Popular Posts

Thursday, October 21, 2010

Grá don Ghaeilge 8

Feicim go bhfuil níos mó ná mí sleamhnaithe isteach ó scríobh mé focal ins an gcúinne beag seo den bhlagchruinne.  Ins na poist atá foilsithe agam le déanaí anseo bhíos ag tabhairt m'airde ar conas a d'fhás an grá atá i mo chroí don Ghaeilge.  Mar a dúirt mé cúpla uair anseo, ba ó na sármhúinteoirí críochnúla a bhí agam ar scoil a d'fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge go léir nach mór.  Ba cheart go dtuigfeadh gach éinne cé chomh tábhachtach is atá múinteoirí maithe i saol acadúil aon scoláire ar bith. Tuigim, gan dabht, agus an fhianaise feicthe agam im' shaol féinig, go bhfuil tionchar nach beag acu i ngnáthshaol na ndaltaí chomh maith, ach táim ag díriú m'airde ar fhoghlaim teanga anseo, go h-áirithe foghlaim na Gaeilge.  Bhí an chuid is mó den ghramadach foghlamtha againne sa bhunscoil sna seanlaethanta agus nílim "ag rómánsaíocht" anseo ach an oiread.  Ach ba laethanta difriúla iad na seascaidí i ndáiríre píre.

Ceann dena lochtanna a fhaighimse ar churaclam na bunscoile sa lá atá inniu ann ná go gcaitheann an bunmhúinteoir bocht réimse i bhfad ró-leathan d'ábhair éagsúla a theagasc.  Tá an rud ceanannn céanna tarlaithe ag an dara leibhéal mar a gcaithfimid níos mó ábhair a bhrú isteach ar churaclam atá leathan go leor mar atá - ábhair mar SPHE, CSPE, RSE agus a leithéidí.  Ach tá an curaclam i bfad níos leithne ná sin sa bhunscoil.  Mar sin níl go leor ama ag na múinteoirí bochta féachaint chuige go bhfuil rudaí bunúsacha foghlamtha acu fiú sna trí R-anna.  Chomh maith leis sin bíonn daltaí le riachtanaisí speisialta acu sa ghnáthrang.  Go bunúsach ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.  Maille leis sin feicim go mbeidh na ciorraithe ag cur isteach go mór ar mhúinteoirí - mar shampla, cheana féin tá uimhreacha na gcúntóirí riachtanaisí speisialta gearrtha siar agus is cosúil go mbeidh an cóimheas daltaí le múinteoir méadaithe sa chéad bhuiséad eile.

Feicim go bhfuilim imithe ar strae ó mo chéad alt ansin thuas agam, ach agus an méid sin ráite agam is míorúilt cheart é go bhfuil Gaeilge ag a lán dena scoláirí a thagann isteach chuig an mhéanscoil againn agus go bhfuil grá ag cuid acu do theanga ár sinsear.  Is fíorbhrónach an scéal é go bhfuil líon na ndaltaí imithe i laghad sa scoil s'againne agus go bhfuil uimhir na ndaltaí le riachtanaisí speisialta ó lár na cathrach imithe i méid.  Séard atá tite amach ná go bhfuil caighdeán acadúil na ndaltaí i gcoitinne imithe i laghad agus nach bhfuil sé ar chumas a lán acu dul i ngleic le teangacha iasachta gan tagairt don Ghaeilge féin.   Ta cuid acu chomh lag sin go bhfuil fadhbanna acu le scríobh a gcéad teanga fiú.

Ach fós féin nílim éadóchasach agus nílim ciniciúil ach an oiread, mar caithfimid deighleáil leis an sórt scoláire atá ós ár gcomhair amach.  Tá a bhformhór deas béasach dea-mhúinte buíochas le Dia agus táid i dteideal an oideachais is fearr ar féidir linn a thabhairt dóibh.  Sin an fáth go ndeachaigh mé le dioplóma i riachtanaisí oideachais speisialta a dhéanamh anuraidh, agus i mbliana go bhfuilim tosaithe ar rang beag bonnleibhéal a theagasc don Ardteist, agus caithfidh mé a rá go bhfuilim ag baint an-suilt agus ana-shásaimh as an rang céanna toisc go bhfuil an bhéim go léir ar an gcaint is ar an gcomhrá, nó mar a deirtear go h-oifigiúil go bhfuil módh múinte cumarsáideach curtha i bhfeidhm ag an múinteoir sa rang.  Creidim go bhfuil sé ar inmhe gach scoláire, bíodh is go bhfuil sé nó sí lag go leor, Gaeilge a labhairt ar shlí bhunúsach iontuigthe, agus gur féidir leo bheith bróidiúil as an bhfíric sin.  Má ta an múinteoir dearfach i leith a ábhair agus má tá módh múinte cumarsaideach aige eireoidh leis ar a laghad gan na scoláirí a chur i gcoinne an ábhair agus fiú iad a ghríosadh níos mó de a fhoghlaim.