Cén fath a gcumann éinne dánta ar chor ar bith? Tuigimid go furasta cen fáth a gcumtar altanna próis and leabhair próís agus fiú úrscéalta - chun eolas faoi rud éigint a chur in iúl do dhaoine eile, chun cur leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht i gcoitinne, nó chun caitheamh aimsire nó faoiseamh aigne a thabhairt do leitheoirí. Ceapaimse féin go gcumtar filíocht ar bhealach cosúil leis, nó ar a laghad comhthreomhar leis an dóigh ina gcumtar ceol. Tagann an inspioáid ó áit fhíordhomhain sa chroí nó san anam, agus níos minicí ná a chéile ón neamhchomhfhios. Sé sin, go bunúsach is rudaí draíochta, fiú misteacha iad iad filíocht agus ceol araon - tagann siad ó shiombóis iontach idir an comhfhios agus an neamhchomhfhios. Sin an fáth nach feidir le h-aon chumadóir, bíodh sé ina fhile nó ina cheoltóir miniú a thabhairt ar bhrí a bhfuil cumtha aige.
Mar a dúirt me sa phost inné bím ag scríobh liom as Gaeilge. Ní chumaim dánta anois as Béarla in aon chor, cé go scríobhaim prós an t-am ar fad as an teanga san. Ceapaimse go bhfeileann rithmeacha agus rímeanna na Gaeilge i bhfad níos éifeachtaí dona smaointe a thagaim chugham ó am go chéile i bhfoirm dáin nó ar a laghad i gcruth roinnt línte fileata.
Mar sin cuirim roinnt cheisteanna orm fhéin ó am go cheile ar chéard atá sna dánta sin a chruthaím ar phár? Leis an fhírinne a rá faightear ceol mo chroí iontu, ceol ar féidir le h-aon éisteoir nó léitheoir a chloisteáil nuair a théann sé nó sí i ngleic leo. Ar shlí amháin no eile is aistear spioradálta iad mo dhánta, aistear ar thóir na féiniúlachta, ar thóir ghaois de shórt éigin, ar thóir bhrí nó míniú taobh thiar den domhan seo ina mairimid. Is aistear fionnachtaine é chomh maith dom mar faightear léargas eile ar an saol agus aithne níos fearr agus níos doimhne orm féin. Uaireanta bíonn an t-eolas breise seo iontach cabhrúil agus uaireanta eile bíonn an fhírinne searbh. Ach ar dhóigh amháin nó eile caithfidh an scríbhneoir cruthaitheach glacadh le focail mar a fhaigheann sé iad agus mar a thiteann siad óna pheann a fhad is atá sé macánta agus ionraic ann féin. Is í an mhacántacht nó an t-ionracas an bua is luachmhaire in aon saothar cruthaitheach.
Tá trí leibhéal de chaidreamh, ceapaim, sna dánta seo – caidreamh liom féin, caidreamh le leannán agus caidreamh le Dia nó leis an bhfórsa pearsanta nó neamhphearsanta taobh thiar den domhan is den chruinne. Nílim ró-chinnte faoi cad nó cé is Dia ann – uaireanta braithim go bhfuil fórsa pearsanta ann agus uaireanta eile braithim uaim an phearsantacht sin agus is aindiagaí mé ansin. Fágaim ceist Dé oscailte ar fad – níl a fhios agam leis an fhírinne a rá an bhfuil sé nó sí ann ar chor ar bith agus i ndáiríre is amhlaidh gur cuma sa tsioc.
Ach tá caidreamh eile sna dánta seo chomh maith, caidreamh leis an domhan mór, leis an chruinne féin, leis an timpeallacht, leis an dúlra - na sléibhte, na gleannta, na clocha, na crainn, na plandaí, na h-aibhneacha, an fharraige mhór agus leis na h-ainmhithe agus le gach a bhogann mé, le gach a cuireann ag gáire nó ag gol mé. Ceist eile a chíoraim arís agus arís nó fadhb na péine agus fadhb na fulaingte. An féidir iad a shárú? Ní féidir ach féadtar glacadh leo. Is amhail le machnamh spioradálta dom dán a chruthú. An dreac nó an cruth a bhíonn ar aon dán, cuimsíonn sé mothú áirithe ag am faoi leith, ar ocáid faoi leith, in áit faoi leith. Is cuimhim liom bheith ag léamh faoi na scuainí fada bia a bhí sa Rúis díreach tar éis titim don chumannachas. D’fhiafraigh seanbhean de stróinséar a bhí in aice leí cad ba ghairm dó agus arna cloisteáil di gurbh fhile é d’fhiafraigh sí de an mbéadh sé ar a chumas an ganntanas, an easpa bia agus braistintí na ndaoine a bhí sa scuaine sin a chruthú. D’fhreagair an file go mbéadh cinnte. Sin an saothar is dual don fhile, d’aon scríbhneoir cruthaitheach i ndáiríre.
Más cumadóir d'aon sórt thú, ar aghaidh leis an obair agus bail ó Dhia ort agus ar do chuid shaothair.
Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Showing posts with label Paisean. Show all posts
Showing posts with label Paisean. Show all posts
Tuesday, July 12, 2011
Monday, July 11, 2011
Filíocht 1
Réamhrá
Bhuel, a chairde, is mithid dom um an dtaca seo post a scríobh anseo ó tharla go bhfuil trí mhí sleamhnaithe isteach ó leagas peann ar phár. Is fíor-iontach an rud é go bhfuilimid in ann teacht chomh h-éasca sin ar ábhar scríofa as Gaeilge ar an idirlíon sna laethanta nua-aimseartha seo. Mar sin níl aon leithscéal ag éinne a rá nach bhfuil deis aige nó aici an teanga a léamh, bíodh sé sin ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó fiú míosúil. Bíodh sin amhlaidh, caithfidh mé a admháil anseo go macánta nach léim go leor ábhar scríofa as Gaeilge na laethanta seo agus is cúis náire é sin dom gan aon agó. Is brónach an rud é, fíorbhrónach i ndairíre nach bhfaighimid mórán deiseanna teanga ársa uasal ár sinsear a úsáid go rialta sa saol thart timpeall, orainn. Ach sin mar atá cúrsaí.
Filíocht
Rud amháin a mbainim ana-thaitneamh go deo as na laethanta seo ná bheith ag cumadh liom san fhilíocht as Gaeilge. Bhí mé timpeall fiche bliana d'aois nó tuairim sin nuair a chromas don chéad uair ar dhánta a scríobh, agus leanas ar aghaidh á gcumadh thar na blianta ach ba as Béarla amháin a chumas iad ag an am sin.
An file is mó a chuaigh i bhfeidhm orm sa Ghaeilge ná Seán Ó Ríordáin (1917-1977) toisc a dhoimhne is a bhí na dánta. Chomh maith leis sin chuaigh rithimí a chainte fhíornadúrtha i gcion go mór orm, a mbinneas is a gceolmhaireacht. Is cuimhin liom go geal a dhán den chéadscoth "Fill Arís" a léamh i gcomhair na hArdteiste sa bhliain chiniúnach sin, 1976, agus ag an am chuaigh na focail go ndúirt sé go fileata sa dán céanna "bain ded mheabhair//Srathar shibhialtacht an Bhéarla,//Shelley, Keats, is Shakespeare://Fill arís ar do chuid...// go mór i bhfeidhm orm ag an am. Cén fath go dtabharfadh éinne droim don Bhéarla go h-áirithe dos na mórscríbhneoirí sin a luaigh sé? Ach is amhlaidh gurbh é an paisean is an grá a bhí ina chroí don Ghaeilge ba chúis leis an ráiteas sin uaidh, mar léiríonn a chuid scríbhneoireachta ina dhialanna chomh leathan is a léigh sé litríocht an domhain uilig - mórscríbhneoirí an Bhéarla agus fiú litríocht na Fraince is na Rúise chomh maith.
File eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an mblagálaí seo ná Mícheál Ó hAirtnéide (1941 – 1999) a chum a chuid dhánta as Béarla agus as Gaeilge araon. Sa bhliain 1975 i gcnuasach ar bhaist sé an teideal Farewell to English air d'fhógair sé go soiléir go raibh sé ar intinn aige a dhroim a thabhairt go deo ar chumadh dhánta as Béarla, a rá nach raibh sa Bhéarla céanna ach teanga a bhí oiriúnach amháin do dhíol agus do cheannach muc. Ina dhiaidh sin chum sé na cnuasaigh seo leanas as Gaeilge: Adharca Broic (1978), An Phurgóid (1983) agus Do Nuala: Foighne Chrainn (1984).
Ach ó 1985 d'fhill sé ar chumadh a chuid dhanta as Béarla. Is amhlaidh gur theastaigh pobal leite i bhfad ní b'fhairsinge uaidh. Chomh maith leis sin ní raibh rudaí go ró-mhaith ina shaol féin - chuaigh sé ar an drabhlás i ndairíre - alcólaí cruthaithe a bhí ann agus chlis ar a phósadh. Inchicore Haiku, a chéad cnuasach nua as Béarla a foilsíodh sa bhlian 1985. Ina dhiadh sin thainig na cnuasaigh Bhéarla seo óna pheann: A Necklace of Wrens (1987), Poems to Younger Women (1989) and The Killing of Dreams (1992).
Ach níor thug sé a dhroim go h-uile is go h-iomlán ar scríobh as teanga ársa a shinsear mar thosnaigh sé ar aistriúchán a dhéanamh ón nGaeilge mar atá: Ó Bruadair: Selected Poems of Dáibhí Ó Bruadair (1985) and Ó Rathaille:The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille (1999). Foilsíodh a dhánta cnuasaithe i ndá imleabhar i 1984 agus i 1987 faoi seach. Bhásaigh an Hairtnéideach ar an tríú la déag de Mhéan Fómhair, 1999 ón alcólachas.
Caidreamh
Is dual dúinn uile caidreamh a dhéanamh lenár gcomhdhaoine. Déantar an caidreamh seo i móran slite – go fisiciúil, go spioradálta agus ar leibhéal na mothúchán. Ar ndóigh baintear úsáid nach beag as bua na cainte is an chomhrá sa chumarsáid chéanna. Ní gá ach smaoineamh ar an méid sin glaonna agus teachtaireachtaí téacsa a dhéantar gach lá sa domhan ar an bhfón póca. Is nádúrtha dúinn fosta litreacha nó ríomhphoist a sheoladh ó dhuine go chéile chomh maith. Tá scríbhneoirí proifisiúnta ann dála an iriseora agus scríbhneoirí cruthaitheacha idir phrós agus fhilíocht mar úrscéalaithe, gearrscéalaithe agus filí.
I dtreo Sainmhínithe
Cad is filíocht ann? Is deacair a rá go baileach ach is fíor a rá go mbaineann sí le h-ord agus le h-eagar na bhfocal nó mar a deir Coleridge, “an focal ceart san áit cheart.” Chomh maith leis sin baineann an fhilíocht go mór le ceol, le rím agus le rithim na bhfocal. Cen fáth go mbíonn daoine againn in ann sleachta fada de dhánta a thabhairt chun chuimhne. Bhuel, ’sé mo bharúil go mbímid in ann seift seo na cuimhne a dhéanamh toisc go bhfuil ceol iontach draíochta ag gabháil le filíocht ar bith. Tagann an ceol seo díreach ón anam agus leanann sí an scríbhneoir mar chompánach ar oilithreach na beatha.
Beirt mhórfhile chomhaimseartha a tháinig faoi anáil chumhachtach na teanga Gaeilge ná Cathal Ó Searcaigh agus Nuala Ní Dhomhnaill, fear agus bean beagnach ar chomhaois atá ag scríobh agus ag cumadh as canúintí Dhún na nGall agus Chiarraí faoi seach. Is cumasach go mór an bheirt acu mar fhilí agus tá siad i gcónaí ag saothrú go dian is go dúthrachtach i ngort na filíochta. Is dual don bheirt acu an obair seo - ní daoine daonna lena n-aidhmeanna curtha i gcrích iad muna mbíonn siad ag cumadh leo sa Ghaeilge. Ní féidir linn dánta le ceachtar acu a léamh gan bheith corraithe ag neart na Gaeilge ó dhá thaobh éagsúla na hÉireann. Braithimid go bhfuilimid i láthair thraidisiún beo beathach seanfhilí na hÉireann nuair a léimid dánta leo. Arís agus arís eile titimid faoi dhraíocht agus faoi chumhacht na bhfocal a thiteann ar pháipéar óna bpeann. Tuigimid go bhfuilimid i ríocht fhíorthábhachtach thobar na Gaeilge. Braithimid mar dheisceabaill agus tumaimid isteach i sruth beo beathach ár dteanga dhúchais.
Ar lean

Labels:
Aistriúchán,
Ceol,
Cuimhní cinn,
Cultúr,
Dánta,
Filíocht,
Gaeilge,
Grá,
Litríocht,
Paisean,
Scríbhneoireacht
Saturday, March 19, 2011
Sa Tóir ar an Aisling Arís!
Nuair a cailleadh Luachanna na hAislinge
Níl dabht ar bith ann ná gur chailleamar, sinne Éireannaigh nó Gaeil atá i gceist agam anseo gan aon agó, ár mbealach i gceo trom millteanach ré an Tíogair Cheiltigh. Leanamar an Droch-Aisling, Aisling an Rachmais nó Aisling an tSaibhris amháin. Tá cara liom a deir gur shórt frithfhreagartha ar an nGorta Mór a tharla sna blianta cinniúnacha sin 1845-1848 nuair a thréig an tír go léir nach mór na seanluachanna i bhfábhar luachanna bréagacha an ábharachais agus an tomhaltachais. Sea, leanamar an Droch-Aisling agus sa deireadh thiar bhíomar gafa i dTromluí uafásach na féimheachta.
Sa Tóir ar an Sean-Aisling Arís
Cad a bhí sa tSean-Aisling? Bhuel, bhí luachanna bunúsacha ann cosúil le cuidiú lenár gcomharsana, luachanna a bhaineann leis an gcomhphobal, luachanna a bhaineann leis an mbeagán seachas an mórán, leis an dóthain seachas an bharraíocht. Le linn ré an Tíogair Cheiltigh ní raibh aon mhaith sa dóthain. Is sa bharraíocht amháin a bhí an fiúntas. Ar bhealach chailleamar ár n-anam, fiú anam na tíre leis an fhírinne a rá. Is cuimhin liom nuair a bhí me i mo pháiste beag bídeach go mbuaileadh uncail linn isteach inár dtigh-ne agus go n-insíodh se seanscéalta dúinn, agus tharla sin i mBaile Átha Cliath agus ní in aon bhaile beag thíos faoin tuath. Ach, mo léan, tharla sin sna seascaidí is sna luathsheachtóidí den chéad seo caite. Na laethanta seo bíonn paistí beaga agus déagóirí gafa i gcluichí ríomhaireachta don chuid is mó. Tá ré na leitheoireachta marbh nach mór. Sin luach mhór amháin eile a bhí againne mar ógánaigh - bua na léitheoireachta. Sin rud tábhachtach, rud nach féidir a mheas nó a luacháil i gcultúir ar bith. Ní féidir luach airgeadúil a chur ar shamhlaíocht an duine dhaonna.
B'shin a thuig ár scríbhneoirí chumasacha mar W.B. Yeats, J.M. Synge agus James Joyce féin. Thuigeadar go domhain an tábhacht agus an éifeacht a bhí sa tsamhlaíocht mar bhua luachmhar d'aon phobal ar bith, d'aon náisiún ar bith ar dhomchla an domhain bhig ghlais seo. Mar a dúirt Stephen Dedalus, agus gan dabht ar domhan ba é an Stephen Dedalus seo an carachtar ba ghaire ina gcuid leabhar do phearsantacht Joyce féin. D'fhág sé tír na hÉireann chun a Aisling fhéin a leanúint. Séard a chuir sé roimhe mar aidhm in a shaol nó: "to forge in the smithy of my soul the uncreated conscience of my race."
Filleadh ar na Sean-Luachanna
Is amhlaidh go bhfuil gaois na h-aoise sna sean-luachanna sin mar chosain agus chothaigh siad seanfhundúirí ár gcultúr síos tríd na h-aoiseanna. Sin iad na luachanna a chailleamar le linn ré an Tíogair Cheiltigh - atá adlactha faoi dheireadh, Buíochas leis na Déithe uilig. Ceapaim go bhfuil ceacht tábhachtach foghlamtha againn, sé sin nach féidir droim láimhe a thábhairt leis an gcultúr agus leis na luachanna suntasacha a ghabhann leis. Sin a bhí i gceist, ceapaim leis an bhfuinneamh agus leis an spriorad agus leis an anamúlacht agus leis an spraoi dosmachtaithe a bhí so-fheicthe agus so-mhothaithe fiú sna paráideanna Lá 'le Phádraig a tharla ar fud an domhain mhóir nach mór, in aon áit ar chuir an Diaspóra Gaelach fúthu ní amhain sna seanlaethanta ach sa nua-haois chomh maith.
Ar an gcaoi chéanna sin a bhí i gceist i gcuairt an taoisigh ar Washington. Sé sin, bhronn Éanna Ó Cionnaith i bhfad níos mó ná babhla seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe. I ndairíre píre bhronn sé Aisling Nua, Aisling na Sean Éireann agus na Nua-hÉireann, Aisling na SeanGhael agus Aisling na Nua Ghael ar Obama. Agus bhronn an tUachtaran Óbama Aisling Gheal thar n-ais ar an Taoiseach agus fianaise na hAislinge ar fáil sa chuairt a thabharfaidh sé orainn anseo i Mí Bealtaine. Ní feidir clabhsúr a chur leis an alt beag seo agam gan tagairt a dhéanamh d'oráid bhreá chorraitheach a rinne an tIar Uachtarán Bill Clinton le déanaí nuair a bhí sé ag caint ag lón speisialta sa New York Yacht Club, áit ar bhronn sé duais bliantúil iris Irish America ar John L Lahey, fear a bhí bainteach in eagrú Pharáid Lá 'le Phádraig le ní ba mhó ná tríocha bliain sa mhórchathair sin. Seo mar a dúírt Clinton:
| Dhá chapall: Trá Dhomhnach Bhait, Meitheamh 2008 |
Sa Tóir ar an Sean-Aisling Arís
Cad a bhí sa tSean-Aisling? Bhuel, bhí luachanna bunúsacha ann cosúil le cuidiú lenár gcomharsana, luachanna a bhaineann leis an gcomhphobal, luachanna a bhaineann leis an mbeagán seachas an mórán, leis an dóthain seachas an bharraíocht. Le linn ré an Tíogair Cheiltigh ní raibh aon mhaith sa dóthain. Is sa bharraíocht amháin a bhí an fiúntas. Ar bhealach chailleamar ár n-anam, fiú anam na tíre leis an fhírinne a rá. Is cuimhin liom nuair a bhí me i mo pháiste beag bídeach go mbuaileadh uncail linn isteach inár dtigh-ne agus go n-insíodh se seanscéalta dúinn, agus tharla sin i mBaile Átha Cliath agus ní in aon bhaile beag thíos faoin tuath. Ach, mo léan, tharla sin sna seascaidí is sna luathsheachtóidí den chéad seo caite. Na laethanta seo bíonn paistí beaga agus déagóirí gafa i gcluichí ríomhaireachta don chuid is mó. Tá ré na leitheoireachta marbh nach mór. Sin luach mhór amháin eile a bhí againne mar ógánaigh - bua na léitheoireachta. Sin rud tábhachtach, rud nach féidir a mheas nó a luacháil i gcultúir ar bith. Ní féidir luach airgeadúil a chur ar shamhlaíocht an duine dhaonna.
B'shin a thuig ár scríbhneoirí chumasacha mar W.B. Yeats, J.M. Synge agus James Joyce féin. Thuigeadar go domhain an tábhacht agus an éifeacht a bhí sa tsamhlaíocht mar bhua luachmhar d'aon phobal ar bith, d'aon náisiún ar bith ar dhomchla an domhain bhig ghlais seo. Mar a dúirt Stephen Dedalus, agus gan dabht ar domhan ba é an Stephen Dedalus seo an carachtar ba ghaire ina gcuid leabhar do phearsantacht Joyce féin. D'fhág sé tír na hÉireann chun a Aisling fhéin a leanúint. Séard a chuir sé roimhe mar aidhm in a shaol nó: "to forge in the smithy of my soul the uncreated conscience of my race."
Filleadh ar na Sean-Luachanna
| Spéir ar Thrá Bettystown, Iúl 2008 |
Ar an gcaoi chéanna sin a bhí i gceist i gcuairt an taoisigh ar Washington. Sé sin, bhronn Éanna Ó Cionnaith i bhfad níos mó ná babhla seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe. I ndairíre píre bhronn sé Aisling Nua, Aisling na Sean Éireann agus na Nua-hÉireann, Aisling na SeanGhael agus Aisling na Nua Ghael ar Obama. Agus bhronn an tUachtaran Óbama Aisling Gheal thar n-ais ar an Taoiseach agus fianaise na hAislinge ar fáil sa chuairt a thabharfaidh sé orainn anseo i Mí Bealtaine. Ní feidir clabhsúr a chur leis an alt beag seo agam gan tagairt a dhéanamh d'oráid bhreá chorraitheach a rinne an tIar Uachtarán Bill Clinton le déanaí nuair a bhí sé ag caint ag lón speisialta sa New York Yacht Club, áit ar bhronn sé duais bliantúil iris Irish America ar John L Lahey, fear a bhí bainteach in eagrú Pharáid Lá 'le Phádraig le ní ba mhó ná tríocha bliain sa mhórchathair sin. Seo mar a dúírt Clinton:
“Somehow, we need to help our friends there not just to recover but to keep their heads on straight while they are recovering.” Ireland, he said, had voted to make a new beginning by way of a political change.
It should never be assumed again, he said, that any given level of prosperity was permanent, that any economic arrangement could not be improved, and that any clever thing done might not be tinged with a little arrogance carrying the seeds of its destruction. “We should remember that what we loved about Ireland was how green and beautiful it was . . . how beautiful the poetry and prose were . . . and how wonderful the music and the dance are.”Nach fíor dhó, a chairde?
Mr Clinton said he was convinced if everybody had “30 lucid minutes” before passing away, almost nobody would use them to think “how cool it was when we got rich”. He added: “We would think about who we liked and who we loved and how the flowers smelt in the springtime . . . when we made the passage from youth to adulthood . . . and what it was like when our children were born or when we gave our daughters away at the altar.”
Mr Clinton said the thing people loved about Ireland had almost nothing to do about whether it was financially successful or not. “It was what it was at the core. Ireland will be great and prosperous and wonderful again, simply by recovering what it is at the core. So it is for us not only to give advice, investment and support, but to scrape away the barnacles which have clouded the vision of the place we love.” (Buail ar an nasc seo: Irish Times )
Labels:
Aisling,
Cultúr,
Dóchas,
Eacnamaíocht,
Eadóchas,
Féinmhuinín,
Geileagar,
Litríocht,
Luachanna,
Macántacht,
Machnamh,
Paisean,
Polaitíocht,
Spioradáltacht,
Traidisiún
Thursday, February 10, 2011
Todchaí na Tíre agus Todhchaí na Teanga
![]() |
| Seanbhád in Árainn Mhór |
Ach is ar staid na Gaeilge atá m'aird fhéinig dírithe na laethanta cinniúnacha seo. Tá Éanna Ó Cionnaith (Enda Kenny) agus a lucht leanúna i bhFine Gael ag rá go bhfuil sé ar intinn acu deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach díreach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. Cuireann an intinn sin imní orm (agus ar a lán againn gan dabht ar domhan) faoi thodhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha. Go dtí le gairid (nuair a d'éirigh mé as an ngnáthmhúinteoireacht ranga le bheith i mo mhúinteoir do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu) bhí tuairim is tríocha bliain dem' shaol caite agam i mbun theagasc na Gaeilge do gach leibhéal scoláire sa mheánscoil.
![]() |
| Aillteacha Áranna Móire |
(iv) Pointe tábhachtach eile, fiú rí-thábhachtach, leis an fhírinne a rá, ná cad faoi phostanna na múinteoirí Gaeilge? Agus smaoineamh eile - (v) cad a tharlóidh ansin do na scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí éagsúla? Nach gcaillfidh muintir na Gaeltachta - na mná tí go speisialta - a gcuid ioncaim bhliantiúla? Nach loitfear na comhluadair is na pobail bheaga éagsúla a labhraíonn an Ghaeilge de bharr easpa airgid má théitear ar aghaidh leis an smaoineamh seafóideach baoth millteanach seo? (vi) Cén t-éileamh a bhéadh ar an nGaelscoilíocht ansin fiú?
Táim díreach tar éis alt breá tomhaiste cothrom a léamh san Irish Times. Alt atá ann de chuid Mhíchíl Uí Rúairc ar múinteoir le Gaeilge agus cainteoir binnbhriathrach deisbhéalach ó dhúchas é, chomh maith le bheith ina fhile cumhachtach agus iriseoir breá. Is díreach ar an ábhar céanna - sé sin éigeantas na Gaeilge mar ábhar scoile agus todhchaí na teanga sin - atá faoi chaibidil ag an Ruairceach. Is féidir teacht ar a shár-alt ag an nasc seo leanas: Beatha nó Bascadh Irish Times Seo sliocht beag óna alt:
Ceist chonspóideach í ceist na Gaeilge éigeantaí, ar ndóigh. Is ionann éigeantas agus riail agus bíonn fadhb ag an-chuid daoine óga le rialacha. Ar an dtaobh eile de is léim chandaim atá ann ó ábhar scoile éigeantach go hábhar roghnach.
Bíonn ísliú stádais i gceist le hábhar roghnach i gcónaí. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil an Stáit de réir Bhunreacht na hÉireann. Ar an ábhar sin is “teanga chosanta” í agus caithfear í a chaomhnú nó an gcaithfear? Deir saineolaithe áirithe agus páirtí polaitíochta nó dhó go mba chóir bogadh ar aghaidh agus an t-éigeantas a bhaint agus an roghnachas a chur ina áit.
Sa bhliain 1974, nuair a bhí comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, cuireadh deireadh le riachtanas le haghaidh pas sa Ghaeilge chun Scrúdú na hArdteistiméireachta a bhaint agus chun post a fháil sa státseirbhís.Aontaím go h-uile is go h-iomlán leis an méid atá raite ag an Ruairceach ansin thuas. Gan dabht ar bith bhéadh ísliú stádais i gceist maidir leis an nGaeilge. Ní bheadh sí ar an leibhéal céanna fiú leis na teangacha roghnacha eile mar Spáinnis nó Fraincís nó Gearmáinis ar a bhfuil níos mó fáil ag scolairí ar thaisteal chuig na tíortha seo. Ní smaointeoidis ar dhul chuig na Gaeltachtaí ach an oiread.
B’é toradh na reachtaíochta sin ná gur fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine sa státseirbhís ó shin le státseirbhísigh áirithe gan aon Ghaeilge acu nó níos measa fós, namhdach ina leith.
Tá mo dheartháir féin ag obair sa Státsheirbhís agus eisean an t-aon duine amhain in a oifig - i Roinn na nOibreacha Poiblí - a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Níl ar chumas éinne eile san oifig litir a chumadh nó a scríobh i gcéadtheanga na tíre. Is náire an-mhór é sin ceapaim.
Mar mhúinteoir le taithí tríocha bliain sa seomra ranga ag teagasc na Gaeilge, ach éirithe as le déanaí, caithfidh mé a rá gur mhúin mé daltaí de gach leíbhéal ó bhonn go gnáth go h-árdleibhéal sa teanga sin. Gan dabht ar bith thugas faoi deara na daltaí sin nach raibh suim dá laghad acu ina dteanga dhúchais, ach caithfidh mé a admháil gur mhionlach a bhí i gceist i gcónaí. D'admhaigh buachaill lag amháin liom díreach inniu, buachaill a raibh díolúine faighte aige ó fhoghlaim na Gaeilge go raibh áiféala air nach raibh sé in ann fiú abairt a rá i nGaeilge - teanga a sheanmhuintire. Fiú má tá an bonnleibhéal á leanúint ag scoláire thiocfaidh leis comhrá bunúsach a dhéanamh i dteanga a shinsear.
Na laethanta seo agus go leor aíonna nua-thagaithe isteach sa tír ón Rúis, an Laitvia, an Liotuáin, an Nígéir, an Aifric Theas, an Bhraisíl agus ón tSiombáib - chun na tíortha óna bhfuil scoláirí nua-thagaithe ins an scoil s'againne - tuigeann ár ndaltaí dúchasacha tábhacht na Gaeilge maidir lena bhféin-aitheantas mar Éireannaigh nó mar Ghaeil. Ní Gaill muid!
Mar bhuille scoir ba mhaith liom a rá go bhfuil cumhacht rí-thábhachtach ag gach teanga dhúchasach. Mar a dúirt mé is cuid bhunúsach í an Ghaeilge mar chuid lárnach dar bhféinaitheantas, agus fiú dár féin-aithne chomh maith. Mar dhuine a bhfuil an Iodailis ar a thoil aige chomh maith tuigim go dtugann gach teanga a draíocht speisialta féin leí agus a módh speisialta smaointe. Mar sin ba chailliúint mhór dúinn mar Ghaeil dá gcaillfí an Ghaeilge. Bheimis i bhfad níos boichte mar naisiún agus mar dhaoine ina éagmais!
Labels:
An Léann Ceilteach,
Cultúr,
Dearfacht,
Gaeilge,
Iodáil,
Laethanta Saoire,
Machnamh,
Paisean,
Polaitíocht,
Spioradáltacht
Sunday, December 19, 2010
Dánta don Séisiúr
| Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí |
Ós rud é go mba cheart agus go mba chóir dúinn moilliú nó socrú síos; go mba chóir dúinn a bheith níos suiamhní do Shéisiúr na Nollag, bhéadh sé thar a bheith feiliúnach cúpla dán séasúracha a chur i gcló anseo. Caithfidh mé a rá gurbh iad an bheirt mhórfile sin - Máirtín Ó Díreáin (An File Aniar)agus a chomhaimsearach Seán Ó Ríordáin (An File Aneas) a chuaigh go mór i bhfeidhm ormsa sa mheánscoil agus san ollscoil. Admhaím anseo gurb iad an bheirt fhile chomhaimseartha Cathal Ó Searcaigh (An File Aniar-Aduaidh) agus Nuala Ní Dhomhnaill (An File Aniar-Aneas) an bheirt mhórfhile atá fós i mbarr na sláinte agus atá fós ag saothrú leo go dian i ngort torrthúil na filíochta. Tá feith na cruthaíochta thar barr ins na scríbhneoirí seo, a léitheoirí. Ba mhaith liom dán le Máirtín Ó Díreáin agus ceann le Seán Ó Ríordáin a chur i gcló díreach thíos faoin réamhrá gearr seo:
1. Coinnle ar Lasadh (Do mo mháthair)Bhuel, a leitheoirí díle, chuireas an dá dhán san le cheile toisc go bhfuil nasc soileir follasach eatartha ar leibhéal amháin, an leibhéal dromchlach mar a déarfá. Tá téama an Da Lá Dhéag de Nollaig mar théama sa dá cheann acu. Ach taobh amuigh de sin is léir agus gídh rí-shoiléir go bhfuil an Díreanach fíor-uaigneach agus go mbraitheann sé uaidh a oileán dúchais, sé sin Inis Mór, Contae na Gaillimhe. Agus go h-áirithe mothaíonn se uaidh a mháthair: "Is céad beannacht faoi dhó//Le láimh amháin a lasfas coinnle anocht."
Le Máirtín Ó Direáin
In oileán beag i gcéin san Iarthar
Beidh coinnle ar lasadh anocht,
I dtíthe ceann tuí, is i dtíthe ceann slinne,
Dhá cheann déag de choinnle geala a bhéas ar lasadh anocht
Mo chaoinbheannacht siar leis na coinnle geala
A bhéas ar lasadh anocht
Is céad beannacht faoi dhó
Le láimh amháin a lasfas coinnle anocht.
Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag, 1939.
2. Oíche Nollaig na mBan
le Seán Ó Ríordáin
Bhi fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir,
Aréir Oíche Nollaig na mBan,
As gealt-teach iargúlta 'tá laistiar den ré
Is do scread tríd an spéir chughainn 'na gealt,
Gur ghíosc geatai comharsan mar ghogallach gé,
Gur bhúir abhainn slaghdánach mar tharbh,
Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal
A las 'na splanc obann an fhearg.
Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin
An oiche go mbeadsa go lag
Ag filleadh abhaile o rince an tsaoil
Is solas an pheaca ag dul as,
Go lionfai gach neomat le liúraigh on spéir,
Go ndéanfai don domhan scuaine scread,
Is na cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám' dhéin,
Ná inneal an ghluaisteáin ag stad.
Fear Sneachta i gCoill Sheantraibh arís!
Sa dara dán séard atá i gceist na téama an bháis agus go h-áirithe téama na h-eagla roimh an mbás céanna. Cruthaíonn Ó Ríordáin íomhánna glana geala beoga dúinn mar shampla "an ghaoth" atá ana-stoirmiúil agus ana ghlórach dá bharr. Cuireann an ghaoth chumhachtach seo gach rud bun os cionn. Chomh maith leis sin cuireann sí na crainn, an abhainn áitiúil agus geataí na dtithe is na bpáirceanna ag screadaíl. Tugann an file cuireadh don ghaoth sin teacht an oíche a bhéadh sé ag saothrú an bháis. Sa chaoi sin, dar leis an bhfile, thig leis gan a bheith buartha nó eaglach roimh an mbás.
Cruthaíonn an Ríordánach íomhánna tathagacha eile leis, cosúil le h-íomhá inneal an ghluaisteáin ag stad. Meafair eile as a mbaineann se úsáid éifeachtach sa dán deas seo ná "rince an tsaoil" a sheasann do gach rud saolta agus domhanda a dhéanann an gnáthdhuine ar dhromchla an phlainéid bhig ghlais seo.
An íomhá lárnach as a mbaineann Ó Díreain úsáid eifeachtach ná iomhá an tsolais. Sa chás atá sa dán is é solas na gcoinnle Nollag atá igceist ag an bhfile. Chuirtí na coinnle sna fuinneoga chun fáilte a chur roimh gach éinne chuig an teach, agus bhí an gnás nó an nós seo forleathain in Éirinn trath dá raibh. Baintear úsáid as cinn leictreacha na laethanta seo.
Mar nóta scoir ba mhaith liom a rá gurb iad ceol agus rithim na bhfocal na feiniméin a chruthaíonn iontas agus draíocht aon dáin ar bith. Má léitear dán ós ard is ansin a chloistear agus a bhlastar an t-iontas is an draíocht.
Labels:
An Léann Ceilteach,
Cultúr,
Dánta,
Filíocht,
Ionadh,
Litríocht,
Machnamh,
Paisean,
Scríbhneoireacht,
Spioradáltacht,
Traidisiún
Sunday, September 19, 2010
Grá don Ghaeilge 7
Ní ait an rud é i ndáiríre píre go nascaimid aon ní is dual agus is dúchasach dúinn leis na daoine a chuaigh i bhfeidhm orainn go mór le linn ár saoil. Luaigh mé an sármhúinteoir bunscoile a bhí agam, an tUasal Ó Muirí go minic sna leathanaigh seo, fear a chuaigh go mór i gcionn orm mar dhuine agus mar mhúinteoir nuair nach raibh mé ach dhá bhliain déag d'aois. Is maith is cuimhin liom dul abhaile agus a rá le mo mháthair go raibh dúil mhór agam sa mhúinteoireacht mar ghairm bheatha. Bhuel, d'éist mo mháthair liom gan aon agó agus thosaigh sí ag ceannach a lán leabhair dom mar bhí suim nach beag agam riamh sa léitheoireacht. Is maith is cuimhin liom go raibh leabharlann de chúpla céad leabhar agam agus mé sa mheánscoil agus ba rud neamhghnách é sin ag an am do bhuachaill a raibh cónaí air i measc an lucht oibre agus gurbh fhear an phoist é a athair.
Rud a ritheann liom anois ná gur shúigh mé isteach an chríonnacht, an ghaois nó an eagna a bhí ag na seanmhúinteoirí sin - agus ag m'athairse agus mo mháthairse gan dabht ar bith - ciall na gcianta i ndáiríre a thug na daoine seo leo ón tuath mar thánadar go léir nach mór ó cheantair éagsúla lasmuigh des na bailte móra. Séard atá a rá agam ná gur thuathánaigh ab ea a bhformhór agus gan dabht ar domhan táim ag tagairt do thuathánaigh sa chás seo sa bhrí is fearr agus is dearfaí den fhocal céanna. Rud b'fhéidir nach eol do chách, sé sin go dtagann na focal "peasant" nó "tuathánach" ó na focail "pays" agus "tuath" faoi seach. Fiú sa lá atá inniu ann buailim le daoine a cheapann gur focal maslach é an focal céanna. Bhuel, mar a dúirt an fealsamh spioradálta Gaelach úd an Dr John Ó Donohue, go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis, go bhfuil nasc nó ceangal nach beag idir an tírdhreach nó an talamh dúchasach agus an spriodáltacht nó an fhealsúnacht mhaireachtála a bhíonn ag aon treibh ar bith ar domhan.
Ó scríobh mé an post deireanach sa bhlag seo tá dearbhaithe ag an mórthráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil sé ag éirí as a phost inniu díreach tar eis tráchtaireacht a dhéanamh ar an gcluiche ceannais sa Pheil Ghaelach idir Corcaigh agus an Dún. Is deireadh ré é seo i ndáiríre. Agus ar maidin bhíos ag éisteacht leis an bhfear céanna in agallamh le Miriam O Callaghan ar a clár iontach suimiúl sin Miriam Meets atá le fáil ag an nasc seo leanas: Miriam. Bhí beirt dá ochtar páiste á gcur faoi agallamh leis an athair, sé sin, a mhac Cormac agus a iníon Doireann. Bhuel, fuaireamar uile mar éisteoirí léargas iontach ar fhealsúnacht agus ar spriodáltacht an Mhuircheartaigh ar an gclár seo - an eagna, an ghaois nó ciall na gcianta mar a bhaist mé ar an bhfealsúnacht chéanna thuas. Mar a dúirt mé tá baint nach beag aige sin leis an tírdhreach agus leis an talamh dúchasach. Deir Ó Muircheartaigh nach raibh sé riamh buartha ina shaol, go gcaithfimid sult agus súp a bhaint as an saol - sé sin, "carpe diem," mar is achar beag i ndáiríre é an saol céanna.
Deireann Doireann go dtosnaíonn lá an chluiche cheannais ar a leath i ndiaidh a sé ar maidin agus ó thús go nglaodh Mícheál ar a gclann iníonacha agus ar a gclann mhac leis na focail: "Éirigí suas. Is cleachtadh báis é an codladh!" Nathanna eile a léiríonn an fhealsúnacht agus an spioradáltacht atá ag an Muircheartach ná seanfhocail mar: "Bíonn Dia ar an mbóthar" nó "Is gaire cabhair De ná an doras." Sé sin níl aon éifeacht ar bith ag baint le bheith buartha faoi chúrsaí an tsaoil - caithfear éirí suas, aghaidh a thabhairt ar an saol agus beidh na freagraí ar fáil leis an gcur i ngleic sin, leis an gcur chuige, fiú sa streacailt agus sa choimhlint.
Seanfhocal eile is cuimhin liom go minic i mbéal an Mhuircheartaigh nuair a bhí mé ar scoil agus fiú ag obair leis ar an bhfoireann múinte céanna ná, "Beatha duine a thoil." Sé sin go mba cheart agus chóir d'aon duine ar bith a mhianta, a shoilse, a chroí agus a aislingí féin maidir leis an ghairm bheatha is dual dó nó di a leanúint. Sa tslí sin beidh an duine sona sásta nó gar dó ar a laghad ina shaol.
Seo ar bharr na rudaí a chorraíonn agus a bhogann mé maidir le mo ghrá mór don Ghaeilge. Tá a h-eagna féin nó a fealsúnacht féin ag baint le h-aon teanga ar bith ar domhan, agus leis an nGaeilge féin gan dabht. Cloisim agus aithním mó ghrá do mo theanga dúchais agus do m'oidhreacht agus do mo dhúchas mar Ghael agus mar dhuine daonna ar chaint nádúrtha diesbhéalach binnbhriathrach an Mhuircheartaigh.

Sunday, September 12, 2010
Grá don Ghaeilge 6
Leis an fhírinne a rá ceanglaím an grá atá agam don Ghaeilge le mo shaol mar scoláire agus mar mheánmhúinteoir. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh sármhúinteoirí Gaeilge agam ar scoil agus go h-áirithe sa bhunscoil. Is cuimhin liom Mícheál Ó Muircheartaigh mar mhúinteoir sa mheánscoil le mo linnse mar dhalta agus ansin mar chomhmhúinteoir ar an bhfoireann teagaisc, gidh is gur éirigh se as an gceird bliain i ndiaidh dom tosnú ar an ngairm bheatha iontach tábhachtach sin mé fhéin. Bhíodh sé riamh de nós ag na múinteoirí Gaeilge labhairt le chéile sa teanga san i gcónaí, agus mar a dúirt mé d'fhoghlaim mé a lán uathu thar na blianta.
Mar a dúirt mé, táim díreach tar éis dírbheathaisnéis Uí Mhuircheartaigh a léamh agus cé nach bhfuil an leabhar céanna scríofa as Gaeilge is féidir rithimí na Gaeilge a fháil i gcónaí ar Bhéarla an údair. Anseo is ansiúd fiú faightear an feiniméan Éireannach iontach sin -an Hiberno English - i mbéal an údair. Is fíor a rá, a chairde, go bhfuil an feiniméan sin ag fáil bháis le teacht chun cinn an idirghréasáin. Mar shampla faightear an Hiberno-English san abairt seo leanas: "... and we gave most of the day in the church singing Latin hymns to the Blessed Virgin." Níl an tuiscint is atá i gceist ag an Muircheartach anseo maidir leis an mbriathar "give" ag gabháil leis an mbriathar sin sa Bhéarla. An Ghaeilge atá ar an abairt seo gan aon agó ná "!... agus thugamair an chuid is mó den lá sa tséipéal ag canadh 7rl." Ciallaíonn "thugamair" an rud ceanann céanna is a chiallaíonn "chaitheamair", sé sin, gan aon agó "and we spent..." sa Bhéarla. Níl an chiall sin ag gabháil leis an mbriathar "give" sa Bhéarla, ach gan dabht tá an chiall sin ag baint le "give" sa Hiberno-English. Mar a dúirt mé is féidir rithimí na Gaeilge a chloisint ar Bhéarla an Mhuircheartaigh i gcónaí.
Gan dabht ar domhan tá dlúthcheangal idir an dírbheathaisnéis nua-aimseartha seo leis na dírbheathaisnéisí iontacha fíorthábhachta a thagann ón gcuid sin sin den tír, dírbheathaisnéisí Mhuiris Uí Shúilleabhain, Thomáis Ui Chriomhthain agus Peig Sayers i mblianta luatha an chéid seo caite agus fiú le dírbheathaisnéis Mhaidhc Dainín Uí Shé, ceann a foilsíodh níos déanaí ar fad. Luann an Muircheartach go gcaitheadh sé agus a chlann dheartháireacha a lán dá gcuid ama ag cuardach na farraige i gcomhair raice ó longa a scriosadh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Faightear an rud ceanann céanna sna leabhair a luaigh mé thuas, sé sin cuardach raice. Chomh maith leis sin luann an Muircheartach na dírbheathaineisí cáiliúla seo ina leabhar fhéinig. Admhaíonn sé go raibh grá mór ag a dheartháir Pádraig, RIP (iar-Phríomhfheidhmeannach Bhórd Soláthair an Leictreachais) ar na dírbheathaisnéisí clúiteacha cáiliúla sin a d'eascair as ithir Chiarraí agus as ithir an seanoileáin sin d'arbh ainm An Blascaod Mór.
Maille leis sin, luaitear a lán rudaí agus imeachtaí eile i leabhar an Mhuircheartaigh is a luaitear ins na dírbheathaisnéisí clasaiceacha eile, sé sin fiach coiníní agus iascaireacht bhradán. Chomh maith leis sin, ní raibh aon aibhléis nó leictreachas ar fáil ag daoine sa chuid sin den tír nó fiú in a lán áiteacha sa tír ag an am sin roimh scéim leictriú na tuaithe. Tugann an t-údar cur síos iontach ar an gcaoi a dhéanaidis a gcoinnlí féin ag an am, coinnlí féin-déanta nó féinseirbhíse ar a thugtaí padóga nó "padógs" - coinnle féinseirbhíse déanta as ceirteacha clúdaithe le saill ainmhíoch. Chomh maith leis sin tugann an Muircheartach cúntas maith dúinn ar bhairille céire a fuaireadar mar raic ón bhfarraige agus ar an slí a ndearnadar coinnlí as agus gur mhair na coinnlí céanna tráth an Chogaidh Dhomhanda go léir.

Tuesday, September 07, 2010
Grá don Ghaeilge 5
Sa phost deireanach agam sa bhlag seo bhí mé ag tagairt don chraoltóir agus don tráchtaire iontach san Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí ina mhúinteoir sa scoil ar ar fhreastailíos sna seachtóidí mar dhéagóir, sé sin Scoil Uí Chonaill anseo i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sé mar mhúinteoir agam ach chaitheas bliain amháin ag múineadh ar an bhfoireann chéanna le Mícheál agus caithfidh mé a admháil gur fear fíórdheas cairdiúil é agus gur Gaeilgeoir fíorbhlasta deisbhéalach binnbhriathrach é ar deas bheith ag comhrá leis.
Mar a dúirt mé sa phost deiridh chomh maith táim díreach tar éis a chéad dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park a léamh agus is fíorshuimiúil an léamh é domsa mar bhí aithne agam ar an bhfear céanna agus chomh maith leis sin luann sé daoine óna shaol múinteoireacha a bhfuil ar aithne agam.
Rud suimiúil amháin eile a bhfuil spéis agam féin ann ná na Coláistí Ullmhúcháin - coláistí ullmhúcháin speisialta lánGhaeilge a cuireadh ar bun in áiteacha éagsúla ar fud na tíre i mblianta luatha an Stáit s'againne chun ábhar múinteoirí idir bhuachaillí agus chailíní a ullmhú do na Coláistí Oiliúna. Gheobhaidh tú léirmheas críochnúil ar leabhar taighde a scríobhadh faoi na coláistí féin A Gaelic Experiment : The Preparatory System 1926 – 1961 and Coláiste Moibhí le Valerie Jones ag an nasc seo leanas Léirmheas Feasta. Deireadh na seanmhúinteoirí Gaeilge liom thar na blianta - agus is amhlaidh go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa tuairim chéanna - gur thug an t-oideachas a bhí ar fáil sna coláistí céanna lámh chúnta nach beag do chur chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Oiliúna agus uaidh sin amach go dtí na scoileanna naisiúnta i mblianta luatha an Stáit bhig seo. Deirtear nach bhfuil béim ró-mhór ar an nGaeilge sna coláistí seo sa lá atá inniu ann. Ach is tuairim mhaol í seo nach bhfuil mé ró-chinnte faoi in aon chor - mar níl aon fhianaise bheacht agamsa - agus tá a fhios agam, leis, go bhfuil na léachtóirí is na cúntóirí éagsúla Gaeilge sna colaistí éagsúla ag saothrú go díograiseach dúthrachtach i ngort na teangan céanna i gcónaí.
An coláiste ar fhreastail an Muircheartach air ná Coláiste Íosagáin i gContae Chorcaigh a bhí suite sa Ghaeltacht díreach idir Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha. Bhí an colaiste céanna faoi chúram na mBráithre ón Ord De La Salle. Dob é an Bráthair Peadar, uachtarán agus príomhoide an choláiste, croí agus anam na scoile, a raibh suim nach beag aige sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Tugadh cuireadh d' aoínna speisialta chun labhairt leis na micléinn - scríbhneoirí, filí, amhránaithe agus cumadóirí éagsúla Gaeilge. Ní nach ionadh go raibh an Muircheartach sáite sa chultúr Gaelach ón tús gan trácht ar an bPeil Gaelach ina raibh sé páirteach mar imreoir díograiseach ó thús ar scoil agus sa choláiste. Chaith sé seal chomh maith mar thraenálaí d'imreoirí fhoireann Chiarraí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Nuair a bhí mé sa séú bliain sa mheánscoil chuir mé iarratais isteach ar na coláistí éagsúla chun bheith i mo mhúinteoir agus is cuimhin liom freastal ar chaint bheag a thug Mícheál ar ghairm an oide. Séard a dúirt sé go bunúsach ná nár cheart ná cóir d'éinne dul le bunmhúinteoireacht gan suim a bheith aige i agus cion a bheith aige ar scoláirí óga ó cheithre bliana go dhá bhliain déag d'aois agus nár cheart d'éinne dul le meánmhúinteoireacht gan suim agus cion dá shamhail a bheith aige nó aici do dhéagóirí mar bíonn ar an múinteoir an chuid is mó den lá a chaitheamh leo. Comhairle mhaith uaidh an méid sin is dóigh liom.

Sunday, September 05, 2010
Grá don Ghaeilge 4
Ar na múinteoirí ar an bhfoireann i Scoil Uí Chonaill sna seascaidí agus sna seachtóidí den aois seo caite bhí Mícheál Ó Muircheartaigh an sárthráchtaire sin atá fós ag obair leis ar an raidio, gidh is go bhfuil sé tar éis ceithre scór bliain a shlánú ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo. Go deimhin rinne sé an tráchtaireacht raidio ar an gcluiche sinsearach san iomáint inniu idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus aréir bhí sé mar aí speisialta ar an gclár teilifíse Up for the Match nuair a d'iompair sé Corn Liam Mhic Chárthaigh isteach sa stiúidio teilifíse. Ta Mícheál fós lán de chroí is d'aigne agus de dhíograis is de dhúthracht. Ní chreidfeá go raibh ochtó bliain slánaithe aige - cheapfá nach raibh sé ach timpeall trí scór bliain d'aois. Go maire tú an céad, a Mhíchíl!
Cén fath go bhfuil Mícheál Uasal Ó Muircheartaigh faoi chaibidil agam anseo? Bhuel bhí sé ina mhúinteoir bunscoile is meánscoile i Scoil Uí Chonaill i Sráid Risteamain Thuaidh, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath , 1, scoil iontach stairiúil ar leag an Fuascailteoir Dómhnall Ó Conaill an bhunchloch sa bhliain chiniúnach sin 1828. D'fhreastailíos féin ar an meánscoil sin sna seachtóidí. Ach mo léan ní raibh Mícheál agam mar mhúinteoir ach mhúin sé mo dheartháir óg Pádraigh. Bhí Gaeilge bhreá bhinn riamh ag Mícheál. D'eírigh sé as an mhúinteoireacht sa bhliain 1981 nuair a bhí sé bliain is caoga d'aois agus chuaigh sé go lánaimseartha isteach mar chraoltóir in RTE agus Raidio na Gaeltachta.
Nuair a chláraigh mé mar mhéanmhúinteoir sa bhliain 1980 agus nuair a thosaíos ag múineadh sa mhéanscoil chéanna bhí Micheál ar an bhfoireann liom ar feadh bliana. Fear deas séimh cairdiúil ab ea an fear céanna agus sin mar a chuireann sé é féin i láthair fós ar na meáin chraolacháin fiú sa lá atá inniu ann. Fear mór Gaeilge is ea é gan aon agó a rinne agus a dhéanann a lán ar son chúis na teangan. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge uair amháin - eagraíocht ab ea í sin a aistríodh go Foras na Gaeilge - an comhlacht nua a bunaíodh ag deireadh na bliana 1999 i ndiaidh Chonradh Aoine an Chéasta ó thuaidh.
Léigh me chéad dhírbheathaisneis Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, From Dún Síon to Croke Park (Penguin Ireland, 2004) le déanaí . Léamh iontach deas comhráiteach atá sa leabhar seo - cheapfá go raibh Micheál ina shuí in aice leat ag insinst an scéil duit. I ndáiríre píre is scéalaí iontach é an Mícheál céanna. Sciobtar isteach sa scéal thú agus ní bhraitheann tú an t-am ag sleamhnú isteach is tú ag léamh na dírbheathaisnéise seo. Rugadh é i nDún Síon, sráidbhaile beag cúpla míle soir an bóthar ón Daingean, Contae Chiarraí. Breac-Ghaeltacht a bhí i nDún Síon agus bhí idir Ghaeilge is Bhéarla ag a chlann. Mar sin bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Caithfidh mé a rá go labhraíonn an Muircheartach binnbhriathrach deisbhéalach an Ghaeilge agus an Béarla leis na rithimeacha céanna. Uaireanta ní bheadh fhios agat cé acu an Béarla nó an Ghaeilge a bhíonn á labhairt aige, tá na rithimeacha chomh cosúil le chéile.
Anseo is ansiúd sa leabhar faightear nathanna traidisiúnta a d'úsáidí sa Ghaeltacht nuair a bhí an t-údar ag fás aníos, mar shampla an bheannacht seo leanas a thug comharsa d'Aintín May nuuair a d'fhill sí ar an mbaile tar éis beagnach caoga bliain a chaitheamh sna Stái;t Aontaithe: "Dé do bheatha-sa abhaile." Slí eile é sin chun "fáilte romhat abhaile a rá." Abairt iomlán eile as Gaeilge sa leabhar atá scríofa as Béarla gan aon agó ná "Is cinnte go bhfuil solas na bhFlaitheas ar Chonn scéalach anois." Ag tagairt do thaistealaí bóthair - nár thincéir é - d'arbh ainm Conn Riordan - fear fíor dheisbhéalach a raibh guth galánta Etonian aige.
Rud amháin eile a d'fhoghlaimíos ón leabhar ná gur smaoinigh an Muircheartach dul le múinteoireacht don chéad uair nuair a d'fhoghlaim sé go raibh scrúdú ann a thuill deontas nó scoláireacht i gcomhair an Choláiste Ullmhúcháin chlúitigh sin Coláiste Íosagáin a bhí suite cóngarach do Bhaile Mhic Íre. Sé an fáth gur tugadh coláiste ullmhúcháin ar an sórt sin scoile ná gurbh ullmhúchán do na Colaistí Ollúna na coláistí sin. Thagadh na scoláirí ó gach cearn den tír agus bhí gach canúint le cloisint ann - ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí, ó gach contae sa Mhumhain, Ó Chonamara, Ó Thír Chonaill, Ó Phort Láirge agus ó Bhaile Átha Cliath. Mar sin bhí cleachtadh ag gach ábhar múinteora ar gach canúint faoi leith - bhí sé nádurtha go leor nathanna mar "Conas ata tú?" "Conas taoi?" "Conas atánn tú?" "Cad é mar ata tú?" "Cén chaoi bhfuil tú?" a úsaid nuair a bhuailfeadh tú le duine ó na Gaeltachtaí éagsúla.

Saturday, August 28, 2010
Grá don Ghaeilge 3
![]() |
| Teach an tSolais, Árainn Mhór |
An fáth go luaim na sraitheanna seo ná gurbh amhlaidh gur fhéach gach uile chlann a bhí ar aithne agam ar na cláracha sin. Fáth eile a luaim na cláracha seo ná go ndeachaigh leabhar a scríobh Muiris Ó Súilleabháin (1904-1950) go mór i gcionn orm sé sin Twenty Years a-Growing (1933) a léigh mé nuair nach raibh mé ach deich mbliana d'aois. Caithfidh mé a rá gur léigh mé an leagan Béarla den leabhar ar dtús mar ní raibh mo chuid Ghaeilge chomh snasta líofa sin chun Gaeilge shaibhir órga Uí Shúilleabhain a láimhseáil, ach is cuimhin liom gur léas an leagan Gaeilge dhe nuair a bhí mé sé bhliana déag d'aois. Bhí múinteoir iontach agam don Ghaeilge ar scoil ag an uair sin, an tUasal Pádraig Ó Súilleabháin a raibh Gaeilge nádúrtha ó dhúchas aige - Ciarraíoch ab ea é ó bhaile beag éigint i gCorca Dhuibhne. Bhí a fhios agam ansin go raibh neart Gaeilge ar mo thoil agam chun dul i ngleic leis an mbunthéacs Gaeilge Fiche Bliain ag Fás don dara h-uair. Blianta ina dhiaidh sin d'athléas an leabhar arís nuair a bhí an Ghaeilge á déanamh agam mar ábhar sa chéim B.A. i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.
Tuesday, August 17, 2010
Grá don Ghaeilge 2
![]() |
| An Loch Thoir, Árainn Mhór, Iúl 2010 |
Sa mheánscoil rinneamar na h-ábhair go leir as Gaeilge don Mheán Teist. Bhí se sin cosúil le tumadh isteach i gceann domhain linn snámha gan cumas snámha ionat. Ach ba ghearr gur fhoghlaimíomar na téarmaí éagsúla a bhí bainteach le Mata, le Laidin, le Fraincís, le h-Eolaíocht agus le Tráchtáil i dteanga ár sinsear. Sar i bhfad bhíomar go léir ag labhairt Ghaeilge go nádúrtha. Go dtí an lá inniu fanann téarmaí mar thacair uilechumachtacha, fo-thacair, triantáin chomhshleasacha, ús, brabús, crios measartha, iompó Cancer, iompó Capricorn, an Mol Thuaidh is an Mol Theas agus a lán eile nach iad ar bharr mo theangan agam.
Bhí a lán múinteoirí iontacha againn dona h-ábhair go léir nach mór. Ba neamhghách ag an am drochmhúinteoir a bheith agat i Scoil Uí Chonaill a bhí mar long na brataí i measc scoileanna na mBráithre i mBaile Átha Cliath. Na múinteoirí Gaeilge a bhí ann lem' linnse ná Mícheál Ó Muircheartaigh - an mórthráchtaire ar chluichí de chuid an Chumann Lúthchleas Gael - Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh, agus Pádraig Uas. Ó Súilleabháin ó Chontae Chiarraí. Ba ó na sármhúinteoirí críochnúla seo a d'fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge go léir is fíor a rá.
![]() |
| Seanbhád Iascaigh, Árainn Mhór, Iúl 2010 |
Labels:
Cuimhní cinn,
Cultúr,
Gaeilge,
Múinteoirí,
Paisean
Saturday, November 14, 2009
Féith na Cruthaíochta
De réir mar a théim in aois déanaim iarracht nach beag an tsiniciúlacht a sheachaint. Dar liom gurb í an tsiniciúlacht chéanna ceann de na míbhuntaistí a bhaineann le sleamhnú isteach na mblianta. Uair dá raibh is cuimhin liom siúl isteach i seomra foirne amháin i meánscoil chlúiteach ins na h-ochtóidí luatha den aois seo caite agus mé in ard-ghiúmar faoi rang maith a bhí tar éis bheith agam agus gurbh é an freagra a fuair mé ó sheanmhúinteoir a bhí suite i gcúinne amháin ná: "Foghlaimeoidh tú an fhírinne sar i bhfar!" Caithfidh mé a rá gur bhain an ráiteas sin uaidh siar asam ag an am. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a rá leis go dtuigim dó anois tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag obair sa ghort, nó chun meafar eile a mhúnlú, tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag treabhadh na mara.
Ní thugtar mórán cúrsaí traenála do mhúinteoirí le linn a saoil mhúinteoireachta. Go deimhin tá méid beag cúrsaí tacaíochta ann maidir le h-ábhair an churaclaim ach ní thugtar aon inseirbhísí ar an gcéird fhéinig maidir le cúrsaí proifisiúnta mar bhainistíocht ranga, iompar nó mí-iompar na ndaltaí, forbairt phearsanta agus forbairt phroifisiúnta an mhúinteora féin, módhanna nua teagaisc, athraithe móra sóisialta na linne, rangannaí ar an siceolaíocht nó ar an soceolaíocht féin. Is mithid dom stopadh mar tá go leor lochtanna ar an gcóras oideachais taobh amuigh de na cinn a bhaineann leis an gcéird fhéinig - na gearrthaí siar go léir 7rl.
Ar aon nós ní hí an tsiniciúlacht atá mar ábhar an phoist bhig seo dom ach a frithnimh, sé sin féith na cruthaíochta. Tar eis tríocha bliain dom ag treabhadh na mara mar a mhúnlaigh mé an meafar sin thuas, táim anois díreach sáite i gcúrsa mór maith inseirbhíse, nó leis an fhírinne a rá, cúrsa traenála nua - táim ag déanamh cleachtadh múinteioreachta arís, ag ullmhú pleananna ranga, pleananna téarma agus ag déanamh staidéir ar mhódhanna nua múinte, ar bhainistíocht ranga, ar chur chuige nua maidir le Mata, Béarla, Cumarsáid agus mar a bhaineann siadsan le múineadh daltaí laga. Ní mór dúinn go léir iniúchadh a dhéanamh ar ár saol proifisiúnta chun athbhrí a chur ann nó chun é úrú nó fiú a athbheoú.
Taobh amuigh de sin caithfimid go léir caithimh aimsire a bheith againn a scaoileann an strus is an brú chun siúil, is cuma sa tsioc cad iad na caithimh aimsire céanna. Téigh amach ag siúl fá na bóithre nó fa na cnoic má bhíonn an deis sin agat. Nó fiú bí ag ceol nó ag canadh nó ag scríobh. Le linn na tríocha bliain sin ata caite agam im' mhúinteoir thugas fé ndear gurbh iad na múinteoirí cruthaitheacha na daoine a bhí in ann coinneáil ar siúl, na daoine a bhí in ann an tsiniciúlacht a sheachaint, a bhí in inmhe iad fein a athbheoú bliain i ndiaidh bliana.
Gan dabht ar domhan is e féith na cruthaíochta íocshláinte nó frithnimh na siniciúlachta.
Thuas, grianghraf a ghlacas ar chiumhais abhainn an Arno - lungarno - Firenze cúpla blian ó shin. Dar liom is í cathair Firenze croílár na cruthaíochta
Sunday, September 27, 2009
Déjà vu

"Is amhlaidh go raibh mé díreach san áit cheannann chéanna seo uair dá raibh," arsa mise liom féin ar dul isteach dom tré gheata tosaigh Choláiste Phádraig an Luan seo caite. Go deimhin is maith is cuimhin liom dul faoi agallamh iontrála sa bhliain chinniúnach san, míle naoi gcéad is a seachtó sé - bliain m'ardteise. Ag an uair sin bhí ar an ábhar múinteora amhrán a chanadh mar ceapadh go mba chóir don teagascóir bheith in inmhe canadh. Bhí an t-ádh liom bheith in ann é a dhéanamh agus is cuimhin liom an t-amhrán clúiteach sin "Preab san Ól" a cheol. D' éirigh go geal liom san agallamh ach dhiúltaigh mé an an t-ionad sa choláiste sin mar theastaigh uaim bheith im' mheánmhúinteoir. Mar a dúirt mé cheana sna poist ar an mblag seo'gam bhí Micheál Ó Muircheartaigh (an tráchtaire clúiteach sin ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar Raidio 1 gan aon agó atá faoi chaibidil agam anseo, agus é beagnach in aois a cheithre scór anois - go maire tú an céad, a Mhíchíl uasail) ó Chiarraí agus Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh agam mar mhúinteoirí Gaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad Mhícheál díobh san á rá nár cheart d'éinne dul isteach sa bhunmhúinteoireacht gan bheith sásta a shaol oibre a chaitheamh le páistí beaga agus nár cheart d'éinne dul le méanmhúinteoireacht gan bheith in ann cur suas le déagóirí. Dob é sin an chomhairle ab fhearr a fuair mé riamh faoi chéird an oide. Fear fíorphraiticiúil é an Mícheal céanna. Bhí an scoth den Ghaeilge ag an mbeirt acusan. Iarbhunmhúinteoirí ab ea iad sula ndeachadar isteach sa dara leibhéal. Bhíodar bheirt anseo i gColáiste Phádraig sna caogaidí luatha.
Ar aon nós, séard a bhí ar siúl agam ná gur thosnaigh mé ar chúrsa eile iarchéime - Dioplóma Iarchéime sna Riachtanais Speisialta Oideachais. Bhraith mé gurbh amadán ceart mé bheith ag tosnú as an nua ar phleananna ranga, scéimeanna oibre, nótaí agus níos mó nótaí, gan trácht ar dhiabhal na téarmaíochta uafásaí atá ag baint leis an diabhal-rud céanna. Sea amadán ceart mé ach is fíor le rá gur tosú nua é i mbliain mo dhara bliain caogad dom. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh a lán deiseanna agam scríobh ar phár na blagchruionne anseo mar ceapaim go mbeidh me ró-ghnóthach. Ach bíodh sin nó na bíodh leanfaidh mé ar aghaidh ag léamh an méid sin a scríobhann mo chairde dile ina mblaganna éagsúla. Slán beo leis na seanlaethe! Ní thiocfaidh siad ar ais choíche. Is maith is cuimhin liom an t-ógánach neamhurchóideach soineanta a bhí ionam na blianta ó shin agus mé ag siúl liom trén ngeata sin. Chuir sé ionadh, gliondar agus fiú sceon ar mó chroí an Luan cinniúnach seo caite go raibh an t-ógánach sin caillte leis na blianta agus é claochlóite anois ina fhear meánaosta le taithí na mblianta ar a sheanghuailne.
Thuas chuireas grianghraf den fheá mhaith mhór álainn a leagadh le déanaí. Bhí an fheá roinnt mhéadair lastuigh den gheata tosaigh. Moladh an leagadh toisc go raibh an crann ró-shean agus ana-chontúirteach. Feictear an nasc seo a leanas: Feá na Feasa
Labels:
Cuimhní cinn,
Dírbheathaisnéis,
Gaeilge,
Ionadh,
Macántacht,
múinteoireacht,
Paisean,
Teagasc.
Saturday, September 05, 2009
Cad is Grá Ann?

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fada go leor ar dhomchla an phlainéid bhig seo agus nach dtuigim in aon chor cad tá i gceist nuair a luaitear an focal "grá." Is amhlaidh go luaitear go ró-mhinic an focal seo agus go laghdaíonn an mhinicíocht sin an bhrí. Ní h-é sin le rá nar léigh mé leabhair faoin ábhar - idir dhiagacht agus fhealsúnacht, gan trácht ar na dánta is na h-úrscéalta go léir. Lena chois sin, gan dabht, bhíos sáite i gcúpla caidreamh ó am go chéile im 'am ar an saol seo agus adhmhaím gur mhothaigh mé go rabhas i ngrá. Gan dabht ar domhan is rud é an rómánsúlacht a d'eascair agus a d'fhás ó aimsir na dTroubadours i leith agus ceapaim gur rud nó feiniméan siceolaíochta é a chruthaítear inár samhlaíocht fhéin. Bíodh sé sin nó na bíodh is amhlaidh go n-aithnímid feiniméan an ghrá nuair a mhothaímid é nó nuair a bheirtear orainn ina líon. Ar aon nós seo dhaoibh an dara dán a chumas ar laethanta saoire dhom san Iodáil. Níl ann ach focail ach is leor iad na focail. Bíonn an bhrí is an míniú de shíor sna focail seachas i gcoincheapanna teibí na meitifisice.
Iomar an Ghrá
Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is páistí beaga ag léimt
In aghaidh na dtonnta
Tá beirt leannán ag pógadh -
Béal in aghaidh béil-
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.
Thíos ar thrá Isca
Is an ghrian fós go h-ard
Tá Iodálaigh dhonna dóite
Ag déanamh bolg le gréin.
Tá beirt fhear i mbád beag
Ag iomramh mar dhiabhail -
Ina bpáistí aríst.
Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is sinn uilig ag iarraidh
Fuascailt ón mbuairt
Tá an fharraige mar mhantra
Dár saoradh ón mbrú.
Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Tá an ghrian is an gaineamh,
An t-uisce is an ghaoth
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.
Thuas - cúr na farraige ar thrá Isca Marina i gCalabria na hIodáile!
Labels:
Dánta,
Fealsúnacht,
Fealsúnacht Bhaile,
Filíocht,
Grá,
Ionadh,
Laethanta Saoire,
Paisean,
taisteal
Sunday, July 19, 2009
Seandánta 13

Bhuel, caithfidh mé a rá, go dtarlaíonn míorúiltí ó am go chéile. Sé sin le rá, go bhfuil roinnt leitheoirí amuigh ansin ar an mblagchrinne a léann na blaganna éagsúla. Táim tar éis cuireadh a fháil ó Shéamas Ó Neachtain, eagarthóir irise breá nua as Gaeilge agus í siúd foilsithe sna Stáit Aontaithe. Táim ag déanamh tagairte don iris nua An Gael. Feic an nasc seo le do thoil: An Gael . Ós rud é go bhfuilim ag tabhairt tagairtí anseo bhéadh sé oiriúnach nasc a chur anseo leis chuig bhlag Shéamuis fhéin: brúigh anseo le do thoil: Séamus Ó Neachtain. Ar aon nós d'iarr an t-eagarthóir orm dha dhán a sheoladh chuige don chéad eagrán den iris ghalánta seo. Is féidir an chéad chóip a iniúchadh ag an nasc seo: brúigh anseo le do thoil: An Chéad Eagrán .
Bhuel, mar a dúirt mé cúpla uair roimhe seo, táim ag dul siar ar seandánta a scríobh mé agus á gcur i gcló anseo. Seo ceann eile dhaoibh:
Dathanna uile na mBláthanna
Bláthanna úra agus dhá shoitheach díobh,
Coinnle agus soilse ísle agus muidne ar an tolg
Agus guth iontach tarraingteach Luca Carboni sa chúlra,
An rithim bhreá rialta Iodáileach –
Gutaí oscailte agus dúnta
Agus muid ag éisteacht le fadhbanna a chéile agus eile
Agus screadaíl na ngirseach ag an gceolchoirm bheo –
Agus an t-amhránaí ag díol a anama leis an slua –
Anam ar díol, anam ar díol, anam ar díol,
Quanti colori di sassi e di fiori, di strade e di muri
Agus an guth éadrom ag mealladh an lucht éisteachta
An síol a ithe as a lámha.
Tú mar éinín beag bídeach eaglach i mo lámha
Agus mise dod’ chiúiniú, dod’ chur ar do shuaimhneas
Agus ár dteangacha ag cuimilt a chéile
Ar thóir an chompóird spiordálta,
Ag iarraidh breith ar an ngaoth.
Tá boladh breá úr óna bláthanna is óna coinnle.
Sar i bhfad múchfar iad agus rachfar a luí.
Sa dorchadas ní thabharfar faoi deara
Dathanna uile na mbláthanna.

Thuas tá pitiúr curtha agam de nóinín mór fiáin a ghlacas cúpla bliain ó shin.
Labels:
An Léann Ceiltigh,
Dánta,
Filíocht,
Fírinne,
Grá,
Ionadh,
Ionraiceas,
Macántacht,
Paisean,
Scríbhneoireacht,
taisteal
Friday, July 17, 2009
Seandánta 12
Seo dhaoibh thíos dán beag simplí iontuigthe ar ábhar an cheoil is ar an ndóigh ina gcoraíonn sé muid. Deirtear gurb í an ceol teanga an chroí nó teanga an ghrá. Is teanga idirnaisiúnta é gan focail mhínithe ar bith ag gabháil leis. Is créatúir muid a dhéanann fuaimeanna. Samhlaím gur eascair teangacha sna seana phluiseanna inar chónaigh ár sinsir. Rinneadar fuaimeanna éagsúla chun a mianta a chur in iúl agus chun eolas a fháil. De réir a chéile d'fhás agus d'eascair teangacha agus ceol. Is rud ana-bhunúsach é fuaimeanna an tsaoil nó fuaimeanna a dhéantar chun dul i dteagmháil le duine eile. Is rud fíor-álainn é an ceol a dhéantar chun leanbh a chur a chodladh. Is rud ana-chorraitheach e an ceol a dhéantar chun fuascailt a thabhairt do chroí atá faoi bhrú. Is rud fíor-thabhachtach é an ceol a dhéantar nuair a bhíonn meitheal ag obair ar fheirm nó i láthair oibre eile. Smaoinigh ar na h-amhráin a chantar le linn oibre mar rabhcáin mharaí nó rabhcáin háilléir. Is leor é seo mar réamhrá.
Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Táim cosúil le h-aindiúlach – tugtha dó,
Ceol na céille agus na díchéille,
Ceol an bhrí is ceol na h-easpa.
Seo mise agus Dylan Live ag fáisceadh a chroí
Agus mo chroí-se leis sa Royal Albert Hall 1965.
Blianta ó shin – na seascaidí agus mise im’ pháiste –
Deacair a chreidiúint go mbéinn bogtha ‘gus corraithe
Daichead bliana i ndiaidh an taifeadta.
Ach sin mar atá agus mar a bheidh go brách -
Is deacair na fáithe a dhiúltú nó a sheachaint.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Taim cosúil le deisceabal Rí an cheoil,
Le mac léinn an mhisteachais,
Le seanadraoi na págántachta,
Le leantóir Chríost an Damhsa,
Táim ar oilithreacht an cheoil –
Ag lorg brí nach bhfaighim san ól
Ná fiú i bhfreagraí na n-intleachtach
Ná i gcallán mór an domhain.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!
Labels:
Ceol,
Dánta,
Fírinne,
Ionadh,
Laethanta Saoire,
Paisean,
Spioradáltacht,
taisteal
Seandánta 11
Tuigim go bhfuil an dán thíos go mór as séisiúr, ach táim ag cur na ndánta atá ar meamram agam ar mo p.c. in ord ama. Is amhlaidh mar sin nach bhfuil aon chomhfhreagras idir na dánta agus an t-am i láthair maidir le h-aimsir agus cúrsaí domhanda mar atáid ag titim amach go laethiúil. Ach bíodh sin uile amhlaidh, ceapaim go bhfuil uilíocht agus brí nach beag ag baint leo. Nílim ag déanamh aon ceartúcháin da laghad orthu. Seo mar atáid sa bhunleagan sa chomhad agam.
Titim an Fhómhair
Órga na duilleoga roimh mhallthitim an fhómhair
Agus an fhearthainn bhog ag fliuchadh mo chroí.
Tá an séisiúr ana fhionnuar don am seo den bhliain
Agus tá grá úrnua ag bogadh is ag leá m’anama.
Éistim le guth fíorbhinn corraitheach Luca Carboni
Agus glacaim misneach is dóchas arís sa saol,
Dóchas go bhfuil gach rud mar ba cheart is ba chóir dó,
Go dtagann is go n-imíonn gach neach san am cuí,
Go dtiteann na duilleoga buíthe,donna, órga,
Go siúltar tríotha le buillí éadroma an choisithe,
Go scríobhtar fútha i ndánta is i ngearrscéalta,
Go seasann siad do shíorghluaiseacht an tsaoil
Agus go mbailítear iad i málaí móra dubha,
Go bhfuil na páistí is na leannáin i ngrá leotha,
Go nglacann an garraíadóir leo go réidh
Agus go bhfuil gach rud in ord agus in eagar,
Go dtiteann siad fad is atá Dia ag siúl sa ghairdín.
Braithim cumhacht Genesis agus fionnuaire an lae
Fad is atáim ag ithe an úill ó lámha Éabha.
Ach is duine fásta mé agus glacaim le mo dhualgaisí,
Go bhfuilim ciontach mar chách,
Gur peacach mé is gur peacach mo stór,
Go bhfuil an bheirt againn i sáinn mhór –
Fadhb na míthuisceana agus easpa muiníne –
Na páistí gortaithe agus róghortaithe.
Ach glacaimid misneach i mallthitim na nduilleog
Agus téimid i muinín an mhachnaimh,
I muinín Gautama Siddharta ar thóir na gaoise
Ar thóir na céille is eagna na h-aoise.
Sa deireadh thiar titfidh gach rud amach
Ina shéisiúr, ina shéisiúr is ina shéisiúr féin.
Thuas chuireas pictiúr a thóg me de thitim na nduilleog le linn an fhómhair im' eastát tithíochta fhéinig. Thógas an grianghraf timpeall ceithre bhliana ó shin!
Labels:
Crainn,
Dánta,
Dírbheathaisnéis,
Eiceolaíocht,
Filíocht,
Fírinne,
Grá,
Ionraiceas,
Macántacht,
Paisean,
Spioradáltacht
Subscribe to:
Posts (Atom)