Popular Posts

Tuesday, January 30, 2007

Ómós do Chara Uasal Dílis


Slán leat, a Chara Dhil


Tarlaíonn rudaí ar an saol seo a sháraíonn ár n-intleacht bheag theoranta. An rud is mó a dhéanann amhlaidh ná an bás. Díreach anois táim ar tí dul amach chun freasal ar shochraid, socraid mhná. An bhean a dtagraím di anseo ná Marie Brady ón bPort Thoir i mBaile Átha Cliath a bhásaigh an Aoine seo caite. Bean iontach chairdiúil, fhial, fhlaithiúil, chneasta agus chineálta ab ea í. Máthair mhór ab ea í lena garpháistí féin agus do chaith sí le mo scolairí faoi is gur léi féin iad.

Chomh maith leis sin bean mhór feasa agus fiú gaoise í agus bhí mé in ann caint léi ar dhóigh nárbh fhéidir leat le daoine eile dá haois agus bhíodh comhairle mhaith aici dom maidir le páistí nó daltaí éagsúla. Déarfainn go raibh Marie sna seascaidí déanacha nó sna seachtóidí luatha agus caithfidh mé a rá gur fhoghlaimigh sí a lán óna saol, agus ní nárbh ionadh mar ba bhanaltra í le blianta in oispidéil éagsúla agus d’oibrigh sí mar bhanaltra phobail chomh maith. Ina dhiaidh di éirí as sin chuaigh sí ag obair go deonach ar san na seandaoine, sé sin bhí sí i bhfeighil ionad cúram lae sa Phort Thoir.

Chumas an chéad dá alt thuas sula ndeachaigh mé chun an tséipéil i gcómhair an aistrithe. Anois táim pillte ar an mbaile chun crioch a chur ar an bpost beag seo ina h-onóir. Dúirt an sagart a bhí i gceannas an tsearamanais gur bhuail stróc obann í oíche Nollag. Fuair sí bás ar an Aoine an séú lá fichead d’Eanáir. Bhí an séipéal lán go doras mar is amhlaidh go raibh aithne fhairsing ar Marie ar fud na h-áite de bhárr chomh cineálta agus chomh carthannach is a bhí sí riamh. Mar a dúirt an sagart tá dhá rud ar an domhan nach bhfuil aon smacht againn air – ár mbreith ar an láimh amháin agus ár mbás ar an láimh eile. Tagann leathrann chun chuimhne anois díreach: “Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur,” agus seanfhocal a d’fhoghlaimíos ar scoil na blianta fada ó shin: “níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.”

Ní airímid sinn féin ag dul in aois agus fiú ní bhraithimid luas na mblianta. Sleamhnaíonn siad isteach an-sciopadh ar fad. Bhásaigh m’athairse ina naoú bliain is seachtó dhó agus dúirt sé liom uair amhain nár mhothaigh sé na blianta ag gabháil thart agus gur bhraith sé ann féin faoi is go raibh sé ina seachtú bliain déag. Tagann dán iontach isteach i mo chuimhne anois díreach – ceann le Seán Ó Tuama, Ollamh le Gaeilge agus file iontach (a d’éag le déanaí) – dán faoin mbás. Ni fhanann ainm an dáin im' chuimhne ach ritheann na línte seo leanas liom: “A Chríost ná scaoil orm an bás faoi is a scaoilis an codladh orm inné” agus ansin athinsint ar na línte céanna ag deireadh an dáin: “A Chríost ná scaoil orm an codladh faoi is a scaoilis an bás orm inné.” Tá súil agam go bhfuil na línte beacht go leor. Níl mo dhíolaim filíochta le fáil agam anois, ach déanfaidh mé seic orthu ar ball beag. An rud a thaithníonn liom i bhfiliocht Uí Thuama ná go bhfuil féith na fealsúnachta chomh maith le féitheacha na cruthaíochta is na filíochta ann. Gan dabht ar domhan bhí an chosúlacht idir an codladh agus an bás riamh san fhilíocht agus déanann Ó Tuama dán iontach anseo as an mbunsmaoineamh sin!

Ar aon nós, A Mharie, tháinig do dheireadh cúrsa ró-luath ar fad agus ró-míthráthúil dúinn uile. Slán leat a Mháthair Mhór. Slán leat a bhean uasal mhín. Go raibh fáilte na n-aingeal rómhat isteach i bPárrthas Dé. Braithfimid uainn thú. Slán bóthar, a chara uasail.


Thuas ag barr an phoist seo tá grianghraf a ghlac mé ceithre nó cúig bhliana ó shin de Chrois an Phápa i bPáirc an Fhionuisce i mBaile Átha Cliath. Is in ómós do Mharie Brady a chuirim anseo é.