Popular Posts

Sunday, November 12, 2006

An Nuin



An Dara Litir Déag den tSeanaibítear – an Nuin nó an “N”

Ciallaíonn an nuin “ash tree” i mBéarla nó an fhuinseog sa nuaGhaeilge.  Ta clú agus cáil ar an nuin mar gheall ar láidreacht agus solúbthacht a adhmaid.  Tá an fhuinseog nó an nuin bainteach le torrthúlacht agus leigheas.  Chomh maith leis sin deirtear go bhfuil an crann galánta seo gaolta leis an uisce.  Má fheictear crann ard fuinseoige ina sheasamh  i lár gabháltais ar bith deirtear gur siombal é de thorrthúlacht na talún ansin.  

Deirtí sa bhéaloideas gurbh í an nuin an chéad chrann a bhuailtí le tintreach in Éirinn agus sa Bhreatain féin.  I gContae Aontroma dheintí maidí stiúrtha ba as adhmad na nuine mar chosnaíodh an t-adhmad na beithígh saor ó gach uile olc.

Arís tá paradacsa ann sa mhéid is go ndeirtí go gcosnaíodh an t-adhmad seo daoine soar ó chailleacha ach ar an láimh eile dhe deirtí go raibh a scuaba déanta as an adhmad ceanann céanna.  Deirtí chomh maith gur bhain an Mhaighdean Mhuire féin úsáid as an adhmad seo chun tine a lasadh i gcomhair an leanbh Íosa a ní.  D’úsáidí an t-adhmad chomh maith ar an Mhór Roinn chun na nathracha nimhe a choiméad amach ó na tithe.  

Rud suntasach eile ná go raibh baint nach beag ag an bhfuinseog leis na toibreacha beannaithe – í féin agus an sceach gheal an dá chrann ba mhó a d’fhaightí timpeall ar thobar ar bith.

Baintear úsáid as adhmad na fuinseoige chun camáin a dhéanamh leis na blianta cairbreacha – de dheasca a sholúbthachta agus a láidreachta.

De réir mar a deir an Coitireach bhí cúig mhórchrann ann in Éirinn tráth agus ba fhuinnseoga trí chinn den chúig viz., Bile Uisnigh, díreach i lár ríocht Uisnigh, Bile Tortan i gContae na Mí agus Craobh Dhaithí i gContae na hIarmhí. (op.cit., pp 125-126)

Mar a dúirt me roimhe thuas d’úsáidí an t-adhmad chun camáín a dhéanamh agus mhúnlú.  Chomh maith leis sin dheintí sleánna, claíocha nó fálta, baill troscáin agus báid as adhmad an chrainn ghalánta seo.