Popular Posts

Thursday, February 10, 2011

Todchaí na Tíre agus Todhchaí na Teanga

Seanbhád in Árainn Mhór
Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling!  Déanta na fírinne, a léitheoirí díle, caithfidh mé an botún sin a réiteach anois díreach.  An bhfuil sibh bréan fós de na polaiteoirí agus de na h-ábhair pholaiteoirí agus a gcomhleacaithe atá ag fánaíocht thart ó dhoras go doras ag lorg vótaí dóibh féin nó dá n-iarrthóirí san ollthoghchán atá ar tí titim amach?  Táimse!  Is amhlaidh go bhfuilimid go léir tinn tuirseach den bhladar a bhíonn ar bhéal gach duine acu - ag cáineadh agus ag fáil lochta ar a chéile.  I ndáiríre píre is deacair muinín a bheith againn as an gcóras polaitíochta féin i ndiaidh dos na polaiteoirí (cuid acu ar a laghad) an méid sin caimiléireachta agus corbtha a dhéanamh.  Táim féin ag gríosadh na buachaillí a bhfuil in aois vótála dul amach agus a vótaí a chaitheamh ar son an daonlathais féin, agus tá sé sin deacair go leor a dhéanamh de bharr na h-easpa suime atá acu sa chóras polaitiúil!

Ach is ar staid na Gaeilge atá m'aird fhéinig dírithe na laethanta cinniúnacha seo.  Tá Éanna Ó Cionnaith (Enda Kenny) agus a lucht leanúna i bhFine Gael ag rá go bhfuil sé ar intinn acu deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach díreach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh.  Cuireann an intinn sin imní orm (agus ar a lán againn gan dabht ar domhan) faoi thodhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha.  Go dtí le gairid (nuair a d'éirigh mé as an ngnáthmhúinteoireacht ranga le bheith i mo mhúinteoir do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu) bhí tuairim is tríocha bliain dem' shaol caite agam i mbun theagasc na Gaeilge do gach leibhéal scoláire sa mheánscoil. 


Aillteacha Áranna Móire
 Caithfidh mé a rá nach n-aontaím in aon chor leis an bplean seafóideach seo atá ag Fine Gael.  Ceapaim gur smaoineamh éadomhain éadrom é,  baoththuairim nár thug siad go leor ama dhó ar chor ar bith.  Is ar na cúiseanna seo leanas a cheapaim gur baoththuairim seafóideach áta ann:  (i) Más í ár gcéad theanga an Ghaeilge de réir an Bhunreachta nach náireach an rud é gan í a bheith ar eolas - bíodh sé sin beag nó mór - ag saoránaigh na tíre? (ii) Nach mbéadh saoránaigh tíortha eile ag gáirí fúinn anois nuair atá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil sa Chomhphobal Eorpach agus sinne ag tabhairt droim láimhe di sa chóras oideachais?

(iv) Pointe tábhachtach eile, fiú rí-thábhachtach, leis an fhírinne a rá, ná cad faoi phostanna na múinteoirí Gaeilge?  Agus smaoineamh eile - (v) cad a tharlóidh ansin do na scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí éagsúla?  Nach gcaillfidh muintir na Gaeltachta - na mná tí go speisialta - a gcuid ioncaim bhliantiúla?  Nach loitfear na comhluadair is na pobail bheaga éagsúla a labhraíonn an Ghaeilge de bharr easpa airgid má théitear ar aghaidh leis an smaoineamh seafóideach baoth millteanach seo?  (vi)  Cén t-éileamh a bhéadh ar an nGaelscoilíocht ansin fiú? 

Táim díreach tar éis alt breá tomhaiste cothrom a léamh san Irish Times.  Alt atá ann de chuid Mhíchíl Uí Rúairc ar múinteoir le Gaeilge agus cainteoir binnbhriathrach deisbhéalach ó dhúchas é, chomh maith le bheith ina fhile cumhachtach agus iriseoir breá.  Is díreach ar an ábhar céanna - sé sin éigeantas na Gaeilge mar ábhar scoile agus todhchaí na teanga sin - atá faoi chaibidil ag an Ruairceach.  Is féidir teacht ar a shár-alt ag an nasc seo leanas: Beatha nó Bascadh Irish Times Seo sliocht beag óna alt:

Ceist chonspóideach í ceist na Gaeilge éigeantaí, ar ndóigh. Is ionann éigeantas agus riail agus bíonn fadhb ag an-chuid daoine óga le rialacha. Ar an dtaobh eile de is léim chandaim atá ann ó ábhar scoile éigeantach go hábhar roghnach.

Bíonn ísliú stádais i gceist le hábhar roghnach i gcónaí. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil an Stáit de réir Bhunreacht na hÉireann. Ar an ábhar sin is “teanga chosanta” í agus caithfear í a chaomhnú nó an gcaithfear? Deir saineolaithe áirithe agus páirtí polaitíochta nó dhó go mba chóir bogadh ar aghaidh agus an t-éigeantas a bhaint agus an roghnachas a chur ina áit.

Sa bhliain 1974, nuair a bhí comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, cuireadh deireadh le riachtanas le haghaidh pas sa Ghaeilge chun Scrúdú na hArdteistiméireachta a bhaint agus chun post a fháil sa státseirbhís.


B’é toradh na reachtaíochta sin ná gur fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine sa státseirbhís ó shin le státseirbhísigh áirithe gan aon Ghaeilge acu nó níos measa fós, namhdach ina leith.
Aontaím go h-uile is go h-iomlán leis an méid atá raite ag an Ruairceach ansin thuas.  Gan dabht ar bith bhéadh ísliú stádais i gceist maidir leis an nGaeilge.  Ní bheadh sí ar an leibhéal céanna fiú leis na teangacha roghnacha eile mar SpáinnisFraincísGearmáinis ar a bhfuil níos mó fáil ag scolairí ar thaisteal chuig na tíortha seo.  Ní smaointeoidis ar dhul chuig na Gaeltachtaí ach an oiread. 

Tá mo dheartháir féin ag obair sa Státsheirbhís agus eisean an t-aon duine amhain in a oifig - i Roinn na nOibreacha Poiblí - a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige.  Níl ar chumas éinne eile san oifig litir a chumadh nó a scríobh i gcéadtheanga na tíre.  Is náire an-mhór é sin ceapaim.

Mar mhúinteoir le taithí tríocha bliain sa seomra ranga ag teagasc na Gaeilge, ach éirithe as le déanaí, caithfidh mé a rá gur mhúin mé daltaí de gach leíbhéal ó bhonn go gnáth go h-árdleibhéal sa teanga sin.  Gan dabht ar bith thugas faoi deara na daltaí sin nach raibh suim dá laghad acu ina dteanga dhúchais, ach caithfidh mé a admháil gur mhionlach a bhí i gceist i gcónaí.  D'admhaigh buachaill lag amháin liom díreach inniu, buachaill a raibh díolúine faighte aige ó fhoghlaim na Gaeilge go raibh áiféala air nach raibh sé in ann fiú abairt a rá i nGaeilge - teanga a sheanmhuintire.  Fiú má tá an bonnleibhéal á leanúint ag scoláire thiocfaidh leis comhrá bunúsach a dhéanamh i dteanga a shinsear.

Na laethanta seo agus go leor aíonna nua-thagaithe isteach sa tír ón Rúis, an Laitvia, an Liotuáin, an Nígéir,  an Aifric Theas, an Bhraisíl agus ón tSiombáib  - chun na tíortha óna bhfuil scoláirí nua-thagaithe ins an scoil s'againne - tuigeann ár ndaltaí dúchasacha tábhacht na Gaeilge maidir lena bhféin-aitheantas mar Éireannaigh nó mar Ghaeil.  Ní Gaill muid!

Mar bhuille scoir ba mhaith liom a rá go bhfuil cumhacht rí-thábhachtach ag gach teanga dhúchasach.  Mar a dúirt mé is cuid bhunúsach í an Ghaeilge mar chuid lárnach dar bhféinaitheantas, agus fiú dár féin-aithne chomh maith.  Mar dhuine a bhfuil an Iodailis ar a thoil aige chomh maith tuigim go dtugann gach teanga a draíocht speisialta féin leí agus a módh speisialta smaointe.  Mar sin ba chailliúint mhór dúinn mar Ghaeil dá gcaillfí an Ghaeilge.  Bheimis i bhfad níos boichte mar naisiún agus mar dhaoine ina éagmais!