Popular Posts

Monday, July 20, 2009

Sos Beag




Níl a fhios agam cá dtéann an t-am in aon chor - sleamhnaíonn sé chomh gasta sin uainn. Ar aon nós caithfidh mé sos míosa nó níos mó a ghlacadh ón mblag seo. An fáth ná go bhfuilim ag dul síos go dtí an Iodáil Theas - Isca Marina - sráidbhaile beag ar chósta Mhuir Ionio. Anois, táimid chomh fada sin thíos ar mhéar na coise mar a déarfá nach bhfuil mórán fáil againn ar an idirlíon. Ar aon chaoi, níl an t-árasán ach tar éis a bheith tógtha.


Ansin, tá sé beartaithe agam briseadh a thógáil roimh fhilleadh ar obair - ag teagasc buachaillí a bhfuil Asperger's orthu. Is post é atá an-díocasach go deo, ach ar a shon san is obair an-sásúil í. Ós rud é go bhfuil cúpla galar nó tinneas orm - brú fola, airtríteas agus colaistéaról ard chomh maith leis an ghruaim, bíonn orm mám mór drugaí a thógáil in aghaidh an lae. Lena chois sin bíonn mo dhochtúir de shíor ag tathaint ort dhá chloch de mheáchan a bhaint díom, agus caithfidh mé éalú uaidh ar feadh míosa ar a laghad. Ar aon nós coinníonn na piollaí ag gluaiseacht mé ar scor ar bith. Anois, nílim ag gearáin in aon chor. Mar a deireadh mo dhaid, slán beo lena anam uasal, tá a lán sínte sa reilig a thabharfadh aon rud bheith beo ar an saol fós - fiú is dá mbéadh na tinnis éagsúla atá orainne orthu mar fhulaingt. Is amhliadh gurbh fhíor dhó.

Bhuel, ó bhí me an-óg bhí suim riamh agam i scríbhneoireacht - i mBéarla agus i nGaeilge, an dá ábhar arbh fhearr liom ar scoil. Nuair a bhíos sa mhéanscoil thosaigh mé ag scríobh d'irisleabhar na scoile, agus fós im' scoilse anois is mise eagarthóir an irisleabhair bhliantúla. Chomh maith leis sin tá grúpa beag scríbhneoireachta agam ar scoil agus é beartaithe agam blag a chur suas le nasc dár suíomh scoile. Ar aon nós sin an plean atá agam.

Bhuel, is oth liom a rá go gcaithfidh mé scarúint le pé duine atá amuigh ansin ag léamh na bhfocal seo. Gurab míle maith agaibh as bheith im' chomhluadar. Is mór agam é leis an fhírinne a rá. Mar a dúras roimhe seo caithfidh mé a lán nithe praicticiúla a dhéanamh, mar shampla, cistin a cheannach dár n-arasán nua san Iodáil, cúntais bhainc a oscailt, cúntais leictreachais, gáis agus uisce a oscailt agus a íoc astu, troscáin agus leabaí a ordú 7rl Anois níl ach an tríú chuid nó trian den chostas le h - íoc agam mar tá beirt deartháireacha agam agus roinnimid gach rud eadrainn. Is árasán teaghlaigh é i ndáiríre píre.

Anois caithfidh mé ullmhúcháin a dhéanamh don turas, siopadóireacht agus a leithéid, gan trácht ar an bpacáil uafásach nach maith liom ar chor ar bith.

Bhuel, fágaim agaibh mó bhuíochas, mo dea-ghuí agus mo bheannachtaí, chomh maith le mo chuid dhánta agus guím samhradh mór maith oraibh go léir. Slán tamall.

Tim.



Thuas, chuir mé pictiúr eile a ghlacas den nóinín mór, bláth simpli álainn siméadrach a thaitníonn go mór liom.

Sunday, July 19, 2009

Seandánta 13




Bhuel, caithfidh mé a rá, go dtarlaíonn míorúiltí ó am go chéile. Sé sin le rá, go bhfuil roinnt leitheoirí amuigh ansin ar an mblagchrinne a léann na blaganna éagsúla. Táim tar éis cuireadh a fháil ó Shéamas Ó Neachtain, eagarthóir irise breá nua as Gaeilge agus í siúd foilsithe sna Stáit Aontaithe. Táim ag déanamh tagairte don iris nua An Gael. Feic an nasc seo le do thoil: An Gael . Ós rud é go bhfuilim ag tabhairt tagairtí anseo bhéadh sé oiriúnach nasc a chur anseo leis chuig bhlag Shéamuis fhéin: brúigh anseo le do thoil: Séamus Ó Neachtain. Ar aon nós d'iarr an t-eagarthóir orm dha dhán a sheoladh chuige don chéad eagrán den iris ghalánta seo. Is féidir an chéad chóip a iniúchadh ag an nasc seo: brúigh anseo le do thoil: An Chéad Eagrán .


Bhuel, mar a dúirt mé cúpla uair roimhe seo, táim ag dul siar ar seandánta a scríobh mé agus á gcur i gcló anseo. Seo ceann eile dhaoibh:


Dathanna uile na mBláthanna

Bláthanna úra agus dhá shoitheach díobh,
Coinnle agus soilse ísle agus muidne ar an tolg
Agus guth iontach tarraingteach Luca Carboni sa chúlra,
An rithim bhreá rialta Iodáileach –
Gutaí oscailte agus dúnta
Agus muid ag éisteacht le fadhbanna a chéile agus eile
Agus screadaíl na ngirseach ag an gceolchoirm bheo –
Agus an t-amhránaí ag díol a anama leis an slua –
Anam ar díol, anam ar díol, anam ar díol,
Quanti colori di sassi e di fiori, di strade e di muri
Agus an guth éadrom ag mealladh an lucht éisteachta
An síol a ithe as a lámha.
Tú mar éinín beag bídeach eaglach i mo lámha
Agus mise dod’ chiúiniú, dod’ chur ar do shuaimhneas
Agus ár dteangacha ag cuimilt a chéile
Ar thóir an chompóird spiordálta,
Ag iarraidh breith ar an ngaoth.
Tá boladh breá úr óna bláthanna is óna coinnle.
Sar i bhfad múchfar iad agus rachfar a luí.
Sa dorchadas ní thabharfar faoi deara
Dathanna uile na mbláthanna.




Thuas tá pitiúr curtha agam de nóinín mór fiáin a ghlacas cúpla bliain ó shin.

Friday, July 17, 2009

Seandánta 12







Seo dhaoibh thíos dán beag simplí iontuigthe ar ábhar an cheoil is ar an ndóigh ina gcoraíonn sé muid. Deirtear gurb í an ceol teanga an chroí nó teanga an ghrá. Is teanga idirnaisiúnta é gan focail mhínithe ar bith ag gabháil leis. Is créatúir muid a dhéanann fuaimeanna. Samhlaím gur eascair teangacha sna seana phluiseanna inar chónaigh ár sinsir. Rinneadar fuaimeanna éagsúla chun a mianta a chur in iúl agus chun eolas a fháil. De réir a chéile d'fhás agus d'eascair teangacha agus ceol. Is rud ana-bhunúsach é fuaimeanna an tsaoil nó fuaimeanna a dhéantar chun dul i dteagmháil le duine eile. Is rud fíor-álainn é an ceol a dhéantar chun leanbh a chur a chodladh. Is rud ana-chorraitheach e an ceol a dhéantar chun fuascailt a thabhairt do chroí atá faoi bhrú. Is rud fíor-thabhachtach é an ceol a dhéantar nuair a bhíonn meitheal ag obair ar fheirm nó i láthair oibre eile. Smaoinigh ar na h-amhráin a chantar le linn oibre mar rabhcáin mharaí nó rabhcáin háilléir. Is leor é seo mar réamhrá.





Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí

Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Táim cosúil le h-aindiúlach – tugtha dó,
Ceol na céille agus na díchéille,
Ceol an bhrí is ceol na h-easpa.
Seo mise agus Dylan Live­ ag fáisceadh a chroí
Agus mo chroí-se leis sa Royal Albert Hall 1965.
Blianta ó shin – na seascaidí agus mise im’ pháiste –
Deacair a chreidiúint go mbéinn bogtha ‘gus corraithe
Daichead bliana i ndiaidh an taifeadta.
Ach sin mar atá agus mar a bheidh go brách -
Is deacair na fáithe a dhiúltú nó a sheachaint.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Taim cosúil le deisceabal Rí an cheoil,
Le mac léinn an mhisteachais,
Le seanadraoi na págántachta,
Le leantóir Chríost an Damhsa,
Táim ar oilithreacht an cheoil –
Ag lorg brí nach bhfaighim san ól
Ná fiú i bhfreagraí na n-intleachtach
Ná i gcallán mór an domhain.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.





Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!

Seandánta 11




Tuigim go bhfuil an dán thíos go mór as séisiúr, ach táim ag cur na ndánta atá ar meamram agam ar mo p.c. in ord ama. Is amhlaidh mar sin nach bhfuil aon chomhfhreagras idir na dánta agus an t-am i láthair maidir le h-aimsir agus cúrsaí domhanda mar atáid ag titim amach go laethiúil. Ach bíodh sin uile amhlaidh, ceapaim go bhfuil uilíocht agus brí nach beag ag baint leo. Nílim ag déanamh aon ceartúcháin da laghad orthu. Seo mar atáid sa bhunleagan sa chomhad agam.

Titim an Fhómhair

Órga na duilleoga roimh mhallthitim an fhómhair
Agus an fhearthainn bhog ag fliuchadh mo chroí.
Tá an séisiúr ana fhionnuar don am seo den bhliain
Agus tá grá úrnua ag bogadh is ag leá m’anama.
Éistim le guth fíorbhinn corraitheach Luca Carboni
Agus glacaim misneach is dóchas arís sa saol,
Dóchas go bhfuil gach rud mar ba cheart is ba chóir dó,
Go dtagann is go n-imíonn gach neach san am cuí,
Go dtiteann na duilleoga buíthe,donna, órga,
Go siúltar tríotha le buillí éadroma an choisithe,
Go scríobhtar fútha i ndánta is i ngearrscéalta,
Go seasann siad do shíorghluaiseacht an tsaoil
Agus go mbailítear iad i málaí móra dubha,
Go bhfuil na páistí is na leannáin i ngrá leotha,
Go nglacann an garraíadóir leo go réidh
Agus go bhfuil gach rud in ord agus in eagar,
Go dtiteann siad fad is atá Dia ag siúl sa ghairdín.
Braithim cumhacht Genesis agus fionnuaire an lae
Fad is atáim ag ithe an úill ó lámha Éabha.
Ach is duine fásta mé agus glacaim le mo dhualgaisí,
Go bhfuilim ciontach mar chách,
Gur peacach mé is gur peacach mo stór,
Go bhfuil an bheirt againn i sáinn mhór –
Fadhb na míthuisceana agus easpa muiníne –
Na páistí gortaithe agus róghortaithe.
Ach glacaimid misneach i mallthitim na nduilleog
Agus téimid i muinín an mhachnaimh,
I muinín Gautama Siddharta ar thóir na gaoise
Ar thóir na céille is eagna na h-aoise.
Sa deireadh thiar titfidh gach rud amach
Ina shéisiúr, ina shéisiúr is ina shéisiúr féin.


Thuas chuireas pictiúr a thóg me de thitim na nduilleog le linn an fhómhair im' eastát tithíochta fhéinig. Thógas an grianghraf timpeall ceithre bhliana ó shin!

Thursday, July 16, 2009

Seandánta 10





Bainim an-sult go deo as an taisteal agus go h-áirithe bheith ag taisteal go dtí na Gaeltachtaí anseo in Éirinn nó chuig an Iodáil, an tír is fearr liom ar dhromhchla an domhain seo, gan Éire a bheith san aireamh ar ndóigh. Ins an dá áit sin bím in ann mo shuimeanna i gcultúir, i ndaoine éagsúla agus i dteangachaí a úsáid nó a chur i bhfeidhm. Fuaireas an seandán seo a leiríonn na suimeanna sin go deas i measc na meamram atá ar mo p.c. Ta súil agam go mbainfidh sibh sult as. Seo dhaoibh é. Agus...Slán tamall...


Teanga an Taistil

Is breá bheith suite ar thraein
Ag dul chuig Venezia Santa Lucia
Agus guthanna breátha binne na nIodálach óg
Ag moladh an tsaoil atá iontu le ceiliúradh.
Is breá bheith ag éisteacht
Le ceol gutaí oscailte agus dúnta na hIodáilise,
La bellissima lingua del mondo
Agus mé ag scríobh i nGaeilge bhreá bhinn na hÉireann
Lena gutaí gearra ’gus fada, caola ’gus leathana.
Molaim an óige iontu, ragazzi e ragazze,
Molaim an spiorad iontu,
Grá don saol iontu,
Grá don bheatha iontu,
Grá dona h-iontaisí iontu –
“C’e il mare, c’e il mare”
A deir leaid óg amhain arís is arís eile
Agus na cailíní óga ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha.
Cuimhním ar dhán de chuid Emily Dickinson,
Comrádaí croí agus spioraid dom:
“Exultation is the going of an inland soul to sea,”
Agus tá muidne uile ag dul chuig chathair ársa,
Venezia álainn na farraige is na gcanálach,
Venezia na ngondole ’gus na ngondolieri ,
Venezia, la bellissima cittá del mondo.
Ag binario a sé tá taoide na dturasóirí ag teacht i dtír
Agus léimeann una bella ragazza
Isteach i mbaclainn a ghrá ghil.
Táimid uile ar tháirseach na h-áilleachta is na fírinne
Agus táim féin ag tumadh ina ndoimhneacht.





Thuas d'uaslódálas pictiúr eile a ghlacas i Venezia timpeall cúig bhliana ó shin.

Seandánta 9




Seandán eile thíos daoibh, a léitheoirí díle. Má bhíonn sibh ag léamh na leathanaigh seo agam, bíodh a bhfuil le rá agam i mBéarla, Gaeilge nó fiú in Iodáilis, tuigfidh sibh go bhfuilim buailte bun ós cionn ag teangachaí, go dtéann cumhacht na bhfocal, pé teanga ina bhfuaimnítear iad, go mór i bhfeidhm orm. Chomh maith leis sin, feicfidh sibh gur iarracht gach a scríobhaim agus a chumaim ord agus eagar a chur ar mo dhomhan príobhaideach féin agus iarracht é sin leis, roinnt chéile a bhaint as an saol go coitianta. De réir mar a théim in aois athraíonn nó fiú claochlaíonn mo thuairimí. Suas go dtí go raibh mé a daichead bhí mé im' Chaitliceach ach ansin buaileadh tinn mé agus uaidh sin amach is amhlaidh gur chailleas aon chreideamh ceartchreidmheach a bhí agam. Is amhlaidh anois gur Búdaíoch de shórt éigin mé. Creidim go domhain sa saol, sa spioradáltacht, go h-áirithe i spioradáltacht an am anois nó an am í lathair. Mollann gach spioradáltacht dúinn maireachtáil san am i láthair. Ta an an t-am caite imithe gan filleadh agus an todhchaí, bhuel, níl sé ann in aon chor. Mar a deir an sean-nath Laidine: "Carpe diem""beir ar an am i láthair" nó éalóidh sé uait! Mar sin, creidim go domhain sna focail thíos: "Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta//Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa."

Siúlóid Fhómhair

Siúlóid mall i ngrian an fhómhair
Uair nó dhó roimh an eadarsholas.
Neamhghnách don Mhéan Fomhair
An teocht ag marcaíocht sna fichidí.
Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta
Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa.
Sin a deir m’anam istigh arís is arís eile.
Tá cumhacht an leighis i ngaethe na gréine
Is beocht na cruinne sa ghaoth ón bhfarraige.
Níl néal fearrthainne ná scamall amháin na gruaime
Sa spéir gorm ós mo chionn ná ós bhur gcionn.
Cheapfá nach raibh bás ar dhromchla an domhain –
Nach bhfuil ann ach beatha i mullach beatha
Agas éiníní na mara ag canadh is ag canadh
Is an ghrian dá dtéamh is an fharraige dá gcothú.
Tá leigheas ann má lorgaítear é –
Ní gá ach dul dá thóraíocht –
Lean an t-anam agus a bhrionglóidí
Agus éist go géar agus go cúramach lena gcomhairle:
Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta
Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa.





Thuas d'uaslódálas grianghraf a thóg me blianta ó shin de chaladh Bhinn Éadair, ceann des na aiteanna a dtéim ag siúl go minic - déanann an áit fhíorálainn sin maitheas agus leigheas dom chroí.

Seandánta 8




Anois táim ar mo shuaimhneas i mó shuí dom ós comhair scáileán mo p.c. ag éiteacht le guth fíorbhinn fíorálainn Nina Simone, ceoltóir agus amhranaí ar ansa liom í. Cuireann sí an ghruaigh ina sheasamh ar dhroim mo mhuineáil lena paisean. Bíodh sin mar atá. Táim ag dul siar ar sheandánta a scríobh mé, agus i ndáiríre rinne me dearmad ar a lán acu. Is amhlaidh go scríobhann agus go gcumann muid dánta nuair a bhogtar sin ag an ngrá nó ag mórbhraitstint eile dar ndóigh. Is e an scéal céanna é maidir liom fhéinig gan aon agó. Fuair mé ceann eile a scríobh mé do sheanghrá liom - Aine gheal mo chroí. Rud amháin a dhéanann an grá dúinn nó go gclaochlaíonn sé muid go dtí go mbímíd sáite ina ghreim. Sin mar a bhíonn sé ar aon nós dar liom. Ar scor ar bith sin agaibh an dán thíos. Scríobh mé é timpeall cúig bhliana ó shin.

Stazione Venezia Mestre
(Dán d’Áine, Gile mo Chroí)

Im shuí dom i Venezia Mestre
Tá an ghrian ag téamh mo chroí.
Is cuma saibhir nó daibhir mé
Mar tá mo ghrá ina cónaí lastuigh.
Ta an Orient Express tar éis imeacht,
Traein bhreá shlachmhar gan smál –
Í glanta snasta ó bhun go barr,
Dubh galánta órga ar thóir an neamhghnáiche.
Is fearr liom i bhfad bheith mar atáim
Ag scríobh im leabhar dubh nótaí –
Nótaí faoi mo bhraistintí is mo smaointe
Ó thobar saibhir m’anam’ is mo chroí.
Im shuí dom i Venezia Mestre
Tá an ghrian ag téamh mo chroí.
Cloisim go bhfuil traein Padova in attesa
Is ceann eile chuig Bologna in partenza a binario tre.
Is cuma saibhir nó daibhir mé
Mar tá mo ghrá ina cónaí lastuigh.





Sin pictiúr díom fhéinig ag beathú na gcolúr i gCearnóg San Marco i Venezia mar ar scríobhas an dán thuas. Slán beo leis na seanlaethanta - ní thiocfaidh siad arís!!

Wednesday, July 15, 2009

Seandánta 7




Bhuel is í an fhírinne lom í a rá nach bhfuil cinnteacht nó dearfacht ag baint le h-aon rud ar an saol seo. Sa Sean Tiomna nuair a chuaigh sólásaithe Iób, sé sin, Bildad, Zophar agus Eliphaz chuige tháinig siad leis na seanfhreagraí, an t-eagna nó an ghaois mar a chualadar é sa traidisiún. Bhíodar cinnte dearfa gurbh amhlaigh gur pheacaigh Iób agus gur pheacaigh sé go trom mar sciobadh gach uile ní faoin spéir ón bhfear bocht - a ghabháltas uile, a ainmhithe, na barraí go léir a bhí aige sna goirt, a shaibhreas agus fiú a chlann. Ní raibh rud ar bith faoin ngrian fágtha aige ach é ag fulaingt go pianmhar ar ualach brúscair. Thug siad na freagraí traidisiúnta dó i ndáiríre agus níor shólás nó faoiseamh iadsan dó. Bhí a fhios ag Iób nár pheacaigh sé in aghaidh Dé nó in aghaidh duine ar bith. Níor thuig sé cén fath gurbh éigean dó an méid sin péine a fhulaingt in aon chor - agus fulaingth neamhchionntach a bhí i gceist gan aon agó. Scrúdaigh mé go mion fadhb na fulaingte neamhchionntaí i mo bhlag as Béarla agus mar sin, más suim libh ceist an oilc téigí chuige sin agus cuir isteach na focail "olc" nó "fulaingt" - as Béarla ar ndóigh - agus gheobhaigh tú a lán postanna uaim ar an ábhar suimiúil sin.

Is fíor a rá mar sin go raibh neamhchinnteacht nó fiú amhras ar Iób bocht roimh chothrom nó cóir Dé. Dhealraigh sé go raibh Dia féin míchothrom agus éagóireacht ins an slí ar chaith sé le daoine. Bíodh is gur ghearáin sé go truamhéalach agus go searbh in ard a chinn is a ghutha le Dia níor chaill se riamh a chreideamh i nDia. Ag deireadh an scéil faigheann sé a ghabháltas uile ar ais agus caitheadh go maith leis as sin amach.

Tuigeann sibh anois, a leitheoirí, go bhfuilim ag caint faoi neamhchinnteacht nó éiginnteacht na beatha nó an tsaoil. Chumas dán ar an ábhar sin trí bliana ó shin. Sula gcuirfidh mé an dán fé bhun a bhfuil scríofa agam anseo, déanfaidh mé pointe suntasach amháin eile faoin éiginnteacht. Deir an fealsamh agus siceolaí, Eugene T. Gendlin, Ph. D., nach dtéann na cliaint a thagann chuige le fios nó le cinneacht réiteach a bhfadhbanna i bhfeabhas in aon chor. Iadsan atá neamhchinnte, caillte gan treo - iadsan a thagann biseach de shórt éigint orthu agus a éiríonn níos fearr.

Ar aon nós, seo dhaoibh an dán:

Neamhchinnteacht

Bliain nua, rang nua, aghaidheanna úra
agus muidne mar an gcéanna ach dulta in aois,
gan trácht ar an ghaois ba cheart a bheith ionainn
ach sin scéal eile agus muid mar mhangairí
ag díol eolais do dhaltaí nach bhfuil suim rómhór acu inár n-earraí caite – seanbhalcaisí an eolais.
Slán beo leis na seanlaethanta, leis an neamhshoifisticiúlacht,
leis an fhírinne shoiléir, leis na seanchinnteachtaí agus an dubh agus an bán
agus na seanmhúinteoirí ina bhfeisteas múinte – clócaí fada dubha.
B’shin uair eile, an aimsir atá caite, caite, caite gan filleadh go deo.
Buíochas le Dia, má tá sé nó sí ann, má tá fórsa taobh thiar den domhan,
a bhuí leis an bhfórsa sin, leis an stuif ónar eascair muid,
na blianta, blianta cairbreacha ó shin i gceo tiubh na staire is na réamhstaire.
Cé muid? Cá bhfuil muid ag dul? Cén fáth ann muid? Cad a chiallaíonn an bheatha, fiú an comhfhios?
Mórcheisteanna, mórcheisteanna i mullach a chéile agus muid fós ag múineadh
cinnteachtaí, cinnteachtaí, cinnteachtaí nach bhfuil muid ró-chinnte fúthu níos mó.
Ach sin ceist eile, ceist eile ar fad ar gá a chur fiú muna bhféadtar a fhreagairt.




Thuas chuireas suas grianghraf a ghlacas roinnt bhlianta ó shin i bPáirc Fhaiche Stíofáin. Nach deas an saol atá ag na lacha?

Seandánta 6


Seandán eile daoibh, a chairde. Ni dóigh liom go bhfuil sé iontuigthe ar an gcéad léamh, agus mar sin ba cheart, dar liom, cúpla focal a rá faoi. Éinne a léann mo bhlag as Béarla beidh a fhios aige nó aici go bhfuil an dúlagar nó an ghruaim orm. Rinneadh an diagnóis sin níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhuail sé mé go tobann nuair a shroich mé daichead bliain d'aois agus b'éigean dom tréimhse de sheacht seachtainí a chaitheamh in ospidéal síciatrach - ospidéal Naomh Pádraigh anseo i mBaile Atha Cliath - ceann des na h-ospidéil shíciatracha is fearr sa chuid seo den domhan. Ar aon nós, táim i mbarr mo shlainte ó shin i leith. Gan dabht ar domhan caithim piollaí frithdhúlagráin a thógáil - ceann amháin in aghaidh an lae. Níl aon dul as agam mar tá an galar atá orm cliniciúil. Ó na pointí sin tuigfidh siad an chuid is mó den dán thíos, mar shampla: línte 1-2, 7-10 agus 15-16. Ag an am sin chuaigh mé chomh fada sin thíos sa duibheagán nach raibh aon dul as agam ach iarracht a dhéanamh teacht suas arís. Bhuel - is amhlaidh go raibh slí éalaithe amháin eile agam - sé sin mo lámh a chur im' bhás féin, ach, buíochas le Dia, níor thógas an bealach sin. Rinne mé tréan-iarracht mo chosa a bhualadh de bhun an linn snámha agus mo chorp a thiomáint suas go dromchla an uisce chun aer úr na céille a shú isteach i mo scámhóga. Thuig mé ansin go raibh láidreacht, neart nó treise ionam nach raibh a fhios agam a bheith ionam roimhe sin. Míníonn sé sin línte 3 - 6.

Ní déarfaidh mé níos mó faoi anois, mar ceapaim go dtagann na píosaí beaga go léir le chéile uaidh sin amach. Ar scor ar bith, seo daoibh an dán, bíodh sé maith nó eile. Slán tamall.



Uaireanta briseann an ghrian.

Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil.
Uaireanta beirtear orm gan choinne,
Fágtar ag machnamh mé ar cé chomh láidir is atáim,
Is cé chomh cumhachtach ‘tá spiorad na saoirse ionam
Nuair a thagann an treise aniar aduaidh orm.
Smaoiním anois is arís ar an tromluí uafásach sin,
Oíche dhorcha na bhfuarallas roimh theacht an leighis
Is mé sínte frithlag i bpianta gan mhianta
Ach bheith slán sábhailte i mbroinn mo mháthar.
Thosaigh an láir ag éirí ionam roimh dhúiseacht na súl
Is chuimhnigh mé ar Nietzsche bocht i gCathair Geneva –
É cloíte briste brúite agus a lámha timpeall ar mhuinéal an chapaill bhoicht.
Thuig mé díreach ansin praghas na céile is na míchéile araon.
Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil
Mar a tharla nuair a léim comhleacaí dom’ ionsaí
Á rá nach raibh ionam ach duine leáite gan feidhm
Agus mallacht i mullach mallachta ag titim anuas orm
Is mé fágtha gan fhreagra, gan fhios, gan fhocal.
Ach le h-imeacht na laethanta d’éirigh Dáibhéad ionam
Is ghlac sé chuige a chrann tábhaill is mharaigh sé an fathach
A bhí dom chrá, dom chéasadh is dom chíapadh.
Theith gach sceoin is scéin, uamhan is uafás
Roimh Dhaithí beag a sheas an fód,
Roimh Dháibhéad mór an neamhchomhfheasa.



Thuas chuireas pictiúr eile a ghlacas le déanaí ar thrá Dhomhnach Bat - dul faoi na gréinne agus é frithchaite go tréan san uisce atá ina luí ar an tráigh.

Tuesday, July 14, 2009

Seandánta 5


Níl's agam ó thalamh an domhain síos go dtí an t-ifreann fhéinig, má tá sé ann, conas is féidir liom mo chuid dánta a chur i gcló go h-oifigiúil. Bhuel, is é seo an meán is fearr chun iad a scaoileadh nó fiú a chraobhscaileadh ar an domhan mór. Gan dabht táim ag jócáil nó ag cothú grinn anseo. Bíodh sin mar atá, seo dhaoibh seandán eile ó mo pheann.


San Airdeall
(Aistriúchán ón Iodáilis ar Di Guardia le Umberto Fiori)

Tá aithne mhaith acu orm agus an ceart acu:
táim cosúil le madra,
ceann dena beithígh dhubha úd a chodlaíonn
i gclós monarchan –
má théann tú thar bráid, léimeann siad
i gcoinne an tsreangsconsa,
agus cé chomh minic is a deir tú “Síós leat!”
is é is mó a leanann siad ar aghaidh ag tafann
go dtí go mbíonn siad ar piachán.

Cé dhéanfaidh comhbhrón leo anois?
Bíonn a gcuid fola ar fiuchadh
go dtí go gcasann tú an coirnéal.
Bíonn gach éinne bodhraithe acu.
Taispeánann siad a bhfiacla is baineann siad greim
fiú as an sreang dheilgneach ach is iad na súile
is mó a chuireann sceoin orainn: iad ciúin suaimhneach
agus chomh geal leo siúd den nuabheirthe
nó iad siúd de dhealbh.

Tá fios a ngnó acu: an clós a choimeád slán.
Cé acu dhéanann siad é seo de dhualgas nó de dhúchas,
nach mbogtar thú, fiú ar feadh nóiméid
leis an eachtra sin a chuireann ar mire iad
fad a mhaireann siad?

Ar mo shon féin, tuigim an argóint seo
i bhfad níos fearr ná na cinn eile
a chuala mé tríd na blianta.
Aithním go soiléir
an guth fanaiceach a screadann amach –
go díreach mar seo, de thoradh an éid –
chun clós a ghéibhinn a chosaint.

Ní fios duit cad tá i gceist le bheith san airdeall,
bagairt dod’ chríoch a bhraistint
i ngach aon bholadh,
screadaíl in éadan an domhain mhóir
go dtí go bhfuil tú ar piachán
agus gan a fhios agat
cad é go díreach a chosnaíonn tú
nó cad is cúram duit.


Tá's 'am nach madra fíochmhar cosanta an madra thuas. Is é seo ceann den chúpla ceann de ghrianghrafanna atá glactha agam de mhadraí. Ghlacas an ceann thuas taobh amuigh de thig tabhairne The Summit Inn, Beann Éadair, Feabhra 2007.

Monday, July 13, 2009

Seandánta 4


Seo dhaoibh dán liom a cuireadh i gcló cúpla bliain ó shin - dán beag dar teidil Na Leaids.


Na Leaids

An mhaidin lá arna mhárach is blas milteanach sa bhéal
Is an ceann ina roithleán de smaointe i mullach a chéil’.
Ta pian uafásach ar cúl na súl agus caidé an scéal –
Tá an carr ar iarraidh agus ní cuimhin leis an tale
Ach sin an saol, sin an saol, sin an saol.
Tá ceobhrán bog liath titithe ar an sliabh
Agus a chompánach óg glórmhar callánach ag maíomh
Gur chodail sé le cailín fad is a bhí sé ina thromsuan –
Grá corpartha is mianta na colainne ann go buan –
Sin a cheapann an boc óg agus tuigim dó.
Tuigim fosta don fhear níb’ shine gan aon agó.
Ar shlí amháin nó eile tuigim dóibh beirt –
Is leaids fós iad, is an gnéas mar dheargcheirt
Roimh tharbh dosmachtaithe na mianta.
Is leaids fós iad agus an bheirt acu sna déaga
Ag séanadh teacht na haoise is umar dubh na bpianta
Ach is sin mar atá, mar a bheidh agus mar a bhí leis na cianta.


Arís feicim gur chumas é ar an gceathrú la déag de Mhí na Samhna, 2003.




Thuas chuir me grianghraf eile a ghlacas i Mí an Mheán Fhomhair 2003 - dul faoi na gréine thart ar Chaladh Bheann Éadair.

Seandánta 3




Bhuel, a chairde, Táim ag léamh siar tré sna dánta a scríobh mé as Gaeilge le blianta beaga anuas. Seo dhaoibh ceann eile.


Ní scríobhfaidh mé níos mó

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim,
Tá an saol ró-lán d’fhuaim –
Fuaim na cumhachta agus iad siúd a chreideann
Gur déithe iad le fios a ngnótha léir.

Ach cónaím in áit faoi leith faoi scáth m’anama,
Faoi scáth Jung agus a shiceolaíochta –
Creidim i gcumhacht an neamhchomhfheasa
Agus i gcumhacht na míchumhachta.


Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim,
Táim bréan d’ualach mór a trioblóidí,
Bréan den dubh is den duibheagán
De gach rud a scriosann an spiorad.

Cónaím anois i ndomhan nua an anama,
Nach bhfuil dubh ná geal an t-am go léir
Ach é lán de dhathanna idir eatartha –
Uaireanta an fhearthainn agus uaireanta an ghrian.

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim
Ach faoi gach rud a mhúsclaíonn mo chroí
Agus a ardaíonn an míniú is an brí –
Saol lán de nua-eitilt éinín an ghuí.



De réir an meamraim 'sé an data a scríobhas seo ná 14/11/2003.

Bhuel, thuas chuir mé pictiúr beag a ghlacas tuairim is an dáta céanna i bPairc an Fhionnuisce - crois an Phápa Eoin Pól atá léirithe gan aon agó!

Tuesday, July 07, 2009

Dán Gaeilge Eile ón Iodáil




Níl's 'am i ndáiríre píre cén fáth go dtagann focail Ghaeilge chugam faoi spéartha geala gorma na hIodáile Theas. Caithfidh me a admháil go dtaithníonn an stíl mhaireachtála anseo i gCalabria go mór liom - saol saor ó bhrú is ó strus agus ó fhothram na cathrach móire. Is mór is maith liom an Iodáilis agus bainim an-sult go deo as í a labhairt. Ta mó líofacht san Iodáilis ag dul go mór i bhfeabhas - táim in ann fiú jócanna a thuiscint anois inti.

Ach nuair a bhím ag labhairt na hIodáilise tuigim nach Iodálach mé ach Gael a bhfuil suim aige i dteangachaí. Bhuel, a chairde, seo dán garbh go leor atáim díreach tar éis a scríobh as Gaeilge. Seo dhaoibh é - bíodh is go bhfuil sé thar is a bheith garbh agus tuatach.


Oíche Chorraitheach

Chaitheas oíche chorraitheach
in aerphort London Stansted -
gach éinne im' thimpeall
ag iarraidh codlata -
turasóir anseo ar an talamh -
duine eile sínte ar shuíochán,
srannadh ón mbuachaill taobh thiar -
is gáirí na n-oibrithe -
cailíní óga tagtha ar dualgas go luath -
duine ag casachtaigh,
beirt seanfhear ag roinnt gaoise
nó b'fhéidir fiú ag cúlchaint -
ní fios.
Cailín Oir-Eorpach ag éisteacht le ipod
is lánúin leathshean ag titim i ngrá arís.
Paisinéir amháin nó eile
ag amharc ar an scáileán -
eitiltí chuig gach cearn den Eoraip.
Ní fios cá bhfuilid ag dul,
ní fios cad chuige a bhfuilid ag druidim
ná cad uaidh a bhfuiulid ag éalú.
Ní fios cén brón atá ina luí orthu
ná cén fuascailt chroí
atá i ndán dóibh.




Thuas táim tar éis pictiúr breá a ghlacas de scairdeán álainn uisce díreach i lár Nicastro, ceann de na trí chathair a dhéanann suas Lamezia Terme. Thógas an pictiúr in Iúl 2007. Tá an áit seo gar go leor dár dteach nua san Iodáil!

Sunday, July 05, 2009

Dán scríofa san Iodáil




Táim ag scríobh an phoist seo ón Iodáil a chairde díle. Inniu bhí an aimsir thar a bheith iontach - bhí an ghrian ag spalpadh anuas ó na spéartha geala gorma. Bhí an teocht sna lártriochadaí - 35 céim Centigrade le bheith ceart. Thugamar cuairt ar ár dteach nua inniu agus tá sé beagnach réidh le h-aghaidh cónaithe. Beimid af fáil na n-eochracha Dé Céadaoin seo chugainn le cúnamh Dé. Táim in ann dul ar líne anseo mar táimid in óstán breá d'arb ainm Parco dei Principi i Rocella Jonica gar do láthair ár dtí nua. An chéad dán eile a chuirfidh mé anseo ná ceann a scríbh mé i leabhar beag nótaí in aerphort London Stansted. Seo dhaoibh é a chairde. Ceapaim go bhfuil sé iontuigthe agus nach gá aon mhíniú a thabhairt. Bainigí sult as. Slán tamall.




Dán Nua D’Áine



Uaireanta ní aithním an t-é a amharcann
Ar ais orm ón scathán
An t-é sin imithe i léithe,
An t-é sin imithe i raimhre,
Ach athnaím m’intinn
Mo bhraithstintí, mo chuimhní.



Uaireanta, i ngan fhios dom,
Ar bhealach neamhghnách,
Ar bhealach ait, an ait -
I ndáirire píre ró-ait -
Tagann iomhánna soiléire díot
Isteach im’ aigne.



Ní fios dom cár éalaigh na blianta -
Is an t-am atá caite
Mar thír eachtrannach dom anois.
Níor thuig mé ansin thú
Is tú caillte gan treo
Is d’aigne scoilte.



Bhí tú id’chailín neamhurchóideach,
Soineanta, soineanta, soineanta,
Brúite ag an domhan
Is ag gach duine -
Eaglach, neirbhíseach roimh chách -
Stróinséar nó cara fiú.



Uaireanta ní aithním an t-é a amharcann
Ar ais orm ón scathán
An t-é sin imithe i léithe,
An t-é sin imithe i raimhre
Ach athnaím m’intinn
Is an cailín lena raibh mé tráth.





Thuas chuir mé grianghraf a ghlacas i bPluais an Dúin Mhóir i gCo Chill Chainnigh - Dunmore Cave i mBéarla. Chuaigh mé ann le hÁine ar turas uair amháin sa bhliain 2003. Aolchuisne atá leirithe sa ghrianghraf ar ndóigh.

Friday, July 03, 2009

Seandánta 2




Bhuel, a chairde, tá mé ag dul ar mo laethanta saoire - díreacht inniu - síos go dtí an Iodáil Theas - Soverato agus Catanzaro agus fiú Isca Marina mar a bhfuil teach beag ceannaithe agam fhéinig agus ag mo bheirt dheartháireacha. Beidh mé ag teacht ar ais chun freastal ar choinne dhochtúra ach beidh mé ag filleadh díreach ar an Iodáil go dtí lár Lúnasa ar a luaithe. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh teacht éasca agam ar an idirlíon san áit iargúlta san ach is cuma. Mar sin seo seandán eile daoibh idir an dá linn. Tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as.




Ómós do Lionáird Cohen

Táim fós faoi dhraíocht agat, a Lionáird,
Do ghuth mall domhain cumhachtach dom mhealladh
Chuig thír rúnda fad’ ó bhuarthaí an am i láthair.
Is cuireadh dom do ghuth dul ar aistear spioradálta,
Dul ag tóraíocht na gaoise is na saoirse.
Cosúil le mantra ón Oirthear misteach
Na focail dhraíochta ag titim ó do bhéal.
Dúisítear m’anam agus téann sí ag eitilt
I bhfad níos airde ná aon scamall spéire,
I bhfad níos airde ná aon eitleán saolta.
Téim ar aistear inmheánach,
Ar oilithreach príobháideach
Agus titeann an ciúnas is an suaimhneas
Mórthimpeall ar mo chorp –
Agus fágtar socair mé,
Chomh socair le crann
Roimh theacht an fhómhair is an gheimhridh.





Chum mé an dán sin 14/11/2003. Éinne a léann Still Point beidh a fhios aige gur leantóir mór mé den fhear céanna. Mar sin, a léitheoirí slán tamall.

Thursday, July 02, 2009

Seandánta 1




Is oth liom a rá nach bhfuil móran as an nua le rá agam sna postanna seo. Mar sin ní dhéarfaidh mé aon amaidí nó seafóid anseo. Ta sé beartaithe agam dul siar ar na dánta a chum mé roinnt bhlianta ó shin. Tosnóidh me le ceann a scríobh mé do bhean álainn a rabhas ag siúl amach léi ar feadh bliana nó mar sin. Feicim gur chumas é sa bhliain 2003. Seo dhaoibh é. B'fhéidir go bhfuil fiúntas de shaghas éigint ann. Níl a fhios agam, ach braithim arís im' chroí is im' chuisle an seanphaisean sin as an nua ar athléamh dom é, agus óna thaobh sin de tugann sé ionspioráid dom filleadh ar dhánta a chumadh. Bíodh sin mar atá, seo dhaoibh é:


Ar tí imeachta – d’ Áine dhil mó chroí

Suite sa tábhairne ’gus pionta leath-ólta,
Táim ar tháirseach saoil nua – dóchas na fáistine.
Cuimhním ort a Áine dhil agus guím rath is sláinte ort,
Cailín caoin mo bhrionglóidí agus mo neamhchomhfheasa.
Áit dhomhain éigin im’ chroí táim id’ theannta
Is tú im’ bhaclainn ’gus mé ag pógadh uait do dheora.
Tá saol nua tuillte ’gat,
Saoirse mhór na braitstinte,
Saoirse dhomhain do chroí.
Taim i ngrá leis an gcailín beag ionat,
Bun ós cionn tugtha dhuit,
Buailte, cloíte ag áilleacht do chroí.
Suite sa tábhairne ’gus pionta lán-ólta,
Cloisim glaoch imeachta eitilt FR212 –
Taim ag tóraíocht an bhrí faoi spéartha na hIodáile
Is tú im’ chroí is d’áilleacht im’ theannta
Mar bhrat slándála lán de chompórd an ghrá.
Tiocfaidh mé chugat in am marbh na hoíche,
Tiocfaidh me chugat in am an ísealbhrí.
Tiocfaidh me chugat le mo lámha láidre
Is glacfaidh mé thú slán im’ bhaclainn-se
Is pógfaidh mé uait na géardheora
Is béimid slán sábháilte i lámha a chéil’.



Thuas chuir mé grianghraf a ghlacas de dhealbh déanta as oighear i Salzburg na hOstaire, Nollaig 2005.

Wednesday, July 01, 2009

Smaointe Samhraidh 1




Bhuel a chairde dile, conas tá agaibh laethanta seo an tsamhraidh? Ta súil agam go bhfuil sibh go léir ag coinneáil go rí-mhaith. Is fada an lá ó scríobh mé aon rud sa bhlag seo agus braithim uaim an Ghaolainn bhreá bhinn. Is eagal liom nach bhfaighim a lán ama chun mo chuid Ghaeilge a chleachtadh anois ó d'éiríos as bheith ag teagasc na teanga áille sin. I ndáiríre píre chaitheas beagnach 30 bliain sa ghnáthrang ag múineadh idir Ghaeilge, Reiligiún agus Scileanna Beatha, agus le blianta beaga anuas bhíos im' chomhordaitheoir ar an Idirbhliain. Anois táim tar éis bliain iontach a chaitheamh im' mhúinteoir acfainne ("acmhainne" a scríobhtar na laethanta seo gan aon agó! Ach bíodh na nithe beaga sin mar atáid - nithe beaga, nithe beaga, nithe beaga.)

Chomh maith leis sin, táthar tar éis glacadh lem' iarratas chun cúrsa oifigiúil a dhéanamh sa SEN - sé sin Special Educational Needs - is amhlaidh gur féidir Riachtanais Speisialta Oideachais a thabhairt ar an téarma úd. Séard a bhéas i gceist ins an gcúrsa sin ná dhá thréimhse de mhí - ceann amháin acusan roimh Nollaig agus an tarna ceann go luath san athbhliain - a chaitheamh i gColaiste Oiliúna Naomh Pádraig anseo i nDroim Conrach, Baile Atha Cliath. Mar sin beidh tréimhse dhá mhí ina iomláine saor ó scoil agam ach beidh mé sáite go domhain sa staidéar gan aon agó ó cheann ceann na seachtaine. Deir an réamheolas a fuair mé ó Choláiste Phádraig go leanfaidh na léachtanna agus na ranganna óna 9 go dtí a 4 a chlog san iarnóin gach lá agus creidim é. Tá a lán le foghlaim agam i ndairíre: Siceolaíocht an Uathachais (psychology of autism) - tá Aonad Uathachais againn ar scoil ina bhfuil trí chloigeann déag de scolairí - Disléicse, Neamhord Easnamh Airde (ADD), Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADHD), Tástáil shíciméadrachta (Psychometric Testing) agus a lán ábhair phraiticiúla eile chomh maith. Taobh amuigh de sin beidh orainn cúrsaí deireadh seachtaine a dhéanamh, chomh maith le roinnt éigint staidéar ar líne a bheidh dualgaiseach nó éigeantach.

Bhuel, sin agaibh an nuacht uaim ar aon nós. Scéala eile ná go mbeidh mé ag dul síos go dtí an Iodáil Theas chun mí nó mar sin a chaitheamh in áit bheag álainn, Isca Marina i gCalabria, mar a bhfuil teach bídeach ceannaithe agam agus ag mo dheartháireacha. Ta súil agam post nó dhó eile a chur anseo sula rachaidh mé Dé Aoine seo chugainn.

Idir an dá linn,

Tógaigí go bog é agus beirigí bua is beannacht!


Thuas d'uaslódail mé pictiúr díom fhéinig agus roinnt de na buachaillí ón tAonad Uathachais ag Burgerking le deanaí!