Popular Posts

Thursday, March 05, 2009

Éigse Cholm Cille

De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine Ní Earcáin ó Dhoire. Is léitheoir í den bhlag seo gan aon agó. Cuireann sé gliondar ar mo chroí agus uaireanta ionadh orm go bhfuilid ann a léann an blag seo ós rud é go bhfuil sé roinnt “sui generis” nó sórt neamhchoitianta leis an fhírinne lom a insint. Ar aon nós, a Áine seo dhuit an fógra agus dóibh siúd go léir a bhfuil suim acu ann:


Éigse Cholm Cille

Téama na hÉigse: Filí agus Filíocht

Áit: Doire Cholm Cille: Coláiste Mhic Aoidh

Am: Dé Sathairn 7ú lá de Mhárta

Imeachtaí: Filí ag léamh a gcuid dánta, cainteanna éagsúla ar cheard na filíochta agus Láinseáil leabhar

Aí-scríbhneoirí: Cathal Ó Searcaigh agus Breandán Ó Doibhlín

Tuilleadh Eolais: ó Mhalachy Ó Néill, stiúrthóir na hÉigse ag 044 2871375219



B’shin agaibh, a lucht léite, an fógra. Is oth liom a rá nach féidir liom fheinig a bheith í láthair ach seolaim mo bheannachtaí agus mó chomhghairdeachas siar ó thuaidh chuig an Éigse agus guím gach rath ar an ocáid. Táim ag súil le léamh faoin Éigse sna nuachtáin nó b’fhéidir fiú aon leabhar nó alt a chuireann an chomhdháil i gcló. Bail ó Dhia ar an obair.

Le fíormheas, Tim Quinlan, Baile Átha Cliath.