Popular Posts

Monday, February 19, 2007

Dánta is Geal Liom 6


Dánta is Geal Liom 6

Ceann de na dánta a chuireas go glanmheabhair agus mé im’ dhalta sa mheánscoil ná “An tOide” le Séamas Ó hAodha (1886-1967). Rugadh i gCathair Chorcaí é sa bhliain 1886 agus chaith se a shaol ina chigire scoileanna. Cheap sé drámaí agus aistí chomh maith le roinnt leabhar filíochta. Thaithin an dán seo go mór liom agus d’aithris mé é don scrúdú béil dom’ Ardteistiméireacht sa bhliain 1976.

Dar le hÓ hAodha go gcuireann an t-oide a chuid daltaí ar snámh ar “mhuir mhóir an léinn láin” – meafar iontach, cumasach agus cumhachtach. Tugann sé aire dhóibh faoi mar a dhéanfadh máthair. Oileann sé go cúramach iad. Ach sa deireadh thiar thall imíonn siad uaidh faoi is a imíonn siad óna máithreacha féin. Seo dhaoibh an dán – liric bheag chumachtach is ea é:


An tOide

Uasal ceird an oide:
Mar rí ar imeall trá,
Chuir ar tonn na soithigh
‘S sheoil go hoscailt bá.

Aoibhinn ceird an oide:
Mar gharnóir lá Iúil
D’aistrigh sciamh na scoithe
Ó ghrianán go húir.

Uaigneach ceird an oide:
Mar mhaithrín léi féin
Tar éis imeacht a clainne
Thar tairsigh i gcéin.


Dar leis an bhfile agus liom fhéin seasann an t-oide in áit an tuismitheora maidir lena chuid daltaí. Tosaíonn sé ar iad a theagasc, oileann sé go cúramach iad, agus ansan sa deireadh thiar thall imíonn siad uaidh.




Séard atá thuas ná grianghraf de thiúir mhúinteoiri againne ag spaisteoireacht lá amháin le linn dúinn bheith páirteach i gcúrsa in Oideas Gael i nGleann Cholm Chille i gContae Dhún na nGall, Deireadh Fómhair, 2004 - Seán, mé fhéin agus Cóilin Mac Ghiolla Rua.