Popular Posts

Friday, November 03, 2006

Alan Harrison Ollamh le Gaeilge (1943-2005)






Alan Harrison (1943-2005)



Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison.  Is cúis mhór bróin dom nár fhoghlaimigh mé gur éag sé go dtí le déanaí.   Bhí sé mar léachtóir agam le trí bliana, sé sin an fhad is a bhí an chéim B.A. á déanamh agam istoíche.  Is maith is cuimhin liom chomh maith an grá domhain a bhí aige dá ábhar agus dá mhicléinn.  Bhí dúthracht agus díograis agus fiú paisean ann i gcónaí don ábhar a bhí idir lámha aige.

Is oth liom a rá nár chuireas aithne air in aon chor mar dhuine daonna.  Ní bhíodh lucht na h-oíche ach timpeall trí uair an chloig aon oíche ar bith i gColáiste na hOllscoile ó 6.30 i.n. go dti 9.30. i.n. agus ní raibh nóiméad ar bith le spáráil againn – sé sin bhí an t-amchlán ró-lán agus an t-am ró-ghearr chun aon rud seachas staidéar a dhéanamh.  Maille leis sin, oibrithe laethúla ab ea muid lenár bpostanna lánaimseartha féin de ló.

Tá roinnt nótaí fós agam féin ó na léachtaí leis ar fhreastail mé orthu, agus tá siad fós so-léite agus intuigthe.  Ní nach ionadh sin, mar bhí Harrison an-mhaith ar fad mar léachtóir agus mar chumarsáidí.  Is cuimhin liom nach mbíodh aon charn mór nótaí aige – b’fhéidir leabhar amháin leis an mbunthéacs agus leathanach amháin leis na mórphointí scríofa air.  Déarfadh sé cad a bhéadh le rá aige i bpointí – abair naoi mórphointe – agus ansin thabharfadh sé eolas maith sothuigthe ar gach pointe díobh.  Ansin ag an deireadh d’athdhéarfadh sé na mórphointí i liosta.  Bhí sé an-soiléir ar fad agus d’fhaighimís an-éasca é nótaí a breacadh síos uaidh.  Is cuimhin liom chomh maith go raibh féith mhaith an ghrinn ann.

Chuireadh sé ionadh agus iontas orm go raibh a ainm as Béarla agus níor thuigeas i gceart cén fáth go dtí gur léigh mé a scéala báis san Irish Times.  Bhí sé ina bhall d’Eaglais na hÉireann agus d’fhreastail sé ar an scoil clúiteach úd Wesley College.  Ní thuigfeá óna chuid Ghaeilge a bhí chomh líofa sin - Gaeilge bhreá bhinn bhlasta Chorca Dhuibhne a bhí aige -  nár chainteoir ó dhúchas é.  Níor chuala mé riamh é ag labhairt an Bhéarla.  Mar sin thuig sé go maith a leitheidí mar Jonathon Swift agus Dr Anthony Redmond.  Ní nach ionadh gur chum sé leabhar iontach ar an dara duine anseo – scoláire mór Gaeilge ar mhinistéir Protastúnach é.

Seo píosa beag ón scéala báis a bhí san Irish Times: (an Sathairn, 30/04/2005):

“Alan Harrison, who has died aged 61, was professor of Irish at University College Dublin. An expert in 17th- and 18th-century Irish literature, he published studies of the Irish-speaking clergyman, Anthony Raymond, a friend of Jonathan Swift, and John Toland, the controversial philosopher. He was editing Toland's letters at the time he became ill.”

Leanann an sliocht ar aghaidh ag cur síos ar a shaol acadúil, conas mar a bhain sé B.A. agus Ph.D amach i gColáiste na Tríonóide tré thráchtas iontach a dhéanamh ar an gcrosántacht – foirm áirithe aoire ab ea an rud céanna a bhí scríofa i bprós agus i véarsaíocht.   Bhí sé mar léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) ó 1967 go dtí 2005 – ocht mbliana triochad ar fad.
Na réimsí staidéir a chuir sé suim iontu ná an greann, an siamsa agus siamsóirí sa traidisiún Gaelach; litríocht agus léann na hÉireann sa tréimhse iarchlasaiceach; an dá theanga agus an dá chultúr in Éirinn i dteagmháil le chéile; béarlagair na Gaeilge; mórscríbhneoirí na Nua-Ghaeilge (Pádraig Ó Conaire, Tomás Ó Criomhthain, Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna, Seán Ó Ríordáin agus daoine eile).

San achar fada sin deineadh léachtóir sinsir de agus ansin ollamh.  Ós rud gur shár-chumarsáidí é ní haon ionadh é gur deineadh Stiúrthóir Dearbhú Cailíochta (Director of Quality Assurance) de cúpla bliain sular bhásaigh sé.  
Duine den fhoireann ab ea é a bhunaigh an Eighteenth Century Ireland Society, nó an ECIS mar is mó a bhfuil aithne air.  
Chomh maith leis sin ba chomheagarthóir é ar an iris léinn  a thagann amach go bliantúil ón eagraíocht chéanna.  Ba dhuine dena heagarthóirí é maille leis sin ar an Field Day
Anthology of Irish Writing (1991) agus scríobh sé altanna scolártha  d’irisí éagsúla mar Irish University Review, Cahiers de Gita agus Études Irlandaises.

Seo leanas roinnt dena leabhair a tháinig óna pheann:
Ag Crinniú Meala: Anthony Raymond (1675-1726) agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (1988), The Irish Trickster (1989) agus Béal eiriciúil as Inis Eoghain: John Toland (1670-1722) (1994).

Bhí féith an ghrinn ann i gcónaí agus séard a dúirt sé ar leaba a bháis ná gur fhoghlaimigh sé nach raibh sa rugbaí ach cluiche sa deireadh thiar.  Leaba i measc na Naomh go raibh ag a anam uasal agus síocháin Dé i gcónaí.