Popular Posts

Sunday, April 17, 2016

Labhairt na Gaeilge 1

Smaointe fánacha, scaoilte, scaipthe a bhreacaim ar phár an cibirspáis anseo, mo léan.  Tá níos mó nó bliain imithe ó scríobhas aon ní anseo agus tá fíorbhrón orm faillí a dhéanamh i rud atá an-ghar dom' chroí i ndáiríre píre.  Na sean leithscéalta agam i gcónaí: ceal ama, bheith ró-ró-ghnóthach ar ndóigh, bheith faoi bhrú, agus um an dtaca seo im' shaol bheith ag dul in aois agus ag éirí ró-leisciúil agus fiú bheith ag mothú easpa fuinnimh. Taobh amuigh de sin bím ag scríobh liom i gcónaí as Béarla agus uaireanta mothaím mar leannán mídhílis, ró-mhídhílis. Bíodh sin is uile, seo na smaointe a rithim liom:

(i) Chaitheas breis is cúig bliana fichead ag gabháil do theagasc na Gaeilge i meánscoil lár-chathrach anseo i mBaile Átha Cliath. Thiteas faoi dhraíocht na Gaeilge don chéad uair nuair a bhí mé ag freastal ar bunscoil bhocht i lár na cathrach céanna mar a raibh bheirt mhúinteoir iontacha agam don ábhar céanna: (a) Bráthair Críostúil, d'arbh ainm Ó Cathasaigh, duine óg i dtús a cheirde, a raibh neart Gaeilge aige agus bhí sí an-éasca a fhíordhúthracht ina leith a bhraithstint, agus (b) Sean-mhúinteoir, i ndeireadh a réime, Seán Ó Sé, a bhí ina shár-theagascóir i ngach ábhar agus an Ghaeilge ina theannta sin.

(ii) Nuair a thosaíos ag múineadh na Gaeilge, tuairim is an bhliain 1988, thagadh na daltaí ó chian is ó chóngar agus bhí meascán maith d'aicmí sóisialta sa scoil s'againne, chomh maith le meascán maith de chumais éagsúla.  Théadh a lán acu ar aghaidh chuig na h-ollscoileanna UCD, DCU agus TCD agus a leithéidí.  Ach mo léan, thit na h-uimhreacha - athraithe déimeagrafacha ba chúis dó-san don chuid is mó - agus bhí orainn daltaí a ghlacadh ó bhunscoileanna eile a bhí níos congaraí do lár na cathrach.  De réir mar a thit na h-uimhreacha is ea a thit cumas acadúil na ndaltaí.  Ansin, tháinig uair nuair a bhí an scoil i mbaol a bháis agus d'osclaíomar Aonad ASD - Aonad Uathachais - Go deimhin, tá an t-Aonad is mó ASD  againn in Eírinn anois agus é mar chuid thábhachtach de shaol na scoile. Ocht mbliana ó shin d'fheastalaíos ar chúrsa SEN i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus táim i mo mhúinteoir feabhais nó múinteoir acmhainne ó shin i leith.  Mar sin nílim ag múineadh na Gaeilge níos mó.
Tá cleachtadh tábhachtach i ngach réim den saol

(iii) Is amhlaidh  ag an bpointe seo go bhfuil an léitheoir á cheistiú féin cá bhfuil na baothsmaointe seo ag dul ar chor ar bith?  Tuigim dhuit, ach táim tagaithe chuig an bhuaicphointe anois, sé sin: Táim ag labhairt i bhfad níos mó Gaeilge anois leis na buachaillí ná mar a bhí mé riamh.  Cén fáth? Bhuel, go simplí, reachtálaim ciorcal comhrá do na daltaí dhá uair in aghaidh na seachtaine tar éis na scoile agus freastalaíonn dream beag air i gcónaí, agus cruthaíonn sé sin fírinne an tseanráitis - a chum an Piarsach, ceapaim, nó ar a laghad, eisean a chuir i mbéal an phobail é - "Beatha teanga í a labhairt!"

(iv) Na h-impleachtaí a thógaim as sin ná go gcaithimid (a) níos mó béime a chur ar labhairt na Gaeilge, (b) go gcaithfimid fáil réidh leis an litríocht mar ualach mór trom nó cuing ar an teanga, agus go bunúsach í a chaitheamh uainn.  Is cuimhin liom blianta a chaitheamh ag múineadh lítríocht seachas teanga agus na ceachtanna nach mór dírithe ar na scrúdaithe amháin, beag beann ar an nGaeilge labhartha.  Tá a fhios agam go ndéarfaidh a lán daoine liom gur féidir an dá rud a dhéanamh go h-éasca mar go bhfuilid i ndairíre fite fuaite lena cheile.  Táid agis nílid! Deich mbliana ó shin rinne mé féin agus cara liom - múinteoir eile ar ár bhfoireann teagaisc - dioplóma iarchéime san Iodáilis agus chuireas an cheist seo ar ár léachtóir:  "Cad é go díreach, meas tú, ról na litríochta i múineadh na hIodáilise mar theanga?"  An freagra a thug an bhean léannta dúinn ná: "Ní dóigh liom go bhfuil ról mór aici i ndáiríre - sé sin litríocht qua litríocht - ach, ar ndóigh, tá idir phrós agus fhilíocht ana-thábhachtach chun nathanna cainte a fhoghlaim agus léargas a fháil ar an gcultúr Iodálach.  Sin an méid, is dóigh liom, a théann an litríocht i gcion ar mhúineadh na teanga."

(v) Mar cheist scoir: Cén fath nach múinimid an Ghaeilge mar a mhúintear na teangacha iasachta?  Leanfaidh mé leis na smaointe scaoilte, scaipithe agus baotha seo an tseachtain seo chugainn le cúnamh Dé.  Meabhraigh í gcónaí, a léitheoir, gur baothsmaointe iad seo nach bhfuil mórán taighde taobh thiar díobh seachas mo thaithí féin ar shaol na múinteoireachta.  Mar sin, táid teoranta go leor.