Popular Posts

Monday, March 30, 2009

Ómós Áite agus Filíocht na Gaeilge




Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath. Is amhlaidh gur tugadh an léacht faoi choimirce shraith de léachtaí dar teideal "Léacht Ui Chaidhin." Níl a fhios agam anois an bhfuil a leithéid fós ar siúl san ollscoil sin. Ar aon nós, ba é an tOllamh Seán Ó Tuama a bhí i mbun cainte. Ollamh le Nua-Ghaeilge ab ea é i gColaiste na hOllscoile, Corcaigh ag an am. Sárfhile, mórchriticeoir agus togha scoláire a bhí ann. Is cuimhin liom go ndeachaigh sé agus a raibh le rá aige go mór i bhfeidhm orm mar scoláire óg Gaeilge ag an am. Chuir réim agus raon a chuid eolais faoi dhraíocht mé. Ní chuimhin liom anois go beacht an teideal a bhí ar an léacht, ach is cuma sa tsioc. Séard a bhí á phlé ag an mórscoláire seo ná go dtéann an áit dhúchais go mór i bhfeidhm ar aon scríbhneoir ar bith; agus gan dabht ar domhan go dtéann an áit dhúchais chéanna go mór i gcionn ar an bhfile mar urlabhraí spiorad na ndaoine. Chomh maith leis sin, caithfidh mé a admháil go ndeachaigh a raibh le rá ag an mórfhealsamh nua-aoiseach sin, a bhásaigh ró-óg ar fad le déanaí, sé sin John O Donohue go mór i bhfeidhm agus i gcionn orm. Bhíodh John bocht de shíor ag moladh agus ag leagadh béime ar cé chomh gar is atá an tírdhreach agus an mhuirdhreach dúinn inár gcuid fealsúnachta, inár gcuid creidimh, inár gcuid luachanna agus in achan dóigh a gcuirimid muid féin in iúl mar dhaoine daonna.

Agus an méid thuas ráite agam, ba mhaith liom dán iontach de chuid Chathail Uí Shearcaigh a chur faoina bhun. Ceapaim féin gurbh iad Cathal Ó Searcaigh agus Nuala Ní Dhomhnaill an bheirt fhile mór le rá atá ag saothrú leo mar fhilí gairmiúla anseo in Éirinn. Ceapaim go bhfuilimid faoi chomaoin ag an mbeirt acu de bharr shaibhreas ní hamháin a gcuid Ghaeilge ach as ucht dhoimhneacht a gcuid smaointí agus a gcuid eagna. Ar aon nós ba mhaith liom dán beag de chuid Chathail a chur díreach anseo - dán luath óna pheann ata ann, ó chnuasach dar teideal An Bealach 'Na Bhaile a cuireadh i gcló i 1991 ag Cló Iar-Chonnachta. Leiríonn an dán dar liom cé chomh mór is a théann a áit dhúchais i gcionn ar fhile ar bith, bíodh se ag scríobh leis in aon teanga ar bith faoin ngréin.

Anseo ag Staisiun Chaiseal Na gCorr
Do Michael Davitt

Anseo ag stáisiún Chaiseal na gCorr
d’aimsigh mise m’oileán rúin
mo thearmann is mo shanctóir.
Anseo braithim i dtiúin
le mo chinniúint féin is mo thimpeallacht.
Anseo braithim seasmhacht
is mé ag feiceáil chríocha mo chineáil
thart faoi bhun an Eargail
mar a bhfuil siad ina gcónaí go ciúin
le breis agus trí chéad bliain
ar mhínte féaraigh an tsléibhe
ó Mhín ‘a Leá go Mín na Craoibhe.
Anseo, foscailte os mo chomhair
go díreach mar bheadh leabhar ann
tá an taobh tíre seo anois
ó Dhoire Chonaire go Prochlais.
Thíos agus thuas tím na gabháltais
a briseadh as béal an fhiántais.
Seo duanaire mo mhuintire;
an lámhscríbhinn a shaothraigh siad go teann
le dúch a gcuid allais.
Anseo tá achan chuibhreann mar bheadh rann ann
i mórdhán an mhíntíreachais.
Léim anois eipic seo na díograise
i gcanúint ghlas na ngabháltas
is tuigim nach bhfuilim ach ag comhlíonadh dualgais
is mé ag tabhairt dhúshlán an Fholúis
go díreach mar a thug mo dhaoine dúshlán an fhiántais
le dícheall agus le dúthracht
gur thuill siad an duais.
Anseo braithim go bhfuil éifeacht i bhfilíocht.
Braithim go bhfuil brí agus tábhacht liom mar dhuine
is mé ag feidhmiú mar chuisle de chroí mo chine
agus as an chinnteacht sin tagann suaimhneas aigne.
Ceansaítear mo mhianta, séimhítear mo smaointe,
cealaítear contrárthachtaí ar an phointe.


Is féidir aistriúchán breá den dán iontach seo a léamh anseo ag an nasc:
Dánta BBC. Bhuel, a léitheoirí, níl móran le rá agam anois is an dán cumhachtach úd ag labhairt ar a shon féin. Níl le rá agam anseo ach léigh agus athléigh an dán iontach seo agus lig do na focail tú féin a chur faoi dhraíocht!

Thuas d'uaslódaileas pictiúr de theach na scoile, Ros Cré, Co Thiobraid Árann, m'áit dhúchais fhéinig.