Popular Posts

Saturday, August 28, 2010

Grá don Ghaeilge 3

Teach an tSolais, Árainn Mhór
Is maith is cuimhin liom an chéad uair a tháinig an teilifíseán - an gléas iontach úrnua sin a d'fhógair tús an chultúir nua-aimseartha in Éirinn - chun an bhaile bhig inar rugadh mé - sé sin, Ros Cré, Contae Thiobraid Árann sa bhliain 1962 nuair a bunaíodh Teilifís Éireann.  Ó thús tugadh áit speisialta don Ghaeilge - bíodh is go raibh sé sin beag go leor ó thaobh ama dhe - mar chuid thábhachtach d'ár n-oidhreacht agus d'ár gcultúr.  Sa bhliain 1965 chraol Teilifís Éireann sraith fhoghlamtha darbh ainm Labhair Gaeilge Linn ina raibh Eoin Ó Súilleabhain, aisteoir cáiliúil, mar láithreoir.  Buail ar an nasc seo leanas chun breathnú ar chartlann Amharclann na MainistreachEoin Ó Súilleabháin .  Mac ab ea é den scríbhneoir cumasach cailiúil sin Muiris Ó Súilleabháin a bádh go tobann tragóideach i mBá na Gaillimhe sa bhliain 1950. Sa bhliain 1967 craoladh sraith fhíor-thábhachtach eile de chláracha dar teideal Buntús Cainte.  Cheannaigh ár máthair na leabhair a bhí ag gabháil leis an tsraith dúinn.  Tá na láimhleabhair sin fós ar mo sheilfeanna áit éigint.  Chun blas a fháil ar an sórt ruda a bhí i gceist sa chlár sin breathnaigh ar an nasc seo: Buntús Cainte .  

An fáth go luaim na sraitheanna seo ná gurbh amhlaidh gur fhéach gach uile chlann a bhí ar aithne agam ar na cláracha sin.  Fáth eile a luaim na cláracha seo ná go ndeachaigh leabhar a scríobh Muiris Ó Súilleabháin (1904-1950) go mór i gcionn orm sé sin Twenty Years a-Growing (1933) a léigh mé nuair nach raibh mé ach deich mbliana d'aois.  Caithfidh mé a rá gur léigh mé an leagan Béarla den leabhar ar dtús mar ní raibh mo chuid Ghaeilge chomh snasta líofa sin chun Gaeilge shaibhir órga Uí Shúilleabhain a láimhseáil, ach is cuimhin liom gur léas an leagan Gaeilge dhe nuair a bhí mé sé bhliana déag d'aois.  Bhí múinteoir iontach agam don Ghaeilge ar scoil ag an uair sin, an tUasal Pádraig Ó Súilleabháin a raibh Gaeilge nádúrtha ó dhúchas aige - Ciarraíoch ab ea é ó bhaile beag éigint i gCorca Dhuibhne.  Bhí a fhios agam ansin go raibh neart Gaeilge ar mo thoil agam chun dul i ngleic leis an mbunthéacs Gaeilge Fiche Bliain ag Fás don dara h-uair.   Blianta ina dhiaidh sin d'athléas an leabhar arís nuair a bhí an Ghaeilge á déanamh agam mar ábhar sa chéim  B.A. i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.