Cén fath a gcumann éinne dánta ar chor ar bith? Tuigimid go furasta cen fáth a gcumtar altanna próis and leabhair próís agus fiú úrscéalta - chun eolas faoi rud éigint a chur in iúl do dhaoine eile, chun cur leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht i gcoitinne, nó chun caitheamh aimsire nó faoiseamh aigne a thabhairt do leitheoirí. Ceapaimse féin go gcumtar filíocht ar bhealach cosúil leis, nó ar a laghad comhthreomhar leis an dóigh ina gcumtar ceol. Tagann an inspioáid ó áit fhíordhomhain sa chroí nó san anam, agus níos minicí ná a chéile ón neamhchomhfhios. Sé sin, go bunúsach is rudaí draíochta, fiú misteacha iad iad filíocht agus ceol araon - tagann siad ó shiombóis iontach idir an comhfhios agus an neamhchomhfhios. Sin an fáth nach feidir le h-aon chumadóir, bíodh sé ina fhile nó ina cheoltóir miniú a thabhairt ar bhrí a bhfuil cumtha aige.
Mar a dúirt me sa phost inné bím ag scríobh liom as Gaeilge. Ní chumaim dánta anois as Béarla in aon chor, cé go scríobhaim prós an t-am ar fad as an teanga san. Ceapaimse go bhfeileann rithmeacha agus rímeanna na Gaeilge i bhfad níos éifeachtaí dona smaointe a thagaim chugham ó am go chéile i bhfoirm dáin nó ar a laghad i gcruth roinnt línte fileata.
Mar sin cuirim roinnt cheisteanna orm fhéin ó am go cheile ar chéard atá sna dánta sin a chruthaím ar phár? Leis an fhírinne a rá faightear ceol mo chroí iontu, ceol ar féidir le h-aon éisteoir nó léitheoir a chloisteáil nuair a théann sé nó sí i ngleic leo. Ar shlí amháin no eile is aistear spioradálta iad mo dhánta, aistear ar thóir na féiniúlachta, ar thóir ghaois de shórt éigin, ar thóir bhrí nó míniú taobh thiar den domhan seo ina mairimid. Is aistear fionnachtaine é chomh maith dom mar faightear léargas eile ar an saol agus aithne níos fearr agus níos doimhne orm féin. Uaireanta bíonn an t-eolas breise seo iontach cabhrúil agus uaireanta eile bíonn an fhírinne searbh. Ach ar dhóigh amháin nó eile caithfidh an scríbhneoir cruthaitheach glacadh le focail mar a fhaigheann sé iad agus mar a thiteann siad óna pheann a fhad is atá sé macánta agus ionraic ann féin. Is í an mhacántacht nó an t-ionracas an bua is luachmhaire in aon saothar cruthaitheach.
Tá trí leibhéal de chaidreamh, ceapaim, sna dánta seo – caidreamh liom féin, caidreamh le leannán agus caidreamh le Dia nó leis an bhfórsa pearsanta nó neamhphearsanta taobh thiar den domhan is den chruinne. Nílim ró-chinnte faoi cad nó cé is Dia ann – uaireanta braithim go bhfuil fórsa pearsanta ann agus uaireanta eile braithim uaim an phearsantacht sin agus is aindiagaí mé ansin. Fágaim ceist Dé oscailte ar fad – níl a fhios agam leis an fhírinne a rá an bhfuil sé nó sí ann ar chor ar bith agus i ndáiríre is amhlaidh gur cuma sa tsioc.
Ach tá caidreamh eile sna dánta seo chomh maith, caidreamh leis an domhan mór, leis an chruinne féin, leis an timpeallacht, leis an dúlra - na sléibhte, na gleannta, na clocha, na crainn, na plandaí, na h-aibhneacha, an fharraige mhór agus leis na h-ainmhithe agus le gach a bhogann mé, le gach a cuireann ag gáire nó ag gol mé. Ceist eile a chíoraim arís agus arís nó fadhb na péine agus fadhb na fulaingte. An féidir iad a shárú? Ní féidir ach féadtar glacadh leo. Is amhail le machnamh spioradálta dom dán a chruthú. An dreac nó an cruth a bhíonn ar aon dán, cuimsíonn sé mothú áirithe ag am faoi leith, ar ocáid faoi leith, in áit faoi leith. Is cuimhim liom bheith ag léamh faoi na scuainí fada bia a bhí sa Rúis díreach tar éis titim don chumannachas. D’fhiafraigh seanbhean de stróinséar a bhí in aice leí cad ba ghairm dó agus arna cloisteáil di gurbh fhile é d’fhiafraigh sí de an mbéadh sé ar a chumas an ganntanas, an easpa bia agus braistintí na ndaoine a bhí sa scuaine sin a chruthú. D’fhreagair an file go mbéadh cinnte. Sin an saothar is dual don fhile, d’aon scríbhneoir cruthaitheach i ndáiríre.
Más cumadóir d'aon sórt thú, ar aghaidh leis an obair agus bail ó Dhia ort agus ar do chuid shaothair.
Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Tuesday, July 12, 2011
Filíocht 2
Labels:
Ceol,
Cuimhní cinn,
Cultúr,
Dánta,
Dóchas,
Eiceolaíocht,
Fealsúnacht Bhaile,
Filíocht,
Gaeilge,
Ionadh,
Ionraiceas,
Litríocht,
Macántacht,
Paisean,
Scríbhneoireacht,
Spioradáltacht