Popular Posts

Monday, February 19, 2007

Dánta is Geal Liom 7


Dánta is Geal Liom 7

Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama agus aigne aisteach an duine faoi mar a bhíonn an mórfhile eile dá linn Seán Ó Ríordáin. Rudaí beaga nó eachtraí fánacha óna a óige a chuireann Ó Díreain ag smaoineamh agus ag cumadh leis. Uaireanta bíonn sé ag casadh siar ar áilleacht agus ar shonas na hóige. Téann a dhánta go mór i bhfeidhm orm i ngeall ar a simplíocht chainte agus ar a gcumhacht ó thaobh na n-íomhánna soiléire. Seo dán a chuireas go glanmheabhair is me timpeall ceithre bhliana déag d’aois agus mé sa dara bliain sa mheánscoil.



An tEarrach Thiar

Fear ag glanadh cré
De ghímseán spáide
Sa gciúnas shéimh
I mbrothall lae
Binn an fhuaim
San Earrach thiar.

Fear ag caitheadh
Cliabh dha dhroim
Is an fheamainn dhearg
Ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bháin.
Niamhrach an radharc
San Earrach thiar.

Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá,
A gcótaí craptha,
Scáilí thíos fúthu:
Támh-radharc síothach
San Earrach thiar.

Toll-bhuillí fanna
Ag maidí rámha
Currach lan d’éisc
Ag teacht chun cladaigh
Ar ór-mhuir mhall
I ndeireadh lae
San Earrach thiar.



Bhí sé de nós ag seanfhilí na Gaeilge riamh pictiúr a charnadh anuas ar phictiúr ina gcuid danta chun radharc iomlán ilghnéitheach a chur ós ár gcomhair. Sin go díreach atá á dhéanamg anseo ag an nDíreánach. Cruthaíonn sé ceithre phictiúr chumasacha shoiléire a léiríonn go beacht an tEarrach in Árainn, oileáin in iarthar na tire.

Dob é an múinteoir Pádraigh Ó Súilleabháin, Ciarraíoch a chuir iachall orainn na dánta seo a chur go glanmheabhair. Ag an uair san im’ shaol cheapas gur dhul amú aimsire a bhí i gceist leis sin. Buachaill beag neirbhíseach a bhí ionam agus bhíodh orainn go léir dalta i ndiaidh dalta seasamg suas le taobh ár mbínse agus véarsa a aithris dhó gach lá. Ag an uair b’ualach mór é seo ach ba tréna mhéan a chuaigh rithimí iontacha na Gaeilge go mór i gcionn orm!

Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí ar gach n-aon a léann thú!


Is oth liom a rá nach bhfuil grianghraf agam ó Árainn nó ó Chonamara ar a laghad - ach seo dhaoibh ceann ó Chontae Mhuigh Eo, Delphi, Marta 2006.