Popular Posts

Sunday, December 05, 2010

Tadhal Éadrom an tSneachta

Cailín óg ag glacadh grianghraif i gCoill Seantraibh le déanaí
Sinne a bhfuil cónaí orainn san Eoraip na laethanta geimhriúla seo d'fhéadfaimis a chreidiúint nach bhfuil a leithéid de rud ann mar théamh domhanda leis an aimsir olc uafásach sin atá againn.  Agus é sin ráite agam, bhéadh dul amú glan orainn mar is iad na h-uimhreacha domhanda, seachas the cinn áitiúla nó náisiúnta na cinn tábhachtacha, sé sin le rá is é an meán staitistiúil den teocht domhanda an uimhir is tábhachtaí agus tá sé sin méadaithe 0.7 gcéim Celsius sa tréimhse ó 1900 go dtí 2000.  Chomh maith leis sin meastar go mbeidh méadú idir 1.1 agus 6.4 chéim Celsius ar an teocht dromchla domhanda san aonú haois fichead atá romhainn.  Bhuel, ar a laghad, is éalú í an droch-aimsir ó na síor-dheamhan-fhabhanna lena mbodhraítear sinn na laethanta seo: na géarchéimeanna sa gheileagar agus sna bainc agus ansin míchinniúint an bhuiséid atá direach le h-eisiúint Dé Máirt seo chugainn.  Tá an méid sin d'fháithe anró is ainnise ar na meáin chumarsáide idir mheáin chraolachán agus mheáin chlóite go bhfuilim dubh dóite acu go léir agus braon den ghruaim agus den duairceas atá á leathadh go fial mar choincréit acu ar na héisteoirí bochta.  

Ar aon nós caithim a rá go dtugann an sneachta deis iontach dúinn moilliú síos agus cúrsaí a ghlacadh i bhfad níos suaimhní.  Ar shlí amhain nó eile thig linn dearcadh níos socaire agus níos suaimhní a ghlacadh i leith gnáthbhuarthaí an tsaoil.   I ndáiríre píre an bhfuil aon éifeacht ar bith leis an síor-dheabhadh agus an síor-dheifir?  Bainfimid ár gceann scríbe amach mall nó luath.  Ar aon nós seo libh thíos dán beag faoin sneachta a chum bean darb ainm Máire Ní Chuinn:


Fear Sneachta le deireanas i gCoill Seantraibh arís!!
Sneachta


Sneachta a síobadh is é a dul siarain
Ag tíocht o’n tSíbear le gile fám’ chomhair.
Sneachta eiteogach a ciorcladh san oíche
Is rithfidh go díreach go talamh gan treoir.


Teachtaireacht chugam gan phost is gan ghuthán.
Thuit as na spéartha gan fothram gan ghlór.
Ráiteas a rá liom go bhfuil sin le fáil ann
Áit ins an aerbhrat nach éascaidh a chlaoi.


Áit nach bhfuil tíorán a thig chun a loiteadh.
Áit a mbeidh sneachta go deire an tsaoil.
Sneachta síbhíalta a thig insa chuibhreann
Le bráillín an Gheimhridh fáil réidh ar an fhraoigh.


Máire Ní Chuinn a scríobh.
(Feic an nasc seo a leanas: MNíC Sneachta)