Popular Posts

Tuesday, February 12, 2008

Filleann an Feall




Filleann an Feall ar an bhFeallaire

Is breá liom na laethanta seo mar táim saor o shrianta uileag na scoile. Tá idir mhúinteoirí agus mhicléinn go léir ar laethanta saoire – an tsaoire leaththéarma atá i gceist – anseo ó dheas i bPoblacht na hÉireann. Níl’s agam an bhfuilid saor ó thuaidh. Ar aon nós tá lá iontach grianmhar séimh cneasta againn anseo ó dheas. Cosúil leis na seanaistí a bhímis ag scríobh is sinn an óg ar an mbunscoil – níl scamall sa spéir agus tá na h-éiníní go léir ag canadh in ard a gcinn is a ngutha ar bharr na gcrann. Caithfeadsa dul amach agus siúlóid chuíosach fhada a dhéanamh maille le roinnt siopadóireachta. A bhuí leis na laethanta saoire céanna is féidir liom dul i muinín mo ríomhaire glúine níos minice ná mar is gnách liom. Sin an fáth atáim anois suite ag éisteacht le guth fíorbhinn domhain Leonard Cohen. Agus arís sin an fáth go bhfuil sé ar mo chumas bheith ag scríobh liom, chomh saor le h-einín ar mo bhlag Gaeilge, a ndéanaim faillí ann níós minicí ná a chéile toisc go mbím sáite i gcúrsaí eile - obair de ghnath - agus lem’ bhlag as Béarla. Bíodh sin mar atá, ar ais anois chuig an seanfhocal a bhreacas mar theideal ar an bpíosa scríbhinne seo.

Bhíodar agus táid ann a admhaíonn go bhfuil cothrom agus ceartas le fáil ar an saol seo. Sé sin, má dhéanann tú aon rud dona as an slí go dtarlóidh drochrudaí dhuit. Séard atá anseo, nó sa bhfealsúnacht bhaile seo acu, ná an seanchóras cúitimh nó éirice a fhaighimid i Sean Tiomna an Bhíobla. Dob é sin an chomhairle a bhí ar bhéal agus ar bheola solásaithe Iób – Bildad agus an bheirt eile nach féidir liom cuimhniú ar a n-ainmneacha anois – gurbh amhlaidh a rinne Iób peaca nó coir mhór ionas gur thuill sé an píonós agus an phian mhór a bhí sé ag fulaingt ag an am áirithe sin. Ach glaonn Iób amach le h-ionraiceas nach ndearna sé aon drochrud, go raibh sé neamhchiontach. Amhail Joseph K ins an úrscéal iontach úd le Franz Kafka, “An Triail”, níl sé ciontach. Faigheann sé é fhéinig ós comhair na cúirte gan a fhios sa tsioc aige cén choir a rinne sé.

Séard atá faoi chaibhidil agam ná mistéir nó rúndiamhair na fulaingte neamhchiontaí. Táim ag iarraidh an cheist mhór sin a chíoradh ar mo bhlagsa as Béarla. Ach anseo is leor a rá gurb é taithí ár bhformhór nach bhfilleann an feall ar an bhfeallaire.

Ach ar an taobh eile den scéal ceapaim go bhfuil blúire bheag den fhírinne ag gabháil leis an seanfhocal seo. Ó mo thaithí fhéinig ar an saol – tá suim iontach mhór sa Bhúdachas agus sa Mhachnamh agam - dearbhaím go bhfuil cothromas agus ceartas éigint ann ó thaobh na síceolaíochta ar a laghad de. Táim ag déanamh tagairte anseo do Karma. Is amhlaidh go mbraithim féin i bhfad níos fearr nuair a dhéanaim rudaí maithe agus go mbraithim go h-ainnis de ghnáth nuair a dhéanaim aon drochrud as an slí. Uaidh sin amach ceapaim go bhfásann braithstint nó mothú domhain ionat fhéin go bhfuil tú ar chosán áirithe beannaithe nó draíochta a thugann faoiseamh aigne iontach duit siúl cuíosach éadrom ar dhromchla an domhain, domhan draíochta naofa ár Máthar Gaya.

Slán tamall.


An grianghraf a d'uaslódalas thuas ná pictiúr a ghlacas de dhul faoi na gréine ag Caladh Bhinn Éadair cúpla blian ó shin!

Monday, February 11, 2008

Ritheann Fear Buile




Ritheann fear buile trí thuile go dána
Ach is minic a thug an tuile fear buile le fána



Caithfead admháil díreach ag tús na sleachta seo gur maith liom go mór an seanfhocal seo. Ar an gcéad dul síos tá sé scríofa i bhfoirm leathrainn agus is iontach go deo an ceol, an rithim is an rím atá ag gabhail leis. Go bunúsach is é an seanfhocal Béarla “Fools rush in where angels fear to tread” an seanfhocal is gaire dó im’ thuairimse.

Na laethanta seo is amhlaidh go bhfuil an iomad daoine ar an domhan seo a bhfuil an iomad feirge is an iomad buile orthu. Cén fáth, a fhiafraíonn tú, go bhfuilid amhlaidh? Bhuel, gan dabht ar bith mothaíonn a lán acu an “stoiteachas” mar a thug mórfhile Gaeilge an fhichiú h-aois Mairtín Ó Díreáin air, sé sin braithstint go bhfuil siad “bainte óna bhfréamhacha” nó go mothaíonn siad “ar sliobarna” ins an domhan nua-aoiseach seo. Braitheann a bhformhór coimhthíos (alienation) go domhain istigh ina saol féin. Tá na seanchinnteachtaí uile beagnach ar lár; tá na seanfhreagraí folamh, gan éifeacht ar bith iontu; tá luachanna agus gnásanna an tseantraidisiúin imithe gan thairbhe; an tseanEaglais lag gan spiorad is a spioradáltacht caite spíonta. Mar sin tá daoine caillte gan treo. Cé tá ann a thabharfaidh eolas an bhealaigh dóibh? Na meáin chumarsáide?

Bhíos ag breathnú ar chlár iontach faisnéise ar RTE 1 le deireanas – clár faisnéise ar shaol an phaiteolaithe fhóiréinsigh, Dr Máire Cassidy. Is í an paiteolaí Stáit í agus déanann sí ardjab ar fad, a bhuí leí agus a comhleacaithe sa phaiteolaíocht fhóiréinseach agus sa Gharda Síochána. Ar aon nós, ceann de na rudaí suntasacha suimiúla a dúirt sí ná go bhfuil neart feirge nó teannas ollmhór buile in úsáid ag na coirpigh a dhéannann na dúnmharaithe uafásacha a léimid go léir futhu sna nuachtáin laethiúla. In áit buile mharfaigh amháin nó in áit urchair mharfaigh amháin téann na dúnmharfóirí thar fóir ar fad – fiche, tríocha nó daichead buile nó urchar.

Oireann an seanfhocal nó an leathrann seo don saol mar atá sé in Éirinn sa lá atá inniu ann – go leor leor dúnmharaithe fealltacha; mórán foréigin ní amháin ar na sráideanna ach sna teaghlaigh féinig; a leithéid sin d’andúilíocht san ólachán agus sna drugaí, gan trácht ar an ráta ard de fhéinmharaithe ar fud na tire. Gan dabht ar domhan bíonn daoine faoi bhrú ollmhór agus faoi strus na laethanta seo – buile agus fearg agus fearg agus buile. Ritheann na daoine seo a bhfuil buile is fearg as an ngnáthach orthu, atá stoite agus frustráilte “trí thuile go dána.” Sé sin déanann siad rudaí – coireanna agus fiú ionsaithe foréigneacha is dúnmharaithe uafásacha - gan smaoineamh ar na h-iarmhairtí díobhálacha a leanann iad. De ghnáth sciobann an taoide na “fir dána” seo le fána, sé sin sciobann sí iad le h-aill.

Níl a fhios agam an bhfuil aon fhreagra suntasach ar bith ar an gceist seo nó aon fhuascailt ar an bhfadhb ollmhór seo. Pé freagra nó fuascailt atá air níl sé agam féinig. Ach dar leis an traidisiún go bhfuil ceartas agus cothromas ar an saol eile agus fiú uaireanta ar an saol seo. Dearbhaíonn seanfhocal eile seo leanas go “bhfileann an feall ar an bhfeallaire.” Ar shlí amháin tá fírinne ag baint leis an ráiteas seo ach ar dhóigh eile tá sé mícheart ar fad. Déarfaidh mé níos mó faoin seanfhocal deireanach seo sa chéad phost eile.


Slán tamall.


D'uaslódáil mé pictiúr a ghlacas de lucht cleachtaithe Falun Gong i lár na cathrach anseo i mBaile Átha tráth na Nollag 2006. Bhi siad ag agóid in aghaidh fhoréigin an Stáit i gcoinne chleachtóiri Falun Gong sa tSin.

Sunday, February 10, 2008

Is iomaí lá




Is iomaí lá i mbliain is fiche is níl aon la acu nach dtagann


Níl a fhios agam (nó gan dabht ag éinne) cár shleamhnaigh na blianta uainn. Seo anois mé agus mé im’ aonú bliain is caoga – shroich mé caoga bliain d’aois ar an gcúigiú lá d’Eanáir i mbliana. Ní bhraitear na blianta ag sleamhnú isteach. Is cuimhin liom ceist á cur agam ar m’athairse cén chaoi ar mhothaigh sé nuair a bhí sé cuíosach sean. Séard a thug sé mar fhreagra ná gur bhraith sé mar a bhraith sé nuair a bhí sé ina ghasúr agus seacht mbliana déag slánaithe aige. Má bhí an corp sean bhí an intinn an-óg ar fad. Sin mar ata cúrsaí agam féin chomh maith. Chuala mé comhleacaí liom fhéinig, Mánas Ó Luathairí ag ra an rud ceanannn céanna. Cé go raibh trí bliana triochad caite aige ag teagasc i Scoil Iósaif nár mhothaigh se na blianta céanna ag sleamhnú thart agus gur bhraith sé chomh h-óg is a bhraith sé ariamh roimhe.

Sin mar a bhíonn cúrsaí daonna againn – sleamhnaíonn na blianta isteach i ngan fhios dúinn. Nuiar a shroicheann tú an caogadú breithlá ceapaim ar shlí go bhfuil barr an chnoic bainte amach agat, agus b’fhéidir níos mó ná sin – gurb amhlaidh go bhfuil tú ar do bhealach síos an taobh eile. I ndairíre cuireann sé eagla orm nuair a smaoiním go bhfuil i bhfad níos mó ná leath mo bhlianta caite agam ar dhromchla an domhain mhistéirigh seo. Cá ndeachaigh na blianta in aon chor? Aontaím go h-uile is go h-iomlán lena leithéidí de shiceolaithe agus síciatraíthe mar Carl Gustave Jung go gcaitheann an duine an chéad leath dá shaol ar an aistear domhanda (an t-aistear ar an taobh amuigh) – ag tuilleamh airgid is ag tógadh clainne – agus an dara leath ar an aistear pearsanta (an t-aistear ar an taobh istigh), sé sin ag iarraidh a fháil amach cá bhfuil a thriall na laethanta seo, cé h-é fhéinig, cad tá bainte amach aige i ndáirire ar an saol seo, ar cheart dó rud éigint eile, rud a bhfuil níos mó céille ag baint leis, a dhéanamh amach anseo. Mar sin bíonn níos mó ceisteanna doimhne á gcur aige nó aici air nó uirthi fhéinig. An ndéanann an bheatha, nó an bheatha mar ar chaith me í, aon chiall ar bith? Ceisteanna agus níos mó ceisteanna gan aon agó.

Tugann a lán daoine aghaidh ar chreideamh pearsanta a bhaint amach de réir mar a mhothaíonn siad na blianta ag sleamhnú isteach. Faigheann cuid acu “freagraí” nó cabhair de shaghas eigint sna reiligiúin mhóra éagsúla mar an Chríostaíocht, an Búdachas, An Ioslam, nó an Iúdachas. Faigheann daoine eile freagraí sa bhfealsúnacht nó sa tsiceolaíocht nó áit eile. Is dóigh liom gur cuma sa tsioc cá bhfaightear na “freagraí” chomh fada is a fhaightear iad, agus nach bhfaightear iad in aon slí nó dóigh a dhéanann dochar dóibh fhéinig nó d’éinne eile nó don domhan féin ar a mairimid beo slán i gcónaí.

Is iomaí lá i mbliain is caoga is níl aon la acu nár tháinig. Slán tamall.



Pictiúr diom féin i seomra sui mo dhearthár Pádraig.

Saturday, February 09, 2008

An tSlat nuair a Chruann




An tSlat nuair a chruann le h-aois is deacair a shníomh ina Gad


Ciallaíonn slat bata caol. Is maith is cuimhin liom na seanlaethanta agus sinn sa bhunscoil anseo in Éirinn “slat” nó dhó fiú a bheith ag ár múinteoirí. Buíochas le Dia ní fhaca mé mórán damáiste nó mórán dochair á ndéanamh leis an slat chéanna. Ar aon nós bhaintí úsáid aisti anois agus arís inár rang-na nuair a dhéanadh pleidhce de dhalta aon rud mór as an slí agus seachas sin dhéantaí dearmad ar an mbata céanna. Nuair a úsáidí go neamhrialta mar sin í is ea ba mhó a bhí a cumhacht i ndáiríre píre. Ach admhaím anseo go rabhadar ann a ndeachaigh thar fóir leis an slat uafásach cheanann chéanna. Chloisinn mo dheartháir mór a rá go bhfaca sé múinteoirí ag dul thar fóir agus ag tabhairt bascadh uafásach do ghasúir bheaga. Bíodh sin mar atá nó mar a bhí agus a bhuí le Dia mór na cruinne tá na seanlaethanta sin imithe go brách.

Ar aon nós ar ais chuig an seanfhocal atá idir láimhe agam. Nuair a bhíonn an tslat óg go leor – slat shaile is mó a bhí i gceist ceapaim – bíonn sí bog go leor nó go deas so-lúbtha. Mar sin, de réir mar a théann an t-admad in aois is ea is mó a éiríonn sé i bhfad níos cruaidhe. Mar sin ní féidir leis an gceárdaí mórán a dhéanamh leis an adhmad mar tá sé gan feabhas ar bith. Ní fhéadtar ciseáin nó aon rud áisiúil mar fhearas ti a dhéanamh as. Ciallaíonn “gad” slat sailí nó rópa nó “noose” sa Bhéarla. Cloisim anois agus arís go n-úsáidtear an seanfhocal seo sa chaoi is go n-úsáidtear an seanfhocal Béarla: “you cannot teach an old dog new tricks.” Ach ceapaim féin go bhfeileann an senfhocal Béarla “Strike when the iron is hot,” níos fearr mar aistriúchán ar an seanfhocal iontach seo. Sé sin nuair a dhéantar rudaí go tráthúil agus san am inár cheart dúinn iad a dhéanamh is sea is fearr agus is éifeachtaí iad.

Tá seanfhocal eile ann atá gaolmhar leis an seanfhocal seo, viz., “Ná fág go dtí amarach an rud gur féidir leat a dhéanamh anois.”




Thuas d'uaslódáil mé pictiúr a thógas de chúpla seanchraobh titithe de sheanchrann marbh!

Friday, February 08, 2008

Dá mbéadh soineann go Samhain bhéadh breall ar dhuine éigin




Dá mbéadh soineann go Samhain bhéadh breall ar dhuine éigin


Is deacair gan aon agó gach éinne a shásamh . Thuig duine amháin ar a laghad de na chéad uachtaráin ar na Stáit Aontaithe é seo. Táim ag tagairt d’Uachtarán le linn an Chogaidh chathardha – Abe Lincoln a dúirt: “Is féidir linn cuid de na daoine a shásamh an t-am go léir; na daoine go léir a shásamh cuid den am ach ní féidir linn na daoine go léir a shásamh an t-am ar fad.” Gan dabht ar domhan bhí agus tá an ceart ag an bhfear feasach seo.

Bhí tuiscint thar an gnáthach ag an bhfear ceanann céanna seo, léargas domhain aige ar an duine daonna agus mórchlú agus mórcháil air mar chosantóir iontach cearta na nGormach sna Stáit Aontaithe. Eisean ab ea an ceannródaí mór ar an bhfeachtas um dhíothú na sclábhaíochta.

Anois ar ais chuig an seanfhocal féin thuas. Ciallaíonn soineann aimsir bhreá agus breall an stuaic a chuireann duine air nó uirthi féin nuair nach bhfuil sé/sí sásta le cúrsaí mar atá.
Uair amháin agus me ag éisteacht leis an raidio – RTE 1 – chuala mé agallamh le turasóir in Éirinn le linn samhraidh éigin. Mar ba ghnáthach na laethanta seo ní raibh an aimsir ró-dheas. Bhí an t-agallóir nó an tuairisceoir ana-leithscéalach faoi seo, amhail is go raibh sé féin nó fiú na hÉireannaigh féin ciontach as an doineann míthráthúil. Ach bhí freagra iontach ag an turasóir – Gearmánach a bhí ann – a chuaigh mar seo: “Níl aon rud mar aimsir dhona ar dhromchla an domhain – ‘Sí an fhadhb nó nach bhfuil an turasóir (nó aon duine áta i gceist) feistithe i gceart don aimsir!” Freagra iontach críonna atá anseo dar liom, agus fealsúnach freisin. Freagra iontach praicticiúil leis gan dabht!

Sula gcuirfidh me clabhsúr leis an bpost seo ba mhaith liom a mheabhrú do mo léitheoirí amuigh ansin ar an mblagchruinne gurb iontach suimiúl na contrárthachtaí S-D sa Ghaeilge. Seo samplaí:


(i) Soineann = aimsir mhaith agus Doineann = Drochaimsir
(ii) Suáilce = dea-thréith, bua (na suáilcí diaga); feabhas agus Duáilce = drochbhéas; locht; duairceas, gruaim.
(iii) Saibhreas = a lán airgid nó maoine agus Daibhreas = bochtannas, easpa airgid
(iv) Sonas = áthas, sástacht; ádh, séan, rath agus Donas = mí-ádh, mífhortún; tubaiste.


Nach bhfuil na contrárthachtaí seo suimiúil. Caithfidh me níos nó a chuardach má fhaighim an t-am chuige. Ma tá cinn sa bhreis ag éinne eile dhíobh cuirigí chugam iad. Slán tamall.

Thuas tá pictiúr a ghlacas de ghloine folamh i ndiaidh dom pionta Guiness a shlogadh siar le déanai. Cuireann an tsiúlóid tart orm!