Popular Posts

Thursday, February 15, 2007

Dánta is Geal Liom 5


Dánta is Geal Liom 5

Ós rud é go ndéanaim an corr-iarracht dán nó dhó a chumadh caithfidh mé a admháil go bhfuil dán cumasach amháin ann ó pheann Mháirtín Uí Dhíreáin a dtagaim ar ais chuige arís is arís eile. Séard is teideal don dán seo ná “Bí id’ Chrann.” Taithníonn an dán seo go mór liom mar tá comhairle ar fheabhas ann d’éinne ar mhaith leis nó léi dánta a scríobh, agus níos mó ná sin roinneann sé gaois le héinne ar mhaith leis nó léi bheith i mbéal an phobail mar “fhile proifisiúnta” mar a dearfá. Chomh maith leis sin taithníonn teideal an dáin liom – teideal atá ann, atá ana-chumasach agus ana-éifeachtach go deo, atá scríofa mar ordú díreach don fhile – “Bí id’ Chrann.” Sé sin le rá go dtugann an Díreánach ordú dó fhéin agus d’éinne ar mhaith leo bealach na filíochta a leanúint. Dar leis go gcaithfidh an duine seo bheith láidir agus treis ann nó inti féin. Is maith liom an fhíric go n-úsaideann sé meafar an chrainn chun an láidreacht seo a chur in iúl dúinn.

An rud a thaithníonn go mór liom faoin nDíreánach ná gur bhain sé úsaid éifeachteach agus chumasach as rudaí fisiciúla, tathagacha ón nádúr nó ón dúlra – aibhneacha, cnoic, sléibhte, clocha, crainn, claíocha, fálta, srutháin, báisteach, sioc agus a leithéidí. Tá a chuid dhánta lán de thagairtí dosna dúile – aer, uisce, tine agus talamh. Chomh maith leis sin caithfidh mé a admháil leis go bhfuil an tréith seo – grá don nádúr – ionam fhéinig. Seo dhaoibh an dán:


Bí id’ Chrann

Coigil do bhrí
A fhir an dáin
Coigil faoi thrí
Bí id’ chrann.

Coigil gach ní
A fhir an dáin,
Ná bog na lúb
Roimh anfa an cháis.

Fan socair,
Fan teann,
Is fear an uain
Go dtaga do lá.

Corraíodh an ghaoth
A fhir na laoithe
Gach duille ort thuas;
Do stoc bíodh buan..

Uaigneach crann
I lár coille,
Uaigneach file
Thar gach duine.

Daingean crann
I dtalamh suite,
Cosa i dtaca
Cuir a fhile!

Coigil do chlí
Coigil do aird,
Coigil gach slí
I gcomhair an dáin.

Tá do leath baineann,
A fhir an dáin,
Bí fireann, bí slán
Bí id’ chrann.



Is amhlaidh go n-aontódh aon fhile leis an gcomhairle agus leis an ngaois atá sna línte cumhachtacha gonta thuas. Ar ndóigh is tréith iontach í an ghontacht i bhfilíocht an Díreánaigh. Ní charnann sé focal ar fhocal – baineann sé úsaid éifeachtach as an méid fhocal is lú ar féidir leis. Dar leis go mba cheart don fhile é/í féin a oiliúint go maith, go gcuirfeadh sé/sí eolas go foighneach ar an saol, go mba cheart dó/di bheith láidir mar a bheadh crann, agus ansan go mba chóir dó/di labhairt amach nuair a thiocfadh an t-am cuí. Ceapaim go mbéadh aon siceolaí ar chomhintinn leis maidir le bheith baineann maidir le braistintí agus fireann maidir le dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil. Is amhlaidh go mba cheart agus go mba choir an taobh baineann a bheith ionainn chomh maith leis an taobh fireann. Mar fhocal scoir ceapaim go bhfuil an téarma “fear an dain” i bhfad níos éifeachtaí agus fiú níos cuí ná “file.”

Beannacht leat a scríbhinn agus gach fear nó bean an dain atá amuigh ansan ar an mblagchruinne bígí teann, bígí in bhur gcrann.


Seo thuas pictiúr a ghlac mé de chrann ag Teach Newbridge samhradh 2006