Popular Posts

Sunday, January 04, 2009

Seanfhocal na hAthbhliana: "Mair a chapaill agus Gheobhair féar!"




Dia eadrainn agus an t-olc, ach tá na blianta ag sleamhnú isteach ró-ghasta ar fad. Ní bhraithim ag imeacht iad agus mé saite ins na cúraimí idir bheag agus mhór a bhíonn idir lámha agam. Ach sin mar a bhíonn an saol. Díreach is an lá amárach beidh mé aon bhliain caogad d’aois. Tá sean leathrann sa traidisiún a deir: “Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.” Chomh maith leis sin tá seanfhocal ann beagnach ar chomhbhrí leis an leathrann úd, sé sin, “Ní bhíonn in aon rud ach seal.” Is amhlaidh gan aon agó gur féidir an rud céanna a rá faoin bheatha dhaonna.

Anois is píosa beag Gaolainne á scríobh agam ba mhaith liom chomhbhrón a dhéanamh le clann agus le muintir Tony Gregory, T.D. a bhásaigh dhá lá ó shin. Laoch iontach ar son na mbochtán agus ar son lucht lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath ab ea an fear céanna. Throid sé i gcónaí ar son cearta sibhialta – agus gan amhras ar son cearta daonna – na ndaoine céanna i rith tuairim is tríocha bliain. Leaba i measc na laochra go raibh aige. (Níl’s agam ó thalamh an domhain an Críostaí nó aindiagaí agus is cuma – sin an fath a dúras laochra seachas naoimh ansin). Ní raibh ach aon bhliain seascad slánaithe aige ar an saol seo – díreach deich mbliana níos sine ná mé fhéin. Sin an rud a chuireannn isteach agus amach orm, sé sin le rá go bhfuil mo chomhleacaithe fhéinig ag fáil bháis – comhartha cumhachtach go bhfuilimse féin ag méadú in aois. Ach bíodh sin mar atá – ná dearmadaigh go gcaitear an saol a cheiliúradh agus a chaitheamh, agus dul ar aghaidh go cróga le dóchas. Muna ndéantar sin titear sa duibheagán, sa duairceas agus sa ghruaim.

Anois is an tóin tar éis titim as geileagar na tíre seo mothaímid go bhfuilimid caillte toisc ná fuilimid ábalta gach deis is nua a cheannach – Four Wheel Drives agus ceithre shaoire in aghaidh na bliana gan trácht ar an árasán faoin ngréin. Nach trua dhúínn má táimid chomh h-éadomhain amplach santach sin. Ní feidir le héinne a dhath de rachmas an tsaoil nó de shaibhreas saolta a thabhairt leis nó leí ar lá an bháis. Chuala mé mór-údar idirnáisiúnta a rá – agus ní chuimhin liom cé hé ach amhain gurbh fhear a bhí ann - gurb é an gnó atá ag litríocht ná sinn a theagasc i ngnóthaí an bháis, sé sin le rá chun cur in iúl dúinn nach mbíonn níos mó ná seal againn ar an taobh seo den uaigh agus go mba cheart dúinn caradas a dhéanamh leis an mbás céanna.

Nuair a smaoinímid agus nuair a mhacnaímid ar mhistéir an bháis níor cheart dhúinn éirí éadóchasach nó dubhach dubh-bhrónach nó duairc gruama. Ba cheart agus ba chóir dúinn an saol a chaitheamh go huile is go hiomlán. “Mair a chapaill, agus gheobhair féar.”



Thuas tá pictiúr a ghlacas de chapall i gCo an Chláir, Meitheamh, 2008