Popular Posts

Monday, December 28, 2009

Fuinneamh an Fhocail


Is oth liom, a chairde, nach bhfuaireas aon deis scríobh ar bhlagchruinne na Gaeilge le linn thréimhse na Nollag. Mar sin, seolaim mo bheannachtaí chugaibh anois gidh is go bhfuil siad déanach go leor. Is séisiúr speisialta é an Nollaig, gan dabht ar domhan, séisiúr na síochána agus an dóchais, agus tá idir shíocháin agus dhóchas de dhíth ar an domhan seo i gcónaí.

Mar a dúras thuas is séisiúr speisialta é tréimhse na Nollag, agus is séisiúr é chomh maith atá lán d'fhilíocht agus de cheol - filíocht agus ceol an anama atá i gceist anseo agam. Ag an tráth seo den bhliain faighimid deis machnamh a dhéanamh ar ár saol tré chéile - ceisteanna doimhne a chur orainn féin faoin treo ina bhfuilimid ag druidim nó an bhfuil ár spriocanna áirithe pearsanta bainte amach againn. Sé mo bharúil gurb iad an ceol is an fhilíocht go h-áirithe a speagann sinn, a ardaíonn an spiorad is an mheanma, a thugann dóchas dúinn dul i ngleic le fadhbanna móra na linne agus fiú aghaidh a thabhairt ar an lá agus ar laethana uile na bliana romhainn amach.

Duine des na mórscríbhneoirí agus mórfhilí a chuaigh i bhfeidm go mór orm féin is mé i mo mhacléinn ar an ollscoil ná Samuel Taylor Coleridge, mórfhealsamh thréimhse na Rómánsaíochta i stair an Bhéarla. B'eisean a dúirt gurbh é an focal cuí san áit cuí croílár na stíle, "the right word in the right place," más buan mo chuimhne. Mar sin guím ceol is dánta agus cumhacht an cheoil is na ndánta oraibh go léir agus fuinneamh an fhocail don bhliain seo atá rohainn amach . I ndáiríre píre sin a thuigimse atá i geist i mBrollach Shoiscéal Naomh Eoin, agus gan dabht níos mó dóibhsin a chreideann i mBriathar Dé. Mar sin ba mhaith liom dán beag, lán d'fhuinneamh an fhocail agus lán de cheol a chur faoi bhúr mbráid anseo inniu, gídh is go bhfuil se pas beag déanach. Ach bíodh sin mar atá, teimís i muinín an fhocail fhileata: Seo dhaoibh dán beag de chuid Mháire Mhic an tSaoi duine de mhórfhilí na linne. Chomh maith leis sin tá nasc agam anseo ag bun an dáin do video beag ó YouTube leis an gcumadóir féin ag léamh an dáin:

OÍCHE NOLLAG

le Máire Mac an tSaoi

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gnoc,
Adaigh an tine is téir chun na leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Fágfaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh scíth an bhóthair a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.






Brúigh ar an nasc seo a leannas chun guth breá binn an fhile a chlos ag léamh an dáin iontaigh seo:
Oiche Nollag

Thuas tá pictiúr a ghlacas le mo fón póca i lár na cathrach cúpla lá ó shin.

Sunday, November 22, 2009

Randamacht agus Oirchill






Is amhlaidh gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann sceon orainn - agus uafás fiú - ná an randamacht neamhphearsanta a bhaineann leis an saol i gcoitinne. Tarlaíonn a lán rudaí de sheans nó de thaisme, ach táthar ann a deir nach dtarlaíonn aon rud faoin spéir saolta go randamach, gurb amhlaidh go dtiteann rudaí amach faoi stiúr phleananna doiléire dothuigthe rúndiamhaire Dé. Uair amháin agus mé im’ ógánach neamhurchóideach agus fiú im’ fhear óg soineanta chreid mé a leithéid siúd, sé sin nach dtarlódh aon rud de sheans nó de thaisme ar an saol seo ach go dtitfeadh gach rud amach ina am cuí féinig agus in a am cuí féinig arís faoi scáth diamhair mistéireach oirchill Dé. Séard atá i gceist ag na diagaithe le h-oirchill nó le deonú Dé ná go bhfuil plean nó cuspóir uileghábhálach ag an gCruthaithóir – cuspóir uileghabhálach nach bhfuilimid in inmhe a shamhlú fiú gan trácht ar é a thuiscint in aon chur. Sea cinnte, is daoine beaga neamhshuntasacha sinn i gcomparáid le fairsinge agus scóipiúlacht na cruinne féin. Tagann an rann clúiteach sin de chuid Shakespeare chun chuimhne dom, na focail a chuir sé i mbéal Gloucester i dtraigéide King Lear:
“As flies to wanton boys are we to th' gods,
They kill us for their sport.”

Bhuel bíodh sin nó na bíodh. Bíodh Dia ann nó ná bíodh. Is cuma sa tsioc ar shlí. Nílim chun Dia a dhiúltú nó a bhréagnú anseo mar a dhéanann a léitheidí mar Richard deisbhéalach binnbhriathrach Dawkins. Ar an láimh eile dhe nílim chun é nó í a chosaint ach an oiread – a rá go bhfuil oirchill de shaghas éigint taobh thiar den domhan tathagach seo ‘gainne.


Séard atá i gceist agam anseo ná an eispéireas dothuigthe, uafásach, scanrúil sin a bhriseann is a scriosann an duine daonna nuair a thiteann rudaí tragóideacha truamhéalacha amach cosúil leis an timpiste uafásach sin a tharla le déanaí ar bhóithre na Gaillimhe. Gan dabht tagraím don tionóisc chinniúnach sin (Feictear an nasc seo: Tragóid ) a tharla ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Ballindine i gContae na Gaillimhe Dé Máirt seo caite a d’fhág ceathrar scolaire óga – cailíní óga iad go léir ins na ficheadaí luatha – chomh marbh le clocha fuara ar an ród fuarchúiseach. Ba mhicléinn iad uile in Ollcoil na Gaillimhe. Ní raibh siad ach ag tairseach an tsaoil. Ba randamach tragóideach an buille dóibhsan agus dá muintir uilig. Tháinig cailín bocht amháin slán ach tá an créatúr bocht fós i mbaol - í sínte gan aithne gan urlabhra ar chlár a droma in oispidéal Beaumont anseo láimh liom i mBaile Atha Cliath. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuici agus chuig a muintir uilig in am seo a ngátair. Ní féidir linn a mbuairt ná a bhfulingt a thuiscint. Chuala mé nath éigint uair amháin a deir: "Scríobhann an Cruthaitheoir le línte cama nach féidir linn a léamh." Fágaim cíoradh an natha ait sin libh a leitheoirí díle.

Scriostar sinn i ndiaidh tragóide chomh h-uafásach leis an gceann a luaigh mé díreach ansin - agus ba cheart agus ba chóir go scriosfaí mar is fíor luachmhar leochailleach an bláth é an saol. Agus, a chairde croí, ní bláth ilbhliantiúil é ach an oiread.


Bainigí uile súp agus sult as an saol fad a mhaireann sibh! Mar a deir an seanrann sin:
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.”

Saturday, November 14, 2009

Féith na Cruthaíochta




De réir mar a théim in aois déanaim iarracht nach beag an tsiniciúlacht a sheachaint. Dar liom gurb í an tsiniciúlacht chéanna ceann de na míbhuntaistí a bhaineann le sleamhnú isteach na mblianta. Uair dá raibh is cuimhin liom siúl isteach i seomra foirne amháin i meánscoil chlúiteach ins na h-ochtóidí luatha den aois seo caite agus mé in ard-ghiúmar faoi rang maith a bhí tar éis bheith agam agus gurbh é an freagra a fuair mé ó sheanmhúinteoir a bhí suite i gcúinne amháin ná: "Foghlaimeoidh tú an fhírinne sar i bhfar!" Caithfidh mé a rá gur bhain an ráiteas sin uaidh siar asam ag an am. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a rá leis go dtuigim dó anois tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag obair sa ghort, nó chun meafar eile a mhúnlú, tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag treabhadh na mara.

Ní thugtar mórán cúrsaí traenála do mhúinteoirí le linn a saoil mhúinteoireachta. Go deimhin tá méid beag cúrsaí tacaíochta ann maidir le h-ábhair an churaclaim ach ní thugtar aon inseirbhísí ar an gcéird fhéinig maidir le cúrsaí proifisiúnta mar bhainistíocht ranga, iompar nó mí-iompar na ndaltaí, forbairt phearsanta agus forbairt phroifisiúnta an mhúinteora féin, módhanna nua teagaisc, athraithe móra sóisialta na linne, rangannaí ar an siceolaíocht nó ar an soceolaíocht féin. Is mithid dom stopadh mar tá go leor lochtanna ar an gcóras oideachais taobh amuigh de na cinn a bhaineann leis an gcéird fhéinig - na gearrthaí siar go léir 7rl.

Ar aon nós ní hí an tsiniciúlacht atá mar ábhar an phoist bhig seo dom ach a frithnimh, sé sin féith na cruthaíochta. Tar eis tríocha bliain dom ag treabhadh na mara mar a mhúnlaigh mé an meafar sin thuas, táim anois díreach sáite i gcúrsa mór maith inseirbhíse, nó leis an fhírinne a rá, cúrsa traenála nua - táim ag déanamh cleachtadh múinteioreachta arís, ag ullmhú pleananna ranga, pleananna téarma agus ag déanamh staidéir ar mhódhanna nua múinte, ar bhainistíocht ranga, ar chur chuige nua maidir le Mata, Béarla, Cumarsáid agus mar a bhaineann siadsan le múineadh daltaí laga. Ní mór dúinn go léir iniúchadh a dhéanamh ar ár saol proifisiúnta chun athbhrí a chur ann nó chun é úrú nó fiú a athbheoú.

Taobh amuigh de sin caithfimid go léir caithimh aimsire a bheith againn a scaoileann an strus is an brú chun siúil, is cuma sa tsioc cad iad na caithimh aimsire céanna. Téigh amach ag siúl fá na bóithre nó fa na cnoic má bhíonn an deis sin agat. Nó fiú bí ag ceol nó ag canadh nó ag scríobh. Le linn na tríocha bliain sin ata caite agam im' mhúinteoir thugas fé ndear gurbh iad na múinteoirí cruthaitheacha na daoine a bhí in ann coinneáil ar siúl, na daoine a bhí in ann an tsiniciúlacht a sheachaint, a bhí in inmhe iad fein a athbheoú bliain i ndiaidh bliana.

Gan dabht ar domhan is e féith na cruthaíochta íocshláinte nó frithnimh na siniciúlachta.



Thuas, grianghraf a ghlacas ar chiumhais abhainn an Arno - lungarno - Firenze cúpla blian ó shin. Dar liom is í cathair Firenze croílár na cruthaíochta

Sunday, September 27, 2009

Déjà vu




"Is amhlaidh go raibh mé díreach san áit cheannann chéanna seo uair dá raibh," arsa mise liom féin ar dul isteach dom tré gheata tosaigh Choláiste Phádraig an Luan seo caite. Go deimhin is maith is cuimhin liom dul faoi agallamh iontrála sa bhliain chinniúnach san, míle naoi gcéad is a seachtó sé - bliain m'ardteise. Ag an uair sin bhí ar an ábhar múinteora amhrán a chanadh mar ceapadh go mba chóir don teagascóir bheith in inmhe canadh. Bhí an t-ádh liom bheith in ann é a dhéanamh agus is cuimhin liom an t-amhrán clúiteach sin "Preab san Ól" a cheol. D' éirigh go geal liom san agallamh ach dhiúltaigh mé an an t-ionad sa choláiste sin mar theastaigh uaim bheith im' mheánmhúinteoir. Mar a dúirt mé cheana sna poist ar an mblag seo'gam bhí Micheál Ó Muircheartaigh (an tráchtaire clúiteach sin ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar Raidio 1 gan aon agó atá faoi chaibidil agam anseo, agus é beagnach in aois a cheithre scór anois - go maire tú an céad, a Mhíchíl uasail) ó Chiarraí agus Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh agam mar mhúinteoirí Gaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad Mhícheál díobh san á rá nár cheart d'éinne dul isteach sa bhunmhúinteoireacht gan bheith sásta a shaol oibre a chaitheamh le páistí beaga agus nár cheart d'éinne dul le méanmhúinteoireacht gan bheith in ann cur suas le déagóirí. Dob é sin an chomhairle ab fhearr a fuair mé riamh faoi chéird an oide. Fear fíorphraiticiúil é an Mícheal céanna. Bhí an scoth den Ghaeilge ag an mbeirt acusan. Iarbhunmhúinteoirí ab ea iad sula ndeachadar isteach sa dara leibhéal. Bhíodar bheirt anseo i gColáiste Phádraig sna caogaidí luatha.

Ar aon nós, séard a bhí ar siúl agam ná gur thosnaigh mé ar chúrsa eile iarchéime - Dioplóma Iarchéime sna Riachtanais Speisialta Oideachais. Bhraith mé gurbh amadán ceart mé bheith ag tosnú as an nua ar phleananna ranga, scéimeanna oibre, nótaí agus níos mó nótaí, gan trácht ar dhiabhal na téarmaíochta uafásaí atá ag baint leis an diabhal-rud céanna. Sea amadán ceart mé ach is fíor le rá gur tosú nua é i mbliain mo dhara bliain caogad dom. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh a lán deiseanna agam scríobh ar phár na blagchruionne anseo mar ceapaim go mbeidh me ró-ghnóthach. Ach bíodh sin nó na bíodh leanfaidh mé ar aghaidh ag léamh an méid sin a scríobhann mo chairde dile ina mblaganna éagsúla. Slán beo leis na seanlaethe! Ní thiocfaidh siad ar ais choíche. Is maith is cuimhin liom an t-ógánach neamhurchóideach soineanta a bhí ionam na blianta ó shin agus mé ag siúl liom trén ngeata sin. Chuir sé ionadh, gliondar agus fiú sceon ar mó chroí an Luan cinniúnach seo caite go raibh an t-ógánach sin caillte leis na blianta agus é claochlóite anois ina fhear meánaosta le taithí na mblianta ar a sheanghuailne.




Thuas chuireas grianghraf den fheá mhaith mhór álainn a leagadh le déanaí. Bhí an fheá roinnt mhéadair lastuigh den gheata tosaigh. Moladh an leagadh toisc go raibh an crann ró-shean agus ana-chontúirteach. Feictear an nasc seo a leanas: Feá na Feasa

Saturday, September 05, 2009

Cad is Grá Ann?






Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fada go leor ar dhomchla an phlainéid bhig seo agus nach dtuigim in aon chor cad tá i gceist nuair a luaitear an focal "grá." Is amhlaidh go luaitear go ró-mhinic an focal seo agus go laghdaíonn an mhinicíocht sin an bhrí. Ní h-é sin le rá nar léigh mé leabhair faoin ábhar - idir dhiagacht agus fhealsúnacht, gan trácht ar na dánta is na h-úrscéalta go léir. Lena chois sin, gan dabht, bhíos sáite i gcúpla caidreamh ó am go chéile im 'am ar an saol seo agus adhmhaím gur mhothaigh mé go rabhas i ngrá. Gan dabht ar domhan is rud é an rómánsúlacht a d'eascair agus a d'fhás ó aimsir na dTroubadours i leith agus ceapaim gur rud nó feiniméan siceolaíochta é a chruthaítear inár samhlaíocht fhéin. Bíodh sé sin nó na bíodh is amhlaidh go n-aithnímid feiniméan an ghrá nuair a mhothaímid é nó nuair a bheirtear orainn ina líon. Ar aon nós seo dhaoibh an dara dán a chumas ar laethanta saoire dhom san Iodáil. Níl ann ach focail ach is leor iad na focail. Bíonn an bhrí is an míniú de shíor sna focail seachas i gcoincheapanna teibí na meitifisice.






Iomar an Ghrá

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is páistí beaga ag léimt
In aghaidh na dtonnta
Tá beirt leannán ag pógadh -
Béal in aghaidh béil-
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.

Thíos ar thrá Isca
Is an ghrian fós go h-ard
Tá Iodálaigh dhonna dóite
Ag déanamh bolg le gréin.
Tá beirt fhear i mbád beag
Ag iomramh mar dhiabhail -
Ina bpáistí aríst.

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is sinn uilig ag iarraidh
Fuascailt ón mbuairt
Tá an fharraige mar mhantra
Dár saoradh ón mbrú.

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Tá an ghrian is an gaineamh,
An t-uisce is an ghaoth
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.






Thuas - cúr na farraige ar thrá Isca Marina i gCalabria na hIodáile!

Saturday, August 29, 2009

Ní Bhíonn in aon rud ach Seal




Is í ceann de na mórfhabhanna a bhíonn againne mar dhaoine ná chomh tapaidh is a cheapaimid go sleamhnaíonn na laethanta uainn - is deacair i ndáiríre bhreith ar eireaball an am i láthair. Molann na daoine feasa dúinn conaí san am i láthair nó díreach i láthair na h-uaire gan a bheith caillte ar láimh amháin in aithreachas nó áiféala faoi rudaí a tharla san am atá caite agus nach féidir linn puinn a dhéanamh fúthu anois, agus ar an láimh eile dhe a bheith sáite in umar domhain na buartha faoin am atá le teacht. Má mhairimid faoi chathú nó faoi bhuairt nílimid saor dá laghad. Is é chroí-lár na saoirse é bheith in ann maireachtáil gan chathú agus gan bhuairt san am i láthair. Ach is fusa a rá ná a dhéanamh. Is obair saoil é i ndáiríre maireachtaint san am i láthair. Bhuel, ar aon nós, sin iad na smaointe a ritheann liom agus mé tagtha ar n-ais go hÉirinn tar éis cúig sheachtainí a chaitheamh san Iodáil Theas. Sin an fáth, i ndairíre, gur rith an seanfhocal sin thuas liom - Ní bhíonn in aon rud ach seal - mar theideal oiriúnach ar an bpost beag seo. Níor bhraith mé uaim an baile in aon chor mar is mó go mór a bhraithim mar Éireannach nó mar Ghael nuair a bhím thar lear. Níor scríobh mé mórán i nGaeilge nuair a bhí mé ann seachas cúpla dán. Seo ceann amháin díobh daoibh:

Im’ Aonar in Isca

Anseo in Isca na hIodáile
Is teanga mo dhúchais in easnamh
Is mé ag tóraíocht an fhocail iasachta
Braithim uaim aibítir mo chroí.

Anseo in Isca na hIodáile
Is Luke Kelly dá sheint
Ar mo ríomhaire glúine
Braithim pas beag uaigneach.

Ach is cuma sin is uile:
Is breá liom mo chomhluadar fhéinig
Is an ghrian dom’ dhó
Ag ruaigeadh uaim allas na sáighe.

Anseo in Isca na hIodáile
Fad ó spéartha liatha na gruaime
Suím faoi bhrat gorm gan scamall
Is ardaítear m’anam.

Anseo in Isca na hIodáile
Is teach beag nua agam faoin ngrian
Airím fréamhacha mo dhúchais
Ag bogadh faoin talamh tirim.



Chomh maith leis sin, a leitheoirí dile, feicim go bhfuil níos mó agaibh ann anois. Failte rómhaibh go léir.

Slán tamall.





Thuas chuireas pictiúr a ghlacas dena cnoic thart fá Isca i gCalabria na hIódáile

Monday, July 20, 2009

Sos Beag




Níl a fhios agam cá dtéann an t-am in aon chor - sleamhnaíonn sé chomh gasta sin uainn. Ar aon nós caithfidh mé sos míosa nó níos mó a ghlacadh ón mblag seo. An fáth ná go bhfuilim ag dul síos go dtí an Iodáil Theas - Isca Marina - sráidbhaile beag ar chósta Mhuir Ionio. Anois, táimid chomh fada sin thíos ar mhéar na coise mar a déarfá nach bhfuil mórán fáil againn ar an idirlíon. Ar aon chaoi, níl an t-árasán ach tar éis a bheith tógtha.


Ansin, tá sé beartaithe agam briseadh a thógáil roimh fhilleadh ar obair - ag teagasc buachaillí a bhfuil Asperger's orthu. Is post é atá an-díocasach go deo, ach ar a shon san is obair an-sásúil í. Ós rud é go bhfuil cúpla galar nó tinneas orm - brú fola, airtríteas agus colaistéaról ard chomh maith leis an ghruaim, bíonn orm mám mór drugaí a thógáil in aghaidh an lae. Lena chois sin bíonn mo dhochtúir de shíor ag tathaint ort dhá chloch de mheáchan a bhaint díom, agus caithfidh mé éalú uaidh ar feadh míosa ar a laghad. Ar aon nós coinníonn na piollaí ag gluaiseacht mé ar scor ar bith. Anois, nílim ag gearáin in aon chor. Mar a deireadh mo dhaid, slán beo lena anam uasal, tá a lán sínte sa reilig a thabharfadh aon rud bheith beo ar an saol fós - fiú is dá mbéadh na tinnis éagsúla atá orainne orthu mar fhulaingt. Is amhliadh gurbh fhíor dhó.

Bhuel, ó bhí me an-óg bhí suim riamh agam i scríbhneoireacht - i mBéarla agus i nGaeilge, an dá ábhar arbh fhearr liom ar scoil. Nuair a bhíos sa mhéanscoil thosaigh mé ag scríobh d'irisleabhar na scoile, agus fós im' scoilse anois is mise eagarthóir an irisleabhair bhliantúla. Chomh maith leis sin tá grúpa beag scríbhneoireachta agam ar scoil agus é beartaithe agam blag a chur suas le nasc dár suíomh scoile. Ar aon nós sin an plean atá agam.

Bhuel, is oth liom a rá go gcaithfidh mé scarúint le pé duine atá amuigh ansin ag léamh na bhfocal seo. Gurab míle maith agaibh as bheith im' chomhluadar. Is mór agam é leis an fhírinne a rá. Mar a dúras roimhe seo caithfidh mé a lán nithe praicticiúla a dhéanamh, mar shampla, cistin a cheannach dár n-arasán nua san Iodáil, cúntais bhainc a oscailt, cúntais leictreachais, gáis agus uisce a oscailt agus a íoc astu, troscáin agus leabaí a ordú 7rl Anois níl ach an tríú chuid nó trian den chostas le h - íoc agam mar tá beirt deartháireacha agam agus roinnimid gach rud eadrainn. Is árasán teaghlaigh é i ndáiríre píre.

Anois caithfidh mé ullmhúcháin a dhéanamh don turas, siopadóireacht agus a leithéid, gan trácht ar an bpacáil uafásach nach maith liom ar chor ar bith.

Bhuel, fágaim agaibh mó bhuíochas, mo dea-ghuí agus mo bheannachtaí, chomh maith le mo chuid dhánta agus guím samhradh mór maith oraibh go léir. Slán tamall.

Tim.



Thuas, chuir mé pictiúr eile a ghlacas den nóinín mór, bláth simpli álainn siméadrach a thaitníonn go mór liom.

Sunday, July 19, 2009

Seandánta 13




Bhuel, caithfidh mé a rá, go dtarlaíonn míorúiltí ó am go chéile. Sé sin le rá, go bhfuil roinnt leitheoirí amuigh ansin ar an mblagchrinne a léann na blaganna éagsúla. Táim tar éis cuireadh a fháil ó Shéamas Ó Neachtain, eagarthóir irise breá nua as Gaeilge agus í siúd foilsithe sna Stáit Aontaithe. Táim ag déanamh tagairte don iris nua An Gael. Feic an nasc seo le do thoil: An Gael . Ós rud é go bhfuilim ag tabhairt tagairtí anseo bhéadh sé oiriúnach nasc a chur anseo leis chuig bhlag Shéamuis fhéin: brúigh anseo le do thoil: Séamus Ó Neachtain. Ar aon nós d'iarr an t-eagarthóir orm dha dhán a sheoladh chuige don chéad eagrán den iris ghalánta seo. Is féidir an chéad chóip a iniúchadh ag an nasc seo: brúigh anseo le do thoil: An Chéad Eagrán .


Bhuel, mar a dúirt mé cúpla uair roimhe seo, táim ag dul siar ar seandánta a scríobh mé agus á gcur i gcló anseo. Seo ceann eile dhaoibh:


Dathanna uile na mBláthanna

Bláthanna úra agus dhá shoitheach díobh,
Coinnle agus soilse ísle agus muidne ar an tolg
Agus guth iontach tarraingteach Luca Carboni sa chúlra,
An rithim bhreá rialta Iodáileach –
Gutaí oscailte agus dúnta
Agus muid ag éisteacht le fadhbanna a chéile agus eile
Agus screadaíl na ngirseach ag an gceolchoirm bheo –
Agus an t-amhránaí ag díol a anama leis an slua –
Anam ar díol, anam ar díol, anam ar díol,
Quanti colori di sassi e di fiori, di strade e di muri
Agus an guth éadrom ag mealladh an lucht éisteachta
An síol a ithe as a lámha.
Tú mar éinín beag bídeach eaglach i mo lámha
Agus mise dod’ chiúiniú, dod’ chur ar do shuaimhneas
Agus ár dteangacha ag cuimilt a chéile
Ar thóir an chompóird spiordálta,
Ag iarraidh breith ar an ngaoth.
Tá boladh breá úr óna bláthanna is óna coinnle.
Sar i bhfad múchfar iad agus rachfar a luí.
Sa dorchadas ní thabharfar faoi deara
Dathanna uile na mbláthanna.




Thuas tá pitiúr curtha agam de nóinín mór fiáin a ghlacas cúpla bliain ó shin.

Friday, July 17, 2009

Seandánta 12







Seo dhaoibh thíos dán beag simplí iontuigthe ar ábhar an cheoil is ar an ndóigh ina gcoraíonn sé muid. Deirtear gurb í an ceol teanga an chroí nó teanga an ghrá. Is teanga idirnaisiúnta é gan focail mhínithe ar bith ag gabháil leis. Is créatúir muid a dhéanann fuaimeanna. Samhlaím gur eascair teangacha sna seana phluiseanna inar chónaigh ár sinsir. Rinneadar fuaimeanna éagsúla chun a mianta a chur in iúl agus chun eolas a fháil. De réir a chéile d'fhás agus d'eascair teangacha agus ceol. Is rud ana-bhunúsach é fuaimeanna an tsaoil nó fuaimeanna a dhéantar chun dul i dteagmháil le duine eile. Is rud fíor-álainn é an ceol a dhéantar chun leanbh a chur a chodladh. Is rud ana-chorraitheach e an ceol a dhéantar chun fuascailt a thabhairt do chroí atá faoi bhrú. Is rud fíor-thabhachtach é an ceol a dhéantar nuair a bhíonn meitheal ag obair ar fheirm nó i láthair oibre eile. Smaoinigh ar na h-amhráin a chantar le linn oibre mar rabhcáin mharaí nó rabhcáin háilléir. Is leor é seo mar réamhrá.





Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí

Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Táim cosúil le h-aindiúlach – tugtha dó,
Ceol na céille agus na díchéille,
Ceol an bhrí is ceol na h-easpa.
Seo mise agus Dylan Live­ ag fáisceadh a chroí
Agus mo chroí-se leis sa Royal Albert Hall 1965.
Blianta ó shin – na seascaidí agus mise im’ pháiste –
Deacair a chreidiúint go mbéinn bogtha ‘gus corraithe
Daichead bliana i ndiaidh an taifeadta.
Ach sin mar atá agus mar a bheidh go brách -
Is deacair na fáithe a dhiúltú nó a sheachaint.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Taim cosúil le deisceabal Rí an cheoil,
Le mac léinn an mhisteachais,
Le seanadraoi na págántachta,
Le leantóir Chríost an Damhsa,
Táim ar oilithreacht an cheoil –
Ag lorg brí nach bhfaighim san ól
Ná fiú i bhfreagraí na n-intleachtach
Ná i gcallán mór an domhain.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.





Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!

Seandánta 11




Tuigim go bhfuil an dán thíos go mór as séisiúr, ach táim ag cur na ndánta atá ar meamram agam ar mo p.c. in ord ama. Is amhlaidh mar sin nach bhfuil aon chomhfhreagras idir na dánta agus an t-am i láthair maidir le h-aimsir agus cúrsaí domhanda mar atáid ag titim amach go laethiúil. Ach bíodh sin uile amhlaidh, ceapaim go bhfuil uilíocht agus brí nach beag ag baint leo. Nílim ag déanamh aon ceartúcháin da laghad orthu. Seo mar atáid sa bhunleagan sa chomhad agam.

Titim an Fhómhair

Órga na duilleoga roimh mhallthitim an fhómhair
Agus an fhearthainn bhog ag fliuchadh mo chroí.
Tá an séisiúr ana fhionnuar don am seo den bhliain
Agus tá grá úrnua ag bogadh is ag leá m’anama.
Éistim le guth fíorbhinn corraitheach Luca Carboni
Agus glacaim misneach is dóchas arís sa saol,
Dóchas go bhfuil gach rud mar ba cheart is ba chóir dó,
Go dtagann is go n-imíonn gach neach san am cuí,
Go dtiteann na duilleoga buíthe,donna, órga,
Go siúltar tríotha le buillí éadroma an choisithe,
Go scríobhtar fútha i ndánta is i ngearrscéalta,
Go seasann siad do shíorghluaiseacht an tsaoil
Agus go mbailítear iad i málaí móra dubha,
Go bhfuil na páistí is na leannáin i ngrá leotha,
Go nglacann an garraíadóir leo go réidh
Agus go bhfuil gach rud in ord agus in eagar,
Go dtiteann siad fad is atá Dia ag siúl sa ghairdín.
Braithim cumhacht Genesis agus fionnuaire an lae
Fad is atáim ag ithe an úill ó lámha Éabha.
Ach is duine fásta mé agus glacaim le mo dhualgaisí,
Go bhfuilim ciontach mar chách,
Gur peacach mé is gur peacach mo stór,
Go bhfuil an bheirt againn i sáinn mhór –
Fadhb na míthuisceana agus easpa muiníne –
Na páistí gortaithe agus róghortaithe.
Ach glacaimid misneach i mallthitim na nduilleog
Agus téimid i muinín an mhachnaimh,
I muinín Gautama Siddharta ar thóir na gaoise
Ar thóir na céille is eagna na h-aoise.
Sa deireadh thiar titfidh gach rud amach
Ina shéisiúr, ina shéisiúr is ina shéisiúr féin.


Thuas chuireas pictiúr a thóg me de thitim na nduilleog le linn an fhómhair im' eastát tithíochta fhéinig. Thógas an grianghraf timpeall ceithre bhliana ó shin!

Thursday, July 16, 2009

Seandánta 10





Bainim an-sult go deo as an taisteal agus go h-áirithe bheith ag taisteal go dtí na Gaeltachtaí anseo in Éirinn nó chuig an Iodáil, an tír is fearr liom ar dhromhchla an domhain seo, gan Éire a bheith san aireamh ar ndóigh. Ins an dá áit sin bím in ann mo shuimeanna i gcultúir, i ndaoine éagsúla agus i dteangachaí a úsáid nó a chur i bhfeidhm. Fuaireas an seandán seo a leiríonn na suimeanna sin go deas i measc na meamram atá ar mo p.c. Ta súil agam go mbainfidh sibh sult as. Seo dhaoibh é. Agus...Slán tamall...


Teanga an Taistil

Is breá bheith suite ar thraein
Ag dul chuig Venezia Santa Lucia
Agus guthanna breátha binne na nIodálach óg
Ag moladh an tsaoil atá iontu le ceiliúradh.
Is breá bheith ag éisteacht
Le ceol gutaí oscailte agus dúnta na hIodáilise,
La bellissima lingua del mondo
Agus mé ag scríobh i nGaeilge bhreá bhinn na hÉireann
Lena gutaí gearra ’gus fada, caola ’gus leathana.
Molaim an óige iontu, ragazzi e ragazze,
Molaim an spiorad iontu,
Grá don saol iontu,
Grá don bheatha iontu,
Grá dona h-iontaisí iontu –
“C’e il mare, c’e il mare”
A deir leaid óg amhain arís is arís eile
Agus na cailíní óga ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha.
Cuimhním ar dhán de chuid Emily Dickinson,
Comrádaí croí agus spioraid dom:
“Exultation is the going of an inland soul to sea,”
Agus tá muidne uile ag dul chuig chathair ársa,
Venezia álainn na farraige is na gcanálach,
Venezia na ngondole ’gus na ngondolieri ,
Venezia, la bellissima cittá del mondo.
Ag binario a sé tá taoide na dturasóirí ag teacht i dtír
Agus léimeann una bella ragazza
Isteach i mbaclainn a ghrá ghil.
Táimid uile ar tháirseach na h-áilleachta is na fírinne
Agus táim féin ag tumadh ina ndoimhneacht.





Thuas d'uaslódálas pictiúr eile a ghlacas i Venezia timpeall cúig bhliana ó shin.

Seandánta 9




Seandán eile thíos daoibh, a léitheoirí díle. Má bhíonn sibh ag léamh na leathanaigh seo agam, bíodh a bhfuil le rá agam i mBéarla, Gaeilge nó fiú in Iodáilis, tuigfidh sibh go bhfuilim buailte bun ós cionn ag teangachaí, go dtéann cumhacht na bhfocal, pé teanga ina bhfuaimnítear iad, go mór i bhfeidhm orm. Chomh maith leis sin, feicfidh sibh gur iarracht gach a scríobhaim agus a chumaim ord agus eagar a chur ar mo dhomhan príobhaideach féin agus iarracht é sin leis, roinnt chéile a bhaint as an saol go coitianta. De réir mar a théim in aois athraíonn nó fiú claochlaíonn mo thuairimí. Suas go dtí go raibh mé a daichead bhí mé im' Chaitliceach ach ansin buaileadh tinn mé agus uaidh sin amach is amhlaidh gur chailleas aon chreideamh ceartchreidmheach a bhí agam. Is amhlaidh anois gur Búdaíoch de shórt éigin mé. Creidim go domhain sa saol, sa spioradáltacht, go h-áirithe i spioradáltacht an am anois nó an am í lathair. Mollann gach spioradáltacht dúinn maireachtáil san am i láthair. Ta an an t-am caite imithe gan filleadh agus an todhchaí, bhuel, níl sé ann in aon chor. Mar a deir an sean-nath Laidine: "Carpe diem""beir ar an am i láthair" nó éalóidh sé uait! Mar sin, creidim go domhain sna focail thíos: "Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta//Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa."

Siúlóid Fhómhair

Siúlóid mall i ngrian an fhómhair
Uair nó dhó roimh an eadarsholas.
Neamhghnách don Mhéan Fomhair
An teocht ag marcaíocht sna fichidí.
Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta
Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa.
Sin a deir m’anam istigh arís is arís eile.
Tá cumhacht an leighis i ngaethe na gréine
Is beocht na cruinne sa ghaoth ón bhfarraige.
Níl néal fearrthainne ná scamall amháin na gruaime
Sa spéir gorm ós mo chionn ná ós bhur gcionn.
Cheapfá nach raibh bás ar dhromchla an domhain –
Nach bhfuil ann ach beatha i mullach beatha
Agas éiníní na mara ag canadh is ag canadh
Is an ghrian dá dtéamh is an fharraige dá gcothú.
Tá leigheas ann má lorgaítear é –
Ní gá ach dul dá thóraíocht –
Lean an t-anam agus a bhrionglóidí
Agus éist go géar agus go cúramach lena gcomhairle:
Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta
Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa.





Thuas d'uaslódálas grianghraf a thóg me blianta ó shin de chaladh Bhinn Éadair, ceann des na aiteanna a dtéim ag siúl go minic - déanann an áit fhíorálainn sin maitheas agus leigheas dom chroí.

Seandánta 8




Anois táim ar mo shuaimhneas i mó shuí dom ós comhair scáileán mo p.c. ag éiteacht le guth fíorbhinn fíorálainn Nina Simone, ceoltóir agus amhranaí ar ansa liom í. Cuireann sí an ghruaigh ina sheasamh ar dhroim mo mhuineáil lena paisean. Bíodh sin mar atá. Táim ag dul siar ar sheandánta a scríobh mé, agus i ndáiríre rinne me dearmad ar a lán acu. Is amhlaidh go scríobhann agus go gcumann muid dánta nuair a bhogtar sin ag an ngrá nó ag mórbhraitstint eile dar ndóigh. Is e an scéal céanna é maidir liom fhéinig gan aon agó. Fuair mé ceann eile a scríobh mé do sheanghrá liom - Aine gheal mo chroí. Rud amháin a dhéanann an grá dúinn nó go gclaochlaíonn sé muid go dtí go mbímíd sáite ina ghreim. Sin mar a bhíonn sé ar aon nós dar liom. Ar scor ar bith sin agaibh an dán thíos. Scríobh mé é timpeall cúig bhliana ó shin.

Stazione Venezia Mestre
(Dán d’Áine, Gile mo Chroí)

Im shuí dom i Venezia Mestre
Tá an ghrian ag téamh mo chroí.
Is cuma saibhir nó daibhir mé
Mar tá mo ghrá ina cónaí lastuigh.
Ta an Orient Express tar éis imeacht,
Traein bhreá shlachmhar gan smál –
Í glanta snasta ó bhun go barr,
Dubh galánta órga ar thóir an neamhghnáiche.
Is fearr liom i bhfad bheith mar atáim
Ag scríobh im leabhar dubh nótaí –
Nótaí faoi mo bhraistintí is mo smaointe
Ó thobar saibhir m’anam’ is mo chroí.
Im shuí dom i Venezia Mestre
Tá an ghrian ag téamh mo chroí.
Cloisim go bhfuil traein Padova in attesa
Is ceann eile chuig Bologna in partenza a binario tre.
Is cuma saibhir nó daibhir mé
Mar tá mo ghrá ina cónaí lastuigh.





Sin pictiúr díom fhéinig ag beathú na gcolúr i gCearnóg San Marco i Venezia mar ar scríobhas an dán thuas. Slán beo leis na seanlaethanta - ní thiocfaidh siad arís!!

Wednesday, July 15, 2009

Seandánta 7




Bhuel is í an fhírinne lom í a rá nach bhfuil cinnteacht nó dearfacht ag baint le h-aon rud ar an saol seo. Sa Sean Tiomna nuair a chuaigh sólásaithe Iób, sé sin, Bildad, Zophar agus Eliphaz chuige tháinig siad leis na seanfhreagraí, an t-eagna nó an ghaois mar a chualadar é sa traidisiún. Bhíodar cinnte dearfa gurbh amhlaigh gur pheacaigh Iób agus gur pheacaigh sé go trom mar sciobadh gach uile ní faoin spéir ón bhfear bocht - a ghabháltas uile, a ainmhithe, na barraí go léir a bhí aige sna goirt, a shaibhreas agus fiú a chlann. Ní raibh rud ar bith faoin ngrian fágtha aige ach é ag fulaingt go pianmhar ar ualach brúscair. Thug siad na freagraí traidisiúnta dó i ndáiríre agus níor shólás nó faoiseamh iadsan dó. Bhí a fhios ag Iób nár pheacaigh sé in aghaidh Dé nó in aghaidh duine ar bith. Níor thuig sé cén fath gurbh éigean dó an méid sin péine a fhulaingt in aon chor - agus fulaingth neamhchionntach a bhí i gceist gan aon agó. Scrúdaigh mé go mion fadhb na fulaingte neamhchionntaí i mo bhlag as Béarla agus mar sin, más suim libh ceist an oilc téigí chuige sin agus cuir isteach na focail "olc" nó "fulaingt" - as Béarla ar ndóigh - agus gheobhaigh tú a lán postanna uaim ar an ábhar suimiúil sin.

Is fíor a rá mar sin go raibh neamhchinnteacht nó fiú amhras ar Iób bocht roimh chothrom nó cóir Dé. Dhealraigh sé go raibh Dia féin míchothrom agus éagóireacht ins an slí ar chaith sé le daoine. Bíodh is gur ghearáin sé go truamhéalach agus go searbh in ard a chinn is a ghutha le Dia níor chaill se riamh a chreideamh i nDia. Ag deireadh an scéil faigheann sé a ghabháltas uile ar ais agus caitheadh go maith leis as sin amach.

Tuigeann sibh anois, a leitheoirí, go bhfuilim ag caint faoi neamhchinnteacht nó éiginnteacht na beatha nó an tsaoil. Chumas dán ar an ábhar sin trí bliana ó shin. Sula gcuirfidh mé an dán fé bhun a bhfuil scríofa agam anseo, déanfaidh mé pointe suntasach amháin eile faoin éiginnteacht. Deir an fealsamh agus siceolaí, Eugene T. Gendlin, Ph. D., nach dtéann na cliaint a thagann chuige le fios nó le cinneacht réiteach a bhfadhbanna i bhfeabhas in aon chor. Iadsan atá neamhchinnte, caillte gan treo - iadsan a thagann biseach de shórt éigint orthu agus a éiríonn níos fearr.

Ar aon nós, seo dhaoibh an dán:

Neamhchinnteacht

Bliain nua, rang nua, aghaidheanna úra
agus muidne mar an gcéanna ach dulta in aois,
gan trácht ar an ghaois ba cheart a bheith ionainn
ach sin scéal eile agus muid mar mhangairí
ag díol eolais do dhaltaí nach bhfuil suim rómhór acu inár n-earraí caite – seanbhalcaisí an eolais.
Slán beo leis na seanlaethanta, leis an neamhshoifisticiúlacht,
leis an fhírinne shoiléir, leis na seanchinnteachtaí agus an dubh agus an bán
agus na seanmhúinteoirí ina bhfeisteas múinte – clócaí fada dubha.
B’shin uair eile, an aimsir atá caite, caite, caite gan filleadh go deo.
Buíochas le Dia, má tá sé nó sí ann, má tá fórsa taobh thiar den domhan,
a bhuí leis an bhfórsa sin, leis an stuif ónar eascair muid,
na blianta, blianta cairbreacha ó shin i gceo tiubh na staire is na réamhstaire.
Cé muid? Cá bhfuil muid ag dul? Cén fáth ann muid? Cad a chiallaíonn an bheatha, fiú an comhfhios?
Mórcheisteanna, mórcheisteanna i mullach a chéile agus muid fós ag múineadh
cinnteachtaí, cinnteachtaí, cinnteachtaí nach bhfuil muid ró-chinnte fúthu níos mó.
Ach sin ceist eile, ceist eile ar fad ar gá a chur fiú muna bhféadtar a fhreagairt.




Thuas chuireas suas grianghraf a ghlacas roinnt bhlianta ó shin i bPáirc Fhaiche Stíofáin. Nach deas an saol atá ag na lacha?

Seandánta 6


Seandán eile daoibh, a chairde. Ni dóigh liom go bhfuil sé iontuigthe ar an gcéad léamh, agus mar sin ba cheart, dar liom, cúpla focal a rá faoi. Éinne a léann mo bhlag as Béarla beidh a fhios aige nó aici go bhfuil an dúlagar nó an ghruaim orm. Rinneadh an diagnóis sin níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhuail sé mé go tobann nuair a shroich mé daichead bliain d'aois agus b'éigean dom tréimhse de sheacht seachtainí a chaitheamh in ospidéal síciatrach - ospidéal Naomh Pádraigh anseo i mBaile Atha Cliath - ceann des na h-ospidéil shíciatracha is fearr sa chuid seo den domhan. Ar aon nós, táim i mbarr mo shlainte ó shin i leith. Gan dabht ar domhan caithim piollaí frithdhúlagráin a thógáil - ceann amháin in aghaidh an lae. Níl aon dul as agam mar tá an galar atá orm cliniciúil. Ó na pointí sin tuigfidh siad an chuid is mó den dán thíos, mar shampla: línte 1-2, 7-10 agus 15-16. Ag an am sin chuaigh mé chomh fada sin thíos sa duibheagán nach raibh aon dul as agam ach iarracht a dhéanamh teacht suas arís. Bhuel - is amhlaidh go raibh slí éalaithe amháin eile agam - sé sin mo lámh a chur im' bhás féin, ach, buíochas le Dia, níor thógas an bealach sin. Rinne mé tréan-iarracht mo chosa a bhualadh de bhun an linn snámha agus mo chorp a thiomáint suas go dromchla an uisce chun aer úr na céille a shú isteach i mo scámhóga. Thuig mé ansin go raibh láidreacht, neart nó treise ionam nach raibh a fhios agam a bheith ionam roimhe sin. Míníonn sé sin línte 3 - 6.

Ní déarfaidh mé níos mó faoi anois, mar ceapaim go dtagann na píosaí beaga go léir le chéile uaidh sin amach. Ar scor ar bith, seo daoibh an dán, bíodh sé maith nó eile. Slán tamall.



Uaireanta briseann an ghrian.

Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil.
Uaireanta beirtear orm gan choinne,
Fágtar ag machnamh mé ar cé chomh láidir is atáim,
Is cé chomh cumhachtach ‘tá spiorad na saoirse ionam
Nuair a thagann an treise aniar aduaidh orm.
Smaoiním anois is arís ar an tromluí uafásach sin,
Oíche dhorcha na bhfuarallas roimh theacht an leighis
Is mé sínte frithlag i bpianta gan mhianta
Ach bheith slán sábhailte i mbroinn mo mháthar.
Thosaigh an láir ag éirí ionam roimh dhúiseacht na súl
Is chuimhnigh mé ar Nietzsche bocht i gCathair Geneva –
É cloíte briste brúite agus a lámha timpeall ar mhuinéal an chapaill bhoicht.
Thuig mé díreach ansin praghas na céile is na míchéile araon.
Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil
Mar a tharla nuair a léim comhleacaí dom’ ionsaí
Á rá nach raibh ionam ach duine leáite gan feidhm
Agus mallacht i mullach mallachta ag titim anuas orm
Is mé fágtha gan fhreagra, gan fhios, gan fhocal.
Ach le h-imeacht na laethanta d’éirigh Dáibhéad ionam
Is ghlac sé chuige a chrann tábhaill is mharaigh sé an fathach
A bhí dom chrá, dom chéasadh is dom chíapadh.
Theith gach sceoin is scéin, uamhan is uafás
Roimh Dhaithí beag a sheas an fód,
Roimh Dháibhéad mór an neamhchomhfheasa.



Thuas chuireas pictiúr eile a ghlacas le déanaí ar thrá Dhomhnach Bat - dul faoi na gréinne agus é frithchaite go tréan san uisce atá ina luí ar an tráigh.

Tuesday, July 14, 2009

Seandánta 5


Níl's agam ó thalamh an domhain síos go dtí an t-ifreann fhéinig, má tá sé ann, conas is féidir liom mo chuid dánta a chur i gcló go h-oifigiúil. Bhuel, is é seo an meán is fearr chun iad a scaoileadh nó fiú a chraobhscaileadh ar an domhan mór. Gan dabht táim ag jócáil nó ag cothú grinn anseo. Bíodh sin mar atá, seo dhaoibh seandán eile ó mo pheann.


San Airdeall
(Aistriúchán ón Iodáilis ar Di Guardia le Umberto Fiori)

Tá aithne mhaith acu orm agus an ceart acu:
táim cosúil le madra,
ceann dena beithígh dhubha úd a chodlaíonn
i gclós monarchan –
má théann tú thar bráid, léimeann siad
i gcoinne an tsreangsconsa,
agus cé chomh minic is a deir tú “Síós leat!”
is é is mó a leanann siad ar aghaidh ag tafann
go dtí go mbíonn siad ar piachán.

Cé dhéanfaidh comhbhrón leo anois?
Bíonn a gcuid fola ar fiuchadh
go dtí go gcasann tú an coirnéal.
Bíonn gach éinne bodhraithe acu.
Taispeánann siad a bhfiacla is baineann siad greim
fiú as an sreang dheilgneach ach is iad na súile
is mó a chuireann sceoin orainn: iad ciúin suaimhneach
agus chomh geal leo siúd den nuabheirthe
nó iad siúd de dhealbh.

Tá fios a ngnó acu: an clós a choimeád slán.
Cé acu dhéanann siad é seo de dhualgas nó de dhúchas,
nach mbogtar thú, fiú ar feadh nóiméid
leis an eachtra sin a chuireann ar mire iad
fad a mhaireann siad?

Ar mo shon féin, tuigim an argóint seo
i bhfad níos fearr ná na cinn eile
a chuala mé tríd na blianta.
Aithním go soiléir
an guth fanaiceach a screadann amach –
go díreach mar seo, de thoradh an éid –
chun clós a ghéibhinn a chosaint.

Ní fios duit cad tá i gceist le bheith san airdeall,
bagairt dod’ chríoch a bhraistint
i ngach aon bholadh,
screadaíl in éadan an domhain mhóir
go dtí go bhfuil tú ar piachán
agus gan a fhios agat
cad é go díreach a chosnaíonn tú
nó cad is cúram duit.


Tá's 'am nach madra fíochmhar cosanta an madra thuas. Is é seo ceann den chúpla ceann de ghrianghrafanna atá glactha agam de mhadraí. Ghlacas an ceann thuas taobh amuigh de thig tabhairne The Summit Inn, Beann Éadair, Feabhra 2007.

Monday, July 13, 2009

Seandánta 4


Seo dhaoibh dán liom a cuireadh i gcló cúpla bliain ó shin - dán beag dar teidil Na Leaids.


Na Leaids

An mhaidin lá arna mhárach is blas milteanach sa bhéal
Is an ceann ina roithleán de smaointe i mullach a chéil’.
Ta pian uafásach ar cúl na súl agus caidé an scéal –
Tá an carr ar iarraidh agus ní cuimhin leis an tale
Ach sin an saol, sin an saol, sin an saol.
Tá ceobhrán bog liath titithe ar an sliabh
Agus a chompánach óg glórmhar callánach ag maíomh
Gur chodail sé le cailín fad is a bhí sé ina thromsuan –
Grá corpartha is mianta na colainne ann go buan –
Sin a cheapann an boc óg agus tuigim dó.
Tuigim fosta don fhear níb’ shine gan aon agó.
Ar shlí amháin nó eile tuigim dóibh beirt –
Is leaids fós iad, is an gnéas mar dheargcheirt
Roimh tharbh dosmachtaithe na mianta.
Is leaids fós iad agus an bheirt acu sna déaga
Ag séanadh teacht na haoise is umar dubh na bpianta
Ach is sin mar atá, mar a bheidh agus mar a bhí leis na cianta.


Arís feicim gur chumas é ar an gceathrú la déag de Mhí na Samhna, 2003.




Thuas chuir me grianghraf eile a ghlacas i Mí an Mheán Fhomhair 2003 - dul faoi na gréine thart ar Chaladh Bheann Éadair.

Seandánta 3




Bhuel, a chairde, Táim ag léamh siar tré sna dánta a scríobh mé as Gaeilge le blianta beaga anuas. Seo dhaoibh ceann eile.


Ní scríobhfaidh mé níos mó

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim,
Tá an saol ró-lán d’fhuaim –
Fuaim na cumhachta agus iad siúd a chreideann
Gur déithe iad le fios a ngnótha léir.

Ach cónaím in áit faoi leith faoi scáth m’anama,
Faoi scáth Jung agus a shiceolaíochta –
Creidim i gcumhacht an neamhchomhfheasa
Agus i gcumhacht na míchumhachta.


Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim,
Táim bréan d’ualach mór a trioblóidí,
Bréan den dubh is den duibheagán
De gach rud a scriosann an spiorad.

Cónaím anois i ndomhan nua an anama,
Nach bhfuil dubh ná geal an t-am go léir
Ach é lán de dhathanna idir eatartha –
Uaireanta an fhearthainn agus uaireanta an ghrian.

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim
Ach faoi gach rud a mhúsclaíonn mo chroí
Agus a ardaíonn an míniú is an brí –
Saol lán de nua-eitilt éinín an ghuí.



De réir an meamraim 'sé an data a scríobhas seo ná 14/11/2003.

Bhuel, thuas chuir mé pictiúr beag a ghlacas tuairim is an dáta céanna i bPairc an Fhionnuisce - crois an Phápa Eoin Pól atá léirithe gan aon agó!

Tuesday, July 07, 2009

Dán Gaeilge Eile ón Iodáil




Níl's 'am i ndáiríre píre cén fáth go dtagann focail Ghaeilge chugam faoi spéartha geala gorma na hIodáile Theas. Caithfidh me a admháil go dtaithníonn an stíl mhaireachtála anseo i gCalabria go mór liom - saol saor ó bhrú is ó strus agus ó fhothram na cathrach móire. Is mór is maith liom an Iodáilis agus bainim an-sult go deo as í a labhairt. Ta mó líofacht san Iodáilis ag dul go mór i bhfeabhas - táim in ann fiú jócanna a thuiscint anois inti.

Ach nuair a bhím ag labhairt na hIodáilise tuigim nach Iodálach mé ach Gael a bhfuil suim aige i dteangachaí. Bhuel, a chairde, seo dán garbh go leor atáim díreach tar éis a scríobh as Gaeilge. Seo dhaoibh é - bíodh is go bhfuil sé thar is a bheith garbh agus tuatach.


Oíche Chorraitheach

Chaitheas oíche chorraitheach
in aerphort London Stansted -
gach éinne im' thimpeall
ag iarraidh codlata -
turasóir anseo ar an talamh -
duine eile sínte ar shuíochán,
srannadh ón mbuachaill taobh thiar -
is gáirí na n-oibrithe -
cailíní óga tagtha ar dualgas go luath -
duine ag casachtaigh,
beirt seanfhear ag roinnt gaoise
nó b'fhéidir fiú ag cúlchaint -
ní fios.
Cailín Oir-Eorpach ag éisteacht le ipod
is lánúin leathshean ag titim i ngrá arís.
Paisinéir amháin nó eile
ag amharc ar an scáileán -
eitiltí chuig gach cearn den Eoraip.
Ní fios cá bhfuilid ag dul,
ní fios cad chuige a bhfuilid ag druidim
ná cad uaidh a bhfuiulid ag éalú.
Ní fios cén brón atá ina luí orthu
ná cén fuascailt chroí
atá i ndán dóibh.




Thuas táim tar éis pictiúr breá a ghlacas de scairdeán álainn uisce díreach i lár Nicastro, ceann de na trí chathair a dhéanann suas Lamezia Terme. Thógas an pictiúr in Iúl 2007. Tá an áit seo gar go leor dár dteach nua san Iodáil!

Sunday, July 05, 2009

Dán scríofa san Iodáil




Táim ag scríobh an phoist seo ón Iodáil a chairde díle. Inniu bhí an aimsir thar a bheith iontach - bhí an ghrian ag spalpadh anuas ó na spéartha geala gorma. Bhí an teocht sna lártriochadaí - 35 céim Centigrade le bheith ceart. Thugamar cuairt ar ár dteach nua inniu agus tá sé beagnach réidh le h-aghaidh cónaithe. Beimid af fáil na n-eochracha Dé Céadaoin seo chugainn le cúnamh Dé. Táim in ann dul ar líne anseo mar táimid in óstán breá d'arb ainm Parco dei Principi i Rocella Jonica gar do láthair ár dtí nua. An chéad dán eile a chuirfidh mé anseo ná ceann a scríbh mé i leabhar beag nótaí in aerphort London Stansted. Seo dhaoibh é a chairde. Ceapaim go bhfuil sé iontuigthe agus nach gá aon mhíniú a thabhairt. Bainigí sult as. Slán tamall.




Dán Nua D’Áine



Uaireanta ní aithním an t-é a amharcann
Ar ais orm ón scathán
An t-é sin imithe i léithe,
An t-é sin imithe i raimhre,
Ach athnaím m’intinn
Mo bhraithstintí, mo chuimhní.



Uaireanta, i ngan fhios dom,
Ar bhealach neamhghnách,
Ar bhealach ait, an ait -
I ndáirire píre ró-ait -
Tagann iomhánna soiléire díot
Isteach im’ aigne.



Ní fios dom cár éalaigh na blianta -
Is an t-am atá caite
Mar thír eachtrannach dom anois.
Níor thuig mé ansin thú
Is tú caillte gan treo
Is d’aigne scoilte.



Bhí tú id’chailín neamhurchóideach,
Soineanta, soineanta, soineanta,
Brúite ag an domhan
Is ag gach duine -
Eaglach, neirbhíseach roimh chách -
Stróinséar nó cara fiú.



Uaireanta ní aithním an t-é a amharcann
Ar ais orm ón scathán
An t-é sin imithe i léithe,
An t-é sin imithe i raimhre
Ach athnaím m’intinn
Is an cailín lena raibh mé tráth.





Thuas chuir mé grianghraf a ghlacas i bPluais an Dúin Mhóir i gCo Chill Chainnigh - Dunmore Cave i mBéarla. Chuaigh mé ann le hÁine ar turas uair amháin sa bhliain 2003. Aolchuisne atá leirithe sa ghrianghraf ar ndóigh.

Friday, July 03, 2009

Seandánta 2




Bhuel, a chairde, tá mé ag dul ar mo laethanta saoire - díreacht inniu - síos go dtí an Iodáil Theas - Soverato agus Catanzaro agus fiú Isca Marina mar a bhfuil teach beag ceannaithe agam fhéinig agus ag mo bheirt dheartháireacha. Beidh mé ag teacht ar ais chun freastal ar choinne dhochtúra ach beidh mé ag filleadh díreach ar an Iodáil go dtí lár Lúnasa ar a luaithe. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh teacht éasca agam ar an idirlíon san áit iargúlta san ach is cuma. Mar sin seo seandán eile daoibh idir an dá linn. Tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as.




Ómós do Lionáird Cohen

Táim fós faoi dhraíocht agat, a Lionáird,
Do ghuth mall domhain cumhachtach dom mhealladh
Chuig thír rúnda fad’ ó bhuarthaí an am i láthair.
Is cuireadh dom do ghuth dul ar aistear spioradálta,
Dul ag tóraíocht na gaoise is na saoirse.
Cosúil le mantra ón Oirthear misteach
Na focail dhraíochta ag titim ó do bhéal.
Dúisítear m’anam agus téann sí ag eitilt
I bhfad níos airde ná aon scamall spéire,
I bhfad níos airde ná aon eitleán saolta.
Téim ar aistear inmheánach,
Ar oilithreach príobháideach
Agus titeann an ciúnas is an suaimhneas
Mórthimpeall ar mo chorp –
Agus fágtar socair mé,
Chomh socair le crann
Roimh theacht an fhómhair is an gheimhridh.





Chum mé an dán sin 14/11/2003. Éinne a léann Still Point beidh a fhios aige gur leantóir mór mé den fhear céanna. Mar sin, a léitheoirí slán tamall.

Thursday, July 02, 2009

Seandánta 1




Is oth liom a rá nach bhfuil móran as an nua le rá agam sna postanna seo. Mar sin ní dhéarfaidh mé aon amaidí nó seafóid anseo. Ta sé beartaithe agam dul siar ar na dánta a chum mé roinnt bhlianta ó shin. Tosnóidh me le ceann a scríobh mé do bhean álainn a rabhas ag siúl amach léi ar feadh bliana nó mar sin. Feicim gur chumas é sa bhliain 2003. Seo dhaoibh é. B'fhéidir go bhfuil fiúntas de shaghas éigint ann. Níl a fhios agam, ach braithim arís im' chroí is im' chuisle an seanphaisean sin as an nua ar athléamh dom é, agus óna thaobh sin de tugann sé ionspioráid dom filleadh ar dhánta a chumadh. Bíodh sin mar atá, seo dhaoibh é:


Ar tí imeachta – d’ Áine dhil mó chroí

Suite sa tábhairne ’gus pionta leath-ólta,
Táim ar tháirseach saoil nua – dóchas na fáistine.
Cuimhním ort a Áine dhil agus guím rath is sláinte ort,
Cailín caoin mo bhrionglóidí agus mo neamhchomhfheasa.
Áit dhomhain éigin im’ chroí táim id’ theannta
Is tú im’ bhaclainn ’gus mé ag pógadh uait do dheora.
Tá saol nua tuillte ’gat,
Saoirse mhór na braitstinte,
Saoirse dhomhain do chroí.
Taim i ngrá leis an gcailín beag ionat,
Bun ós cionn tugtha dhuit,
Buailte, cloíte ag áilleacht do chroí.
Suite sa tábhairne ’gus pionta lán-ólta,
Cloisim glaoch imeachta eitilt FR212 –
Taim ag tóraíocht an bhrí faoi spéartha na hIodáile
Is tú im’ chroí is d’áilleacht im’ theannta
Mar bhrat slándála lán de chompórd an ghrá.
Tiocfaidh mé chugat in am marbh na hoíche,
Tiocfaidh me chugat in am an ísealbhrí.
Tiocfaidh me chugat le mo lámha láidre
Is glacfaidh mé thú slán im’ bhaclainn-se
Is pógfaidh mé uait na géardheora
Is béimid slán sábháilte i lámha a chéil’.



Thuas chuir mé grianghraf a ghlacas de dhealbh déanta as oighear i Salzburg na hOstaire, Nollaig 2005.

Wednesday, July 01, 2009

Smaointe Samhraidh 1




Bhuel a chairde dile, conas tá agaibh laethanta seo an tsamhraidh? Ta súil agam go bhfuil sibh go léir ag coinneáil go rí-mhaith. Is fada an lá ó scríobh mé aon rud sa bhlag seo agus braithim uaim an Ghaolainn bhreá bhinn. Is eagal liom nach bhfaighim a lán ama chun mo chuid Ghaeilge a chleachtadh anois ó d'éiríos as bheith ag teagasc na teanga áille sin. I ndáiríre píre chaitheas beagnach 30 bliain sa ghnáthrang ag múineadh idir Ghaeilge, Reiligiún agus Scileanna Beatha, agus le blianta beaga anuas bhíos im' chomhordaitheoir ar an Idirbhliain. Anois táim tar éis bliain iontach a chaitheamh im' mhúinteoir acfainne ("acmhainne" a scríobhtar na laethanta seo gan aon agó! Ach bíodh na nithe beaga sin mar atáid - nithe beaga, nithe beaga, nithe beaga.)

Chomh maith leis sin, táthar tar éis glacadh lem' iarratas chun cúrsa oifigiúil a dhéanamh sa SEN - sé sin Special Educational Needs - is amhlaidh gur féidir Riachtanais Speisialta Oideachais a thabhairt ar an téarma úd. Séard a bhéas i gceist ins an gcúrsa sin ná dhá thréimhse de mhí - ceann amháin acusan roimh Nollaig agus an tarna ceann go luath san athbhliain - a chaitheamh i gColaiste Oiliúna Naomh Pádraig anseo i nDroim Conrach, Baile Atha Cliath. Mar sin beidh tréimhse dhá mhí ina iomláine saor ó scoil agam ach beidh mé sáite go domhain sa staidéar gan aon agó ó cheann ceann na seachtaine. Deir an réamheolas a fuair mé ó Choláiste Phádraig go leanfaidh na léachtanna agus na ranganna óna 9 go dtí a 4 a chlog san iarnóin gach lá agus creidim é. Tá a lán le foghlaim agam i ndairíre: Siceolaíocht an Uathachais (psychology of autism) - tá Aonad Uathachais againn ar scoil ina bhfuil trí chloigeann déag de scolairí - Disléicse, Neamhord Easnamh Airde (ADD), Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADHD), Tástáil shíciméadrachta (Psychometric Testing) agus a lán ábhair phraiticiúla eile chomh maith. Taobh amuigh de sin beidh orainn cúrsaí deireadh seachtaine a dhéanamh, chomh maith le roinnt éigint staidéar ar líne a bheidh dualgaiseach nó éigeantach.

Bhuel, sin agaibh an nuacht uaim ar aon nós. Scéala eile ná go mbeidh mé ag dul síos go dtí an Iodáil Theas chun mí nó mar sin a chaitheamh in áit bheag álainn, Isca Marina i gCalabria, mar a bhfuil teach bídeach ceannaithe agam agus ag mo dheartháireacha. Ta súil agam post nó dhó eile a chur anseo sula rachaidh mé Dé Aoine seo chugainn.

Idir an dá linn,

Tógaigí go bog é agus beirigí bua is beannacht!


Thuas d'uaslódail mé pictiúr díom fhéinig agus roinnt de na buachaillí ón tAonad Uathachais ag Burgerking le deanaí!

Saturday, April 18, 2009

Dán Nua Óm Pheann




An Blascaod Mór 1

Ní i naomhóg éadrom gleoite
A chuamair isteach
Ach i mbád mór nua-aoiseach
Is sinne slán sábháilte ann –
Timpeall fiche dínn nó mar san
Lá samhraidh amháin –
Criosanna sábháilteachta in gach áit
Murab ionann agus sibhse,
A thaibhsí mo shamhlaíochta,
A chairde uaigneacha mó chroíse,
Muintir na sean-charraige,
Seanfhundúirí an tseanchultúir –
I bhfad níos sábhailte,
I bhfad níos compórdaí
Ná sibhse sna sean soithigh ghleoite,
Ag gluaiseacht mar spioraid
Ó Thír na nÓg
Ar dhomchla na farraige.

Bhíomair inár stróinséirí
Ag leagadh cos don chéad uair
Ar thalamh iontach draíochta
Ar aon chéim nach mór
Leis an ngealach –
Seanfhothraigh in gach áit –
Clocha, clocha, clocha
Caonach, caonach, caonach
Agus an ghaoth agus an fharraige
Agus an dreapadóireacht suas
Suas suas ón gcé
In aghaidh an chnoic.


Thuas d'uaslódáileas pictiúr a ghlacas de chreatlach de shean-naomhóig in Ionad an Bhlascaoid roinnt bhlianta ó shin.

Wednesday, April 08, 2009

Brón ar an mBás




Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa bhlag seo agus i mo bhlag Iodáilise Speranza tá líon na marbh ardaithe go 260. Tá 28 míle duine fágtha gan dídean. Táid go léir nach mór anois ag maireachtaint i bpobaill amuigh faoin aer. Is ceantar sléibhtiúil é Abruzzo. Amárach Deardaoin Mandála beidh socraidí stáit ann dos na daoine bochta a fuair bás go tragóideach. Déanaim comhbhrón lena muintir ata fágtha go dubhrónach, caillte agus tréigthe.

Ní feidir le héinne againn anseo atá compordach go leor cruachás na ndaoine bochta seo a thuiscint i gceart. Feictear suíomh idirlín RAI ag an nasc seo - tá a bhfuil ann an-chumhachtach agus ana-chorraitheach go deo - chun coimeád suas leis an tubaist uafásach seo: RAI . Mar a dúirt mé cheanna tá gach rud ar an domhan seo coibhneasta (relative). Cuireann sé dreach nua ar an drochscéal eacnamaíochta anseo in Éirinn agus fiú san Iodáil féin. Níl an saol ceart ná cothrom. Mar a deir na Francaigh: "C'est la vie!" Táim féin bun os cionn ag an tubaist agus corraithe go mór mar tá a lán cairde agam san Iodáil agus a lán cairde Iodálacha agam anseo in Éirinn. Scríobh mé mo chomhbhrón i mo bhlag Iodáilise. Tá mé féin agus mo dheartháireacha tar éis teach beag a cheannach i gCalabria toisc go bhfuil an méid sin grá againn don tír álainn sin agus do na hIodálaigh mar dhaoine.

Agus na cúrsaí tromchúiseacha agus tragóideacha á bplé agam tagann dán iontach de chuid an Phiarsaigh i gcuimhne dhom. Dan iontach is ea é a dhéanann iarracht dul i ngliec le mothú uafásach daonna an bhrón. Mar sin, ba mhaith liom, an dan sin a chur anseo mar thiomnú do mo chairde go léir ón Iodáil.

Bean Sléibhte ag Caoineadh a Mic

Brón ar an mbás is é dhubh mo chroí-se,
D'fhuadaigh mo ghrá is d'fhág mé cloíte,
Gan charaid gan chompánach faoi dhíon mo thí-se,
Ach an léan so im' lar is mé ag caoineadh.

Ag gabhail an tsléibhe dhom trathnóna
Do labhair an éanlaith liom go brónach,
Do labhair an naosc binn 's an crotach glórach
Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.

Do ghlaoigh mé ort is do ghlór níor chualas,
Do ghlaoigh mé arís is freagra ní bhfuaireas,
Do phóg mé do bhéal, is a Dhia, nárbh fhuar é!
Och, is fuar í do leaba sa chillín uaigneach.

'S a uaigh fhód-ghlas ina bhfuil mo leanbh,
A uaigh chaol bheag, ós tú a leaba,
Mo bheannacht ort, 's na mílte beannacht
Ar na fódaibh glasa atá os cionn mo pheata.

Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh,
Leagann se úr is críon le chéile, -
Is a mhaicín mhánla, is e mo chéasadh
Do cholainn chaomh bheith ag déanamh créafóig'.

Is iontach go deo an dán seo ceapaim, mar léiríonn sé cé chomh maith is a bhí tuiscint ag an bPiarsach don bhrón agus go h-áirithe do bhrón máthar i ndiaidh bhás a páiste go h-an óg ar fad. D'fhéadfá a rá go raibh a fhios aige go raibh an bás i ndán dó féin agus gur thuig sé an brón a bhéadh ar a mhathair fein dá bharr. Is breá liom go mór an chéad dá líne sa rann deiridh, agus is mithid dom iad a athrá anseo:

Brón ar an mbás, ní feidir a shéanadh,
Leagann sé úr is críon le cheile.

Nach fíor agus rí-fhíor atá focail an Phiarsaigh!



Thuas d'uaslódálas pictiúr uafásach, corraitheach agus trafóideach a fuaireas ar shuíomh RAI. Brúigh ar an nasc ata curtha agam thuas don bealach teilifíse iontach san!

Tuesday, April 07, 2009

Seomra Suí Leapa





Anois agus an Tíogar Ceilteach marbh, agus an tír titithe (tite) in umar domhain an éadóchais, tá mé ag feitheamh le fógairt an bhuiséid nua. Buiséad éigeandála atá i gceist gan aon agó. Bhuel, nuair a smaoiním gur maraíodh níos mó ná céad duine is caoga inné sa chrith talún a bhuail an ceantar mórthimpeall ar L'Aquila in Abruzzo na hIodáile níl ár gcuid gearán go ró-thábhachtach. An ceacht atá le foghlaim anseo: bíodh is go bhfuil cúrsaí airgeadais na tíre seo agus fiú an domhain mhóir ina iomláine i sáinn cheart d'fhéadfadh cúrsaí a bheith i bhfad níos measa - d'fhéadfaimis bheith inár luí marbh faoi bhrablach agus faoi spallaí chrith talún.

Mar a dúirt mé thuas tá ré an Tíogair Cheiltigh thart. Chun cur leis an meafar d'fhéadfaimis a rá go bhfuil corp an Tíogair chéanna ag lobhadh agus ag meath agus go bhfuil boladh bréan uafásach ag éirí as an gcorp ceanann céanna. Fágfaidh mé fúibh féin, a léitheoirí, cé uathu a bhfuil an boladh bréan ag teacht.

Is cuimhin liom na seachtóidí is na h-ochtóidí den chéad seo caite - bhí an geileagar ana lag ar fad in Éirinn agus bhí an caighdeán maireachtála go h-ainnis ar fad. Is cuimhin liom, agus mé im' dhéagóir agus im' bhall den Leigiún Mhuire (slán beo leis na seanlaethanta agius le laethe soineanta m'óige fhéinig) agus a bheith ag dul timpeall tithe le baill eile den eagraíocht choimeádach, shaonta sin agus bhuaileamar isteach chuig fhear óg i seomra suí leapa anseo i gcathair Bhaile Atha Cliath. Fear óg ón tuath a bhí ann agus e ag obair ins an tionscal tógála anseo sa chathair - gnáthoibrí a bhí ann gan aon cheárd ar bith aige. Is maith is cuimhin liom an semra beag bídeach sin - gach rud sa seomra ceanann céanna - cistin agus seomra suí agus seomra leapa in aon seomra bídeach suarach amháin. Cuireann na smaointe is na cuimhní cinn seo dan beag cumhachtach i gcuimhne dom - dán de chuid Chathail Uí Shearcaigh:

Aon Séasúr den Bhliain

Inár seomra suí leapa
seargann na plandaí tí
fiú i dtús an tSamhraidh.

Titeann duilleoga feoite
i measc deora taisligh
dusta agus proinn dhóite.

Ní ghlaonn an ghrian
isteach trí fhuinneog an dín
aon séisúr den bhliain.

Is anseo i saol seargtha
an bhrocsholais, ta sé ina Shamhain
ag plandaí is ag leannáin.




Thuas chuir mé pictiúr a ghlac mé aréir den spuaic nó den spíce atá i gceartlar Bhaile Atha Cliath. Caithfidh mé a rá go dtaithníonn an spuaic chéanna go mór liom, ach ins an ghrianghraf a d'uaslódáileas thuas tá sí timpeallaithe ag scamaill liath. D'aonghnó a chuir mé an pictiúr seo thuas. Ní bhíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí!

Monday, April 06, 2009

Nuala Ní Dhomhnaill agus a coimhlint le Mór




Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí banúla. Ta súil agam gur éirigh liom é sin a thaispeáint agus a leiriú sna tagairtí a rinne mé dá chuid dhánta. Cúpla bliain ó shin cheannaigh mé an leabhar Nuala Ní Dhomhnaill: Seclected Poems: Rogha Dánta (New island Books, 2000). Dob é an file dátheangach Michael Hartnett (Mícheál Ó hAirtnéid) a rinne an t-aistriúchan iontach ar na dánta faoin gclúdach.

Mar a dúirt mé sa phost díreach roimhe seo táim faoi dhraíocht le chomh tuisceanach is atá an Dómhnallach ní h-amháin do chúrsaí banúla, ach cé chomh tuisceanach is atá sí do chúrsaí grá. Maidir le cúrsaí grá tá sí ana-oscailte ar fad. Seard ata i gceist agam anseo ná an grá corpartha nó an grá collaí gan dabht. Tá an oscailteacht is an mhacántacht seo maidir leis na cúrsaí céanna an-láidir go deo ins an traidisiún liteartha, sé sin an traidisiún dúchasach Gaelach sular tháinig ann do thionchar na h-éiriceachta Jansenaí (the influence of the Jansenist heresy) ar dhiagacht mhóralta Mhá Nuad. Chuaigh an dhiagacht mhóralta dhiúltach seo go mór i bhfeidhm ar Chaitlicigh na hÉireann i ndiaidh bhunú Choláiste Phádraigh, Má Nuad sa bhliain 1795. Bíodh cúrsaí staire mar atáid, fillim anois ar dhánta Nic Dhomhnaill ata ana-chréúil, más ann do bhrí sin an fhocail i nGaeilge. Ar scor ar bith ba mhaith liom roinnt dhánta faoin bhean shamailteach sin ar a mbaisteann Ní Dhomhnaill an t-ainm "Mór." Gan dabht ar domhan is bean fhantasaíocht Nic Dhomhnaill í ach bean ana-dhaonna agus fiú ana-réalaíoch ar a shon san. Feictear an nasc seo d'alt ar áit an ghrá chorpartha i stair litríocht na hÉireann: Nasc 1

Seo dhíobh na dánta a phiocas amach faoi Mhór agus cúpla ceann eile nach n-ainmnítear Mór iontu ach ceapaim go bhfuil sí iontuigthe iontu!!:

Dúil

An fear
lena mhealbhóg
ag cur ocras orm;
na torrthaí úra fém' shúile
ag tarrach súlach
óm cheathrúna
is an smuasach
as croí mó chnámha;
ag lagú mo ghlúine
go dtitim.
oop-la!
barrathuisle,
Mór ar lár.

Mór Goraí

Táimse á rá leat,
a Mhóir mhíchuibhseach
go dtiocfaidh naithreacha uaithne
amach as do bholg
má fhanann tú ar gor
ar nimh na haithne
lá níos faide.

Cnuasaigh chugat isteach
mar bheach
na huaireanta chloig a osclaíonn amach
fén ngréin rinn-ghnáthach;
aibíonn siad sa teas.
Bailigh iad
is dein díobh
laethe meala.

Teist Dhonncha Dí Ar Mhór

Do sheas sí lomnocht
sa doircheacht
a basa fuara - iasc gealúr -
ar mo ghuailne
a cromáin - tine ghealáin
faoi dhá ré a bruinne.

Thomas mo cheann
i bhfeamnach a gruaige;
bhí tonn ghoirt na sáile
'am bhualadh, 'am shuathadh;
ár gcapaill bhána ag donnú
ina bhfrancaigh mhóra
gach aon ní ina chorcra.

Nuair a dhúisíos ar maidin bhí tinneas cinn orm.
Thugas fé ndeara
go raibh gainní an liathbhuí ag clúdach a colainne.
Bhí fiacla lofa an duibheagáin
ag drannadh orm.
Sea, thógas mo chip is mo mheanaithe
is theitheas liom.

Mór Cráite

Ta Mór go dlúth fé ghlas
ina meabhairín bheag fhéin; 3"/4"/2"
ábhar liath is bán -

dearg (a bhíonn na créachta
a bhathann leath na gcuileanna
faid is a dheineann an leath eile a mbiaiste
ar fheoil na n-imeall)

'Éistíg', in ainm Dé,' ar sise leis na préacháin
is cabairí an Daingin a thagann san iarnóin
ag suathadh a mbolg.

'Tá na héinne dúnta isteach
ina ifreann féinín féin.'
Scaipeann na mion-éin
nuair a chuireann sí scrabhadh scraith
lastuas dóibh.

Póg

Do phóg fear eile mé
i lar mo bheola,
do chuir sé a theanga
isteach i mo bhéal.
Níor bhraitheas faic.
Dúrt leis
'Téir abhaile, a dhearthairín,
tán tú ólta
is do bhean thall sa doras
ag fanacht."

Ach nuair a chuimhním ar do phógsa
critheann mo chromáin
Is imíonn
a bhfuil eatarthu
ina lacht.

Ta an friotal filíochta ana-chréúil agus ana-réadúil ar fad sna dánta seo. Ní úsaideann Ní Dhomhnaill aon fhocail theibí. Ta sí ag deighleáil lena taithí féin ar an saol agus ar an ngrá corportha. Tógaigí faoi deara na focail thathagacha (agus fiú beagnach tadhlach) seo ins na dánta thuas: "ag cur ocras orm;" "torrthaí úra;"(na h-orgáin atáirgthe fireann, gan dabht);"ag tarrach súlach" = sú = súlach = sé sin na súlaigh a thagann go díreach ó bhroinn na mná); "óm cheathrúna" = ('óm ghabhail gan dabht ar domhan; "ar gor", sé sin cosúil le cearc ina suí ar ubh nó uibheacha);"laethe meala;" "a basa fuara - iasc gealúr;" "a cromáin"( = a gabhail atá i gceist anseo i ndáiríre píre mar seasann na cosa agus na cromáin agus na ceathrúna ar shlí ana-fhisiciúil do ghníomh an ghnéis);"tine ghealáin" (= tine na méine atá i gceist anseo); "dhá ré a bruinne" (= na cíocha atá i gceist anseo). Tá an frása "i lar mo bheola" agus an abairt "chuir sé a theanga isteach i mo bhéal" ana-fhisiciúil ar fad. Ansin ar deireadh léimid faoi gcaoi ina dtéann a cromáin ina lacht: "Is imíonn a bhfuil eatarthu ina lacht." Tá an chaint anseo ana-fhisiciúil, ana-thathagach agus ana-thíriúil agus ana-chréúil go deo ach is cuma sa tsioc mar is sárfhilíocht atá i gceist. Gan dabht tá an friotal filíochta ana-chréúil agus ana-réadúil ar fad sna dánta seo ach is cumhachtaí go mór iad mar dhánta toisc go bhfuil siad chomh macánta agus chomh ionraic sin iontu féin. Togha filíochta atá thuas agus táim faoina draíocht agus faoina gheas. Maith thú, a Nuala. Gura fada buan thú, a chailín!!



Fuaireas an léaraid iontach thuas de Shíle na Gigs nó Síle na gCíoch ar an suíomh idirlíon seo: Nasc 2

Wednesday, April 01, 2009

Nuala Ní Dhomhnaill agus an An Tuiscint Bhanúil




Bhuaileas leis an sárfhile - agus is sárfhile í gan aon agó - Nuala Ní Dhomhnaill timpeall sé bliana ó shin ar chuairt dom chuig lá oscailte i Roinn na Nua-Ghaeilge, i gColaiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath. Ag an am bhí sí ina file cónaitheach ansin ar feadh bliana. Thug sí léacht bhreá dos na scoláirí - séú blianaigh onóracha ó na meánscoileanna mórthimpeall. Ba chuma liom ar nó nár thuig na scolairí í mar bhí a dúthracht agus a díograis inbhraite agus muna thuigeadar a raibh le rá aici bhraitheadar a paisean agus a grá don teanga. Sin é an príomhrud, ceapaim, maidir le teanga ar bith - an grá agus an paisean don teanga labhartha - agus scríofa gan dabht. Anseo is luachmhar an rud é a mheabhrú dúinn féin gur traidisiún béil a bhí i gceist maidir le filíocht i gcoiteann ar fud an domhain. Is leis na céadta is déanaí a ghlactar le filíocht mar chuid den chultúr scríofa. Bhíodh sin mar atá, is file í Nuala Ní Dhomhnaill ar dúil di an paisean agus an grá - an grá do theanga na Gaeilge agus an grá agus an paisean don chorp agus don ghnéas.

An Grá Corpartha:
Is cuimhin liom an téarma seo in úsaid againn ar coláiste na blianta ó shin maidir le saothar an mórúdair Gaeilge, Pádraig Ó Conaire - an chéad scríbhneoir ar bhonn uilíoch agus ar bhonn nua-aimsire in Éirinn ag deireadh na naoú h-aois agus ag tús an fichiú h-aois. Níorbh fhile é Ó Conaire ach gearrscéalaí agus údar próis. Úsáideadh na téarmaí seo ag an am: "an grá collaí""ainmhianta nó pléisiúir na colainne." Is fíor agus is rí-fhíor é gur file mór an ghrá chorpartha nó an ghrá chollaí í Nuala ní Dhomhnaill agus sa mhéid sin tá sí mar mórfhile i dtraidisiún ársa ar fad a théann ar ais i gceobhráin mhisteacha an am atá caite.

Ta dlúthbhaint, ceapaim, idir an grá corpartha agus an grá spioradálta nach féidir a scarúint óna chéile ar bhonn domhain ar ndóigh. Ní le bheith garbh, gránna, salach nó gairsiúil nó fiú pornagrafach atá sí gan dabht ar domhan ach le bheith fíor, macánta agus ionraic don ghrá ina iomláine agus ina fhad agus ina leithead.

Mar sin, caithim a rá go n-aithním fírinne dhomhain ar leith i ndánta de chuid Ní Dhomhnaill, fírinne atá macánta agus ionraic do thaithí nó d'eispéaras an fhile. Tóg an dán iontach seo a leanas agus léigh agus athléigh é agus bualfaidh tú le macántacht agus ionraiceas ana-dhomhain ar fad. An teideal ata air ná: "Ní Féidir Liom Luí Anseo Níos Mó."

Ní Féidir Liom Luí Anseo Níos Mó

Ní féidir liom luí anseo níos mó
i do bholadh
tu béal faoi ar an bpiliúr
i do chodladh
do lámh go neafaiseach
thar mo chromán
faoi mar ba chuma leat sa deireadh
mé bheith as nó ann.

Ní hé d'easpa suime
a chuireann orm
ná cuimhní samhraidh aoibhinn
ag briseadh tharam
ní hé an próca bláth ag barr na leapa
a chuireann ar meisce mé
ach boladh do cholainne,
meascán fola is cré.

Éireod as an leaba
is cuirfead orm.
Goidfead do chuid eochracha
as do dhorn
is tiománfad chun na cathrach.
Amárach ar a naoi
gheobhair glaoch gutháin
á rá cár féidir leat dul
ag triall ar do ghluaisteán

ach ní feidir liom luí anseo níos mó
i do bholadh
nó titfidh me i ngrá leat, b'fheidir.

Wow! A leithéid de mhacántacht agus d'ionraiceas! Maith thú, a Nuala! Agus an píosa seo á scríobh agam táim ag éisteacht (agus ag síoréisteacht leis an fhírinne a rá - le guth fíor ionraic mácanta eile - le ceol Leonard Cohen. Ta an t-amhrán iontach dá chuid "Dance me to the end of Love" ar athsheint agam ar mo iTunes!!


Thuas, d'uaslódáil mé grianghraf a ghlacas den dealbh iontach sin "David" le Michelangelo. Gan dabht séard atá sa phictiúr thuas na cóip den dealbh bunaidh atá ar taispeáint sa Galleria dell'Accademia i Florence na hIodáile. Tá an mhacasamhail seo le fáil díreach ós comhair an Palazzo Vecchio, Florence.