Popular Posts

Saturday, February 03, 2007

Dánta is geal liom 1


Sábháilteacht


Caithfead a rá gur maith liom dánta Nuala Ní Dhomhnaill. Chasas uirthi cúpla bliain ó shin agus mé amuigh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar chúrsa lae le mo dhaltaí scoile. Cúrsa dírithe ar an ardchúrsa Ardteiste is ea é seo a chuireann foireann Roinn na Gaeilge ar siúl gach bliain. Is amhlaidh go n-eagraíonn siad é chun síolta a scaipeadh in intinn na ndaltaí maidir le staidéar na Gaeilge san ollscoil chéanna. Ar aon nós bhí Nuala ann agus thug sí léacht bhréa shuimiúil uaithi ar an bhfilíocht agus ar féith na cruthaíochta. Bhi sí ina scríbhneoir cónaithe sa choláiste ag an am san. Bhíos ag caint lei ní ba dhéanaí i seomra na foirne. Chuaigh a tíriúlacht agus a ionraiceas go mór i bhfeidhm orm. Bean le croí mór doimhin is ea í chomh maith le h-intleacht ghéar. Tuigeann tú ar an toirt go bhfuil dearcadh cumasach aici ar an saol. Sular bhuaileas léi caithfead a rá gur léadh me a dánta rialta go leor mar is ise agus Cathal Ó Searcaigh an bheirt fhile is mó is maith liom atá ag cumadh leo sa Ghaeilge. Tagann an bheirt acu ó áiteanna fada go leor ó chéile maidir le canúintí – Ghaeilig bhreá bhinn na gConallach atá ag Cathal agus Ghaolainn bhreá bhinn na Muimhneach atá ag Nuala. Nuair a léim dánta de chuid Ní Dhomhnaill tosnaím ag smaoineamh is ag labhairt i gcanúint Chorca Dhuibhne agus nuair a léim dánta Uí Shearcaigh tosaím ag smaointiú is ag labhairt I nGaeilig Chontae Thír Chonaill. Ba i nGaeltacht Chiarraí agus ó mhúinteoirí ó Chiarraí a d’fhoghlaimíos mo chuid Ghaeilge ar scoil agus ba i nGaeltacht Dhún na nGall, go h-áirithe ar Oileán Árainn Mhóir a chuir me snas uirthi. Mar sin is breá liom an dá chanúint sin atá ar mo thoil agam.



Anois ba mhaith liom dán de chuid Ní Dhomhnaill a chur ar an leathanach seo. Dán is ea é faoin sábháilteacht atá bunaithe ar chaidreamh idir bheirt. Iarrann an file ar a chéile í a chosaint ar an olc, ionas nach slogfaí í i bpoll mór “faoin talamh,” ionas nach gcaillfí í i ndomhan mór anaithid an neamhchomhfheasa, ionas nach mbáfaí í i bhfaitís an tsaoil. Dán cumasach é seo dar liom a chíorann cúinní dorcha an neamhchomhfheasa agus ár bhfaitíos.





Gaineamh shúraic


A chroí, ná lig dom is mé ag dul a chodladh
titim isteach sa phluais dhorcha.
Tá eagla orm roimh an ngaineamh shúraic
roimh na cuasa scamhaithe amach ag uisce,
áiteanna ina luíonn móin faoin dtalamh.


Thíos ann ta giúis is bogdéil ársa;
tá cnámha na bhFiann ‘na luí go sámh ann
a glaimhte gan mheirg – is cailín báite
rópa cnáibe ar a muinéal tairrice.


Ta sé anois ina lag trá rabharta,
tá gealach lán is trá mhór ann,
is anocht nuair a chaithfead mo shúile a dhúnadh
bíodh talamh slán, bíodh gaineamh chruaidh romham.




Guím “talamh slán” nó “terra firma” ar léitheoirí uile an bhlaig seo agus “gaineamh crua” seachas gaineamh beo faoi bhur gcosa i gcónaí. Beannacht libh uile agus beannacht leat a scríbhinn.


Thuas ag barr an ailt seo tá pictiúr de bheirt iarscoláire liom a thug ard aire do na páisti ag an naoinaire aitiúil sa Phort Thoir. Is gnách leis na buachailli i mo scoilse aire a thabhairt dá ndeartháireacha agus deirféaracha beaga. Ghlacas an grianghraf seo timpeall ceithre bhliana ó shin.