Popular Posts

Friday, July 09, 2010

Árainn Mhór Abú

Bhuel, a chairde, táim díreach tar éis filleadh ar mo theach tar éis sos ró-bheag a chaitheamh istigh ar an oileán.  Bhí an áit bríomhar beomhar mar is gnách ag an am seo den bhliain le glórtha geala na scoláirí óga atá ag freastal ar an chéad chúrsa foghlamtha.  Bhí spiorad iontach, mar is gnách gan aon agó i measc na múinteoirí fosta.  Agus chuala mé nuacht ana-shuntasach gurbh í Gaeltacht Árainn Mhóir an t-aon Ghaeltacht a raibh méadú (as cuimse) ar líon na scoláirí inti, agus go raibh na huimhreacha titithe beagnach i ngach aon Ghaeltacht eile.  Bhuel, comhghairdeachas do Mhánas agus dá fhoireann iontach - tá sibh ag déanamh éachta thuas ansin.  Cathfidh mé a rá go mbraithim uaim an t-oileán, na daoine cairdiúla ón oileán agus gan dabht an fhoireann bhreá mhaith atá thuas ag Mánas - tá an t-ádh leis na scolairí múinteoirí den scoth sin a bheith acu -aon uair a fhágaim í.   Bím suite go brónach i mo charr ar an mbád farraingteoireachta ag amharc isteach ar an chloch ghalánta ghlas breactha le h-aol.

Is doiligh go leor na laethanta gruama seo nuair nach gcloistear aon rud ar na meáin seachas drochscéalta faoi oibrithe dá ligean chun siúil bheith in ísle brí.  Is rí-dhoiligh fosta éirí siniciúil faoin bpolaitíocht, faoi gheileagar na tíre, faoi chaimiléireacht na mbaincéirí, faoi fhíor-dhrochstaid an chórais leighis, fiú faoi staid na Gaeilge agus faoi fhabhanna eile gan aon agó.  Ach is amhlaidh gurb iad na daoine óga lena mbeocht, lena mbrí agus lena bhfuinneamh a choimeádann muid óg agus dearfach.  Chomh maith leis sin is rí-dheas a fheiceáil go bhfuil suim fós ag an méid sin daoine óga sa Ghaeilge.  Tugann sé instealladh dóchais dom tar éis beagnach ocht mbliana fichead a chaitheamh ag gabháil dá teagasc go bhfuil siad ann a bhfuil grá acu don Ghaeilge, seantheanga ár muintire.   Sin an fáth go bhfuil scoileanna samhraidh chomh tábhachtach sin dúinn go léir mar Ghaeil agus mar chultúr atá i bhfad níos difriúla ná an cultúr Béarla a roinnimid leis na Sasanaigh.  Agus nílim ag fáil aon lochta ar an dara cultúr sin atá againn.

Chun críoch a chur ar an bpost beag seo ba mhaith liom mo bheannachtaí a sheoladh siar ó thuaidh don Choláiste, dá fhoireann iontach uile agus do mhuintir an oileáin.  Chuir sé idir bhrón agus inspioráid i mo chroí bhocht nuair a ghlaoigh mé isteach ar Kathleen Boyle, bean uasal cróga lena bhfanainn sna seanlaethanta dom nuair bhí mé ag teagasc sa choláiste.  Mar is eol do chách tá Kathleen ag tabhairt togha na h-aire dá chéadmhac Neil sa bhaile.  Bheannaigh mé don leaid bocht.  Chaitheas uair a chloig léí agus caithfidh mé a rá go raibh mo chroí nach mór briste ar mo bhealach síos chun an bháid - a leithéid sin d'fhulaingt a fheiceáil ar láimh amháin agus a leithéid sin de ghrá máthara ar an láimh eile.  Gheall mé di go bhfillfinn sara i bhfad.

Caithfidh mé iarphost a chur lena bhfuil ráite agam thuas.  D'iarr Mánas orm léitheireacht bheag de mo chuid dhánta fein a thabhairt don dá ardrang i Scoil Athphoirt.  Caithfidh mé a rá gur bhain me an taithneamh agus sult as sin  a dhéanamh dó.  Pribhléid domsa ab ea é scaifte chomh béasach, tuisceanach, múinte a bheith mar lucht éisteachta, agus gan dabht ar domhan scaifte a raibh an méid suime sin acu sa Ghaeilge.  Bhí a fhios agam go raibh mé ar thalamh naofa an fhile dhúchais, talamh naofa Phroinsias Mhic an Bhaird, ach tá súil agam go maithfidh sé dom é.  Mar a dúirt mé sa teideal ar an bpíosa beag omóis seo:  Árainn Mhór abú!