Popular Posts

Sunday, March 26, 2006

Turas Siar


Seo thíos dán a chum mé ar mo shlí siar go Delphi le lucht na hIdirbhliana.  Chuaigh rithim na traenach go mór i bhfeidhm orm chomh maith le mothú an oilithrigh ar a bhealach siar go contae na Sean-Chruaiche – Cruach Naomh Phádraig.

Turas Traenach

Seo mé ar thraein chuig an Iarthar
Ar thóir línte mínithe nó leathmhínithe,
Fiú neamhmhínithe;
Ar thóir na bhfocal a gheobhá in áít bheag ait
Fiú idir na suíocháin sa charráiste,
Nó trén fhuinneoig óna radharcanna
Ag sleamhnú thart san am atá caite,
Sneachta i gcúinní na ngort geal ag leá,
Rithim na traenach mar mháthair dom’ chiúiniú
Is teas na gréine trén ngloine
Ag coiméad na fuachta uainn
Ag tabhairt dóchais dúinn;
Crainn mhaola gan duilleoga
Agus muid fós ag tnúth leis an Earrach agus an Samhradh
Le laethanta fada suaimhneacha an tsaoil.


An grianghraf atá curtha sa lár agam thuas ná ceann a ghlacas ar an traein ar an aistear siar.

Saturday, March 18, 2006

Am


Am

Sleamhnaíonn an t-am isteach ró-thapaidh dúinn uileag gan aon agó.  Níor bhraith mé é ag teacht agus ag imeacht “mar ghadaí san oíche” mar a deir an Bíobla Naofa.  Bhuel, a léitheoirí (má ta sibh ann) seo chugaibh cúpla focal i ndiaidh achair fhada ciúnais.  Táim fós ag obair i mo ghairdín cúil agus fós ag baint faoisimh as – is gnó ciúin machnamhach í an gharraíodóireacht gan dabht ar domhan.  Tugann sé am dom machnamh a dhéanamh ar na rudaí idir bheag agus mhór ata ag déanamh imní nó búirte dom.  Nó fiú tugann sé seans dom gan bheith ag smaoineamh ar chor ar bith.  Tá cuid dena cúraimí garraíodóireachta cosúil le mantra fisiciúil – rudaí a dhéantar arís is arís eile mar shampla – bheith ag bearradh nó ag diogáil sceiche le scian bhearrtha mar a bhí mé na laethanta beaga anuas.  Déanann tú an ghluaiseacht láimhe agus coirp arís agus arís eile agus oibríonn an t-athdhéanamh amhail is dá mbéadh mantra fisiciúil dá rá ar leibhéal misteach.  Seo dán a chumas bliain ó shin nuair a bhí mé ar cuairt chuig Delpi i gContae Mhuigh Eo le daltaí mo scoile.  


Féinghlacadh

Na sléibhte thart timpeall,
Iad breactha le sneachta
Is mise suite sa ghrianán
Faoi dhraíocht a gcumhachta
Is a n-áilleachta tarraingtí –
Táim in áit faoi leith im’ shaol,
Ar tháirseach rún diamhair na beatha,
In áit chiúin sháimh shocair.
Táim i ngleann na feiniúlachta
Amhail is dá mbeinn i dTír Bheannaithe na Sneachtaí,
I dtír iontach mhíoriúltach –
Tibet an dalai Lama –
Áit tharraingteach an fhéinghlacaithe.



An grianghraf áta curtha i lár baill thuas ná ceann a ghlacas dhá sheachtain ó shin ar cuairt chuig Delphi i gContae Mhuigh Eo.

(Tá fadhb bheag le h-uaslódáil an fótaghraif. Bhaineas triail as fé cheathair agus nior oibrigh sé. Tiocfad ar ais ar ball agus tabharfaidh mé faoi uair eile. Go dti sin caithfimid bheith foighneach!)