Popular Posts

Saturday, December 30, 2006

An tSail




An tSail, An Séú Litir Déag den tSeanaibítir

Ciallaíonn an tsail “sallow” nó “willow” i mBéarla.  Dar leis an Duinníneach thugadh na seanghramadóirí “banríon na litreach” (“Bainríoghan na litreach) nó “méirdhreach” (meretrix) ar an litir ilghnéitheach seo. (Feictear lch 962 dá fhoclóir iontach).

Fásann an tsail go h-iondúil taobh le h-uisce agus nuair a chuirtear chomh tapaidh is a fhásann sí maille lena caitíní áille san áireamh is fuirist a fheiceáil gur siombal iontach í den torrthúlacht agus den bheatha.  Cloistear na focail seo go minic uirthi i mBéarla nuair a luaitear an tsail, sé sin, “sally” nó “sallow” agus tagann na focail seo chomh maith lena h-ainm Gaeilge ón bhfréamh Laidine i.e., “salix.”

Nuair a luaitear an tsail séard a léimeann isteach de ghnáth inár n-intinn ná go bhfuil an tsail bainteach leis an mbrón agus leis an ologón agus leis an gcaoineadh.  Eascrann an nós seo againn dar le Roy Vickery ón salm iontach clúiteach sin Salm 137: “By the rivers of Babylon we sat down and wept/ when we remembered Zion./ There on the willow trees/ we hung up our harps.”  Uaidh sin go h-iondúil cloistear an téarma “weeping willow” i mBéarla ar aon nós.  Níl a fhios agam an bhfuil an téarma sa Ghaeilige nó in aon teanga eile.  

Ach dar leis an gCoitireach níl an tsail bainteach leis an mbrón nó leis an gcaoineadh i nGaeilge ná i seantraidisiúin na nGael.  Go deimhin glaonn Suibhne Geilt “sail ghlan grinn” uirthi.  Is crann uasal amach agus amach í an tsail.  Luaití go minic í sa tseanfhilíocht ó thaobh a h-áílleachta dhe.  Bhéadh an t-ádh leat dá dtabharfá slat saile leat ag dul ar aistear duit.  Dá gcuirfeá slat saile agus an craiceann bainte de timpeall ar chuinneog (churn) bhéadh im deas agat.

Ar nóta pearsanta is cuimhin liom m’athair a rá go raibh sé de nós ag na seanmhúinteoirí náisiúnta lena linn (na ficheadaí den fhichiú h-aois in Éirinn) slait nó bataí a ghearradh ón tsail.  Tá clú agus cáil ar an sail chéanna de bharr a solúbthachta – úsáidtear na péacáin (shoots) chun ciseáin a dhéanamh.

Dheintí an Chláirseach Éireannach go traidisiúnta as adhmad na saile – tá an chláirseach is mó clú in Éirinn, sé sin ceann Bhriain Bhorraimhe (an ceathrú h-aois déag) atá le feiceáil i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath déanta go huile is go hiomlán as adhmad na saile.