Popular Posts

Thursday, January 29, 2009

Gaois ón mBlascaod Mór




Smaointe ón mBlascaod Mór le linn an Mheathlaithe is déanaí

Anois agus sinn sáite i meathlú ollmhór daomhanda tá sé éasca, ró-éasca leis an fhírinne a rá – titim in umar domhain an éadóchais. Is deacair fiú éisteacht le Morning Ireland ar RTE 1 na laethanta seo mar ní fhaighimid aon nuacht seachas liosta fada de chomhlachtaí atá ar tí fostaithe a ligean chun bóthair toisc nach bhfuil siad in ann feidhmiú ar bhonn brabúsach anseo in Éirinn. Comhlachtaí móra idirnáisiúnta mar Dell agus a leitheidí atá faoi chaibidil agam anseo gan aon agó, comhlacht a bhfuil beartaithe acu aistriú go dtí an Phólainn mar a bhfuil na costaisí i bhfad níos lú – go h-áirithe rataí pá na n-oibrithe. Ach sin mar a bhí agus mar a bhíonn an scéal i gcónaí leis na h-ilnáisiúntaigh.

Níl an t-ádh linn in aon chor mar táimid i sáinn uafásach toisc a bheith buailte faoi dhó ag dhá mheathlú – ár meathlú naisiúnta bunaithe ar mhiotas an Tíogair Cheiltigh atá básaithe agus adhlactha um an dtaca seo agus an meathlú domhanda atá ag scuabadh gach rud chun donais ós a chomhair amach. Ag filleadh dom ar na línte tosaigh i mo chéad alt thuas is ró-fhurasta titim in umar dubh an éadóchais. Glactar leis in áiteanna fiú nach meathlú atá againn in aon chor ach spealadh domhanda ar nós an Spealta Mhóir a bhí againn sa bhliain 1929. Ach bíodh sin mar atá, táimidne ar chéim eacnamaíochta i bhfad níos airde ná muintir an domhain sa bhliain chinniúnach sin 1929.

Agus an dá alt san scríofa agam ceapaim go bhféadtar smaoineamh ar mhuintir na hÉireann sna seanlaethanta a chuaigh romhainn agus an t-anró agus an cruatan a d’fhulaing siad. Smaoiním ina theannta sin ar sean-nath a bhí ag m’athairse (i mBéarla mar ní raibh aon Ghaeilge ag mo dhaid) a deir: “Níor bhásaíomar aon gheimhridh fós.” Sé sin le rá gur éirigh lenár sinsir teacht slán ar gach mórphráinn inar thiteadar. Má éirigh leo éireoidh go geal linne chomh maith.

Smaoiním ar na leabhair go léir ón mBlascaod Mór: An tOileánach (Tomás Ó Criomthain), Allagar na hInse (Tomás Ó Criomhthain), Peig (Peig Sayers), Fiche Bliain ag Fás (Muiris Ó Súilleabháin). Is dírbheathaisnéisí iad seo go léir a léiríonn saol crua deacair – iad ag stracadh leis an saol i gcónaí, ag iarraidh mar a dúirt file iomráiteach sin na fichiú h-aoise, Mairtín Ó Díreáin, “ceart a bhaint as neart na ndúl.” Nárbh fhíor don Díreánach? – dob é an scéal céanna é in Oileáin na hÁrann na mílte slí ó thuaidh. Coimhlint le fórsaí an nádúir a bhí i gceist sa dá h-áit. Ach i ndáiríre píre bhí an Blascaod Mór i bhfad ní ba sceirdiúla agus i bhfad ní ba chlochaí – leis an fhírinne a rá cloch ollmhór a bhí mífhlaithiúil ó thaobh thorthúlacht na talún de. Talamh seasc a bhí san oileán go mórmhór agus maireachtail ar an gcaolchuid a bhí i saol laethúil na n-oileánach. Ní nach ionadh gur tréigeadh an Blascaod Mór sa bhliain chinniúnach 1953.

Ach nuair a smaoiním ar an saibhreas Gaeilge a bhí ins na dírbheathaisneisí thuas; ar an bpobal iontach traidisiúnta sin (Gemeinschaft) a mhair ar scáth a chéile, ar na seanscéalta traidisiúnta a mhair ina measc beagnach i line neamhbhriste fiú ó ré na Fiannaiochta, agus ar an eagna agus an ghaois a d’fhoghlaimigh an mhuintir fháilteach flaithiúil sin, glacaim misneach agus bród as na seanfhundúirí go léir. Agus nuair a smaaoiním orthu, ar a shaol crua crógach, ar an bhfealsúnacht shimplí a bhí acu maidir le maireachtaint ar an saol seo tagann náire nach beag orm go mbíonn an méid sin dínn de shíor ag argóint is ag síorghearán faoi chomh h-olc is chomh h-ainnis is chomh suarach is atá ár saol le linn laethanta an mheathlaithe is déanaí. Ba cheart go mbéimis náirithe ag ár ngearain leithleasacha.



Thuas d'uaslódálas grianghraf a thógas de dhriosúr traidisiúnta, a leithéid a bhiodh ar an oileán sna seanlaethanta. Thugas cuairt ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir sa bhliain 2005 agus ghlacas an pictiúr ag an uair sin.

Monday, January 26, 2009

Na Blascaodaí 3




Dán ón mBlascaod Mór

Is deacair an rud é grá do dhuine nó grá d’áit éigint a shéanadh. Téann an grá go domhain faoin gcraiceann agus isteach ins na cnámha fiú – téann sé isteach go dtí an smior! Ón uair a léigh mé Fiche Bliain ag Fás agus mé im’ dhéagóir – timpeall a sé déag is dócha – thiteas i ngrá leis an mBlascaod Mór agus le h-ionraiceas agus misneach na seanfhundúirí sin a chaith a saol ar an gCloch mhór uaigneach sin. Daoine ar leith ab ea iad agus gan dabht ar domhan bhí an ceart ag Tomás Ó Criomhthain, an chéad mhórscribhneoir a tháinig ar an saol ina measc, “ní bheidh a leithéidí arist ann.”

Caithfidh mé a admháil gur léas leabhar Uí Shúilleabháin (Fiche Bliain ag Fás) as Béarla ar dtús toisc nár cheap mé go raibh neart Gaeilge agam ar dtús. Ach ós rud é gur thiteas bun ós cionn i ngrá leis an leabhar iontach seo chuaigh mé ar ais díreach go dtí an leabharlann agus fuaireas an bonnleagan Gaeilge agus d’éirigh go geal liom an téacs a léamh agus a thuiscint.

Tiocfaidh me ar ais chuig litríocht iontach an oileáin seo a luaithe agus is féidir liom sna postanna beaga seo, ach anois ba mhaith liom ceann des na dánta is ansa liom ón mBlascaod Mór a chur i gcló anseo. An file atá i gceist ná Micheál Ó Guithín (1904- 1974), duine de chlann Pheig.


Ciúnas i gCom Oíche

Ciúnas i gcom oíche
Is gleithreán gaoithe i measc na gcraobh
Uaigneas is diamhaireacht is coífeacht –
Sin iad mo mhaonsa ar feadh mo shaoil.

Síoraíocht an oíche dhomsa
Ag gluaiseacht go righin réidh –
Ugh! nach ioma cuma go dtagann tuirse
Ar ansacht an duine a bhíonn leis féin.

Síos, suas, is ea saol duine
Seal le só, is seal le péin –
Ag titim buille ar bhuille,
Is ag dul ar fainne céim ar chéim.

Ní dhomsa is dual an saol seo d’fhuirseadh
Ná ní dhom is dual é a chur i gcéill –
Níl mo bhuannaíocht ann buan, ná ciste,
Is rud do fuaireadh ar iasacht é.

Molaim an t-uaigneas, cé gur chruaidh a bhuille,
Is trína bhua go bhfachtar séan
Sa chroí duairc a bhíonn dá chlipeadh
Má chuireann suas leis dá ainneonin féin.

Do chonacsa saol a bhí lán de dhuairceas
Cé gur dealbh, monuar, inniu dá éis;
Gach cara caoin do dhéanfadh trua dhom
Do tógadh uaim iad géag ar ghéig.

Do deighleadh mise amach ón gcuallacht
Uch! is trua mar dearnaíodh é;
Do bronnadh orm an son an duaircis
An tseoid is uaisle dá bhfuil fén ngréin.


Gluais:

2. gleithreán gaoithe = luas torannach na gaoithe.
3. coífeach = coimhthíos nó cúthaile.
7. nach ioma = nach iomaí.
10. seal le só = tamall go compórdach.
12. ag dul ar fainne = ag dul i laige, ag éirí fann nó lag.
15. Níl mo bhuannaíocht ann = níl seilbh bhuan nó cónaí buan agam ann.
19. dá chlipeadh = á ghoin, á thuirsiú.
25. do deilgeadh = scaradh; ón gcuallacht = ón gcuideachta.
26. dearnaíodh = rinneadh, deineadh.
28. an tseoid is uaisle = faith na filíochta is dócha.

Is iontach simplí an dán seo dar liom. Is dán é atá lán de bhrón an tsaoil, den fhulaingt agus den uaigneas. Ar an leibhéal sin cuirim é ar chomhchéim leis an leabhar sin ón mBíobla – an Seantiomna – Leabhar Iób toisc go bhfuil leibhéal domhain an eiseachais ann, nó b’fhéidir chun focal ón bhfealsúnacht a úsáid – go bhfuil angst na beatha le brath go soiléir ann, tríd síos an dán go léir agus go h-áirithe sna trí cheathrú dheireanacha mar a dtugann an file cuntas dúinn ar anró agus ar chruatas a shaoil fhéinig.

Ach cé go bhfuil angst an tsaoil le mothú sa dán seo tá neart agus crógacht agus misneach le brath ann chomh maith. Admhaíonn an file go bhfuil fulaingt ar an saol seo ach go bhfaightear buanna eile dá hainneoin, sé sin, bua na filíochta, féith an chruthaithe agus cumhacht na bhfocal. I ndáirire píre is í an teachtaireacht chéanna atá i leabhar Pheig, dírbheathaisnéis a mhátharsa.


Thuas d'uaslódálas pictiúr a thaispeánann radharc iontach den oileán taobh thiar d'Ionad an Bhlascaod, Dún Chaoin, Co. Chiarrai.


Ar lean

Wednesday, January 21, 2009

Na Blascaodaí 2




Na Blascaodaí 2


Faoina ndraíocht a mhairim go deo – sé sin faoi dhraíocht na seanscéalta is na sean nathanna agus go mórmhór faoi anáil na h-eagna is na gaoise a d’fhás i measc pobail bhig ar dhromchla chloiche aonaire i bhfásach uaigneach an Atlantaigh mhíthócairigh ag tús an chéid seo caite. Is iontach go deo conas mar a mhaireadar nó conas mar ar thánadar slán ón gcruatan agus ón anró. Míorúilt ab ea sin gan aon agó! An rud a chuir idir ionadh agus ghliondar ormsa ná chomh sceirdiúil clochach is a bhí an Blascaod Mór and chomh mífhlaithiúil is a bhí an tírdhreach nuair a leagas cos air i samhradh na bliana 2000. Nuair a bhreathnaím amach ar an Aigéan Atlantach agus ar chomh h-uaigneach fuar is a shamhlaím í (ní derim ‘é’ anseo mar maireann sí mar bhean im’ intinn cé is go bhfuil inscne an ainmfhocail firinscneach) tagann ceol na bpíobaí uileann isteach im’ aigne. Tagann ceol na bpíobaí uileann ag casadh an tiúin iontaigh mhistigh corraithaigh sin “Port na bPúcaí” isteach im’ mheabhair agus bogtar mé agus corraítear mé go ceartlár mo bheatha agus bíonn deora im’ shúile. Tá aithne ar an bport iontach uaigneach agus corraitheach seo faoi theidil dhifiriúla “Caoineadh Na hInise”, “The Lament Of The Island” nó “The Music Of The Fairies.” Is féidir le láitheoir ar bith éisteacht le clár raidio faoin tiún seo ag an nasc seo: Port na bPúcaí – The Music of Ghosts Chomh maith leis sin féadtar éisteacht le Cillian Vallely á seinm anseo ar Youtube ag an nasc seo leanas: Port 1 Nach iontach misteach corraitheach an port céanna! Éist leis agus bí corraithe agus bogtha chun caointe.

Ta dlúthcheangal idir an tiún céanna agus an Blascaod Mór gan dabht ar domhan. Deirtear go h-áitiúil sa bhéaloideas gur tháinig an fonn seo ó fhuaimeanna a dhéanann na míolta móra agus na deilfeanna – créatúir leath-ósnádúrtha sa bhéaloideas féin – nó go dtagann sé ó fhuaim na gaoithe sa simléar nó fiú ó cheol na síóg – ceol sí. Is leor é sin mar mhíniú don leannán nó don t-é atá faoi dhraíocht ag an rómánsúlacht. Dúradh uair amháin gur chum Seán Ó Riada ach ní fíor sin agus tá sá cruthaithe ag staraithe nar chum. B'fhéidir gur chuir sé snas air!

Tá an taifead údarásh bunúsach de Phort na bPúcaí ar an dlúthdhiosca Beauty an Oileáin: Music and Songs of the Blasket Islands (Claddagh CC56CD, 1992). Castar ar an bhfidil é ag Seán Cheaist Ó Catháin, a rugadh agus a tógadh ar an mBlascaod Mór agus b’ann a d’fhoghlaim sé an chuid is mó dá cheol. Bhásaigh sé sa bhliain 1972. Dhein Muiris Ó Conghail an taifeadadh bunúsach sa bhlianin 1968. Deir an t-eolas ar chlúdach an dlúthdhioca seo gur tháinig an fonn nó an port seo ó Inis Mhic Uibhleáin (sé sin Inis Mhicealáin a bhí mar oileán pearsanta ag Séarlas Ó hEocaí, iar-thaoiseach na hÉireann uair amháin). Dúirt Sean Cheaist sular thosnaigh sé ar an bport a chasadh gurbh amhlaidh a chuala roinnt aoirithe nó tréadaithe é don chéad uair le linn oíche uaigní amháin amuigh ar an oileán beag sin agus gur bhaist siad Caoineadh na Síog air.

Deir Ríonach Uí Ógain ins na Nótaí ón gclúdach céanna go ndeireadh na seanfhundúirí gurbh é muintir Uí Dhálaigh agus muintir Uí Ghuithín a chuala an ceol uaigneach seo don chéad uair. Déanann sí tagairt do staidéar údarásach Sheoirse Mhic Thomáis: “Inis Mhic Uibhleáin, the most beautiful and most mystical of all the Blaskets. The old people said that it was enchanted up until our own time; and indeed
they had a tune, "Port na bPúcaí", which was learned from the fairies in the island about a hundred years ago. Oral accounts have been collected in which it is said that the music was first heard in the form of a song. One such account says: One day three boats from the Great Blasket went to the small Island. A woman called Neans Ni Dhálaigh was there. When they landed they brought up the boats. After a while two of the boats went to the big Island. One of them stayed and after a while the woman was sitting on a stone. She heard the song. She heard it twice. The third time she was singing the song herself along with the voice and the voice disappeared. The man heard it again and he was fearful and anxious. The woman met him and asked him if he had heard the song. He said he had. The other three came and they didn't hear any voice. They brought down the boat and they were going home. Neans was singing the song in the boat and the song is called 'The Tune of the Fairies'. The others were afraid when they heard it. It can still be heard on the Great Blasket.”

Is féidir leat níos mó eolais a fhoghlaim faoin bport traidisiúnta misteach seo ag an nasc seo a leanas: Port 2


Ar lean.

Thuas d'uaslódalas grianghraf a ghlacas de thinteán traidisúnta in Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Ba thart fá thinteán cosúil leis seo a chloisti idir scéalta traidisiúnta agus na seanphoirt áille ar nós Phort na bPúcai chomh maith.

Na Blascaodaí




An Blascaod Mór 1

Bliain chasadh na mílaoise a bhí ann, ceapaim, nuair a chuas fhéin agus mo dheartháir siar ó dheas go dtí Contae Chiarraí agus siar cuid eile den bhóthar chuig Ghaeltacht Chorca Dhuibhe. Bhí mé riamh faoi dhraíocht na Gaolainne agus go h-áirithe Gaeilge Chiarraí. Cén fáth sin a deir tú? Bhuel, tháinig formhór na múinteoirí a bhí againn ar scoil ón gcontae sin. Smaoiním ar a leitheidí de shármhúinteoirí mar Pádraig Uasal Ó Súilleabháin (a bhásaigh roimh dhul ar pinsean dó) agus Mícheál Ó Muircheartaigh (atá fós i dtogha na sláinte agus fós ina thráchtaire ar RTE. Go maire tú an céad, a Mhíchíl!), Ciarraígh an bheirt acu a bhí ag múineadh i Scoil Uí Chonaill mar ar fhreastail mé ins na seachtóidí den chéad seo caite. Ba sinne an dream deireanach a rinne an Mhéanteistiméireacht tré mheán na Gaeilge. Is cuimhin liom go raibh mo dheartháir Pádraig ins an bhliain go díreach im’ dhiaidh. Bhí na múinteoirí ceanainne céanna aigesean ach amháin gur mhúineadar é tré mheán an Bhéarla.

Tháinig na bunmhúinteoirí go léir a bhí agam ón Mhumhain – a leitheidí mar An tUasal Ó Muirí a bhí ar tí dul amach ar pinsean, Seán Ó Sé agus na Bráithre Críostaí go léir. Tharla sé mar sin gurbh í Gaolainn na Mumhan agus go h-airithe Gaeilge Chorca Dhuibhne a d’ól mé isteach go nadúrtha. Ní nach ionadh nuair a bhí an dara leibhéal oideachais críochnaithe agam go ndeachaigh me le múinteoireacht agus go bhfuaireas cáilíocht sa Ghaeilge.

Ar aon nós ar ais anois chuig m’alt oscailte. Samhradh na bliana 2000 chuas fhéin agus mo dhearthair Gearóid siar ó dheas go Corca Dhuibhne. An rud ba shuntasaí amach is amach faoin turas iontach seo ná gur éirigh linn faoi dheireadh agus faoi dheoigh dul isteach ar an mBlascaod Mór – áit fíorálainn, chlochach, sceirdiúil agus áit iargiúlta ar láimh amháin de ach áit dhraíochta, fhileata, spioradálta agus mhisteach ar an láimh eile. B’ón oileán sin a tháinig mórshaothair dhírbheathaisnéise na Gaeilge le linn na hathbheochana sna blianta tosaigh den aois seo chaite.

Is scata oileáin iad na Blascaodaí píosa beag amach ó leithinis an Daingin, Contae Chiarraí. Is í An Blascaod Mór, ar a nglaotar freisin an t-Oileán Thiar, an t-oileán is mó díobh. Tá sé breis is trí mhíle ar fhad agus tá mile agus céad acra nó mar sin ann. Is turas trí mhíle farraige é ón chuan ag Dún Caoin ar an mórthír go dtí caladh an oileáin.

Ní raibh riamh níos mó ná dhá chéad duine nó mar sin ina gcónaí ar an mBlascaod Mór agus mhair siad ar ghabháltais de thrí nó ceithre acra ag cur lena slí beatha ón talamh le hiascaireacht agus sealgaireacht éanlaithe fiáine. Tá cur síos beacht ar shaol na n-oileánach déanta ag Tomás Ó Criomhthain ins an leabhar iontach sin a léamar ar an ollscoil, sé sin An tOileánach. Ní thuigim in aon chor cén fath nach raibh an leabhar iontach taitneamhach san ar an gcúrsa sa mheánscoil seachas an leabhar fíorleadránach úd Peig a mharaigh suim sa Ghaeilge in a lán daltaí trasna na mblianta.

D’admhaigh an Criomthánach fhéinig nuair a chuiridís chun fharraige sna naomhóga go mba “lánmhinic an fharraige ag gabháil lastuas dínn gan radharc againn ar thír ná ar thalamh — oíche mhór fhada fhuar mar seo ag comhrac na mara agus go lánmhinic ar bheagán fáltais ach ó uair go huair ag tnúth le cabhair Dé.”

Ba fhíorphobal iad muintir na mBlascaodaí i gcónaí, d'ainneoin an bhochtanais a d'fhulaing siad le linn a saoil. Tá an bochtanas san le feiscint go soiléir i ngach leabhar a tháinig faoi bhlath ón oileán clochach sceirdiúil sin.

Ach taobh amuigh den chruatan, nó b’fhéidir de bharr an chruatain chéanna cá bhfios, d’fhás saibhreas iontach Gaeilge agus saibhreas iontach scribhneoireachta. Bhain saibhreas traidisiúin agus béalaoidis le pobal an oileáin seo. Bhí a saol agus a slite maireachtála, bunaithe ar an talamh agus ar an bhfarraige, mar cheangal leis an sean saol a bhfuil suim agus tábhacht thar na bearta ag gabháil leis. Ar ámharaí an tsaoil, tá eolas faoin slí mhaireachtála sin caomhnaithe dúinn ag mórchuid scoláirí agus lucht litríochta, fir cosúil le John Millington Synge, Karl Marstrander, scoláire ón Ioruaidh a bhaist muintir an oileáin “An Lochlannach” air, agus Robin Flower, a thug siad Bláithín air go ceanúil. Chuaigh siad go dtí na hoileáin nuair a bhí athbheochan mhór suime sa Ghaeilge agus i rudaí Gaelacha sa dara leath den naoú haois déag. An rud is tábhachtaí, áfach, nó go ndearnadh saol an oileáin a chaomhnú dúinn i scríbhinní sainiúla na n-oileánach féin. Is fear an-tábhachtach duine de na scoláirí a tháinig ar chuairt viz., Brian Ó Ceallaigh, mar is eisean a spreag an chéad scríbhneoir de chuid an Bhlascaoid, agus an duine is tábhachtaí díobh, Tomás Ó Criomhthain, chun a dhírbheathaisnéis, a scéalta agus a smaointí a chur ar phár nó ar pháipéar. Thug scoláire eile, George Thomson, treoir do Mhuiris Ó Súilleabháin i ndáil le “Fiche Bliain ag Fás” a scríobh.

Níl aon áit chomparáideach ar éadan na cruinne, le líon chomh beag sin daoine ina gcónaí ann, ina raibh bláthú chomh hiontach sin ar fhéith na litríochta. Scríobh Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers agus Muiris Ó Súilleabháin leabhair atá tábhachtach ní h-amháin mar mhórshaothair litríochta ach freisin mar thuairiscí ar shaol speisialta an oileáin. Cáipéisí fíoriontacha iad ina bhfaightear an-leiriú ar nósanna agus ar ghnásanna sóisialta pobail bhig a bhí scartha amach ón mórthír.

Do chabhraigh saothar na scríbhneoirí sin go mór chun ceangal a choimeád idir scríbhneoireacht an lae inniu i nGaeilge agus na modhanna cainte a bhí nádúrtha dár sinsir; agus is féidir a mhaíomh freisin gur choimeád an saothar sin ceangal idir scríbhneoireacht an lae inniu i mBéarla agus na modhanna sin. Bhí baint mhór, mar sin, ag a saothar le caomhnú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar theanga traidisiúnta agus len í a choimeád i lár an tsrutha, fiú dár scríbhneoireacht i mBéarla.

Tugadh saothar Hóiméarach ar leabhar Uí Chriomhthain agus cinnte is saothar den chineál sin é mar, cosúil le Hóiméar, aimsíonn sé a chuid filíochta i ngnáth-imeachtaí an tsaoil — saol a caitheadh leis an bhfarraige agus leis na dúile ach go minic i mbaol uatha.


Ar lean.



Thuas chuireas pictiúr a ghlac me de shamail den "bhaile" ar an Mblascaod Mór - samhail atá ar taispeaint in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Contae Chiarri.

Monday, January 19, 2009

Draíocht na Teanga




Draíocht na bhFocal

Ceann des na chéad chuimhní cinn atá im’ aigne ná bheith ag aithris ós ard pé dán idir Bhéarla nó Ghaeilge nó Fhraincís a d’fhoghlaimíos ar scoil an lá sin ag déanamh m’obair bhaile dhom ní ba dhéanaí istoíche. Go deimhin bhínn de shíor faoi dhraíocht na bhfocal. Uaidh sin amach bhí suim nach beag agam i dteangacha agus go h-áirithe sa Ghaeilge. Tá Iodailis ar mo thoil agam chomh maith agus téim chuig an Iodáil trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana. Tá píosa beag Fraincíse ar eolas agam lena chois sin.

Cén fáth go bhfoghlaimítear teanga ar bith? Bhuel, chun dul agus obair a fháil thar lear i dtír eachtrannach mar a labhraítear an teanga sin; chun bheith in ann dul i dteagmháil leis na daoine dúchasacha sa tír chéanna nó chun staidéar ann. Is mó cúis atá ann chun teangacha a fhoghlaim agus a labhairt, ach im’ thuairimse is í draíocht na bhfocal faoi deara mo shuim féinig sna teangacha.

Téigh chuig dráma ar bith a chum na seanGhréigigh mar Aeschylus nó Sophocles nó Euripides agus titfidh tú faoi dhraíocht na traigéide clasaicí. Téigh chuig dráma ar bith de chuid Shakespeare, idir thraigéidí agus choiméidí agus titfidh tú faoi dhraíocht dhomhan na samhlaíochta agus na drámaíochta. Ach is iad na focail, sea na focail an meán is tabhachtaí mar is iadsan a chruthaíonn an drámaíocht, a chruthaíonn an chumhacht agus fiú an katharsis iontach sin a mhothaímid ag aon mórdhráma ar bith.

Sea, tá an draíocht sna focail – ins an ord ina gcuirtear iad agus ins na fuaimeanna a dhéanann siad nuair a deireann sáraisteoir iad. Roghnaíonn an scríbhneoir nó an drámadóir na focail chuí chun an t-atmasféar a chruthú. Mar a dúirt Samuel Taylor Coleridge na blianta fada ó shin gurbh é a bhí i stíl chruthaitheach ar bith ná na focail chuí san ord cuí. Ceapaim gurb í sin an chiall atá sa bhfrás “dosheacainteacht na teanga” nó “inevitability of language” mar a thugtar air go traidisiúnta i ndomhan an chriticeora. [Maith dom an téarma Gaeilge a chum mé ar an téarma ón mBéarla mar níor eirigh liom teach tar aon aistriú air sna foclóirí atá agam nó atá ar an idirlíon!]

Nuair a bhíos ar scoil thit me i ngrá leis na rithimí, leis na rímeanna agus le ceol draíochta dánta Sheáin Uí Ríordáin. D’fhoghlaimíos a dhán iontach deas “Cúl an Tí” nuair a bhíos sa bhunscoil agus d’fhan an dán san im’ chuimhne ó shin i leith. Na laethanta sin, bhí sé de nós ag múinteoirí iarraidh ar na daltaí gach rud a chur go glanmheabhair. Caithfidh mé a rá nár bhain me mórán taithnimh as bheith ag foghlaim gach rud go glanmheabhair i ngach ábhar mar ba bhuachaillín beag neirbhíseach a bhí ionam agus bhínn eaglach an t-am ar fad go ndearmadfainn an píosa a bhí le foghlaim. Ach, caithfidh me a rá gur thaithin an fhilíocht go mór liom agus gurbh aoibhinn liom bheith ag aithris dánta in aon teanga ar bith. Mar a dúirt mé ba rud draíochta dhom an tsíor-aithris seo a bhí á déanamh agam ar scoil agus fiú dem’ dheoinn fhéin ag a’ baile. Cheapadh m’athair agus mo mhathair go raibh mé glan as mo mheabhair nuair a chloisidis mé de shíor ag caint liom fhéin im’ sheomra. Ach sin mar a tharla – thiteas glan faoi dhraíocht na bhfocal. Is amhlaidh gur mar sin a mhothaigh na sean Draoithe Ceilteacha nó Gaelacha roimh theacht Naomh Pádraig. Ní raibh scríobh ar bith acusan agus chuireadar gach eolas agus gaois nó eagna go glanmheabhair.

Dán eile de chuid an Ríordanaigh a chuaigh go mór i bhfeidm orm fhéinig ó thaobh draíocht na bhfocal agus an cheoil de ná Siollabadh. Cuirfidh mé na focail anseo ionas go mblaisfidh tú a bhfuil a rá agam faoi dhraíocht stíl an Ríordánaigh.

Siollabadh

Bhí banaltra in ortharlann
I ngile an tráthnóna
Is cuisleanna i leapachaibh
Ag preabarnaigh go tomhaiste,
Do sheas sí os gach leaba
Agus dfhan sí seal ag comhaireamh
Is do bhreac sí síos an an mheadharacht
Bhí ag siollabadh ina meoraibh,
Is do shiollaib sí go rithimeach
Fé dheireadh as an seomra,
Is dfhág na diadh mar chlaisceadal
Na cuisleanna ag comhaireamh:
Ansin do leath an tAngelus
Im-shiollabcrith ar bheolaibh,
Ach do thainig eag ar Amenibh
Mar chogarnach sa tseomra:
Do leanadh leis an gcantaireacht
I mainistir na feola,
Na cuisleanna mar mhanachaibh
Ag siollabadh na nónta.


Tá cóip den dán seo maille le aistriúchán focal ar fhocal le fáil ag an suíomh idirlíne seo leanas ( Dánta ). Ach ceapaim féin gurb uafásach an t-aistriúchan é mar braitheann miniú nó brí an dáin thuas ar cheol na bhfocal, ar an gcaoi a théann siad i bhfeidhm ar a chéile, ar rithimí agus rímeanna nádúrtha na Gaeilge. Go bunúsach is rí-dheacair d’éinne, bíodh sé nó sí ina f(h)ile nó ná bíodh, dánta de chuid an Ríordanaigh a aistriú go h-aon teanga ar bith eile.

Ní déarfaidh me mórán ach an oiread faoi bhrí an dáin bhig seo. Caithfidh an léitheoir an dán a léamh ós ard agus éisteacht le fuaimeanna na bhfocal agus aird a thabhairt ar an gcaoi a imríonn na focal cleasanna teangeolaíochta ar a chéile, ar an gcaoi a chumann an Ríordánach focail nua. Chomh maith leis sin is rí-chumasach iad na meafair is na samhailteacha as a mbaineann sé dea-úsáid, m.sh., “cuisleanna i leapachaibh”; “bhreac sí síos an an mheadharacht / Bhí ag siollabadh ina meoraibh”; “Is do shiollaib sí go rithimeach” agus “mainistir na feola.”



Thuas chuireas pictiúr a ghlac mé i mbarda mo mháthar in Ospidéal Naomh Máire i bPairc an Fhionn Uisce anseo i mBaile Átha Cliath um Nollag.

Sunday, January 18, 2009

Dá Dhán agus Téamaí Mistéireacha na Beatha


Domhan Rúnmhar Diamhair na hOíche

Is cuimhin liom a léamh áít éigint go ndúirt an scríbhneoir Áth’ Cliathach iomráiteach úd Breandán Ó Beacháin gur “daylight atheist” é fhéin. Ní feasach dom conas ba cheart Gaeilge a chur ar an nath úd, b’fhéidir “aindiagaí de ló” nó téarma eile mar sin, ach is cuma. Ar aon chaoi séard atá idir chomáin agam anseo ná téama daonna nó mistéir eiseach na beatha. Sea, a leitheoirí, bhíos ag gabháil do bheith ag léamh codanna beaga d’fhealsúnacht an eiseachais. Mórthéamaí na beatha a bhíonn á bplé ag na fealsaimh san gan aon agó – go h-áirithe téamaí mar shaoirse an duine dhaonna; angst na beatha; conas gur féidir maireachtáil le h-ionraiceas sa domhan seo agus téama mór na barántúlachta nó na fíordheimhneachta.

Ar aon nós anseo ba mhaith liom téama dubh dorcha diamhair an aonaránachais nó téama mistéireach an uaignis a phlé tré úsáid a bhaint as dhá dhán a dhéanann iarracht deighleáil le téama eiseach na beatha. An chéad cheann a roghnaím le cur anseo ná “Na Coisithe” le Liam S. Gógain a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1891. Ní féidir liom teach ar an eolas faoi bhliain a bháis.


Na Coisithe
(le L.S. Gógán)

I gcoim na hoíche cloisim iad,
Na coisithe ar siúl;
Airím iad, ní fheicim iad,
Ní fios cá mbíonn a gcuaird.

I gcoim na hoíche dorcha
Is an uile ní ina shuan,
Airím teacht na gcoisithe
I lár an bhaile chiúin.

An daoine iad nach sona dhóibh,
Nó anama i bpunc?
Nach aoibhinn dóibh an t-ionad sin
'Na gcónaíd go buan?

I gcoim na hoíche dorcha,
Is cách 'na thoirchim suain,
Sea cloisimse na coisithe
Ag teacht 's ag imeacht uaim.

Ceapaim gur liric bheag thaitneamhach í an liric seo. Tá sí simplí agus fiosrach agus de bharr na simplíochta sin agus mar thoradh ar an bhfiosracht tá atmasféar dubh dorcha, mistéireach, aonarach, iargúlta, uaigneach agus eaglach le mothú sa dán trí chéile. Go h-áirithe tá na mothúcháin seo le blaiseadh sna línte seo: “Airím iad, ní fheicim iad, / Ní fios cá mbíonn a gcuaird” sa chéad rann; sa line: “I lár an bhaile chiúin” sa dara rann agus an leathrann “An daoine iad nach sona dhóibh, / Nó anama i bpunc?” sa tríú rann. Chomh maith leis sin cuireann an t-athrá iontach simplí sin “I gcoim na hoíche dorcha” go mór leis na braithstintí céanna a luaigh mé thuas.

An dara dán ar mhaith liom a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht leis an dán iontach seo ná “An Bóthar” leis an sárfhile clúiteach agus cáiliúil úd Seán Ó Ríordáin (1917- 1977). Gan dabht ar domhan file fealsúnach amach is amach ab ea an Ríordánach. Cíorann a chuid dhánta mórcheisteanna doimhne na beatha mar saoirse, an fhulaingt neamhchiontach, luas na blianta, an seanaois, leochailleacht na beatha, an bás agus an tsíoraíocht. I ndáiríre píre fealsamh eiseach is ea é amach is amach nó b’fhéidir go mba chirte dhom a rá gur file eiseach é. Ní raibh an tsláinte go ró-mhiath ag an Ríordánach in aon chor le linn a shaoil agus ba mhinic é mar othar san ospidéal. Go deimhin chum se a lán dánta faoin tinneas agus an easláinte. Bhí an t-eitinn air agus ba gheall le bás mall mall mall an tinneas céanna.

Cíorann an dán seo, dar teidil “An Bóthar,” téama dubh dorcha diamhair an aonaránachais nó téama mistéireach an uaignis:


An Bóthar

Do chaitheas an oíche
Ag éisteacht le bóthar,
Ag éisteacht le daoine
Ag siarbhualadh bóthair,
Ar théid is ea bhíodar,
Ar théid fhada an bhóthair.

Mas daoine mar mise
Bhí thíos ar an mbóthar
Is trua liom a bhfilleadh
Abhaile ón mbóthar,
Ag tinteán gan tine
Is a n-aigne rompu.

Tá smaointe ag taisteal
Ar bhrollach an bhóthair,
Ta daoine ag baile
Is tá smaointe ar an mbóthar,
Glac smaointe a cailleadh
As intinn an phóca.

Is fíor gur liric iontach atá sa dán seo chomh maith. Ceapaim go bhfuil níos mó uaignis agus níos mó doimhneachta ar a shon san sa dán seo. Chomh maith leis sin baineann an Ríordánach úsáid iontach as samhailteacha agus meafair. Is minic sinn inár luí sa dorchadas sa leaba agus gan a bheith in ann súil a dhúnadh. I dtráth sin na hoíche níl le déanamh againn ach éisteacht leis na daoine ag gabháil thart ar an gcosán más cónaí dhúinn i mbaile nó i gcathair nó eisteacht leis an trácht ag dul tharainn ar an mbóthar lasmuigh más faoin tuath is cónaí dúinn. Is é an t-easpa codlata nó míchumas dul a chodladh is cúis leis an dá dhán iontacha seo. Tuigimid beagnach ar an bpointe boise go seasann an bóthar don bheatha – go gciallaíonn sé an saol daonna i ndairíre píre. Chomh maith leis sin úsáideann sé samhail eile, sé sin samhail na téide ach cuireann sin in iúl dúinn go bhfuil a lán castaí in aon téid ar bith agus in aon bhóthar ar bith. Is féidir a rá chomh maith go bhfuil a lán castaí in aon bhóthar ar bith. Cuireann samhail na téide le dorchadas agus le mistéir an dáin, im’ thuairimse, mar is rud é an téid chun smacht a choiméad ar ainmhí nó chun rudaí a choiméad le chéile nó a cheangail le chéile. Lena cois sin smaoiním ar sheanfhocal ón mbéarla, sé sin, “to be at the end of one’s tether” nó fiú ar an téid chrochta. Bíodh sin mar atá, is samhail dhébhríoch í ach is mó is cumhachtach í ar a shon san.

Braithim mothú dubh dorcha diamhair an aonaránachais nó téama mistéireach an uaignis sna línte seo sa dara rann:

Is trua liom a bhfilleadh
Abhaile ón mbóthar,
Ag tinteán gan tine
Is a n-aigne rompu.

Tuigim dó. Cuireann an leathrann seo an dán iontach sin de chuid Patrick Kavanagh i gcuihne dom: “The Great Hunger.” Leiríonn an dá dán an dubhbhrón ceanann céanna. Ní féidir, agus gan dabht níor cheart nó cóir, athinsint nó parafrása próis a chur ar fhoclaíocht dhraíochta na filíochta. Mar sin fágaim míníú an rainn deiridh mar aon le míniú ginearálta an dáin faoin léitheoir fhéin. Is aoibhinn liom an tsamhail iontach sin “brollach an bhóthair” chomh maith leis an dara ceann sa rann céanna, sé sin, “intinn an phóca.” Is sárcheardaí é an Ríordánach agus bíonn sé de shíor ag imirt leis na focail. Nuair nach féidir leis gnáthfhocal a fháil cumann sé ceann nua; cuireann sé focail le chéile agus cumann chomhfhocail. Maille leis sin ceanglaíonn sé smaointe teibí le gnathrudaí fisiciúla chun meafair agus samhlaoidí a chumadh.

Beannacht leat a scríbhinn agus orthusan uile a léannn thú. Slán bóthar!!



Thuas ag barr an phoist seo chuireas pictiúr a ghlacas de chasán (nó bóthar?) dhá bhliain ó shin. Ni feasach dúinn cad iad na castai a dhéanann aon bhóthar nó cosán ar bith amach anseo inár saol. Ghlacas an grianghraf i gCluain Tarbh, baile Átha Cliath, 3

Wednesday, January 14, 2009

Tuiscint don Dúlra




Bá leis an Nádúr

Léiríonn filíocht thraidisiúnta na Gaeilge, idir Dhánta na nGnáthdhaoine agus Fhilíocht na Sgol, báidh mhór leis an nádúr agus tuiscint dhomhain don dúlra. Mar sin ní bhíonn aon ionadh orainn go bhfuil na tréithe shuntasacha chéanna fós mar theáma tábhachtach idir théamaí eile fiú sna dánta a scríobhtar sa lá atá inniu ann.

Is fíor an ráiteas go dtéann an timpeallacht fhisiciúil nó an tírdhreach go mór i bhfeidhm ar mhuintir aon tir ar bith sa domhan mór. Ar shlí féadtar a rá go bhfáisctear sinn nó go múnlaítear sinn ón tírdhreach ceanann céanna. Uair amháin, léigh mé faoi eachtra bheag a bhain le Liam Ó Flaithearta. Tráth amháin ar filleadh dó ar a oileán dúchais, séard a dúirt sé leis an oileán céanna: “A Chloich Mhóir aithním thú!” Is é sin le rá i ndáiríre píre ná go raibh dúlra an oileáin go smior ina chnámha agus go domhain in a chroí. Is rí-dheacair sinn a scarúint nó a dhealú amach ón dtimpeallacht inár tógadh muid.

Chaith mé féin is mo dhearthaireacha roinnt laethanta i gContae an Chláir an Meitheamh seo thart. Chuaigh Aillteacha Mhóthair agus an aolchloch a fhaightear go fairsing timpeall an cheantair chéanna go mór i gcionn orainne. I mBoireann Chontae an Chláir agus in Oileán Árann is í an aolchloch is cloch bhunaigh iontu. Go deimhin féin is beag ithir ná cré a fhaightear i gceachtar den dá áit seo, ach is aoibhinn aisteach go deo na luibheanna agus na bláthanna a fhásann sa dúthaigh seo go léir – bláthanna agus luibheanna nach bhfaightear aon áit eile in aon chor ar fud na hÉireann. Is bláthanna and luibheanna Alpacha iad, ceapaim - ní saineolaí mé i gcúrsaí bitheolaíochta nó san nádúr, is mar sin b’fhéidir go bhfuil dul amú orm anseo.

Aisteach go mór ba i mBéarla a scríobh an Flaitheartach formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as Gaeilge. Tugtar Liam Ó Flaithearta, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba nia leis an scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir Gaeilge mór le rá Breandán Ó hEithir (1930-1990).

Ós rud é go bhfuilim ag móradh agus ag moladh an dúlra ba mhaith liom dán beag nó liric bheag de chuid an Fhleathartaigh (1896 - 1984) féin a athscríobh anseo. Ar scor ar bith is liric bheag cheolmhar iontach é dar teideal Na Blátha Craige :

Na Blátha Craige

Adúirt mé leis na blátha:
“Nach suarach an áit a fuair sibh
Le bheith ag déanamh aeir,
Teannta suas anseo le bruach na haille,
Gan fúibh ach an chloch ghlas
Agus salachar na n-éan,
Áit bhradach, lán le ceo
Agus farraige cháite,
Ní scairteann grian aneo
Ó Luan go Satharn
Le gliondar a chur oraibh.”
Adúirt na blátha craige:
“Is cuma linn, a stór,
Táimid faoi dhraíocht
Ag ceol na farraige.”

Liam Ó Flaithearta

Tá an liric seo thar a bheith simplí ach ana-dhomhain, ceapaim, ar a shon san. Bíodh is go bhfuil simplíocht ann tá an doimhneacht ann chomh maith. Sé mo bharúilse go dtarlaíonn a leithéid de rud i ndánta na bhfilí móra i dtráth úd na Rómánsaíochta sa Bhéarla – a lethéidí mar William Wordsworth agus S.T. Coleridge, gach trácht ar an mbeirt mhórfhile eile John Keats agus Percy Byshe Shelley.

Is iontach simplí an tslí ina n-úsáideann Ó Flaithearta bua an chomhrá agus bua an agallaimh chun dul i ngleic le tarraingt dhraíochta an nádúir. Sé sin le rá go mbaineann an file úsáid phraiticiúil as pearsantú chun beocht agus fisiciúlacht nó saol a thabhairt don na bláthanna beaga áille. Labhraíonn sé go díreach leo agus cuireann sé focla simplí draíochta ina mbéal.

Caithfidh mé a rá go bhfuil an liric bheag iontach seo ar cheann de na dánta is ansa liom sa Ghaeilge. Tá sí thar a bheith simplí ach ana dhraíochta dá bharr san. Tá ceol diamhrach fiú ag baint leis na focail bheaga shimplí, ceapaim. Nach breá agus nach iontach agus nach draíochta, mioriúlta, spleoidreach agus misteach an freagra uathasan ar a cheist faoi cén fáth gur thogh siad áit chomh h-iargúlta, chomh suarach, chomh fuar feannaideach sin le bheith ag fás? :

“Is cuma linn, a stór,
Táimid faoi dhraíocht
Ag ceol na farraige.”







Mar léiriú ar an dán seo chuir mé pictiúr breá a thógas den saghas sin bláthanna a luaigh Ó Flaithearta sa dán a chuireas i gcló thuas. Is pictiúr é a thógas Mí an Mheithimh 2008 sa Bhoireann i gContae an Chláir.

Sunday, January 11, 2009

Ár sa Phailistín 2




Ceann de na scannáin is ansa liom ná Mississippi Burning (1988) leis an stiúrthóir clúiteach sin Alan Parker. Tá an scannán céanna feicthe agam níos mó deich n-uair. Is iad na h-aisteoirí iontacha Gene Hackman (Gníomhaire Anderson) agus Willem Dafoe (Gníomnhaire Ward) an bheirt charactar lárnacha. Ag pointe amháin den scannán drámatúil seo cuireann Gníomhaire Ward ceist ar an nGníomhaire eile: “Cad as a dtagann an fuath seo go léir, Mr. Anderson?” Freagraíonn Anderson é tré scéal a aithris faoina athair fhéin. Scéal ana-thábhachtach im’ thuairim. Sé croílár an scéil ó bhéal Anderson ná gur chuir a athair nimh i dtobar a chomharsan toisc go raibh sé in éad leis mar go raibh capall aigesean agus nach raibh aon ainmhí iompair aige féin. Gan dabht fear gorm a bhí sa chomharsa céanna. Agus mar a déarfá, ní raibh sé ceart ná cóir ag an am san go mbéadh fear gorm níos saibhre na fear geal. Sin mar a bhí na Stáit Aontaithe sna seascaidí agus níos luaithe roimh thráth na gCearta Sibhialta.

Caithfidh mé a rá anois agus é a rá go h-ard agus le treise nach bhfuil uaim tráchtas a dhéanamh ar aon scannán nó ar an scannánaíocht go ginearálta. Séard atá uaim anseo ná díriú isteach go cruinn ar cheist Ghníomhaire Ward agus ar fhreagra Ghníomhaire Anderson, sé sin, go dtagann an fuath go léir go bunúsach ó leithleas agus ó chíocras an duine dhaonna. Is daoine leithleasacha, amplacha, santacha, cíocrasacha sinn go léir.

Ins an post a scríobhas sna leathanaigh seo díreach roimh an bpíosa seo dhírigh mé m’aird ar an ghéarchéim pholaitíochta nó ar an gcogadh éagóireach sin idir Stát Iosraeil agus muintir bhocht na Palaistíne. Is cogadh éagóireach amach agus amach é agus ní feidir le h-aon pholaiteoir é a chosaint. I ndáiríre is cogadh éagóireach, míchothrom agus dochosanta é. Fiú tá uimhreacha na marbh as coibhneas agus as comhréir ar an dá thaobh. Éist leis na huimhreacha, níos mó ná ocht gcead Palaistíneach marbh agus trí chéad páiste san áireamh céanna. Ar thaobh na nIosraelach de níl ach triúr marbh. Chomh maith leis sin ní tír in aon chor í Gaza ach sórt campa mór géibhinn nach féidir leis na Palaistínigh gluaiseacht isteach nó amach as ar a dtoil. Táid mar phríosúnaigh ina “dtír” féinig! Taobh amuigh de sin tá ganntanas bídh is dí ann chomh maith – níl an gorta ró-fhada ó na Palaistínigh bhochta. Agus cuirigi san áireamh chomh maith an sórt lón cogaidh ata in úsáid ag an Iosreal - é go léir go mór mór mór as cuimse, as coibhneas as as comhréir ar fad! Ar dóigh amháin ní thuigim an fuath seo go léir agus ar dóigh eile tuigim go ró-mhaith é. Tagann an fuath seo go léir go bunúsach ó leithleas agus ó chíocras Stat Iosraeil. Is daoine leithleasacha, amplacha, santacha, cíocrasacha na hIosraelaigh go léir. B’fhéidir go bhfuilim ag dul thar fóir anseo. Ach maithigí dom é, mar níl mise ag marú éinne. Nílimse ag briseadh dlíthe idirnáisiúnta ná cearta daonna. Ná nílimse ag sarú coinbhinsiúin Geneva. Tá Iosraeil ag déanamh sin agus níos mó. Mó náire sibh, a Iosraelaigh. Tá sibh ag briseadh agus ag sárú gach dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna bunúsacha. Níl aon leithscéal ar domhan agaibh ach an leithleas, an ampla, an tsaint agus an cíocras. Anois chun críoch a chur leis an bpost beag seo ba mhaith liom dán Mhichael Davitt a chur anseo agus é a thiomnú dos na Palaistínigh bhochta bhrúite i nGaza:

Ó mo Bheirt Phailistíneach

18/9/82, iar bhfeiscint dom tuairisc theilifíse
ar shlad na bPailistíneach i mBeirut


Bhrúigh mé an doras
oiread a ligfeadh solas cheann an staighre
orthu isteach:

na héadaí leapa caite díobh acu
iad ina luí sceabhach
mar ar thiteadar:

a gúna oíche caite aníos thar a mása
fuil ar a brístín lása,
as scailp i gcúl a cinn

a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr,
putóg ag úscadh as a bholgsan
mar fheamainn ar charraig,

ae ar bhraillín,
leathlámh fhuilthéachta in airde.
Ó mo bheirt Phailistíneach ag lobhadh sa teas lárnach.

© Michael Davitt
From: Bligeard Bráide
Coiscéim, Dublin 1983


****************************************************************

Beannacht leat a scríbhinn agus beannacht ar gach éinne a léann thú!

****************************************************************
Thuas tá pictiúr a tógadh le déanai i nGaza - beirt pháiste ar thóir bia! Ár naire sibh, a Iosraelaigh!!!

Wednesday, January 07, 2009

Ár sa Phailistín




Ár Míthrócaireach

Bhuel, sa deireadh thiar, caithfidh mé mo thost a bhriseadh. De ghnáth ní luaim aon phioc den pholaitíocht in aon bhlag dá bhfuil agam. An fáth is cúis leis sin ná go mothaím go bhfuil an t-ábhar céanna ró-chonspóideach agus go bhfuil raidhse bhlaganna ann ar an idirlíon a phléann na ceisteanna ceanainne céanna.

Is í an troid uafásach mhíchothrom idir an Iosrael agus muintir bhocht na Palaistíne i nGaza an t-ár míthrócaireach a luaim thuas mar theideal. Ní thuigim i ndáiríre cén fáth go bhfuil na hIosraelaigh chomh fuilteach fealltach míthrócaireach sin. An t-íomha a thagann isteach im’ cheann ná bheith ag baint úsáid as tua ollmhór nó as casúr uafásach mór chun cnó beag a bhriseadh. Gan dabht ar domhan agus is fíorshoiléir seo do ‘chuile dhuine, sé sin, go bhfuil míchothrom mór le rá i gceist sa chogadh seo. Is an t-ár uafásach dochreidte – cailíní agus buachaillí óga agus iad séidte i smidiriníní ag buamaí ollmhóra nó ag roicéidí nó ag diúracháin threoirithe atá in ann sceimhlitheoir agus a chlann a ghlanadh de dhromchla an domhain. Ach ní mhairíonn na diúrachain threoirithe sceimhlitheoirí amháin ach scriosann siad a lán daoine neamhurchóideacha chomh maith – gnáthshaoránaigh atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh sa domhan agus séidtear iad chuig cheithre chúinní an domhain ag buamaí uafásacha.

Ní thuigim na hIosraelaigh. Ní dóigh liom go dtuigfidh mé choíche iad. Nárbh iadsan nó a máithreacha, a n-aithreacha nó a seanmháithreacha agus a seanaithreacha a fuair anbhás ins na campaí géibhinn cosúil le Dachau, Maidenek, Sobibor agus Auschwitz le linn an Dara Cogadh Domhanda? Nárbh iadsan a d’fhulaing go h-uafásach sna campaí céanna ach go raibh an t-ádh dearg leo gur thángadar slán? Agus cén fáth mar sin nach dtuigeann siad d’fhulaingt na bPailistíneach, nach dtuigeann siad dearóile, ainreo agus ainnis na bPailistíneach céanna? Ní thuigim an míchothrom. Ní thuigim mar níl i nGaza ach Campa Mór Géibhinn amhain, le bheith fíor. Deirtear go bhfuil an bochtannas ansan i bhfad níos measa ná an bochtannas a bhí riamh faoi lán tseoil san Aifric Theas le linn blianta an Apartheid.

Admhaím gur sceimhlitheoirí iad lucht Hamas. Ach sin admhaithe agam, toghadh iad go daonlathach i dtoghchán cothrom cóir. Chomh maith leis sin ní féidir iad a dhealú amach ón gcosmhuintir nó ós na gnathdhaoine. Conas is féidir sin a dhéanamh? Chomh maith leis sin is áit fíor bheag í Gaza le bheith macánta agus tá an áit plódaithe le daoine nach féidir leo iad fhéin a ghearradh amach ó na sceimhlitheoirí toisc go gcaifidh siad maireachtáil ar scáth a chéile in árasáin shuaracha millteannacha. Is maithreacha agus aithreacha sceimhlitheoirí iad. Is deirfiúireacha agus deartháireacha sceimhlitheoirtí iad. Leis an fhírinne a rá tá níos mó ná milliún go leith daoine i spás ar chomhmhéid leis an Mhumhan. Conas nach maireofar daoine soineanta maraon le paistí neamhurchóideacha i spás chomh beag sin?

Molaim príomhaire na Fraince, Nicolas Sarcosi atá ag déanamh sár-obair chun an fhadhb a réiteach. Is deacair fiú an focal “réiteach” a úsáid in aon chor ag trácht ar chúrsaí polaitíochta. Ach caithfimid bheith dearfach mar ní leanfaimid ar aghaidh gan dóchas a bheith againn as an saol is as an tsíoraíocht.

Mo náire sibh, a hIosraelaigh. Cheap mé gurbh fhéidir libh idirdhealú a dhéanamh idir bochtannas agus sceimhlitheoireacht! Cheap mé chomh maith go raibh sibh in inmhe idirdhealú a dhéanamh idir gnáthmhianta an chroí agus cumhacht na n-uirlisí uafásacha chun daoine a bhrú faoi chois chomh míthrócaireach, fuilteach, fealltach san. Cheap me go mbéadh sibh in ann fiú conarthaí Geneva a chomhlíonadh agus na mórchonarthaí idirnáisiúnta eile a leanúint. Ní thuigim an mhíthrócaire. Ní thuigim an foréigean. Ní thuigim an t-ár. Ní thuigim am feall. Ní thuigim an fuath is an ghráin. Ní thuigim an éagóir is ní thuigim ach an oiread an t-easpa cothromais is cómhréire.

Agus na diúrachain ag silleadh síos óna spéartha mar fhearraing dhearg uafásach ar scoileanna agus ar arasáin shuaracha tháinig dán de chuid Mhícheál Davitt isteach im’ cheann – an t-ainm ata air ná “Ó mo bheirt Phailistíneach.” Déanfaidh mé iarracht teacht ar an dán seo níos déanaí agus é a chur i gló anseo sa chéad phost eile uaim. Slán agus beannacht. Go maire na Pailistínigh bhochta buan inar gcroíthe na laethanta uafásacha seo!

Beannacht leat a scríbhinn agus ar ‘chuile dhuine a léann thú! Slan bóthar!



Thuas pictiúr den ár uafásach.

Monday, January 05, 2009

I dtosach na haicíde is ea is fusa í a leigheas.




Agus an ghéarchéim eacnamaoíchta idir chamáin agam an lá faoi dheireadh tháinig seanfhocal eile isteach i mo cheann, sé sin, “I dtosach na haicíde is ea is fusa í a leigheas.” Ceisteanna gur féidir sinn a chur mar gheall ar láimhseáil na géarchéime céanna ná cén fáth nach bhfaca na daoine i gcumhacht – an rialtas, na bainc agus na h-eagraíochtaí oifigiúla leis na saineolaithe and na comhairleoirí go léir – an traein uafásach seo ag teacht síos an báthar iarainn, má maitheann sibh dom an meafar uafásach seo. Nach ait an mac an tsaoil? Go n-uige seo níor chaill na boic mhóra a bhí ag stiúradh long an Stáit a gcuid phostanna. Cén fáth sin in aon chor? An bhfuil dlí amháin ann don chosmhuintir nó dona gnáthdhaoine agus dlí speisialta eile ann do na mórbhoic seo? Is amhlaidh go bhfuil.

Cloisimid faoin gcathaoirleach nó faoin bpríomhoifigeach feidhmiúcháin sin – Seán Fitzpatrick an t-ainm ata air, más buan mo chuimhne – ar an mBanc conspóideach úd darb ainm an Anglo Irish Bank. Cad faoi? Bhuel, d’éirigh sé as a phost ceart go leor ach fuair sé gach aon phribhléid dá raibh sé i dteideal idir phinsin agus suim mhór scarrtha. Agus ni bhfuair an boc mór seo ach iasacht de sheacht is ceithre scór milliún d’ Euro agus nochtadh an fhianaise sna meáin chumarsáide gur cheil sé an fhíric seo ar an bpobal ocht h-uair as a chéile ar feadh ocht mbliana trén é a mhalartú ó bhanc go banc. Mar sin is amhlaidh go raibh sé idirbheart déag feicthe ag na coistí riaracháin sna bainc éagsúla. Deirtear nach ndearna sé aon rud mídhleathach, ach nach fíor go ndearna sé gníomh mímhoralta agus mí-eiticiúil? Is cinnte agus is ró-chinnte, dearfa agus ró-dhearfa gur ghníomh mí-mhóralta a bhí agus atá i gceist. Sin an fáth go ndearna sé an méad sin oibre chun na h-idirbhearteanna a cheilt orainn. Ár náire thú a Mhic Ghiolla Phádraig!

Anois, ag filleadh ar bhrí an tseanfhocail dom, cén fáth nach bhfaca na saineolaithe is na comhairleoirí iontacha sin a fhaigheann neart airgid i gcomhair a gcuid eolais agus a gcuid chomhairle a roinneann siad go fiail ar pholaiteoirí agus ar lucht stiúrtha na mbanc an ghéarchéim ag teacht inar dtreo? Nó an bhfaca siad traein uafásach seo an mheathluithe geileagraigh ag teacht agus gur scanraíodh iad? Nó an raibh eagla orthu an fhírinne a scéitheadh ar a gcomhleacaithe cumhachtacha a bhí bun ós cionn sáithe sa mheathlú céanna. Bhí a lán le cailliúint acu agus leanadar ar aghaidh leis an gcur i gcéill. Anois tá an port seinte; tá an cluiche thart; tá an t-am istigh agus tá an rún scéithe. Taimid i bponc mór; i sáinn uafásach, i bpoll gan tóin agus an ghéarchéim gheilleagrach seo sa mhullach orainn. Agus ní dhearna na polaiteoirí a bhí i gcumhacht aon dhath chun an fhadhb a leigheas. Lean siad leis an gcur i gcéill; lean siad leis na h-iasachtaí morá ; lean siad leis an mbréag.

Anois is orthusan atá an milleán agus is orainne atá an cúram chun íoc as na fiacha nó fiú as na drochfhiacha. Ár náire sibh, a pholaiteoirí, a shaineolaithe, a chomairleoirí agus a bhaincéirí. Ach is é an ár léan agus ár gcreach nach n-airaíonn sibh náirithe in aon chor. Táimid i ndeireadh na h-aicíde agus ní fusa í a leigheas ar chor ar bith.



D'uaslódálas thuas pictiúr a ghlac mé de dhul faoi na gréine ar thrá Laytown, Co na Mi, Lúnasa 2008.

Sunday, January 04, 2009

Seanfhocal na hAthbhliana: "Mair a chapaill agus Gheobhair féar!"




Dia eadrainn agus an t-olc, ach tá na blianta ag sleamhnú isteach ró-ghasta ar fad. Ní bhraithim ag imeacht iad agus mé saite ins na cúraimí idir bheag agus mhór a bhíonn idir lámha agam. Ach sin mar a bhíonn an saol. Díreach is an lá amárach beidh mé aon bhliain caogad d’aois. Tá sean leathrann sa traidisiún a deir: “Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.” Chomh maith leis sin tá seanfhocal ann beagnach ar chomhbhrí leis an leathrann úd, sé sin, “Ní bhíonn in aon rud ach seal.” Is amhlaidh gan aon agó gur féidir an rud céanna a rá faoin bheatha dhaonna.

Anois is píosa beag Gaolainne á scríobh agam ba mhaith liom chomhbhrón a dhéanamh le clann agus le muintir Tony Gregory, T.D. a bhásaigh dhá lá ó shin. Laoch iontach ar son na mbochtán agus ar son lucht lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath ab ea an fear céanna. Throid sé i gcónaí ar son cearta sibhialta – agus gan amhras ar son cearta daonna – na ndaoine céanna i rith tuairim is tríocha bliain. Leaba i measc na laochra go raibh aige. (Níl’s agam ó thalamh an domhain an Críostaí nó aindiagaí agus is cuma – sin an fath a dúras laochra seachas naoimh ansin). Ní raibh ach aon bhliain seascad slánaithe aige ar an saol seo – díreach deich mbliana níos sine ná mé fhéin. Sin an rud a chuireannn isteach agus amach orm, sé sin le rá go bhfuil mo chomhleacaithe fhéinig ag fáil bháis – comhartha cumhachtach go bhfuilimse féin ag méadú in aois. Ach bíodh sin mar atá – ná dearmadaigh go gcaitear an saol a cheiliúradh agus a chaitheamh, agus dul ar aghaidh go cróga le dóchas. Muna ndéantar sin titear sa duibheagán, sa duairceas agus sa ghruaim.

Anois is an tóin tar éis titim as geileagar na tíre seo mothaímid go bhfuilimid caillte toisc ná fuilimid ábalta gach deis is nua a cheannach – Four Wheel Drives agus ceithre shaoire in aghaidh na bliana gan trácht ar an árasán faoin ngréin. Nach trua dhúínn má táimid chomh h-éadomhain amplach santach sin. Ní feidir le héinne a dhath de rachmas an tsaoil nó de shaibhreas saolta a thabhairt leis nó leí ar lá an bháis. Chuala mé mór-údar idirnáisiúnta a rá – agus ní chuimhin liom cé hé ach amhain gurbh fhear a bhí ann - gurb é an gnó atá ag litríocht ná sinn a theagasc i ngnóthaí an bháis, sé sin le rá chun cur in iúl dúinn nach mbíonn níos mó ná seal againn ar an taobh seo den uaigh agus go mba cheart dúinn caradas a dhéanamh leis an mbás céanna.

Nuair a smaoinímid agus nuair a mhacnaímid ar mhistéir an bháis níor cheart dhúinn éirí éadóchasach nó dubhach dubh-bhrónach nó duairc gruama. Ba cheart agus ba chóir dúinn an saol a chaitheamh go huile is go hiomlán. “Mair a chapaill, agus gheobhair féar.”



Thuas tá pictiúr a ghlacas de chapall i gCo an Chláir, Meitheamh, 2008

Wednesday, December 31, 2008

An Ghaolainn Dheas Mhín




Is fada an lá, is an oíche le bheith macánta, ó scríobh me as Gaeilge agus, leis an fhírinne a rá, mothaím uaim í. Chomh maith leis sin, táim tar éis post nua a fháil ar scoil mar mhúinteoir acmhainne agus mar sin tá slán fágtha agam ar an ngnáthsheomra ranga mar ar mhúin mé an Ghaeilge le níos mó bliana ná mar ar mhaith liom cuimhneamh orthu. Níl aon chúram orm anois teanga ársa álainn ár dtíre a theagasc i mo ról nua sa scoil. Sea, uair dá raibh agus fiú na mílte uair dá raibh bhínn ag trabhadh na mara liom fhéinig ag iarraidh seanteanga ár muintir a mhúineadh do bhuachaillí a raibh beagán nó níos lú suime acu inti mar theanga. Bíodh sin mar atá, braithim uaim an Ghaeilge is a fuaimeanna áille éadroma ag damhsa ar dhomchla mo theangan. Braithim uaim na fíorfhuaimeanna a d’fhoghlaimigh me ó mo sheanmhúinteoirí atá básaithe le fada, go ndéana Dia - nó pé cumhacht atá ag beoú nó ag cothú an domhain – trócaire ar a n-anamacha uaisle. Tá a re thart agus fós tan a fuaimeanna ag damhsa im’ chluaise. Sin mar a bhíonn le teangacha. Téann a ndraoícht i gcionn ar na cainteoirí is ar na h-éisteoirí.

Táim ag dul in aois ach tá “damhsa an tsaoil,” mar ar thug an Ríordanach uirthi, fós i mo chroí. Beidh bliain is caogad slánaithe agm ar an ithir dhomhanda seo sar i bhfad – ‘sé an cúigiú lá d’Eanair mo lá breithe. Chaitheas an lá, a bheag nó a mhór, ag gabháil do bhlaganna a léamh ar an idirlíon, agus go h-áirithe blaganna as Gaeilge agus molaim iad go léir. Ta go leor daoine óga anois ann a bhfuil neart Gaeilge acu agus molaim na h-iarrachtaí is na sáriarrachtaí ata á ndeanamh acu chun dul i gcumarsáid is i gcomhrá is i gcomhairle lena cheile ar an idirlíon. Molaim sibh go léir. Lean leis an ngnó fíorthábhachtach seo.

Maith Dom É – A Ghaolainn Dheas Mhín

Maith dom é anois is choíche
Mo thuirse is mo lagthuirse –
Faighim an saol ró-throm ar mo ghuaillne-
Scaití ach maith dom é,
Mo chailín deas álainn
Nach faighim seans do bhriathra a labhairt.

Maith dom é anois is choíche,
Is mé ag dul in aois,
Maith dom m’fhaillí i mo dhualgaisí
I leith mo theanga dhúchais.
Maith dom é nuair a thitim a chodladh
Ag eisteacht le do rithimí éadroma ar an raidíó.

Maith dom é anois is choíche
Nuair nach dtéim i muinín do shaibhris
Mar ba cheart agus mar ba chóir.
Uair amháin agus mé an óg
Do thiteas bun ós cionn i ngrá leat,
Ach ni dhearúdann éinne a chéadghrá riamh.

Maith dom é anois is choíche
Mo thuirse is mo lagthuirse –
Fillfidh mé ar mo dhúchas
Is siúlfad an ród leat,
A Ghaolainn dheas mhín.



Thuas chuireas pictiúr a ghlacas de dhul faoi na gréine i bPairc an Fhionuisce, Meitheamh, 2008.

Saturday, June 21, 2008

Ardú Meanman




Ceithre Dhán

Uaireanta mar seo, téim i muinín mo theanga dhúchais chun ardú meanman a thabhairt dom féin; chun mé féin a dhúiseacht ón ísle brí is ón nduibheagán is ón ndorchadas a thithfeadh murab í agus a cúnamh draíochta misteach. Tagann focail chugham ceapaim ón neamhchomhfhios, áiteanna rúnda éigin mar a bhfuil na scáthanna ag lámhacháin i gcúinní dorcha iargúlta. Nuair a thagann na focail amach ó na cúinní damanta dearmata céanna taithníonn solas an fheasa agus an chomhfheasa orthu agus léimeann siad chun beochta i gcruth na gnáth-abairte ar dhromchla mo theangasa. Uaidh sin ardaítear m’anam is mo chroí – glacaim dóchas agus muinín nua as an saol místéireach ina gcaitear sinn go neamhthrócaireach mar a deir na fealsaimh chomhaoiseacha. Sin a tharlaíonn i mo chása ar aon nós.

Ba mhaith liom, mar sin, sraith eile de dhánta a chur ós bhur gcomhair amach arís an babhta seo. Anseo thíos gheobhfá ceithre cinn de dhánta a scríobh mé faoin tréimhse a chaitheas sa mhéanscoil. Seo dhaoibh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu. Beannacht libh a dhánta!


Méanscoil 1

Halla mór scrúdaithe
I lár an bhaile mhóir –
Cúpla céad macléinn
Scáfar roimh aineolas,
Buachaillí beaga bailithe
I gcomhair roghnaithe.
Bráthair uasal ag glaoch rolla
I nguth galánta –
Bhíomar i meánscoil ar dóigh –
“Ó Murchú, Maitiú,”
“Ó hÁinle, Eoghan,”
Agus “anseo” á fhreagairt
Ar fud na h-áite.

An príomhoide ag an ngeata
Dár ngríosadh ár ndícheall a dhéanamh.
“Beidh an lámh in uachtar agat air inniu!”
Ar seisean le buachaill beag tanaí
A raibh cuma intleachtúil air.
Ní raibh múinteoir tuata le feiceáil
Mar bhí na bráithre fós chun tosaigh
Ach i ndeireadh réime.

Ocáid mhór sholúnta ab ea é,
Cead isteach don mheánscoil
Ba mhó clú ar fud na cathrach,
Éalú ó na sráideanna beaga cúnga
Is ó na postanna gan todhchaí.

Lá breá i dtús Bealtaine,
Gach rud ina áit chuí,
Boladh úr an pháipéir scríofa,
Iontas mór an pháipéir scrúdaithe,
M’uncail sa bhaile ar saoire
Ó na Stáit Aontaithe –

An Domhan Mór faoi chaibidil aige
Is mise i mo thír bheag féinig.



Méanscoil 2


Arbh iad na réalta
Nó an chinniúint
Nó fiú an t-ádh
Nó an mí-ádh féin
A thug le chéile muid –
Breis is céad againn,
Chéadbhlianaigh,
Scáfar roimh
Todhchaí éiginnte?

Conas nach mbraithfeá
Caillte i measc an tslua mhóir sin?
Conas nach mbeifeá níos mó
Ná uimhir ar mheamram
Nó scríbhinn i leabhar rolla?
Fiú an dtabharfaidís faoi deara
Dá mbeifeá as láthair?

Ach lá liath cinniúnach amháin
Stopadh saol na scoile,
Saol mór neamhphearsanta na scoile
Le drochscéala –
Lá liath an fhómhair,
Cosúil le laethanta liatha eile an fhómhair,
Leagadh buachaill beag againn
Ar a shlí ar scoil,
Duine beag dár míle saighdiúir,
Buachaill nár chuimhin linn a ainm
Trasna na mblianta,
Chéadbhlianach nár tháinig chun críche
É buailte ar lár
I lár an fhómhair –
Lá liath an fhómhair –

Tá a ainm greanta ar leach áit éigin
Nó i gcroíthe anaithide,
I bhfad bhfad i gcéin
San imigéin.


Meánscoil 3

Dob é an t-eolas an chumhacht
Agus an fhoghlaim an eochair,
An eochair dhraíochta don fháistin.
Thuigeamarna sin,
Sinne mic na ndaoine bochta
Gurbh é seo an deis
A chaithfimis a thapú
Dá dtiocfadh linn dul chun cinn
Sa saol mór milteach mealltach scanrúil.
Bhíomar cúthail agus trína chéile
Os comhair na ndaltaí
A raibh níos mó de rachmas an tsaoil acu,
Ach bhíomar ar chomhchéim leo
In obair na leabhar
Má bhí an mheabhair chuige ionainn.
Is chuige sin a tháinig siad –
Na mic fheirmeoirí ó iarthar tire –
Bunmhúinteoirí is meanmhúinteoirí,
Is ó dheas is aniar aduaidh fosta
Chun buachaillí bochta na cathrach
A chur ar bhóthar a leasa.
Chuireamar gach rud go glanmheabhar.
Ní raibh áit ar bith ann don leisceoir.
Caithfeadh a leithéid an scoil a fhágáil
Agus post íseal umhal a fháil.
Úsaideadh an leathar cumhachtach
Go ró-mhinic monuar
Fiú chun eolas a dhoirteadh
I gcloigne folmha –
Ach b’iad sin na seachtóidí liatha duairce.
Má dúnadh doirse an tsaoil inár n-aghaidh
Bhéadh eochair dhraíochta don fháistin
In ár gceachtanna leadránacha againn.

Bhímís de shíor ag tnúth lena n-oscailt.


Méanscoil 4

Ba bheag nár
Leim sé as a chraiceann,
An seanmhúinteoir ag barr an ranga,
Mile naoi gcéad seachtó ceathair
Is sinne suite suaimhneach
Smachtaithe inár mbínsí scoile,
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Bhí gach éinne neirbhíseach
Is na gardaí cúramach faoi pháirceáil
Is sinne scáfar roimh charranna pairceáilte
Anseo is ansiúd ar fud na cathrach
Ach níor lean an t-imeagla ró-fhada –
D’éiríomar cleachtaithe aige
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Is cuimhin liom seanbhráthair,
“Pa”an t-ainm a baisteadh air
ag caint faoi na buamaí a thit
Trom tragóideach ar an Trá Thuaidh
Le linn an Dara Cogadh Domhanda,
Blianta, blianta roimhe sin
Is an t-eagla agus an fhuil,
An rí-rá agus an ruaille-buaille
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.




Thuas ta pictiúr a ghlac me le déanai nuair a bhi mé ar thuras deireadh seachtaine i gContae an Chláir - Aillteacha an Mhóthair ar ndóigh atá leirithe ann!

Thursday, June 19, 2008

Sraith de Dhánta




Réamhrá

Is oth liom a rá nach raibh deis agam scríobh sna leathanaigh seo le déanaí. Orm féinig a bhí an locht leis an fhírinne a rá mar ní dhearna mé iarracht am a chur ar fáil chuige. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí sa saol againn – bímid sáite i rud amháin nó eile agus déanaimid faillí i gcúraimí áirithe. Gan dabht is cuid thábhachtach dem’ shaol í an Ghaeilge. Mar sin caithfidh mé blag a bheith agam chun mó ghrá don teanga ársa sin ár sinsir a léiriú nó a thaispeáint. Rud eile ar mhaith liom a admháil anseo nó go bhfuilim tuirseach traochta i ndiaidh bliain acadúil fhada a chur díom ag múineadh teanga nach bhfuil móran suime ag na leitheidí de leaids atá againne inti. I ndairíre píre nílim ag fáil aon locht orthusan nó fiú ormsa nó ar ar bhfoireann dhúthrachtach dhíograiseach atá ag treabhadh na mara rompu inár scoilín beag. Is ar an gcóras oideachais atá an locht. Ta líon na scolairí titithe inár scoil – níl ach tuairim ar dhá chéad dalta triochad sa scoil ina iomláine, agus is ó lár na cathrach don bhformhór acu. Nil móran suime acu sa léann – b’fhearr leotha príntíseacht de shaghas éigint a fháil seachas dul ar aghaidh agus freastal ar ollscoil. Leis an fhírinne a rá níl an curaclam atá curtha chun tosaigh againne in oiriúint do riachtanaisí na ndaltaí. Chomh maith leis sin tá dearcadh i gcoinne na Gaeilge acu chomh maith ón gcliabhán – “Dúirt mo dhaid nach raibh aon fhiúntas riamh sa Ghaeilge” agus ráitis eile cosúil leis sin ar a mbéal acu. Bíodh sin is uile is scata iontach iad ó thaobh iompair agus béasa dhe. I ndairíre píre tá sé deas go leor bheith leo agus a bheith á dteagasc ach tá an post dúshlánach agus tuirsiúil in a lán slite. Ar aon nós is faoin scoil nó faoin mbunscoil a chumas sraith de cheithre dhánta le deireannas – sé sin an bhunscoilíocht lem’ linnse. Ní gá ró-mhór a rá mar labhraíonn gach aon dán as a stuaim fhéinig. Seo dhíobh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu.



Bunscoil 1

Seanchlós stroighne,
Glaonna buachaillí
Is bualadh cloig
Is ord agus eagar
Na h-aoise imithe
Is an fhuacht gheimhriúil
Fiú sna seomraí.
An tsean-staighre iarainn
Mar uirlís ceoil
Faoi choischéimeanna
Scolairí na nglúnta caillte –
Daicheadaí, caogaidí,
Seascaidí ‘gus seachtóidí –
ní fios cá bhfuilid.
Amhail an tseaca
Tá na laethanta sin leáite,
Ach na cuimhní cinn
Fanfaidh siad fuar
Im’ chnámha.



Bunscoil 2

Seanbhráthair Críostaí
Ag barr ranga
Agus sinne buachaillí
Faoi dhraíocht aige,
Faoi chumhacht na scéalta
A dhoirt go fras
As a bhéal binn beacht,
Scéalta móráltachta
Don chuid is mó,
Ceachtanna ón gcaiticiosma,
Léirithe is mínithe
I scéalta beaga
A d’fhoghlaimigh sé
Thar na blianta dubha
Anseo is ansiúd
I seanscoil bhocht
Sula raibh aon ní ann
Seachas solas an dóchais
Go mbeadh cúrsaí
I bhfad bhfad níos fearr
San am a bhí le teacht.


Bunscoil 3

Fear beag galánta,
Feistithe i ndubh na mbráithre,
Gan ríb ghruaige in aimhréidh,
Fios a ghnó aige –
Dhéanfadh sé príomhoide maith –
Shílfeá.

Fear mór gramadaí
Le spéaclaí an intleachtaí
A scríobh go cruinn
Ar chlár ar thacas,
Sárghramadóir,
Sármhúinteoir –
Shílfeá.

Ní ligfeadh sé aon rud ó smacht,
Gach rud in ord,
Gach rud in eagar,
Gach rud ina áit chuí,
Gach dalta ina bhínse féin
Faoi scáth an bhráthar bhig.
Rang suaimhneach –
Shílfeá.

Fear mór na seanfhocal,
Fear mór an ghinidigh,
Ach ní mar a shíltear bítear –
Fear mór na rangabhálacha
Is an leabhair ghramadaí
Ach ní mar a shíltear bítear.

Fear beag searbh a bhí ann,
Searúsach fiú,
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.

Is cuimhin liom na deora,
Is cuimhin liom na lámha dearga,
Is cuimhin liom na daltaí malla,
Na daltaí fíorlaga
Nár thuill a fhíor-dhroch-íde
Is fuaim olc an leathair
Ag teacht ina dtreo.


Ba sinne na buachaillí
A raibh an t-ádh dearg leo
Ar theacht thar n-ais dúinn
An bhliain dar gcionn –
Bhí an ollphéist imithe,
Ardú céime faighte aige
Mar phríomhoide
I scoil níb’ fhearr.
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.
Ardfhear,
Sárghramadóir,
Sarmhúinteoir –
Shílfeá.



Bunscoil 4

Seanfhear anois
Ag teacht chun ceann scríbe,
Tuirseach is amhlaidh
Ach ba chuma dhúinne –
Daltaí ar dúil dóibh ord is eagar
Faoi chúram seanchaptaena
Nár lig aon rud ó smacht.
Is cuimhin liom a rialacha
Dearfa, dochta, daingne
A bhí chomh soiléir le grian
La breá samhraidh gan scamall.
Ansin na garanna beaga bídeacha
Ag gach éinne againn
A choimeád sinn socair –
Dalta á dhéanamh seo,
Dalta á dhéanamh siúd,
Duine ag glaoch “paidreacha”
Agus sinne ag éirí inár seasamh,
Seanchlár dubh na bhfocal marcálta,
Ceann eile dá chéimseatan chruinn
Ag bun an ranga
Is sinne ‘nár suí ar barr bhínse.
An seanrothar Raleigh
Ina sheasamh i leataobh
Ní rófhada ón tacas –
Dob’ é mo ghnósa
É a shiúil chun an dorais
Ag am lóin
Ionas go n-éalódh seanoide
Óna chúraimí ranga
Go lár na cathrach.

Ach b’fhathach cineálta é
In ainneoin an bhata fhíochmhair
Nar úsáideadh go ró-mhinic.
Is cuimhin liom é á bhualadh
I gcoinne bharr a bhínse
Chun meadarachtaí na ndánta
A chomhaireamh is a chúntas –
Is uaidhsean a d’fhoghlaimíos
Áilleacht is binneas na filíocht’.

Blianta ina dhiaidh sin
Is mé fásta im’ mhúinteoir féinig
Chonaiceas é ina ochtóidí
Seanfhear cromtha críonna
In ollmhargadh nua-aimseartha
Ag pacáil a mhálaí plaisteacha.
Ní raibh sé de mhisneach agam
Mé féin a chur in aithne
Mar b’fhearrde go mór
Go bhfanfadh sé fós
Ina fhathach
Im’ chuimhne.





Thuas d'uaslódalas pictiúr a ghlacas le déana de sheanscoil naisiúnta na mbuachailli i Ros Cré, Co. Thiobraid Árann, scoil ar ar fhreastal mo dhearthair mór Gearóid.

Friday, March 07, 2008

Caora Throm Uan i bhFad




Caora throm Uan i bhfad



Bhuel, a chairde uile, d’fhill mé ar Bh’l’áth Cliath oíche aréir. Bhíos ar thuras scoile ar feadh ceithre lá i nDelphi, ionad le haghaidh spóirt agus cluichí faoin aer. Bhíos fhéin agus comhmhúinteoir liom, Bairbre Ní Fhearghail, i bhfeighil scaifte buachaillí – cúig chloigeann fichead díobh – ó Scoil Iósaif, Fionnradharc anseo sa chathair. Tá an-tóir ar Ionad Delphi le haghaidh na spórt céanna – curachóireacht, tógáil rafta, dreapadóireacht de gach cineál, fánaíocht, siúlóid agus mar sin de. Gan dabht is ar lucht na ceathrú bliana – sé sin An tIdirbhliain – atá na cúrsaí seo dírithe mar bíonn curaclam níos leithne acusan agus níos mó am le spáráil acu.


Caithfead a admháil nach duine ró-aclaí nó ró-fhiteáilte mé fhéin agus níor ghlacas páirt in aon imeacht seachas an tsiúlóid agus an bhoghdóireacht a bhaineas an-taithneamh go deo as. Ina theannta sin caithfead a admháil go bhfuilim timpeall aon chloch go leith ró-throm a bhfuil sé ar intinn agam a chur díom go luath amach anseo tré dhul ar aistear bídh agus roinnt aclaíochta a dhéanamh – níos mó siúlóide atá ar intinn agam gan aon agó.


Bíodh sin is uile, tháinig an príomhoide Brian Ó Duibhir anoir maidin Dé Céadaoin chun cuairt a thabhairt orainn agus ghlac se féin páirt iontach ins na himeachtaí go léir. Chuaigh se suas ar na rópaí arda agus dhreap sé suas ar an bhfalla mór agus thuirling sé go deas den bhfalla céanna le chabhair na rópaí éagsúla. Níor bhain sé sin fiú tarraingt anála as. Maith thú, a Bhriain. Is duine maith aclaí fiteáilte thú.


Ar aon nós caithfead filleadh ar theideal an phíosa seo – sé sin, “Caora throm uan i bhfad.” Chuir Brian an seanfhocal sin i gcuimhne dom mar nuair a bhí seisean óg ba shin ceann des na seanfhocail a chuir se de ghlanmheabhair. Seanbhrathar Críostaí a mhúin dhó é, ceapaim. Is amhlaidh a bhí orainn dul ar thuras chun roinnt bídh agus sóláistí a cheannach do na daltaí – ní rabhadar san ar fail san Ionad - mar sheacláid, líomanáid, bríoscáin phrátaí 7rl. Bhí bosca mór le h-iompar again ar ais go dtí carr an phríomhoide agus séard a dúirt Brian ná: “Caora throm uan i bhfad,” seanfhocal a bhí iontach oiriúnach nó fóirsteanach don ocáid. Cé chomh éadrom is atá aon ualach ar bith is léir go mbraithimid níos troime é nuair a bhíonn aistear sách fada le dul again leis. Tá an fhírinne sa raiteas céanna gan aon agó.


Sin mar a bhíonn cúrsaí maidir le seanfhocail. D’eascair siad ó ghnímh phraicticíula mar sin – beart nó bosca nó ualach a iompar ó áit amháin go h-áit eile, nó ó bheith amuigh ag obair ar an bhfeirm, nó fiú ag fiach nó ag iascaireacht. Sin mar a d’fhás an béaloideas go ginearálta agus na seanfhocail go speisialta – ó bhéal go béal is ó ghlún go glún. Go raibh maith agat, a Bhriain, as an seanfhocal iontach sin a mheabhrú dhom! Go maire tú i bhfad, a bhuachaill.



Thuas, tá grianghraf de Bhrian Ó Duibhir á fheistiú féin chun dreapadóireacht in Ionad Deplphi Dé Céadaoin seo d'imigh tharainn, uaslódalta agam.

Tuesday, February 12, 2008

Filleann an Feall




Filleann an Feall ar an bhFeallaire

Is breá liom na laethanta seo mar táim saor o shrianta uileag na scoile. Tá idir mhúinteoirí agus mhicléinn go léir ar laethanta saoire – an tsaoire leaththéarma atá i gceist – anseo ó dheas i bPoblacht na hÉireann. Níl’s agam an bhfuilid saor ó thuaidh. Ar aon nós tá lá iontach grianmhar séimh cneasta againn anseo ó dheas. Cosúil leis na seanaistí a bhímis ag scríobh is sinn an óg ar an mbunscoil – níl scamall sa spéir agus tá na h-éiníní go léir ag canadh in ard a gcinn is a ngutha ar bharr na gcrann. Caithfeadsa dul amach agus siúlóid chuíosach fhada a dhéanamh maille le roinnt siopadóireachta. A bhuí leis na laethanta saoire céanna is féidir liom dul i muinín mo ríomhaire glúine níos minice ná mar is gnách liom. Sin an fáth atáim anois suite ag éisteacht le guth fíorbhinn domhain Leonard Cohen. Agus arís sin an fáth go bhfuil sé ar mo chumas bheith ag scríobh liom, chomh saor le h-einín ar mo bhlag Gaeilge, a ndéanaim faillí ann níós minicí ná a chéile toisc go mbím sáite i gcúrsaí eile - obair de ghnath - agus lem’ bhlag as Béarla. Bíodh sin mar atá, ar ais anois chuig an seanfhocal a bhreacas mar theideal ar an bpíosa scríbhinne seo.

Bhíodar agus táid ann a admhaíonn go bhfuil cothrom agus ceartas le fáil ar an saol seo. Sé sin, má dhéanann tú aon rud dona as an slí go dtarlóidh drochrudaí dhuit. Séard atá anseo, nó sa bhfealsúnacht bhaile seo acu, ná an seanchóras cúitimh nó éirice a fhaighimid i Sean Tiomna an Bhíobla. Dob é sin an chomhairle a bhí ar bhéal agus ar bheola solásaithe Iób – Bildad agus an bheirt eile nach féidir liom cuimhniú ar a n-ainmneacha anois – gurbh amhlaidh a rinne Iób peaca nó coir mhór ionas gur thuill sé an píonós agus an phian mhór a bhí sé ag fulaingt ag an am áirithe sin. Ach glaonn Iób amach le h-ionraiceas nach ndearna sé aon drochrud, go raibh sé neamhchiontach. Amhail Joseph K ins an úrscéal iontach úd le Franz Kafka, “An Triail”, níl sé ciontach. Faigheann sé é fhéinig ós comhair na cúirte gan a fhios sa tsioc aige cén choir a rinne sé.

Séard atá faoi chaibhidil agam ná mistéir nó rúndiamhair na fulaingte neamhchiontaí. Táim ag iarraidh an cheist mhór sin a chíoradh ar mo bhlagsa as Béarla. Ach anseo is leor a rá gurb é taithí ár bhformhór nach bhfilleann an feall ar an bhfeallaire.

Ach ar an taobh eile den scéal ceapaim go bhfuil blúire bheag den fhírinne ag gabháil leis an seanfhocal seo. Ó mo thaithí fhéinig ar an saol – tá suim iontach mhór sa Bhúdachas agus sa Mhachnamh agam - dearbhaím go bhfuil cothromas agus ceartas éigint ann ó thaobh na síceolaíochta ar a laghad de. Táim ag déanamh tagairte anseo do Karma. Is amhlaidh go mbraithim féin i bhfad níos fearr nuair a dhéanaim rudaí maithe agus go mbraithim go h-ainnis de ghnáth nuair a dhéanaim aon drochrud as an slí. Uaidh sin amach ceapaim go bhfásann braithstint nó mothú domhain ionat fhéin go bhfuil tú ar chosán áirithe beannaithe nó draíochta a thugann faoiseamh aigne iontach duit siúl cuíosach éadrom ar dhromchla an domhain, domhan draíochta naofa ár Máthar Gaya.

Slán tamall.


An grianghraf a d'uaslódalas thuas ná pictiúr a ghlacas de dhul faoi na gréine ag Caladh Bhinn Éadair cúpla blian ó shin!

Monday, February 11, 2008

Ritheann Fear Buile




Ritheann fear buile trí thuile go dána
Ach is minic a thug an tuile fear buile le fána



Caithfead admháil díreach ag tús na sleachta seo gur maith liom go mór an seanfhocal seo. Ar an gcéad dul síos tá sé scríofa i bhfoirm leathrainn agus is iontach go deo an ceol, an rithim is an rím atá ag gabhail leis. Go bunúsach is é an seanfhocal Béarla “Fools rush in where angels fear to tread” an seanfhocal is gaire dó im’ thuairimse.

Na laethanta seo is amhlaidh go bhfuil an iomad daoine ar an domhan seo a bhfuil an iomad feirge is an iomad buile orthu. Cén fáth, a fhiafraíonn tú, go bhfuilid amhlaidh? Bhuel, gan dabht ar bith mothaíonn a lán acu an “stoiteachas” mar a thug mórfhile Gaeilge an fhichiú h-aois Mairtín Ó Díreáin air, sé sin braithstint go bhfuil siad “bainte óna bhfréamhacha” nó go mothaíonn siad “ar sliobarna” ins an domhan nua-aoiseach seo. Braitheann a bhformhór coimhthíos (alienation) go domhain istigh ina saol féin. Tá na seanchinnteachtaí uile beagnach ar lár; tá na seanfhreagraí folamh, gan éifeacht ar bith iontu; tá luachanna agus gnásanna an tseantraidisiúin imithe gan thairbhe; an tseanEaglais lag gan spiorad is a spioradáltacht caite spíonta. Mar sin tá daoine caillte gan treo. Cé tá ann a thabharfaidh eolas an bhealaigh dóibh? Na meáin chumarsáide?

Bhíos ag breathnú ar chlár iontach faisnéise ar RTE 1 le deireanas – clár faisnéise ar shaol an phaiteolaithe fhóiréinsigh, Dr Máire Cassidy. Is í an paiteolaí Stáit í agus déanann sí ardjab ar fad, a bhuí leí agus a comhleacaithe sa phaiteolaíocht fhóiréinseach agus sa Gharda Síochána. Ar aon nós, ceann de na rudaí suntasacha suimiúla a dúirt sí ná go bhfuil neart feirge nó teannas ollmhór buile in úsáid ag na coirpigh a dhéannann na dúnmharaithe uafásacha a léimid go léir futhu sna nuachtáin laethiúla. In áit buile mharfaigh amháin nó in áit urchair mharfaigh amháin téann na dúnmharfóirí thar fóir ar fad – fiche, tríocha nó daichead buile nó urchar.

Oireann an seanfhocal nó an leathrann seo don saol mar atá sé in Éirinn sa lá atá inniu ann – go leor leor dúnmharaithe fealltacha; mórán foréigin ní amháin ar na sráideanna ach sna teaghlaigh féinig; a leithéid sin d’andúilíocht san ólachán agus sna drugaí, gan trácht ar an ráta ard de fhéinmharaithe ar fud na tire. Gan dabht ar domhan bíonn daoine faoi bhrú ollmhór agus faoi strus na laethanta seo – buile agus fearg agus fearg agus buile. Ritheann na daoine seo a bhfuil buile is fearg as an ngnáthach orthu, atá stoite agus frustráilte “trí thuile go dána.” Sé sin déanann siad rudaí – coireanna agus fiú ionsaithe foréigneacha is dúnmharaithe uafásacha - gan smaoineamh ar na h-iarmhairtí díobhálacha a leanann iad. De ghnáth sciobann an taoide na “fir dána” seo le fána, sé sin sciobann sí iad le h-aill.

Níl a fhios agam an bhfuil aon fhreagra suntasach ar bith ar an gceist seo nó aon fhuascailt ar an bhfadhb ollmhór seo. Pé freagra nó fuascailt atá air níl sé agam féinig. Ach dar leis an traidisiún go bhfuil ceartas agus cothromas ar an saol eile agus fiú uaireanta ar an saol seo. Dearbhaíonn seanfhocal eile seo leanas go “bhfileann an feall ar an bhfeallaire.” Ar shlí amháin tá fírinne ag baint leis an ráiteas seo ach ar dhóigh eile tá sé mícheart ar fad. Déarfaidh mé níos mó faoin seanfhocal deireanach seo sa chéad phost eile.


Slán tamall.


D'uaslódáil mé pictiúr a ghlacas de lucht cleachtaithe Falun Gong i lár na cathrach anseo i mBaile Átha tráth na Nollag 2006. Bhi siad ag agóid in aghaidh fhoréigin an Stáit i gcoinne chleachtóiri Falun Gong sa tSin.

Sunday, February 10, 2008

Is iomaí lá




Is iomaí lá i mbliain is fiche is níl aon la acu nach dtagann


Níl a fhios agam (nó gan dabht ag éinne) cár shleamhnaigh na blianta uainn. Seo anois mé agus mé im’ aonú bliain is caoga – shroich mé caoga bliain d’aois ar an gcúigiú lá d’Eanáir i mbliana. Ní bhraitear na blianta ag sleamhnú isteach. Is cuimhin liom ceist á cur agam ar m’athairse cén chaoi ar mhothaigh sé nuair a bhí sé cuíosach sean. Séard a thug sé mar fhreagra ná gur bhraith sé mar a bhraith sé nuair a bhí sé ina ghasúr agus seacht mbliana déag slánaithe aige. Má bhí an corp sean bhí an intinn an-óg ar fad. Sin mar ata cúrsaí agam féin chomh maith. Chuala mé comhleacaí liom fhéinig, Mánas Ó Luathairí ag ra an rud ceanannn céanna. Cé go raibh trí bliana triochad caite aige ag teagasc i Scoil Iósaif nár mhothaigh se na blianta céanna ag sleamhnú thart agus gur bhraith sé chomh h-óg is a bhraith sé ariamh roimhe.

Sin mar a bhíonn cúrsaí daonna againn – sleamhnaíonn na blianta isteach i ngan fhios dúinn. Nuiar a shroicheann tú an caogadú breithlá ceapaim ar shlí go bhfuil barr an chnoic bainte amach agat, agus b’fhéidir níos mó ná sin – gurb amhlaidh go bhfuil tú ar do bhealach síos an taobh eile. I ndairíre cuireann sé eagla orm nuair a smaoiním go bhfuil i bhfad níos mó ná leath mo bhlianta caite agam ar dhromchla an domhain mhistéirigh seo. Cá ndeachaigh na blianta in aon chor? Aontaím go h-uile is go h-iomlán lena leithéidí de shiceolaithe agus síciatraíthe mar Carl Gustave Jung go gcaitheann an duine an chéad leath dá shaol ar an aistear domhanda (an t-aistear ar an taobh amuigh) – ag tuilleamh airgid is ag tógadh clainne – agus an dara leath ar an aistear pearsanta (an t-aistear ar an taobh istigh), sé sin ag iarraidh a fháil amach cá bhfuil a thriall na laethanta seo, cé h-é fhéinig, cad tá bainte amach aige i ndáirire ar an saol seo, ar cheart dó rud éigint eile, rud a bhfuil níos mó céille ag baint leis, a dhéanamh amach anseo. Mar sin bíonn níos mó ceisteanna doimhne á gcur aige nó aici air nó uirthi fhéinig. An ndéanann an bheatha, nó an bheatha mar ar chaith me í, aon chiall ar bith? Ceisteanna agus níos mó ceisteanna gan aon agó.

Tugann a lán daoine aghaidh ar chreideamh pearsanta a bhaint amach de réir mar a mhothaíonn siad na blianta ag sleamhnú isteach. Faigheann cuid acu “freagraí” nó cabhair de shaghas eigint sna reiligiúin mhóra éagsúla mar an Chríostaíocht, an Búdachas, An Ioslam, nó an Iúdachas. Faigheann daoine eile freagraí sa bhfealsúnacht nó sa tsiceolaíocht nó áit eile. Is dóigh liom gur cuma sa tsioc cá bhfaightear na “freagraí” chomh fada is a fhaightear iad, agus nach bhfaightear iad in aon slí nó dóigh a dhéanann dochar dóibh fhéinig nó d’éinne eile nó don domhan féin ar a mairimid beo slán i gcónaí.

Is iomaí lá i mbliain is caoga is níl aon la acu nár tháinig. Slán tamall.



Pictiúr diom féin i seomra sui mo dhearthár Pádraig.

Saturday, February 09, 2008

An tSlat nuair a Chruann




An tSlat nuair a chruann le h-aois is deacair a shníomh ina Gad


Ciallaíonn slat bata caol. Is maith is cuimhin liom na seanlaethanta agus sinn sa bhunscoil anseo in Éirinn “slat” nó dhó fiú a bheith ag ár múinteoirí. Buíochas le Dia ní fhaca mé mórán damáiste nó mórán dochair á ndéanamh leis an slat chéanna. Ar aon nós bhaintí úsáid aisti anois agus arís inár rang-na nuair a dhéanadh pleidhce de dhalta aon rud mór as an slí agus seachas sin dhéantaí dearmad ar an mbata céanna. Nuair a úsáidí go neamhrialta mar sin í is ea ba mhó a bhí a cumhacht i ndáiríre píre. Ach admhaím anseo go rabhadar ann a ndeachaigh thar fóir leis an slat uafásach cheanann chéanna. Chloisinn mo dheartháir mór a rá go bhfaca sé múinteoirí ag dul thar fóir agus ag tabhairt bascadh uafásach do ghasúir bheaga. Bíodh sin mar atá nó mar a bhí agus a bhuí le Dia mór na cruinne tá na seanlaethanta sin imithe go brách.

Ar aon nós ar ais chuig an seanfhocal atá idir láimhe agam. Nuair a bhíonn an tslat óg go leor – slat shaile is mó a bhí i gceist ceapaim – bíonn sí bog go leor nó go deas so-lúbtha. Mar sin, de réir mar a théann an t-admad in aois is ea is mó a éiríonn sé i bhfad níos cruaidhe. Mar sin ní féidir leis an gceárdaí mórán a dhéanamh leis an adhmad mar tá sé gan feabhas ar bith. Ní fhéadtar ciseáin nó aon rud áisiúil mar fhearas ti a dhéanamh as. Ciallaíonn “gad” slat sailí nó rópa nó “noose” sa Bhéarla. Cloisim anois agus arís go n-úsáidtear an seanfhocal seo sa chaoi is go n-úsáidtear an seanfhocal Béarla: “you cannot teach an old dog new tricks.” Ach ceapaim féin go bhfeileann an senfhocal Béarla “Strike when the iron is hot,” níos fearr mar aistriúchán ar an seanfhocal iontach seo. Sé sin nuair a dhéantar rudaí go tráthúil agus san am inár cheart dúinn iad a dhéanamh is sea is fearr agus is éifeachtaí iad.

Tá seanfhocal eile ann atá gaolmhar leis an seanfhocal seo, viz., “Ná fág go dtí amarach an rud gur féidir leat a dhéanamh anois.”




Thuas d'uaslódáil mé pictiúr a thógas de chúpla seanchraobh titithe de sheanchrann marbh!

Friday, February 08, 2008

Dá mbéadh soineann go Samhain bhéadh breall ar dhuine éigin




Dá mbéadh soineann go Samhain bhéadh breall ar dhuine éigin


Is deacair gan aon agó gach éinne a shásamh . Thuig duine amháin ar a laghad de na chéad uachtaráin ar na Stáit Aontaithe é seo. Táim ag tagairt d’Uachtarán le linn an Chogaidh chathardha – Abe Lincoln a dúirt: “Is féidir linn cuid de na daoine a shásamh an t-am go léir; na daoine go léir a shásamh cuid den am ach ní féidir linn na daoine go léir a shásamh an t-am ar fad.” Gan dabht ar domhan bhí agus tá an ceart ag an bhfear feasach seo.

Bhí tuiscint thar an gnáthach ag an bhfear ceanann céanna seo, léargas domhain aige ar an duine daonna agus mórchlú agus mórcháil air mar chosantóir iontach cearta na nGormach sna Stáit Aontaithe. Eisean ab ea an ceannródaí mór ar an bhfeachtas um dhíothú na sclábhaíochta.

Anois ar ais chuig an seanfhocal féin thuas. Ciallaíonn soineann aimsir bhreá agus breall an stuaic a chuireann duine air nó uirthi féin nuair nach bhfuil sé/sí sásta le cúrsaí mar atá.
Uair amháin agus me ag éisteacht leis an raidio – RTE 1 – chuala mé agallamh le turasóir in Éirinn le linn samhraidh éigin. Mar ba ghnáthach na laethanta seo ní raibh an aimsir ró-dheas. Bhí an t-agallóir nó an tuairisceoir ana-leithscéalach faoi seo, amhail is go raibh sé féin nó fiú na hÉireannaigh féin ciontach as an doineann míthráthúil. Ach bhí freagra iontach ag an turasóir – Gearmánach a bhí ann – a chuaigh mar seo: “Níl aon rud mar aimsir dhona ar dhromchla an domhain – ‘Sí an fhadhb nó nach bhfuil an turasóir (nó aon duine áta i gceist) feistithe i gceart don aimsir!” Freagra iontach críonna atá anseo dar liom, agus fealsúnach freisin. Freagra iontach praicticiúil leis gan dabht!

Sula gcuirfidh me clabhsúr leis an bpost seo ba mhaith liom a mheabhrú do mo léitheoirí amuigh ansin ar an mblagchruinne gurb iontach suimiúl na contrárthachtaí S-D sa Ghaeilge. Seo samplaí:


(i) Soineann = aimsir mhaith agus Doineann = Drochaimsir
(ii) Suáilce = dea-thréith, bua (na suáilcí diaga); feabhas agus Duáilce = drochbhéas; locht; duairceas, gruaim.
(iii) Saibhreas = a lán airgid nó maoine agus Daibhreas = bochtannas, easpa airgid
(iv) Sonas = áthas, sástacht; ádh, séan, rath agus Donas = mí-ádh, mífhortún; tubaiste.


Nach bhfuil na contrárthachtaí seo suimiúil. Caithfidh me níos nó a chuardach má fhaighim an t-am chuige. Ma tá cinn sa bhreis ag éinne eile dhíobh cuirigí chugam iad. Slán tamall.

Thuas tá pictiúr a ghlacas de ghloine folamh i ndiaidh dom pionta Guiness a shlogadh siar le déanai. Cuireann an tsiúlóid tart orm!