Popular Posts

Sunday, September 19, 2010

Grá don Ghaeilge 7

Ní ait an rud é i ndáiríre píre go nascaimid aon ní is dual agus is dúchasach dúinn leis na daoine a chuaigh i bhfeidhm orainn go mór le linn ár saoil.  Luaigh mé an sármhúinteoir bunscoile a bhí agam, an tUasal Ó Muirí go minic sna leathanaigh seo, fear a chuaigh go mór i gcionn orm mar dhuine agus mar mhúinteoir nuair nach raibh mé ach dhá bhliain déag d'aois.  Is maith is cuimhin liom dul abhaile agus a rá le mo mháthair go raibh dúil mhór agam sa mhúinteoireacht mar ghairm bheatha.  Bhuel, d'éist mo mháthair liom gan aon agó agus thosaigh sí ag ceannach a lán leabhair dom mar bhí suim nach beag agam riamh sa léitheoireacht.  Is maith is cuimhin liom go raibh leabharlann de chúpla céad leabhar agam agus mé sa mheánscoil agus ba rud neamhghnách é sin ag an am do bhuachaill a raibh cónaí air i measc an lucht oibre agus gurbh fhear an phoist é a athair.

Rud a ritheann liom anois ná gur shúigh mé isteach an chríonnacht, an ghaois nó an eagna a bhí ag na seanmhúinteoirí sin - agus ag m'athairse agus mo mháthairse gan dabht ar bith - ciall na gcianta i ndáiríre a thug na daoine seo leo ón tuath mar thánadar go léir nach mór ó cheantair éagsúla lasmuigh des na bailte móra.  Séard atá a rá agam ná gur thuathánaigh ab ea a bhformhór agus  gan dabht ar domhan táim ag tagairt do thuathánaigh sa chás seo sa bhrí is fearr agus is dearfaí den fhocal céanna.  Rud b'fhéidir nach eol do chách, sé sin go dtagann na focal "peasant" nó "tuathánach" ó na focail "pays" agus "tuath" faoi seach.  Fiú sa lá atá inniu ann buailim le daoine a cheapann gur focal maslach é an focal céanna.  Bhuel, mar a dúirt an fealsamh spioradálta Gaelach úd an Dr John Ó Donohue, go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis, go bhfuil nasc nó ceangal nach beag idir an tírdhreach nó an talamh dúchasach agus an spriodáltacht nó an fhealsúnacht mhaireachtála a bhíonn ag aon treibh ar bith ar domhan.

Ó scríobh mé an post deireanach sa bhlag seo tá dearbhaithe ag an mórthráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil sé ag éirí as a phost inniu díreach tar eis tráchtaireacht a dhéanamh ar an gcluiche ceannais sa Pheil Ghaelach idir Corcaigh agus an Dún.  Is deireadh ré é seo i ndáiríre.  Agus ar maidin bhíos ag éisteacht leis an bhfear céanna in agallamh le Miriam O Callaghan ar a clár iontach suimiúl sin Miriam Meets atá le fáil ag an nasc seo leanas: Miriam.  Bhí beirt dá ochtar páiste á gcur faoi agallamh leis an athair, sé sin, a mhac Cormac agus a iníon Doireann.  Bhuel, fuaireamar uile mar éisteoirí léargas iontach ar fhealsúnacht agus ar spriodáltacht an Mhuircheartaigh ar an gclár seo - an eagna, an ghaois nó ciall na gcianta mar a bhaist mé ar an bhfealsúnacht chéanna thuas.  Mar a dúirt mé tá baint nach beag aige sin leis an tírdhreach agus leis an talamh dúchasach.  Deir Ó Muircheartaigh nach raibh sé riamh buartha ina shaol, go gcaithfimid sult agus súp a bhaint as an saol - sé sin, "carpe diem," mar is achar beag i ndáiríre é an saol céanna. 

Deireann Doireann go dtosnaíonn lá an chluiche cheannais ar a leath i ndiaidh a sé ar maidin agus ó thús go nglaodh Mícheál ar a gclann iníonacha agus ar a gclann mhac leis na focail: "Éirigí suas. Is cleachtadh báis é an codladh!"  Nathanna eile a léiríonn an fhealsúnacht agus an spioradáltacht atá ag an Muircheartach ná seanfhocail mar: "Bíonn Dia ar an mbóthar""Is gaire cabhair De ná an doras."  Sé sin níl aon éifeacht ar bith ag baint le bheith buartha faoi chúrsaí an tsaoil - caithfear éirí suas, aghaidh a thabhairt ar an saol agus beidh na freagraí ar fáil leis an gcur i ngleic sin, leis an gcur chuige, fiú sa streacailt agus sa choimhlint.

Seanfhocal eile is cuimhin liom go minic i mbéal an Mhuircheartaigh nuair a bhí mé ar scoil agus fiú ag obair leis ar an bhfoireann múinte céanna ná, "Beatha duine a thoil."   Sé sin go mba cheart agus chóir d'aon duine ar bith a mhianta, a shoilse, a chroí agus a aislingí féin maidir leis an ghairm bheatha is dual dó nó di a leanúint.  Sa tslí sin beidh an duine sona sásta nó gar dó ar a laghad ina shaol.

Seo ar bharr na rudaí a chorraíonn agus a bhogann mé maidir le mo ghrá mór don Ghaeilge.  Tá a h-eagna féin nó a fealsúnacht féin ag baint le h-aon teanga ar bith ar domhan, agus leis an nGaeilge féin gan dabht.  Cloisim agus aithním mó ghrá do mo theanga dúchais agus do m'oidhreacht agus do mo dhúchas mar Ghael agus mar dhuine daonna ar chaint nádúrtha diesbhéalach binnbhriathrach an Mhuircheartaigh.