Popular Posts

Friday, March 18, 2011

Dóchas vs Éadóchas

Ceannasaíocht

An rud is mó a bhí de dhíth ar Éirinn le linn chomhrialtas Fhianna Fáil agus na nGlasach nó easpa ceannasaíochta.  Bhí sé sin thar a bheith soiléir.  An lá cinniúnach úd nuair a bhailigh na h-iar-airí den chomhrialtas lofa sin i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce agus gur thánadar go léir ina gcarranna stáit - mercs agus a leitheidí - amhail is gur phrionsaí meánaoiseacha iad bhí sé soiléir go raibh an port seinnte ag an rialtas céanna.  Bhíos féin ag éisteacht le clár raidio Joe Duffy - gídh is nach maith liom an clár céanna - an lá sin nó b'fhéidir an lá dar gcionn - ní cuimhin liom go baileach anois, ach is cuimhin liom go rí-shoiléir an méid fuatha is a bhí ag na gnáthdhaoine a bhí i dteagmháil fóin leis an seó leis na boic sin is iad ag sodar i ndiaidh na n-uasal.  Dúirt cainteoir amháin gur chuir an radharc mhustrach mhórchúiseach sin des na h-airí is iad go léir ina gcarr féin, duine ar duine, réim na gCumannach sa Rómáin faoin deachtóir Nicolae Ceaușescu i gcuimhne dhó.  Is liosta le h-áireamh na rudaí amaideacha agus fiú leithleiseacha a rinne an lucht riaracháin chéanna ach cur amu ama a bhéadh i gceist iad a liostáil anseo.  Ach an rud ar mhaith liom béim a leagan air anseo díreach ná nár thugadar aon cheannasaíocht fhiúntach ar bith d'éinne ar bith.

Éanna Ó Cionnaith agus an Cheannasaíocht

Nach iontach an fhíorchaoin fháilte a fearadh roimh an Taoiseach Nua sa Teach Bán i Washington Mheiriceá inné.  Agus nach iontach mórtasach iad na h-oráidí a thug sé fad b'ann dó.  Gan dabht ar domhan d'fhág sé an t-iarThaoiseach Cowen faoi scáth mór.  Státaire cumasach amach is amach atá in Éanna Ó Cionnaith, agus nílimse im' bhall d'Fhine Gael ná d'aon pháirtí polaitíochta eile.  Rinne mé an rud ceanann céanna is a rinne mo chomh-Éireannaigh is mo chomhshaoránaigh, sé sin, vótail me i gcoinne Fhianna Fáil toisc gurbh iadsan a dhíol an tír ar bhabhla anraith ("mess of pottage") má cheadaítear dom meafar ón Sean-Thioma a úsáid anseo.  Easpa ceannasaíochta den chéad scoth a bhí i gceist maidir leis an sean-rialtas lofa sin.  Ach tá sé sin go léír caillte i gceo tiubh an am ata caite.  Caithfimid maireachtáil san am i láthair.  Ta ré nua polaitíochta ann anois in Éirinn.  Tá ceannasaíocht chumasach dá cur i bhfeidhm.  Tá gearrthaí siar déanta i bpá, i sochair chomhchineáil, i gcostaisí cothabhála agus i gcarrannaí stáit d'airí agus d'iarThaoisigh.  Agus nach tráthúil é sin sa deireadh thiar?

Ar aon nós tá an lámh in uachtar anois ag an Dóchas ar an Éadóchas.  Sheas Fianna Fáil agus a gcomhleacaithe na Baincéirí mímhacánta agus na Forbróirí mí-ionraice don Éadóchas im' thuairimse.  Nach rí-chumasach dóchasach iad na páráideanna Lá 'le Phádraig a tharla ní h-amhain ó cheann ceann na tír seo ach ins na mórbhailtí eile ar fud an domhain mhóir, cathracha cosúil le Nua Abhrac Mheiriceá mar a ndeachaigh an Diaspóra Gaelach mar a thug an t-iarUachtarán Máire Nic Róibín ar na mílte imircigh ó Éirinn chuig gach cearn den phlainéad beag glas seo.

Agus tuar mór dóchais é dúinn go léir in Éirinn go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Barak Óbama le teacht go hÉirinn go luath - Dúirt sé go dtabharfaidh sé cuairt oifigiúil orainn i Mí Bealtaine ar a bhealach chun na Breataine.   Slán go deo leis na seanlaethanta leithleasacha Fhianna Fáil lofa agus fáilte Uí Cheallaigh roimh ré nua an Dóchais leis an gComhrialtas Nua!  Tá ré an Éadóchais adlactha agus ré an Dóchais ar tí tosú!