Ghaeilge chugam faoi spéartha geala gorma na hIodáile Theas. Caithfidh me a admháil go dtaithníonn an stíl mhaireachtála anseo i gCalabria go mór liom - saol saor ó bhrú is ó strus agus ó fhothram na cathrach móire. Is mór is maith liom an Iodáilis agus bainim an-sult go deo as í a labhairt. Ta mó líofacht san Iodáilis ag dul go mór i bhfeabhas - táim in ann fiú jócanna a thuiscint anois inti.

Ach nuair a bhím ag labhairt na hIodáilise tuigim nach Iodálach mé ach Gael a bhfuil suim aige i dteangachaí. Bhuel, a chairde, seo dán garbh go leor atáim díreach tar éis a scríobh as Gaeilge. Seo dhaoibh é - bíodh is go bhfuil sé thar is a bheith garbh agus tuatach.


Oíche Chorraitheach

Chaitheas oíche chorraitheach
in aerphort London Stansted -
gach éinne im' thimpeall
ag iarraidh codlata -
turasóir anseo ar an talamh -
duine eile sínte ar shuíochán,
srannadh ón mbuachaill taobh thiar -
is gáirí na n-oibrithe -
cailíní óga tagtha ar dualgas go luath -
duine ag casachtaigh,
beirt seanfhear ag roinnt gaoise
nó b'fhéidir fiú ag cúlchaint -
ní fios.
Cailín Oir-Eorpach ag éisteacht le ipod
is lánúin leathshean ag titim i ngrá arís.
Paisinéir amháin nó eile
ag amharc ar an scáileán -
eitiltí chuig gach cearn den Eoraip.
Ní fios cá bhfuilid ag dul,
ní fios cad chuige a bhfuilid ag druidim
ná cad uaidh a bhfuiulid ag éalú.
Ní fios cén brón atá ina luí orthu
ná cén fuascailt chroí
atá i ndán dóibh.




Thuas táim tar éis pictiúr breá a ghlacas de scairdeán álainn uisce díreach i lár Nicastro, ceann de na trí chathair a dhéanann suas Lamezia Terme. Thógas an pictiúr in Iúl 2007. Tá an áit seo gar go leor dár dteach nua san Iodáil!

Sunday, July 05, 2009

Dán scríofa san Iodáil




Táim ag scríobh an phoist seo ón Iodáil a chairde díle. Inniu bhí an aimsir thar a bheith iontach - bhí an ghrian ag spalpadh anuas ó na spéartha geala gorma. Bhí an teocht sna lártriochadaí - 35 céim Centigrade le bheith ceart. Thugamar cuairt ar ár dteach nua inniu agus tá sé beagnach réidh le h-aghaidh cónaithe. Beimid af fáil na n-eochracha Dé Céadaoin seo chugainn le cúnamh Dé. Táim in ann dul ar líne anseo mar táimid in óstán breá d'arb ainm Parco dei Principi i Rocella Jonica gar do láthair ár dtí nua. An chéad dán eile a chuirfidh mé anseo ná ceann a scríbh mé i leabhar beag nótaí in aerphort London Stansted. Seo dhaoibh é a chairde. Ceapaim go bhfuil sé iontuigthe agus nach gá aon mhíniú a thabhairt. Bainigí sult as. Slán tamall.




Dán Nua D’Áine



Uaireanta ní aithním an t-é a amharcann
Ar ais orm ón scathán
An t-é sin imithe i léithe,
An t-é sin imithe i raimhre,
Ach athnaím m’intinn
Mo bhraithstintí, mo chuimhní.



Uaireanta, i ngan fhios dom,
Ar bhealach neamhghnách,
Ar bhealach ait, an ait -
I ndáirire píre ró-ait -
Tagann iomhánna soiléire díot
Isteach im’ aigne.



Ní fios dom cár éalaigh na blianta -
Is an t-am atá caite
Mar thír eachtrannach dom anois.
Níor thuig mé ansin thú
Is tú caillte gan treo
Is d’aigne scoilte.



Bhí tú id’chailín neamhurchóideach,
Soineanta, soineanta, soineanta,
Brúite ag an domhan
Is ag gach duine -
Eaglach, neirbhíseach roimh chách -
Stróinséar nó cara fiú.



Uaireanta ní aithním an t-é a amharcann
Ar ais orm ón scathán
An t-é sin imithe i léithe,
An t-é sin imithe i raimhre
Ach athnaím m’intinn
Is an cailín lena raibh mé tráth.





Thuas chuir mé grianghraf a ghlacas i bPluais an Dúin Mhóir i gCo Chill Chainnigh - Dunmore Cave i mBéarla. Chuaigh mé ann le hÁine ar turas uair amháin sa bhliain 2003. Aolchuisne atá leirithe sa ghrianghraf ar ndóigh.

Wednesday, July 01, 2009

Smaointe Samhraidh 1




Bhuel a chairde dile, conas tá agaibh laethanta seo an tsamhraidh? Ta súil agam go bhfuil sibh go léir ag coinneáil go rí-mhaith. Is fada an lá ó scríobh mé aon rud sa bhlag seo agus braithim uaim an Ghaolainn bhreá bhinn. Is eagal liom nach bhfaighim a lán ama chun mo chuid Ghaeilge a chleachtadh anois ó d'éiríos as bheith ag teagasc na teanga áille sin. I ndáiríre píre chaitheas beagnach 30 bliain sa ghnáthrang ag múineadh idir Ghaeilge, Reiligiún agus Scileanna Beatha, agus le blianta beaga anuas bhíos im' chomhordaitheoir ar an Idirbhliain. Anois táim tar éis bliain iontach a chaitheamh im' mhúinteoir acfainne ("acmhainne" a scríobhtar na laethanta seo gan aon agó! Ach bíodh na nithe beaga sin mar atáid - nithe beaga, nithe beaga, nithe beaga.)

Chomh maith leis sin, táthar tar éis glacadh lem' iarratas chun cúrsa oifigiúil a dhéanamh sa SEN - sé sin Special Educational Needs - is amhlaidh gur féidir Riachtanais Speisialta Oideachais a thabhairt ar an téarma úd. Séard a bhéas i gceist ins an gcúrsa sin ná dhá thréimhse de mhí - ceann amháin acusan roimh Nollaig agus an tarna ceann go luath san athbhliain - a chaitheamh i gColaiste Oiliúna Naomh Pádraig anseo i nDroim Conrach, Baile Atha Cliath. Mar sin beidh tréimhse dhá mhí ina iomláine saor ó scoil agam ach beidh mé sáite go domhain sa staidéar gan aon agó ó cheann ceann na seachtaine. Deir an réamheolas a fuair mé ó Choláiste Phádraig go leanfaidh na léachtanna agus na ranganna óna 9 go dtí a 4 a chlog san iarnóin gach lá agus creidim é. Tá a lán le foghlaim agam i ndairíre: Siceolaíocht an Uathachais (psychology of autism) - tá Aonad Uathachais againn ar scoil ina bhfuil trí chloigeann déag de scolairí - Disléicse, Neamhord Easnamh Airde (ADD), Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADHD), Tástáil shíciméadrachta (Psychometric Testing) agus a lán ábhair phraiticiúla eile chomh maith. Taobh amuigh de sin beidh orainn cúrsaí deireadh seachtaine a dhéanamh, chomh maith le roinnt éigint staidéar ar líne a bheidh dualgaiseach nó éigeantach.

Bhuel, sin agaibh an nuacht uaim ar aon nós. Scéala eile ná go mbeidh mé ag dul síos go dtí an Iodáil Theas chun mí nó mar sin a chaitheamh in áit bheag álainn, Isca Marina i gCalabria, mar a bhfuil teach bídeach ceannaithe agam agus ag mo dheartháireacha. Ta súil agam post nó dhó eile a chur anseo sula rachaidh mé Dé Aoine seo chugainn.

Idir an dá linn,

Tógaigí go bog é agus beirigí bua is beannacht!


Thuas d'uaslódail mé pictiúr díom fhéinig agus roinnt de na buachaillí ón tAonad Uathachais ag Burgerking le deanaí!

Saturday, April 18, 2009

Dán Nua Óm Pheann




An Blascaod Mór 1

Ní i naomhóg éadrom gleoite
A chuamair isteach
Ach i mbád mór nua-aoiseach
Is sinne slán sábháilte ann –
Timpeall fiche dínn nó mar san
Lá samhraidh amháin –
Criosanna sábháilteachta in gach áit
Murab ionann agus sibhse,
A thaibhsí mo shamhlaíochta,
A chairde uaigneacha mó chroíse,
Muintir na sean-charraige,
Seanfhundúirí an tseanchultúir –
I bhfad níos sábhailte,
I bhfad níos compórdaí
Ná sibhse sna sean soithigh ghleoite,
Ag gluaiseacht mar spioraid
Ó Thír na nÓg
Ar dhomchla na farraige.

Bhíomair inár stróinséirí
Ag leagadh cos don chéad uair
Ar thalamh iontach draíochta
Ar aon chéim nach mór
Leis an ngealach –
Seanfhothraigh in gach áit –
Clocha, clocha, clocha
Caonach, caonach, caonach
Agus an ghaoth agus an fharraige
Agus an dreapadóireacht suas
Suas suas ón gcé
In aghaidh an chnoic.


Thuas d'uaslódáileas pictiúr a ghlacas de chreatlach de shean-naomhóig in Ionad an Bhlascaoid roinnt bhlianta ó shin.

Thursday, January 29, 2009

Gaois ón mBlascaod Mór




Smaointe ón mBlascaod Mór le linn an Mheathlaithe is déanaí

Anois agus sinn sáite i meathlú ollmhór daomhanda tá sé éasca, ró-éasca leis an fhírinne a rá – titim in umar domhain an éadóchais. Is deacair fiú éisteacht le Morning Ireland ar RTE 1 na laethanta seo mar ní fhaighimid aon nuacht seachas liosta fada de chomhlachtaí atá ar tí fostaithe a ligean chun bóthair toisc nach bhfuil siad in ann feidhmiú ar bhonn brabúsach anseo in Éirinn. Comhlachtaí móra idirnáisiúnta mar Dell agus a leitheidí atá faoi chaibidil agam anseo gan aon agó, comhlacht a bhfuil beartaithe acu aistriú go dtí an Phólainn mar a bhfuil na costaisí i bhfad níos lú – go h-áirithe rataí pá na n-oibrithe. Ach sin mar a bhí agus mar a bhíonn an scéal i gcónaí leis na h-ilnáisiúntaigh.

Níl an t-ádh linn in aon chor mar táimid i sáinn uafásach toisc a bheith buailte faoi dhó ag dhá mheathlú – ár meathlú naisiúnta bunaithe ar mhiotas an Tíogair Cheiltigh atá básaithe agus adhlactha um an dtaca seo agus an meathlú domhanda atá ag scuabadh gach rud chun donais ós a chomhair amach. Ag filleadh dom ar na línte tosaigh i mo chéad alt thuas is ró-fhurasta titim in umar dubh an éadóchais. Glactar leis in áiteanna fiú nach meathlú atá againn in aon chor ach spealadh domhanda ar nós an Spealta Mhóir a bhí againn sa bhliain 1929. Ach bíodh sin mar atá, táimidne ar chéim eacnamaíochta i bhfad níos airde ná muintir an domhain sa bhliain chinniúnach sin 1929.

Agus an dá alt san scríofa agam ceapaim go bhféadtar smaoineamh ar mhuintir na hÉireann sna seanlaethanta a chuaigh romhainn agus an t-anró agus an cruatan a d’fhulaing siad. Smaoiním ina theannta sin ar sean-nath a bhí ag m’athairse (i mBéarla mar ní raibh aon Ghaeilge ag mo dhaid) a deir: “Níor bhásaíomar aon gheimhridh fós.” Sé sin le rá gur éirigh lenár sinsir teacht slán ar gach mórphráinn inar thiteadar. Má éirigh leo éireoidh go geal linne chomh maith.

Smaoiním ar na leabhair go léir ón mBlascaod Mór: An tOileánach (Tomás Ó Criomthain), Allagar na hInse (Tomás Ó Criomhthain), Peig (Peig Sayers), Fiche Bliain ag Fás (Muiris Ó Súilleabháin). Is dírbheathaisnéisí iad seo go léir a léiríonn saol crua deacair – iad ag stracadh leis an saol i gcónaí, ag iarraidh mar a dúirt file iomráiteach sin na fichiú h-aoise, Mairtín Ó Díreáin, “ceart a bhaint as neart na ndúl.” Nárbh fhíor don Díreánach? – dob é an scéal céanna é in Oileáin na hÁrann na mílte slí ó thuaidh. Coimhlint le fórsaí an nádúir a bhí i gceist sa dá h-áit. Ach i ndáiríre píre bhí an Blascaod Mór i bhfad ní ba sceirdiúla agus i bhfad ní ba chlochaí – leis an fhírinne a rá cloch ollmhór a bhí mífhlaithiúil ó thaobh thorthúlacht na talún de. Talamh seasc a bhí san oileán go mórmhór agus maireachtail ar an gcaolchuid a bhí i saol laethúil na n-oileánach. Ní nach ionadh gur tréigeadh an Blascaod Mór sa bhliain chinniúnach 1953.

Ach nuair a smaoiním ar an saibhreas Gaeilge a bhí ins na dírbheathaisneisí thuas; ar an bpobal iontach traidisiúnta sin (Gemeinschaft) a mhair ar scáth a chéile, ar na seanscéalta traidisiúnta a mhair ina measc beagnach i line neamhbhriste fiú ó ré na Fiannaiochta, agus ar an eagna agus an ghaois a d’fhoghlaimigh an mhuintir fháilteach flaithiúil sin, glacaim misneach agus bród as na seanfhundúirí go léir. Agus nuair a smaaoiním orthu, ar a shaol crua crógach, ar an bhfealsúnacht shimplí a bhí acu maidir le maireachtaint ar an saol seo tagann náire nach beag orm go mbíonn an méid sin dínn de shíor ag argóint is ag síorghearán faoi chomh h-olc is chomh h-ainnis is chomh suarach is atá ár saol le linn laethanta an mheathlaithe is déanaí. Ba cheart go mbéimis náirithe ag ár ngearain leithleasacha.



Thuas d'uaslódálas grianghraf a thógas de dhriosúr traidisiúnta, a leithéid a bhiodh ar an oileán sna seanlaethanta. Thugas cuairt ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir sa bhliain 2005 agus ghlacas an pictiúr ag an uair sin.

Monday, January 26, 2009

Na Blascaodaí 3




Dán ón mBlascaod Mór

Is deacair an rud é grá do dhuine nó grá d’áit éigint a shéanadh. Téann an grá go domhain faoin gcraiceann agus isteach ins na cnámha fiú – téann sé isteach go dtí an smior! Ón uair a léigh mé Fiche Bliain ag Fás agus mé im’ dhéagóir – timpeall a sé déag is dócha – thiteas i ngrá leis an mBlascaod Mór agus le h-ionraiceas agus misneach na seanfhundúirí sin a chaith a saol ar an gCloch mhór uaigneach sin. Daoine ar leith ab ea iad agus gan dabht ar domhan bhí an ceart ag Tomás Ó Criomhthain, an chéad mhórscribhneoir a tháinig ar an saol ina measc, “ní bheidh a leithéidí arist ann.”

Caithfidh mé a admháil gur léas leabhar Uí Shúilleabháin (Fiche Bliain ag Fás) as Béarla ar dtús toisc nár cheap mé go raibh neart Gaeilge agam ar dtús. Ach ós rud é gur thiteas bun ós cionn i ngrá leis an leabhar iontach seo chuaigh mé ar ais díreach go dtí an leabharlann agus fuaireas an bonnleagan Gaeilge agus d’éirigh go geal liom an téacs a léamh agus a thuiscint.

Tiocfaidh me ar ais chuig litríocht iontach an oileáin seo a luaithe agus is féidir liom sna postanna beaga seo, ach anois ba mhaith liom ceann des na dánta is ansa liom ón mBlascaod Mór a chur i gcló anseo. An file atá i gceist ná Micheál Ó Guithín (1904- 1974), duine de chlann Pheig.


Ciúnas i gCom Oíche

Ciúnas i gcom oíche
Is gleithreán gaoithe i measc na gcraobh
Uaigneas is diamhaireacht is coífeacht –
Sin iad mo mhaonsa ar feadh mo shaoil.

Síoraíocht an oíche dhomsa
Ag gluaiseacht go righin réidh –
Ugh! nach ioma cuma go dtagann tuirse
Ar ansacht an duine a bhíonn leis féin.

Síos, suas, is ea saol duine
Seal le só, is seal le péin –
Ag titim buille ar bhuille,
Is ag dul ar fainne céim ar chéim.

Ní dhomsa is dual an saol seo d’fhuirseadh
Ná ní dhom is dual é a chur i gcéill –
Níl mo bhuannaíocht ann buan, ná ciste,
Is rud do fuaireadh ar iasacht é.

Molaim an t-uaigneas, cé gur chruaidh a bhuille,
Is trína bhua go bhfachtar séan
Sa chroí duairc a bhíonn dá chlipeadh
Má chuireann suas leis dá ainneonin féin.

Do chonacsa saol a bhí lán de dhuairceas
Cé gur dealbh, monuar, inniu dá éis;
Gach cara caoin do dhéanfadh trua dhom
Do tógadh uaim iad géag ar ghéig.

Do deighleadh mise amach ón gcuallacht
Uch! is trua mar dearnaíodh é;
Do bronnadh orm an son an duaircis
An tseoid is uaisle dá bhfuil fén ngréin.


Gluais:

2. gleithreán gaoithe = luas torannach na gaoithe.
3. coífeach = coimhthíos nó cúthaile.
7. nach ioma = nach iomaí.
10. seal le só = tamall go compórdach.
12. ag dul ar fainne = ag dul i laige, ag éirí fann nó lag.
15. Níl mo bhuannaíocht ann = níl seilbh bhuan nó cónaí buan agam ann.
19. dá chlipeadh = á ghoin, á thuirsiú.
25. do deilgeadh = scaradh; ón gcuallacht = ón gcuideachta.
26. dearnaíodh = rinneadh, deineadh.
28. an tseoid is uaisle = faith na filíochta is dócha.

Is iontach simplí an dán seo dar liom. Is dán é atá lán de bhrón an tsaoil, den fhulaingt agus den uaigneas. Ar an leibhéal sin cuirim é ar chomhchéim leis an leabhar sin ón mBíobla – an Seantiomna – Leabhar Iób toisc go bhfuil leibhéal domhain an eiseachais ann, nó b’fhéidir chun focal ón bhfealsúnacht a úsáid – go bhfuil angst na beatha le brath go soiléir ann, tríd síos an dán go léir agus go h-áirithe sna trí cheathrú dheireanacha mar a dtugann an file cuntas dúinn ar anró agus ar chruatas a shaoil fhéinig.

Ach cé go bhfuil angst an tsaoil le mothú sa dán seo tá neart agus crógacht agus misneach le brath ann chomh maith. Admhaíonn an file go bhfuil fulaingt ar an saol seo ach go bhfaightear buanna eile dá hainneoin, sé sin, bua na filíochta, féith an chruthaithe agus cumhacht na bhfocal. I ndáirire píre is í an teachtaireacht chéanna atá i leabhar Pheig, dírbheathaisnéis a mhátharsa.


Thuas d'uaslódálas pictiúr a thaispeánann radharc iontach den oileán taobh thiar d'Ionad an Bhlascaod, Dún Chaoin, Co. Chiarrai.


Ar lean

Wednesday, January 21, 2009

Na Blascaodaí




An Blascaod Mór 1

Bliain chasadh na mílaoise a bhí ann, ceapaim, nuair a chuas fhéin agus mo dheartháir siar ó dheas go dtí Contae Chiarraí agus siar cuid eile den bhóthar chuig Ghaeltacht Chorca Dhuibhe. Bhí mé riamh faoi dhraíocht na Gaolainne agus go h-áirithe Gaeilge Chiarraí. Cén fáth sin a deir tú? Bhuel, tháinig formhór na múinteoirí a bhí againn ar scoil ón gcontae sin. Smaoiním ar a leitheidí de shármhúinteoirí mar Pádraig Uasal Ó Súilleabháin (a bhásaigh roimh dhul ar pinsean dó) agus Mícheál Ó Muircheartaigh (atá fós i dtogha na sláinte agus fós ina thráchtaire ar RTE. Go maire tú an céad, a Mhíchíl!), Ciarraígh an bheirt acu a bhí ag múineadh i Scoil Uí Chonaill mar ar fhreastail mé ins na seachtóidí den chéad seo caite. Ba sinne an dream deireanach a rinne an Mhéanteistiméireacht tré mheán na Gaeilge. Is cuimhin liom go raibh mo dheartháir Pádraig ins an bhliain go díreach im’ dhiaidh. Bhí na múinteoirí ceanainne céanna aigesean ach amháin gur mhúineadar é tré mheán an Bhéarla.

Tháinig na bunmhúinteoirí go léir a bhí agam ón Mhumhain – a leitheidí mar An tUasal Ó Muirí a bhí ar tí dul amach ar pinsean, Seán Ó Sé agus na Bráithre Críostaí go léir. Tharla sé mar sin gurbh í Gaolainn na Mumhan agus go h-airithe Gaeilge Chorca Dhuibhne a d’ól mé isteach go nadúrtha. Ní nach ionadh nuair a bhí an dara leibhéal oideachais críochnaithe agam go ndeachaigh me le múinteoireacht agus go bhfuaireas cáilíocht sa Ghaeilge.

Ar aon nós ar ais anois chuig m’alt oscailte. Samhradh na bliana 2000 chuas fhéin agus mo dhearthair Gearóid siar ó dheas go Corca Dhuibhne. An rud ba shuntasaí amach is amach faoin turas iontach seo ná gur éirigh linn faoi dheireadh agus faoi dheoigh dul isteach ar an mBlascaod Mór – áit fíorálainn, chlochach, sceirdiúil agus áit iargiúlta ar láimh amháin de ach áit dhraíochta, fhileata, spioradálta agus mhisteach ar an láimh eile. B’ón oileán sin a tháinig mórshaothair dhírbheathaisnéise na Gaeilge le linn na hathbheochana sna blianta tosaigh den aois seo chaite.

Is scata oileáin iad na Blascaodaí píosa beag amach ó leithinis an Daingin, Contae Chiarraí. Is í An Blascaod Mór, ar a nglaotar freisin an t-Oileán Thiar, an t-oileán is mó díobh. Tá sé breis is trí mhíle ar fhad agus tá mile agus céad acra nó mar sin ann. Is turas trí mhíle farraige é ón chuan ag Dún Caoin ar an mórthír go dtí caladh an oileáin.

Ní raibh riamh níos mó ná dhá chéad duine nó mar sin ina gcónaí ar an mBlascaod Mór agus mhair siad ar ghabháltais de thrí nó ceithre acra ag cur lena slí beatha ón talamh le hiascaireacht agus sealgaireacht éanlaithe fiáine. Tá cur síos beacht ar shaol na n-oileánach déanta ag Tomás Ó Criomhthain ins an leabhar iontach sin a léamar ar an ollscoil, sé sin An tOileánach. Ní thuigim in aon chor cén fath nach raibh an leabhar iontach taitneamhach san ar an gcúrsa sa mheánscoil seachas an leabhar fíorleadránach úd Peig a mharaigh suim sa Ghaeilge in a lán daltaí trasna na mblianta.

D’admhaigh an Criomthánach fhéinig nuair a chuiridís chun fharraige sna naomhóga go mba “lánmhinic an fharraige ag gabháil lastuas dínn gan radharc againn ar thír ná ar thalamh — oíche mhór fhada fhuar mar seo ag comhrac na mara agus go lánmhinic ar bheagán fáltais ach ó uair go huair ag tnúth le cabhair Dé.”

Ba fhíorphobal iad muintir na mBlascaodaí i gcónaí, d'ainneoin an bhochtanais a d'fhulaing siad le linn a saoil. Tá an bochtanas san le feiscint go soiléir i ngach leabhar a tháinig faoi bhlath ón oileán clochach sceirdiúil sin.

Ach taobh amuigh den chruatan, nó b’fhéidir de bharr an chruatain chéanna cá bhfios, d’fhás saibhreas iontach Gaeilge agus saibhreas iontach scribhneoireachta. Bhain saibhreas traidisiúin agus béalaoidis le pobal an oileáin seo. Bhí a saol agus a slite maireachtála, bunaithe ar an talamh agus ar an bhfarraige, mar cheangal leis an sean saol a bhfuil suim agus tábhacht thar na bearta ag gabháil leis. Ar ámharaí an tsaoil, tá eolas faoin slí mhaireachtála sin caomhnaithe dúinn ag mórchuid scoláirí agus lucht litríochta, fir cosúil le John Millington Synge, Karl Marstrander, scoláire ón Ioruaidh a bhaist muintir an oileáin “An Lochlannach” air, agus Robin Flower, a thug siad Bláithín air go ceanúil. Chuaigh siad go dtí na hoileáin nuair a bhí athbheochan mhór suime sa Ghaeilge agus i rudaí Gaelacha sa dara leath den naoú haois déag. An rud is tábhachtaí, áfach, nó go ndearnadh saol an oileáin a chaomhnú dúinn i scríbhinní sainiúla na n-oileánach féin. Is fear an-tábhachtach duine de na scoláirí a tháinig ar chuairt viz., Brian Ó Ceallaigh, mar is eisean a spreag an chéad scríbhneoir de chuid an Bhlascaoid, agus an duine is tábhachtaí díobh, Tomás Ó Criomhthain, chun a dhírbheathaisnéis, a scéalta agus a smaointí a chur ar phár nó ar pháipéar. Thug scoláire eile, George Thomson, treoir do Mhuiris Ó Súilleabháin i ndáil le “Fiche Bliain ag Fás” a scríobh.

Níl aon áit chomparáideach ar éadan na cruinne, le líon chomh beag sin daoine ina gcónaí ann, ina raibh bláthú chomh hiontach sin ar fhéith na litríochta. Scríobh Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers agus Muiris Ó Súilleabháin leabhair atá tábhachtach ní h-amháin mar mhórshaothair litríochta ach freisin mar thuairiscí ar shaol speisialta an oileáin. Cáipéisí fíoriontacha iad ina bhfaightear an-leiriú ar nósanna agus ar ghnásanna sóisialta pobail bhig a bhí scartha amach ón mórthír.

Do chabhraigh saothar na scríbhneoirí sin go mór chun ceangal a choimeád idir scríbhneoireacht an lae inniu i nGaeilge agus na modhanna cainte a bhí nádúrtha dár sinsir; agus is féidir a mhaíomh freisin gur choimeád an saothar sin ceangal idir scríbhneoireacht an lae inniu i mBéarla agus na modhanna sin. Bhí baint mhór, mar sin, ag a saothar le caomhnú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar theanga traidisiúnta agus len í a choimeád i lár an tsrutha, fiú dár scríbhneoireacht i mBéarla.

Tugadh saothar Hóiméarach ar leabhar Uí Chriomhthain agus cinnte is saothar den chineál sin é mar, cosúil le Hóiméar, aimsíonn sé a chuid filíochta i ngnáth-imeachtaí an tsaoil — saol a caitheadh leis an bhfarraige agus leis na dúile ach go minic i mbaol uatha.


Ar lean.



Thuas chuireas pictiúr a ghlac me de shamail den "bhaile" ar an Mblascaod Mór - samhail atá ar taispeaint in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Contae Chiarri.

Saturday, June 21, 2008

Ardú Meanman




Ceithre Dhán

Uaireanta mar seo, téim i muinín mo theanga dhúchais chun ardú meanman a thabhairt dom féin; chun mé féin a dhúiseacht ón ísle brí is ón nduibheagán is ón ndorchadas a thithfeadh murab í agus a cúnamh draíochta misteach. Tagann focail chugham ceapaim ón neamhchomhfhios, áiteanna rúnda éigin mar a bhfuil na scáthanna ag lámhacháin i gcúinní dorcha iargúlta. Nuair a thagann na focail amach ó na cúinní damanta dearmata céanna taithníonn solas an fheasa agus an chomhfheasa orthu agus léimeann siad chun beochta i gcruth na gnáth-abairte ar dhromchla mo theangasa. Uaidh sin ardaítear m’anam is mo chroí – glacaim dóchas agus muinín nua as an saol místéireach ina gcaitear sinn go neamhthrócaireach mar a deir na fealsaimh chomhaoiseacha. Sin a tharlaíonn i mo chása ar aon nós.

Ba mhaith liom, mar sin, sraith eile de dhánta a chur ós bhur gcomhair amach arís an babhta seo. Anseo thíos gheobhfá ceithre cinn de dhánta a scríobh mé faoin tréimhse a chaitheas sa mhéanscoil. Seo dhaoibh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu. Beannacht libh a dhánta!


Méanscoil 1

Halla mór scrúdaithe
I lár an bhaile mhóir –
Cúpla céad macléinn
Scáfar roimh aineolas,
Buachaillí beaga bailithe
I gcomhair roghnaithe.
Bráthair uasal ag glaoch rolla
I nguth galánta –
Bhíomar i meánscoil ar dóigh –
“Ó Murchú, Maitiú,”
“Ó hÁinle, Eoghan,”
Agus “anseo” á fhreagairt
Ar fud na h-áite.

An príomhoide ag an ngeata
Dár ngríosadh ár ndícheall a dhéanamh.
“Beidh an lámh in uachtar agat air inniu!”
Ar seisean le buachaill beag tanaí
A raibh cuma intleachtúil air.
Ní raibh múinteoir tuata le feiceáil
Mar bhí na bráithre fós chun tosaigh
Ach i ndeireadh réime.

Ocáid mhór sholúnta ab ea é,
Cead isteach don mheánscoil
Ba mhó clú ar fud na cathrach,
Éalú ó na sráideanna beaga cúnga
Is ó na postanna gan todhchaí.

Lá breá i dtús Bealtaine,
Gach rud ina áit chuí,
Boladh úr an pháipéir scríofa,
Iontas mór an pháipéir scrúdaithe,
M’uncail sa bhaile ar saoire
Ó na Stáit Aontaithe –

An Domhan Mór faoi chaibidil aige
Is mise i mo thír bheag féinig.



Méanscoil 2


Arbh iad na réalta
Nó an chinniúint
Nó fiú an t-ádh
Nó an mí-ádh féin
A thug le chéile muid –
Breis is céad againn,
Chéadbhlianaigh,
Scáfar roimh
Todhchaí éiginnte?

Conas nach mbraithfeá
Caillte i measc an tslua mhóir sin?
Conas nach mbeifeá níos mó
Ná uimhir ar mheamram
Nó scríbhinn i leabhar rolla?
Fiú an dtabharfaidís faoi deara
Dá mbeifeá as láthair?

Ach lá liath cinniúnach amháin
Stopadh saol na scoile,
Saol mór neamhphearsanta na scoile
Le drochscéala –
Lá liath an fhómhair,
Cosúil le laethanta liatha eile an fhómhair,
Leagadh buachaill beag againn
Ar a shlí ar scoil,
Duine beag dár míle saighdiúir,
Buachaill nár chuimhin linn a ainm
Trasna na mblianta,
Chéadbhlianach nár tháinig chun críche
É buailte ar lár
I lár an fhómhair –
Lá liath an fhómhair –

Tá a ainm greanta ar leach áit éigin
Nó i gcroíthe anaithide,
I bhfad bhfad i gcéin
San imigéin.


Meánscoil 3

Dob é an t-eolas an chumhacht
Agus an fhoghlaim an eochair,
An eochair dhraíochta don fháistin.
Thuigeamarna sin,
Sinne mic na ndaoine bochta
Gurbh é seo an deis
A chaithfimis a thapú
Dá dtiocfadh linn dul chun cinn
Sa saol mór milteach mealltach scanrúil.
Bhíomar cúthail agus trína chéile
Os comhair na ndaltaí
A raibh níos mó de rachmas an tsaoil acu,
Ach bhíomar ar chomhchéim leo
In obair na leabhar
Má bhí an mheabhair chuige ionainn.
Is chuige sin a tháinig siad –
Na mic fheirmeoirí ó iarthar tire –
Bunmhúinteoirí is meanmhúinteoirí,
Is ó dheas is aniar aduaidh fosta
Chun buachaillí bochta na cathrach
A chur ar bhóthar a leasa.
Chuireamar gach rud go glanmheabhar.
Ní raibh áit ar bith ann don leisceoir.
Caithfeadh a leithéid an scoil a fhágáil
Agus post íseal umhal a fháil.
Úsaideadh an leathar cumhachtach
Go ró-mhinic monuar
Fiú chun eolas a dhoirteadh
I gcloigne folmha –
Ach b’iad sin na seachtóidí liatha duairce.
Má dúnadh doirse an tsaoil inár n-aghaidh
Bhéadh eochair dhraíochta don fháistin
In ár gceachtanna leadránacha againn.

Bhímís de shíor ag tnúth lena n-oscailt.


Méanscoil 4

Ba bheag nár
Leim sé as a chraiceann,
An seanmhúinteoir ag barr an ranga,
Mile naoi gcéad seachtó ceathair
Is sinne suite suaimhneach
Smachtaithe inár mbínsí scoile,
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Bhí gach éinne neirbhíseach
Is na gardaí cúramach faoi pháirceáil
Is sinne scáfar roimh charranna pairceáilte
Anseo is ansiúd ar fud na cathrach
Ach níor lean an t-imeagla ró-fhada –
D’éiríomar cleachtaithe aige
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Is cuimhin liom seanbhráthair,
“Pa”an t-ainm a baisteadh air
ag caint faoi na buamaí a thit
Trom tragóideach ar an Trá Thuaidh
Le linn an Dara Cogadh Domhanda,
Blianta, blianta roimhe sin
Is an t-eagla agus an fhuil,
An rí-rá agus an ruaille-buaille
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.




Thuas ta pictiúr a ghlac me le déanai nuair a bhi mé ar thuras deireadh seachtaine i gContae an Chláir - Aillteacha an Mhóthair ar ndóigh atá leirithe ann!