Popular Posts

Thursday, November 08, 2007

Bíonn an Siúlach Scéalach






Taisteal


Seanfhocal: “Bíonn an siúlach scéalach”



Ba chúpla iad mo dhaid agus m’Uncail Séamus. Cúpla déshiogótach (fraternal twins) ab ea iad agus ní rabhadar aon phioc dá laghad cosúil le chéile. D’fhan m’athairse sa bhaile in Éirinn agus níor thaisteal sé mórán le linn a shaoil fhada (naoi mbliana is seachtó a bhí sé nuair a bhásaigh sé) agus do thaisteal Séamus ar fud an domhain. D’fhág sé a bhaile dhúchais nuair nach raibh sé ach seacht mbliana déag d’aois. Chuir sé faoi ar dtús i Londain mar ar oibrigh sé i monarcha Fords. Ansin chuaigh sé isteach i gcabhlach na Breataine nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Gan dabht do thaisteal sé ó áit go h-áit sa chabhlach. Buíochas le Dia níor maraíodh nó níor gortaíodh é agus tar éis an chogaidh mhóir rinne sé i bhfad níos mó taistil fós. Bhásaigh sé ansin i Wellington, an Nua-Shéalainn sa bhliain 1981.


An seanfhocal a oireann go beacht dom’ Uncail Séamus ná go mbíonn an siúlach scéalach. An fhoirm is gaire dó i mBéarla ná “travel broadens the mind.” Gan dabht ar domhan nó tá an-fhírinne go deo sa ráiteas seo. Leathnaíonn an taisteal an aigne. Bhí Uncail Séamus an-leathan-aigeantach, géarchúiseach agus fad-radharcach. Bhí sé go h-iontach ag meascadh le daoine go h-airithe boic mhóra an tsaoil. Chomh maith leis sin bhí sé an-deisbhéalach go deo – rud a d’fhoghlaimigh sé gan dabht sa chabhlach mar ar bhain sé grád Dara-Leifteanant amach. Bhí sé soifisticiúil chomh maith agus d’eirigh leis bualadh le h-éinne ar mhaith leis casadh orthu.


Ar an láimh eile de d’fhan m’athairse sa bhaile don chuid is mó dá shaol, a lán de a chaith sé ag tabhairt aire dá mhathair thinn sular phós sé mo mháthairse. Bíodh is nár thaisteal sé caithfidh mé a rá nárbh fhear cúng-aigeantach é ach an oiread. Ní raibh sé pioc soifisticiúil – choimeád sé a bhlas tuatach a shaol ar fad. Bhí sé go hiontach ag meascadh le daoine, bíodh siad uasal nó íseal. Murab ionann agus a chúpla Séamus tá’s agam gur bhain m’athairse i bhfad ní ba mhó suilt as an saol agus go raibh sé don chuid is mó i bhfad bhfad ní ba chomórdaí leis féin nó ann féin ná mar a bhí Séamus. Bhí Séamus i bhfad ní ba chorrathóiní agus ní ba mhí-shuaimhní ná m’athairse. Chomh maith leis sin cé go raibh i bhfad níos mó eolais agus soifisticiúlacht ag Uncail Séamus bhí m’athairse i bhfad níos críonna le gaois as an ngnáth agus eagna an-domhain ar fad ar a thoil aige. Cé go mbíonn an siúlach scéalach is rí-mhinic go dtagann ciall agus gaois le haois fiú muna mbogann an duine ró-fhada ó bhaile nó a mhalairt!



D'uaslódaileas thuas dhá sheanghriangraf - ceann de m'Uncail Séamus agus ceann dá chúpla - m'athairse - caithfidh tú aontú liom nach rabhardar pioc cosúil le chéile!