Popular Posts

Friday, April 07, 2006


Uasal (agus tuirsiúil leis) céird an Oide!


Tá tuirse an domhain orm is sinn ag teacht chun ceann scríbe – sé sin lá deiridh an téarma, buíochas le Dia Mór na Glóire. Ta ‘chuile mhúinteoir ar an bhfoireann s’againne tuirseach traochta spíonta. Sin mar a bhíonn cúrsaí sa mhúinteoireacht i gcoitinne, go háirithe le blianta beaga anuas. Tá a fhios agam go bhfuilid ann a deir – agus a lán acu gan aon agó - nach ndéanaimid faic na ngrást. Na daoine a deireann sin ceapaim féin go raibh taithí uafásach scolaíochta acu, go raibh múinteoirí nó fiú múinteoir uafásach amháin acu a mhill gach suim a bhí acu sa bhfoghlaim. Is mór an trua é sin. Tuigim a gcás, ach níl sé cothrom nó féaráilte an milleán a chur orainne go léir. Is amhlaidh gurb iad na brúnna a thagann ón sochaí (agus an strus dá mbarr) is cúis don tuirse dosheachanta seo ó mo thaobhsa de agus ó thaobh mo chomhghleacaithe dhe. Caitear gach cúram sa saol i dtreo an chórais oideachais – cláracha nua mar Stay Safe Programmes, SPHE, CSPE, Life Skills, ullmhúchán do shaol na hoibre 7rl. Ach leis an fhírinne a rá tá i bhfad níos mó ná seo ann. Le dá sheachtain anuas tá na cúrsaí praiticiúla go léir faoi lán seoil, mar atá, scrúdaithe béil sa Ghaeilge agus sna teangacha nua-aimseartha agus na scrúdaithe ceoil agus na tionscadail éagsúla i gcuraclaim nua na staire agus na tíreolaíochta. Chomh maith leis sin táimid tar éis na triailscrúdaithe teistiméireachta a bheith againn, tar éis iad a cheartú sinn féin, na torthaí a scríobh isteach sna leabhair túirisce agus tar éis bualadh leis na tuismitheoirí. Ina mhuallach air sin caithimid an chigireacht a chur san áireamh. Ceapaim gur rud tábhachtach agus cabhrúil í an chigireacht chéanna agus tá sé thar am é a bheith ar siúl sa mheánoideachas – bhí sé ann riamh sna bunscoileanna. Caitear trédhearcacht (transparency), freagracht agus cúntasacht (accountability) a bheith ann maidir leis an mhúinteoireacht má ghacaimid leis gur proifisiún tabhachtach é ar chomhchéim le gach proifisiún eile. Mar a dúirt an file tráth, “Uasal céird an oide/Mar rí ar imeall trá/ Chuir ar thoinn na soithigh/ Is sheoil go h-oscailt bhá.” Nach raibh an ceart aige? Beannacht leat a scríbhinn.


An pictiúr atá curtha agam thuas ar bharr na poiste seo ná ceann díomsa a tógadh agus mé ag teagasc i nGaeltacht Árainn Mhór le linn an tsamhraidh dhá bhliain ó shin.