Popular Posts

Sunday, January 28, 2007

Na Coillte Dúchasacha


Deireadh na gCoillte



Ceann de na dánta ab ansa liom agus mé ar scoil ná “Cill Chais.” Amhrán (caoineadh) agus dán atá ann a chaoineann deireadh na gcoillte nó deireadh na bhforaoiseacha in Éirinn chomh maith le deireadh an tsean-chórais Ghaelaigh. Do bhí an Tiarna Castlehaven, Tiarna Caitiliceach a bhí ina cheannaire ar na fórsaí dúchasacha le linn na tréimhse 1641-52 ina chónaí i gCaislean Chill Chais. Ach tagann an t-amhrán seo ó dheireadh na hochtú aoise déag nó tús na naoú haoise déag agus caoineann an t-amhrán bás an bhantiarna Mairéad de Buitléir Ba áit thábhachtach é an Caisleán Chill Chais mar phríomhláthair na mBuitléireach. Is í an Bantiarna Iveagh an “deighbhean” a luaitear san amhrán. Ach is ar an dá líne thosaigh atáim ag leagan béime anseo agus ar na línte seo chomh maith: Níl coll, níl cuileann, níl caor ann,/ach clocha is maolchlocháin,/páirc an chomhair gan chraobh ann/is d'imigh an géim chun fáin. Go bunúsach luann siad leagan na gcoillte. Is mithid dúinn véarsaí an amhráin chlúitigh sin a ghlaoch chun chuimhne. Seo dhíbh anseo thíos na focail:-



Chill Chais



Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár;

níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach
is ní bainfear a cling go bráth.
An áit úd a gcónaíodh an deighbhean
fuair gradam is meidhir thar mhnáibh,
bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann
is an t-aifreann binn á rá.



Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann,
ná fiolar ag éamh cois cuain,
ná fiú na mbeacha chun saothair
thabharfadh mil agus céir don tslua.
Níl ceol binn milis na n-éan ann
le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an chuaichín i mbarra na ngéag ann,
ós í chuirfeadh an saol chun suain.



Tá ceo ag titim ar chraobha ann
ná glanann le gréin ná lá,
tá smúid ag titim ón spéir ann
is a cuid uisce go léir ag trá.
Níl coll, níl cuileann, níl caor ann,
ach clocha is maolchlocháin,
páirc an chomhair gan chraobh ann
is d'imigh an géim chun fáin.



Anois mar bharr ar gach míghreann,
chuaigh prionsa na nGael thar sáil,
anonn le hainnir na míne
fuair gradam sa bhFrainc is sa Spáinn.
Anois tá a cuallacht á caoineadh,
gheibheadh airgead buí agus bán;
's í ná tógfadh seilbh na ndaoine,
ach cara na bhfíorbhochtán.



Aicim ar Mhuire is ar Íosa
go dtaga sí arís chughainn slán,
go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall,
ceol veidhlín is tinte cnámh;
go dtógtar an baile seo ár sinsear
Cill Chais bhreá arís go hard,
is go bráth nó go dtiocfaidh an díle
ná feictear é arís ar lár.




Cad a chuireann an t-amhrán seo im’ chuimhne dhom? Bhuel táim díreach tar éis sraith d'altanna a scríobh ar an mblag seo ‘gamsa ar an aibítir Ghaelach agus ar na crainn dhúchasacha ar sheas na litreacha éagsúla dóibh. Le linn dom staidéar a dhéanamh ar m’ábharsa bhí orm leabhar iontach Uí Choitir Irish Trees: Myths, Legends and Folklore a léamh agus roinnt eolais bhreise a d’fháilt ar an idirlíon ar na suíomhanna iontacha mar www.coillte.ie . Is amhlaidh a thiteas faoi dhraíocht na gcrann céanna! Chomh maith leis sin táim ag léamh leabhair bhig iontaigh dar teideal The Death of Life leis an Ath. Seán McDonagh SSC (The Columba Press 2004). Chomh maith leis sin bhíomar mar fhoireann scoile ag plé ceist na h-eiceolaíochta agus olldhíothú na beatha ar an domhan iontach seo ina bhfuilimid ag maireachtaint. Dob é an scannán cinniúnach fóirstineach úd An Inconvenient Truth a spreag sinn chun argóinte! De bárr ár n-argóintí spreagadh mise chun leabhar iontach Mhic Dhonncha a léamh agus dul isteach ar an suíomh iontach sin a ghabhann le scannán Al Gore. Brúigh ar an nasc seo chiun an suíomh a iniúchadh: http://www.climatecrisis.net/


Timpeall 5000 BC bhí Éire clúdaithe le foraoiseacha de dharacha, fuinseoga, leamhnáin, péiní Albanacha agus beitheanna. Ansan timpeall 3, 500 BC tháinig an fheirmeoireacht agus gearradh síos na foraoiseacha le h-aghaidh curaíochta agus féaraigh. Timpeall 500 BC baineadh úsáid as an gcéacht don chéad uair agus cuireadh brú nach beag ar na foraoiseacha. Sa bhliain 1600 AD ní raibh ach timpeall 12 % de thalamh na hÉireann faoi fhoraoiseacha. Sa seachtú agus san óchtú haois déag leagadh na coillte chun na tithe móra anseo in Éirinn agus sa Bhreatain féin a thógail agus chun báid sheoil a thógáil gan trácht ar ghualach a chur ar fáil do thionscal an iarainn i Sasana a bhí faoi lán tseoil ag an am. Chomh maith leis sin gan dabht bhíodh na réabhlóidithe Gaelacha i bhfolach sna coillte céanna. Mar sin gearradh síos na foraoiseacha. Timpeall 1800 ní raibh fágtha ach 2% dena foraoiseacha dúchasacha.



Anseo thús ag barr tá pictiúr a ghlac mé le déanai i Páirc Dalgan, gar don Uaimh i gCo na Mi. An crann atá sa ghrianghraf agam ná castán (Spanish nó sweet chestnut) nó an Castanea sativa sa Laidin.