Popular Posts

Monday, July 07, 2014

Aistear Anama

Réamhrá


Leathanach samplach den Bhailiúchán
Éinne a bhfuil cúpla teanga nó níos mó ar a dtoil acu is amhlaidh go mothaíonn siad uaireanta mar scitsifréinigh.  Ar a laghad mothaímse féin mar sin ar uairibh.  Fanaigí liom go míneoidh mé an scéal ina iomláine daoibh, a chairde.

Ar an gcéad dul síos caithfidh me a rá nach bhfuil an Ghaeilge agam ón gcliabhán agus nach raibh ach cúpla focal ag m'athair is mó mháthair.  Ach bhí bá acu le gach rud Gaelach agus an teanga san áireamh.  Bhí an t-ádh dearg orm nuair a chuaigh mé ar scoil go raibh múinteoirí maithe tuisceanacha agam a raibh neart Gaeilge acu sa bhunscoil agus sa mheánscoil.  Rinne mé leath de mo mheánscoilíocht tré mheán na Gaeilge mar ba muidne an rang deireanach a rinne an Mheánteist as Gaeilge i Scoil Uí Chonaill.  Ina dhiaidh sin thiontaigh sraith na Gaeilge ar an mBéarla cosúil leis an gcuid eile den scoil. B'amhlaigh nach raibh na múinteoirí ann ag an am sin a raibh ar a gcumas na h-ábhair éagsúla, go h-áirithe an Eolaíocht, an Cheimic, an Fhisic agus an Bhitheolaíocht, a mhúineadh trén' mheán.  Ach sin scéal eile agus táim ag tosnú mo smaointe a ligint chun fáin.

Ar aon nós nuair a bhí mé i mo dhalta beag ní raibh foirm cheart agam riamh de mo shloinne i nGaeilge.  Thug gach múinteoir  foirm nua den sloinne orm gach bliain.  Bhaist fear amháin Ó Ceanndulabháin orm, fear eile Ó Caoindealbháin, múinteoir eile arís Ó Coinnealáin agus an fhoirm is fearr liom anois agus is fusa a rá na Ó Caoinleáin a bhí ag fear tuisceanach eagnaí amháin.

Féinaithne agus Féiniúlacht

Níl aon argóint ann nó gurb í an fhéiniúlacht ceann de phríomhaidhmeanna na beatha.  Ní gá d'éinne bheith ina shiceoalaí, síciatraí nó comhairleoir chun é sin a thuiscint.  Gan dabht  déanaim an chuid is mó den chíoradh nó den iniúchadh sin ar an ábhar seo as Béarla, ach caithfidh mé a admháil go ndéanaim cuid thábhachtach den mhacnamh sin i mo chuid dánta a chumaim as Gaeilge.  Cén fath go gcumaim dánta as Gaeilge?  Tá an freagra suimiúil ar shlí.  Baineann sé le fuaimeanna, ceol agus ceolmhaireacht na Gaeilge féin. Chomh maith leis sin, caithim a lán de mo laethanta saoire i gCalabria na hIodáile agus is fíorshuimiúil é dom i gcónaí go dtagann an Ghaeilge chun tosaigh i m'intinn, fiú ina srutháin, rud nach bhfuil amhlaidh nuair a bhím sa bhaile in Éirinn.  Cén fáth? Is rud bunúsach é ar shlí go mothaím níos mó mar Éireannach agus mar Ghael agus na focail sin ina rabharta i mo chloigeann ar ithir eachtrannach.  Mar a dúirt mé, séard atá ag dul i gcionn orm ná rithim agus ceol agus ceolmhaireacht an dá theanga.  Níl sa Bhéarla ach fuaimeanna leadránacha monatonacha i gcomparáid le ceachtar acu.

Is suntasach an fud é, ceapaim, go bhfuil réimse i bhfad níos leithne fuaimeanna sa Ghaeilge ná mar atá sa Bhéarla.  Chun a rud a shimpliú, níl ach cúig chinn de ghutaí  sa Bhéarla ach tá dhá oiread níos mó sa Ghaeilge.  Ar a shon san is amhlaidh gur thiteas i ngrá leis an Iodáilis agus an nGaeilge.

Chomh maith leis sin tugann gach teanga réimse dhifriúil smaointe agus réimse éagsúil slithe chun an smaoineamh sin a chur in iúl nó i bhfeidhm.  

Aistear Anama

I ndiaidh sin uile táim tagtha chun ceann scríbe sa phost seo, sé sin go bhfuilim tar éis bailiúchán beag de dhánta as Gaeilge a chur le chéile le fíordhéanaí agus an teideal air sin ná Aistear Anama.  Iar-scoláire liom darb ainm Mathew Staunton, a bhfuil gnó beag foilsitheoireachta aige ar a bhaist sé The Onslaught Press, a mhol dom bailiúchán beag de mo chuid dhánta a chur le chéile agus sin a rinne mé.  Is maisitheoir iontach e Mathew agus tharraing sé léaraidí bréatha don leabhar seo.  

Bhí mé ar tí tairicint Mhaitiú a dhiúltú mar thuig mé nach raibh mé ag bogadh timpeall sa chiorcal ceart, nach raibh mé mar a deirtear i mBéarla "ar an inside track."  Ach ansin smaoinigh mé go bhfuil claochló tagaithe ar an nGaeilge ó thaobh a labhartha de, cuir i gcás, na mílte cainteoirí Gaeilge atá sna Stáit Aontaithe agus in áiteacha eile ar fud an domhain. Cuireann Séamas Ó Neachtain ó Nua Abhrach irisleabhar as Gaeilge amach gach ráithe dar teideal An Gael: Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge. (Buail an nasc seo AN GAEL)  Séard atá a rá agam nach bhfuil aon mhonaplacht nó seilbh eisiach ag éinne ar aon teanga. 

Ar aon nó seo mar a scríobh mé ar an mblurba don leabhar nua:

Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad.  Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde.  Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh.  Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha – ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas.  Is múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta. 

Leathanach samplach eile

Roinnt Poiblíochta

Má ta suim ag éinne an leabhar beag seo a cheannach ní gá ach buaileadh isteach ar shuíomh gréasáin Amazon ag an nasc seo leanas: 

Aistear Anama








Monday, March 03, 2014

Stair Mhúineadh na Gaeilge i Scoil Iósaif, Fionnradharc

Is oth liom a rá, a léitheoirí dílse, nár scríobhas puinn anseo sa bhlag seo le níos mó ná bliain anuas!. Deacair a chreidiúint cé chomh scioptha is a theitheann na laethanta uainn. Bhuel, ar aon nós, seo chugaibh píósa próis a chum mé le fíordhéanaí ar stair mhúineadh na Gaeilge d' Irishleabhar Cuimhneacháin a chuireas in eagar do chomóradh 125 bliana na scoile, sé sin, Scoil Iosaif, Fionnradharc, Baile Átha Cliath, 3.

An Ghaeilge i Scoil Iósaif le Tadhg Ó Caoinleáin

An Príomhoide, mé féin agus beirt dalta ag láinseáil an Irisleabhair
Ní staraí mé, ach ina ainneoin sin déanfaidh mé iarracht cuntas a thabhairt ar stair a múinte agus a labhartha anseo i Scoil Iósaif.  Nuair a fostaíodh mé sa scoil sa bhliain 1988 bhí an Ghaeilge go líofa ag a lán den fhoireann ag an am, fiú taobh amuigh de roinn na Gaeilge féin.  Bhí cúigear againn sa roinn sin: Mícheál Ó Catháin (an leas-phríomhoide ó 1980 go dtí 1997 nuair a chuaigh sé amach ar pinsean), Tomás Mac Ádhaimh (Ciarraíoch agus cainteoir ó dhúchas a d’éirigh as sa bhliain 2000), Bairbre Uí Dhéadaigh, Mánas Ó Luathaire (cainteoir dúchais eile) agus ansin mé féin Tadhg Ó Caoinleáin. Labhraímis an Ghaeilge le chéile de ghnáth mar bhí sean-traidisiún a labhartha coitianta i scoileanna na mBráithre Críostaí agus níorbh aon eisceacht í Scoil Iósaif. 

Bhí an Ghaeilge ar bharr a dteanga ag daoine eile ar an bhfoireann taobh amuigh den roinn, mar a bhí: Róisín Nic Chába, cainteoir dúchais eile de bhunadh Chonamara di.  Mhúin Róisín an Spáinnis amháin sa scoil, más buan mo chuimhne agus bhí deartháir leí, Éanna in a léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach leis na blianta.  Bhí neart Gaeilge ag a leithéidí mar Róisín Nic Ghuidhir (Mata a mhúin Róisín don chuid is mó ach in am an ghátair líonfadh sí an bhearna go huchtúil) agus Antaine de Barra a sheas an fód ar son na cúise go dtí le déanaí nuair a chuaigh sé amach ar pinsean sa bhliain 2013.  Bhí togha na Gaelainne fós ag Gearóid Brockie a rinne a scolaíocht ar fad tréna meán agus fiú ag Breandán Ó Lathaigh, a d’éag sa bhliain 2002 agus gan ach timpeall caoga bliain slánaithe aige, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.  Ach faraor, tá formhór na ndaoine atá thuasluaite agam éirithe as gairm na múinteoireachta agus braithimid uainn iad.

Sa bhliain 1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge chun an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.  Nuair a tosnaíodh ar mhúineadh na Gaeilge ag an am sin in Éirinn tugadh Ceiltis mar ainm ar an ábhar.  Scoláirí na mBráithre nach mór a roghnaigh an t-ábhar agus a bhformhór a bhain na marcanna ab’airde amach sna Scrúdaithe Meánteistiméireachta.  Mar shampla, sa bhliain 1895 bhain 528 dalta pas amach sa Cheiltis sa scrúdú sin agus tháinig 449 den uimhir sin ó scoileanna na mBráithre Críostaí.

Conchubhar Ó Raghallaigh leis an gcéad chóip!
Sna nóchaidí den naoú h-aois déag chaith na Bráithre a lán dá gcuid ama ag múineadh na Gaeilge agus bhí fear amháin ar an bhfoireann anseo i Scoil Iósaif, an Bráthair J.V. Ó Cathasaigh agus do scríobh seisean leabhar scoile dar teideal Aids to Irish Composition. Le linn na bhfichidí den bhfichiú haois chuaigh stáid na Gaeilge go mór chun cinn sa scoil agus de réir a chéile múineadh ní ba mhó ábhair tréna meán.  Tosnaíodh ar í a labhairt fiú taobh amuigh den seomra ranga. De thoradh na dtréan-iarrachtaí a rinne na Bráithre bronnadh corn speisialta, Corn na Dála, ar Scoil Iósaif, Fionnradharc.  Chuir Dáil Éireann an corn sin ar bun chun aitheantas a thabhairt d’aon scoil ina raibh an líon ba mhó scoláirí le Gaeilge ar a dtoil acu.  Bhain Scoil Iósaif an corn sin dhá uair: sa bhliain1926 agus arís sa bhliain 1928.

Le h-imeacht na mblianta chuaigh stáid na Gaeilge chomh mór sin chun tosaigh sa scoil gur tosnaíodh ar gach ábhar a mhúineadh tréna meán sna luath-thriochaidí.  Sa bhliain 1937 bhain Scoil Iósaif céim iontach amach, sé sin, stádas ar a nglaoití “Scoil A.”  Seárd a bhí i gceist leis an stádas “A” ná scoil inar múineadh gach abhar tré mheán na Gaeilge.  Lean an stádas sin ar aghaidh ins an scoil seo ’gainne go dti an bhliain 1957 – tréimhse fiche bliain ar fad.

Bhunaigh An Bráthair T.M. Ó Catháin Cumann na nIar-Scoláirí (sé sin, an PPU) sna luath-daichidí.  Matamaiticeoir agus Gaeilgeoir den scoth a bhí san fhear céanna, chomh maith le físí thar an ngnáth.  (Is maith is cuimhin liom féinig úsáid a bhaint as a chuid leabhar mata a bhí scríofa as Gaeilge nuair a bhíos i Scoil Uí Chonaill mar dhalta sna seachtóidí).  Dob í an Ghaeilge meán cumarsáide Chumann na nIarscoláirí sna blianta tosaigh sin agus dob é Annraoi Ó Beoláin ceannródaí an Chumainn sin leis na blianta, fiú síos chun an am i láthair, agus gura fada buan an fear céanna. 

Sa bhliain 1944 tháinig an Bráthair Ó Donnchú chun na scoile agus bhí an-dúil aige i gcúrsaí spóirt agus sa Ghaeilge araon agus bhunaigh sé craobh den eagraíocht Ógra Éireann a raibh mar aidhm aige ár dteanga dhúchais a chur chun cinn trén í a labhairt le linn gnáthimeachtaí agus caitheamh aimsire i gcoitinne.
Chaith an mórscoláire Gaeilge an Bráthair Liam P. Ó Caithnia seal sé bliana ar an bhfoireann múinte ó 1960 – 1966.  Scríobh sé leabhar iontach agus tábhachtach, saothar mór scolárthachta agus taighde, dar teideal Scéal na hIomána a foilsíodh sa bhliain 1980.  Scríobh sé dhá leabhar shuimiúla eile eile, ceann ar stair na peile gaelaí agus dírbheathaisnéis duine de bhunaitheoirí an Chumann Lúthchleas Gael, viz, Micheál Ó Cíosóig.  Dúirt an tOllamh le Gaeilge Alan Titley (léachtóir i gColáiste na Tríonóide ag an am) go raibh Scéal na hIomána ar cheann dena leabhair ba thábhachtaí a scríobhadh i nGaeilge sa bhfichiú haois.  D’éag an t-údar sa bhlian 2001 agus cúig bliana d’éag is trí scór slánaithe aige.

Bhí scoláire Gaeilge amháin eile ar an bhfoireann agus b’eisean an tUas Fiachra Ó Dufaigh a theagaisc sa scoil ó 1964-1970.  Nuair a d’fhág Ó Dufaigh scoil Iósaif fostaíodh é mar léachtóir i Roinn an Oideachais i gColáiste na hOllscoile, Má Nuad mar ar mhúin sé Módheolaíocht na Gaeilge.  Is cuimhin liom féinig úsáid a bhaint as leabhar fíor-áisiúil a scríobh sé don Ardteistiméireacht Onóireacha sa Ghaeilge.
Is mithid dom stad anois mar tá an tobar beagnach tráite agam.  Fágaim todhchaí na Gaeilge sa scoil seo ag a leithéidí mar Shinéad Ní Ghleannáin, Conchubhar Mac Ghloinn agus Séadhan de Poiré, múinteoirí óga fuinniúla den scoth a bhfuil an teanga ar a dtoil agus suim thar na bearta sa chultúr Gaelach i gcoitinne acu.  Má tá múinteoirí cosúil leo i scoileanna eile na tire beidh todhchaí geal ag an nGaeilge. Go n-eirí an t-ádh leo.