Ní ait an rud é i ndáiríre píre go nascaimid aon ní is dual agus is dúchasach dúinn leis na daoine a chuaigh i bhfeidhm orainn go mór le linn ár saoil. Luaigh mé an sármhúinteoir bunscoile a bhí agam, an tUasal Ó Muirí go minic sna leathanaigh seo, fear a chuaigh go mór i gcionn orm mar dhuine agus mar mhúinteoir nuair nach raibh mé ach dhá bhliain déag d'aois. Is maith is cuimhin liom dul abhaile agus a rá le mo mháthair go raibh dúil mhór agam sa mhúinteoireacht mar ghairm bheatha. Bhuel, d'éist mo mháthair liom gan aon agó agus thosaigh sí ag ceannach a lán leabhair dom mar bhí suim nach beag agam riamh sa léitheoireacht. Is maith is cuimhin liom go raibh leabharlann de chúpla céad leabhar agam agus mé sa mheánscoil agus ba rud neamhghnách é sin ag an am do bhuachaill a raibh cónaí air i measc an lucht oibre agus gurbh fhear an phoist é a athair.
Rud a ritheann liom anois ná gur shúigh mé isteach an chríonnacht, an ghaois nó an eagna a bhí ag na seanmhúinteoirí sin - agus ag m'athairse agus mo mháthairse gan dabht ar bith - ciall na gcianta i ndáiríre a thug na daoine seo leo ón tuath mar thánadar go léir nach mór ó cheantair éagsúla lasmuigh des na bailte móra. Séard atá a rá agam ná gur thuathánaigh ab ea a bhformhór agus gan dabht ar domhan táim ag tagairt do thuathánaigh sa chás seo sa bhrí is fearr agus is dearfaí den fhocal céanna. Rud b'fhéidir nach eol do chách, sé sin go dtagann na focal "peasant" nó "tuathánach" ó na focail "pays" agus "tuath" faoi seach. Fiú sa lá atá inniu ann buailim le daoine a cheapann gur focal maslach é an focal céanna. Bhuel, mar a dúirt an fealsamh spioradálta Gaelach úd an Dr John Ó Donohue, go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis, go bhfuil nasc nó ceangal nach beag idir an tírdhreach nó an talamh dúchasach agus an spriodáltacht nó an fhealsúnacht mhaireachtála a bhíonn ag aon treibh ar bith ar domhan.
Ó scríobh mé an post deireanach sa bhlag seo tá dearbhaithe ag an mórthráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil sé ag éirí as a phost inniu díreach tar eis tráchtaireacht a dhéanamh ar an gcluiche ceannais sa Pheil Ghaelach idir Corcaigh agus an Dún. Is deireadh ré é seo i ndáiríre. Agus ar maidin bhíos ag éisteacht leis an bhfear céanna in agallamh le Miriam O Callaghan ar a clár iontach suimiúl sin Miriam Meets atá le fáil ag an nasc seo leanas: Miriam. Bhí beirt dá ochtar páiste á gcur faoi agallamh leis an athair, sé sin, a mhac Cormac agus a iníon Doireann. Bhuel, fuaireamar uile mar éisteoirí léargas iontach ar fhealsúnacht agus ar spriodáltacht an Mhuircheartaigh ar an gclár seo - an eagna, an ghaois nó ciall na gcianta mar a bhaist mé ar an bhfealsúnacht chéanna thuas. Mar a dúirt mé tá baint nach beag aige sin leis an tírdhreach agus leis an talamh dúchasach. Deir Ó Muircheartaigh nach raibh sé riamh buartha ina shaol, go gcaithfimid sult agus súp a bhaint as an saol - sé sin, "carpe diem," mar is achar beag i ndáiríre é an saol céanna.
Deireann Doireann go dtosnaíonn lá an chluiche cheannais ar a leath i ndiaidh a sé ar maidin agus ó thús go nglaodh Mícheál ar a gclann iníonacha agus ar a gclann mhac leis na focail: "Éirigí suas. Is cleachtadh báis é an codladh!" Nathanna eile a léiríonn an fhealsúnacht agus an spioradáltacht atá ag an Muircheartach ná seanfhocail mar: "Bíonn Dia ar an mbóthar" nó "Is gaire cabhair De ná an doras." Sé sin níl aon éifeacht ar bith ag baint le bheith buartha faoi chúrsaí an tsaoil - caithfear éirí suas, aghaidh a thabhairt ar an saol agus beidh na freagraí ar fáil leis an gcur i ngleic sin, leis an gcur chuige, fiú sa streacailt agus sa choimhlint.
Seanfhocal eile is cuimhin liom go minic i mbéal an Mhuircheartaigh nuair a bhí mé ar scoil agus fiú ag obair leis ar an bhfoireann múinte céanna ná, "Beatha duine a thoil." Sé sin go mba cheart agus chóir d'aon duine ar bith a mhianta, a shoilse, a chroí agus a aislingí féin maidir leis an ghairm bheatha is dual dó nó di a leanúint. Sa tslí sin beidh an duine sona sásta nó gar dó ar a laghad ina shaol.
Seo ar bharr na rudaí a chorraíonn agus a bhogann mé maidir le mo ghrá mór don Ghaeilge. Tá a h-eagna féin nó a fealsúnacht féin ag baint le h-aon teanga ar bith ar domhan, agus leis an nGaeilge féin gan dabht. Cloisim agus aithním mó ghrá do mo theanga dúchais agus do m'oidhreacht agus do mo dhúchas mar Ghael agus mar dhuine daonna ar chaint nádúrtha diesbhéalach binnbhriathrach an Mhuircheartaigh.
Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Sunday, September 19, 2010
Sunday, September 12, 2010
Grá don Ghaeilge 6
Leis an fhírinne a rá ceanglaím an grá atá agam don Ghaeilge le mo shaol mar scoláire agus mar mheánmhúinteoir. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh sármhúinteoirí Gaeilge agam ar scoil agus go h-áirithe sa bhunscoil. Is cuimhin liom Mícheál Ó Muircheartaigh mar mhúinteoir sa mheánscoil le mo linnse mar dhalta agus ansin mar chomhmhúinteoir ar an bhfoireann teagaisc, gidh is gur éirigh se as an gceird bliain i ndiaidh dom tosnú ar an ngairm bheatha iontach tábhachtach sin mé fhéin. Bhíodh sé riamh de nós ag na múinteoirí Gaeilge labhairt le chéile sa teanga san i gcónaí, agus mar a dúirt mé d'fhoghlaim mé a lán uathu thar na blianta.
Mar a dúirt mé, táim díreach tar éis dírbheathaisnéis Uí Mhuircheartaigh a léamh agus cé nach bhfuil an leabhar céanna scríofa as Gaeilge is féidir rithimí na Gaeilge a fháil i gcónaí ar Bhéarla an údair. Anseo is ansiúd fiú faightear an feiniméan Éireannach iontach sin -an Hiberno English - i mbéal an údair. Is fíor a rá, a chairde, go bhfuil an feiniméan sin ag fáil bháis le teacht chun cinn an idirghréasáin. Mar shampla faightear an Hiberno-English san abairt seo leanas: "... and we gave most of the day in the church singing Latin hymns to the Blessed Virgin." Níl an tuiscint is atá i gceist ag an Muircheartach anseo maidir leis an mbriathar "give" ag gabháil leis an mbriathar sin sa Bhéarla. An Ghaeilge atá ar an abairt seo gan aon agó ná "!... agus thugamair an chuid is mó den lá sa tséipéal ag canadh 7rl." Ciallaíonn "thugamair" an rud ceanann céanna is a chiallaíonn "chaitheamair", sé sin, gan aon agó "and we spent..." sa Bhéarla. Níl an chiall sin ag gabháil leis an mbriathar "give" sa Bhéarla, ach gan dabht tá an chiall sin ag baint le "give" sa Hiberno-English. Mar a dúirt mé is féidir rithimí na Gaeilge a chloisint ar Bhéarla an Mhuircheartaigh i gcónaí.
Gan dabht ar domhan tá dlúthcheangal idir an dírbheathaisnéis nua-aimseartha seo leis na dírbheathaisnéisí iontacha fíorthábhachta a thagann ón gcuid sin sin den tír, dírbheathaisnéisí Mhuiris Uí Shúilleabhain, Thomáis Ui Chriomhthain agus Peig Sayers i mblianta luatha an chéid seo caite agus fiú le dírbheathaisnéis Mhaidhc Dainín Uí Shé, ceann a foilsíodh níos déanaí ar fad. Luann an Muircheartach go gcaitheadh sé agus a chlann dheartháireacha a lán dá gcuid ama ag cuardach na farraige i gcomhair raice ó longa a scriosadh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Faightear an rud ceanann céanna sna leabhair a luaigh mé thuas, sé sin cuardach raice. Chomh maith leis sin luann an Muircheartach na dírbheathaineisí cáiliúla seo ina leabhar fhéinig. Admhaíonn sé go raibh grá mór ag a dheartháir Pádraig, RIP (iar-Phríomhfheidhmeannach Bhórd Soláthair an Leictreachais) ar na dírbheathaisnéisí clúiteacha cáiliúla sin a d'eascair as ithir Chiarraí agus as ithir an seanoileáin sin d'arbh ainm An Blascaod Mór.
Maille leis sin, luaitear a lán rudaí agus imeachtaí eile i leabhar an Mhuircheartaigh is a luaitear ins na dírbheathaisnéisí clasaiceacha eile, sé sin fiach coiníní agus iascaireacht bhradán. Chomh maith leis sin, ní raibh aon aibhléis nó leictreachas ar fáil ag daoine sa chuid sin den tír nó fiú in a lán áiteacha sa tír ag an am sin roimh scéim leictriú na tuaithe. Tugann an t-údar cur síos iontach ar an gcaoi a dhéanaidis a gcoinnlí féin ag an am, coinnlí féin-déanta nó féinseirbhíse ar a thugtaí padóga nó "padógs" - coinnle féinseirbhíse déanta as ceirteacha clúdaithe le saill ainmhíoch. Chomh maith leis sin tugann an Muircheartach cúntas maith dúinn ar bhairille céire a fuaireadar mar raic ón bhfarraige agus ar an slí a ndearnadar coinnlí as agus gur mhair na coinnlí céanna tráth an Chogaidh Dhomhanda go léir.
Ar lean

Tuesday, September 07, 2010
Grá don Ghaeilge 5
Sa phost deireanach agam sa bhlag seo bhí mé ag tagairt don chraoltóir agus don tráchtaire iontach san Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí ina mhúinteoir sa scoil ar ar fhreastailíos sna seachtóidí mar dhéagóir, sé sin Scoil Uí Chonaill anseo i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sé mar mhúinteoir agam ach chaitheas bliain amháin ag múineadh ar an bhfoireann chéanna le Mícheál agus caithfidh mé a admháil gur fear fíórdheas cairdiúil é agus gur Gaeilgeoir fíorbhlasta deisbhéalach binnbhriathrach é ar deas bheith ag comhrá leis.
Mar a dúirt mé sa phost deiridh chomh maith táim díreach tar éis a chéad dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park a léamh agus is fíorshuimiúil an léamh é domsa mar bhí aithne agam ar an bhfear céanna agus chomh maith leis sin luann sé daoine óna shaol múinteoireacha a bhfuil ar aithne agam.
Rud suimiúil amháin eile a bhfuil spéis agam féin ann ná na Coláistí Ullmhúcháin - coláistí ullmhúcháin speisialta lánGhaeilge a cuireadh ar bun in áiteacha éagsúla ar fud na tíre i mblianta luatha an Stáit s'againne chun ábhar múinteoirí idir bhuachaillí agus chailíní a ullmhú do na Coláistí Oiliúna. Gheobhaidh tú léirmheas críochnúil ar leabhar taighde a scríobhadh faoi na coláistí féin A Gaelic Experiment : The Preparatory System 1926 – 1961 and Coláiste Moibhí le Valerie Jones ag an nasc seo leanas Léirmheas Feasta. Deireadh na seanmhúinteoirí Gaeilge liom thar na blianta - agus is amhlaidh go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa tuairim chéanna - gur thug an t-oideachas a bhí ar fáil sna coláistí céanna lámh chúnta nach beag do chur chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Oiliúna agus uaidh sin amach go dtí na scoileanna naisiúnta i mblianta luatha an Stáit bhig seo. Deirtear nach bhfuil béim ró-mhór ar an nGaeilge sna coláistí seo sa lá atá inniu ann. Ach is tuairim mhaol í seo nach bhfuil mé ró-chinnte faoi in aon chor - mar níl aon fhianaise bheacht agamsa - agus tá a fhios agam, leis, go bhfuil na léachtóirí is na cúntóirí éagsúla Gaeilge sna colaistí éagsúla ag saothrú go díograiseach dúthrachtach i ngort na teangan céanna i gcónaí.
An coláiste ar fhreastail an Muircheartach air ná Coláiste Íosagáin i gContae Chorcaigh a bhí suite sa Ghaeltacht díreach idir Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha. Bhí an colaiste céanna faoi chúram na mBráithre ón Ord De La Salle. Dob é an Bráthair Peadar, uachtarán agus príomhoide an choláiste, croí agus anam na scoile, a raibh suim nach beag aige sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Tugadh cuireadh d' aoínna speisialta chun labhairt leis na micléinn - scríbhneoirí, filí, amhránaithe agus cumadóirí éagsúla Gaeilge. Ní nach ionadh go raibh an Muircheartach sáite sa chultúr Gaelach ón tús gan trácht ar an bPeil Gaelach ina raibh sé páirteach mar imreoir díograiseach ó thús ar scoil agus sa choláiste. Chaith sé seal chomh maith mar thraenálaí d'imreoirí fhoireann Chiarraí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Nuair a bhí mé sa séú bliain sa mheánscoil chuir mé iarratais isteach ar na coláistí éagsúla chun bheith i mo mhúinteoir agus is cuimhin liom freastal ar chaint bheag a thug Mícheál ar ghairm an oide. Séard a dúirt sé go bunúsach ná nár cheart ná cóir d'éinne dul le bunmhúinteoireacht gan suim a bheith aige i agus cion a bheith aige ar scoláirí óga ó cheithre bliana go dhá bhliain déag d'aois agus nár cheart d'éinne dul le meánmhúinteoireacht gan suim agus cion dá shamhail a bheith aige nó aici do dhéagóirí mar bíonn ar an múinteoir an chuid is mó den lá a chaitheamh leo. Comhairle mhaith uaidh an méid sin is dóigh liom.

Sunday, September 05, 2010
Grá don Ghaeilge 4
Ar na múinteoirí ar an bhfoireann i Scoil Uí Chonaill sna seascaidí agus sna seachtóidí den aois seo caite bhí Mícheál Ó Muircheartaigh an sárthráchtaire sin atá fós ag obair leis ar an raidio, gidh is go bhfuil sé tar éis ceithre scór bliain a shlánú ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo. Go deimhin rinne sé an tráchtaireacht raidio ar an gcluiche sinsearach san iomáint inniu idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus aréir bhí sé mar aí speisialta ar an gclár teilifíse Up for the Match nuair a d'iompair sé Corn Liam Mhic Chárthaigh isteach sa stiúidio teilifíse. Ta Mícheál fós lán de chroí is d'aigne agus de dhíograis is de dhúthracht. Ní chreidfeá go raibh ochtó bliain slánaithe aige - cheapfá nach raibh sé ach timpeall trí scór bliain d'aois. Go maire tú an céad, a Mhíchíl!
Cén fath go bhfuil Mícheál Uasal Ó Muircheartaigh faoi chaibidil agam anseo? Bhuel bhí sé ina mhúinteoir bunscoile is meánscoile i Scoil Uí Chonaill i Sráid Risteamain Thuaidh, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath , 1, scoil iontach stairiúil ar leag an Fuascailteoir Dómhnall Ó Conaill an bhunchloch sa bhliain chiniúnach sin 1828. D'fhreastailíos féin ar an meánscoil sin sna seachtóidí. Ach mo léan ní raibh Mícheál agam mar mhúinteoir ach mhúin sé mo dheartháir óg Pádraigh. Bhí Gaeilge bhreá bhinn riamh ag Mícheál. D'eírigh sé as an mhúinteoireacht sa bhliain 1981 nuair a bhí sé bliain is caoga d'aois agus chuaigh sé go lánaimseartha isteach mar chraoltóir in RTE agus Raidio na Gaeltachta.
Nuair a chláraigh mé mar mhéanmhúinteoir sa bhliain 1980 agus nuair a thosaíos ag múineadh sa mhéanscoil chéanna bhí Micheál ar an bhfoireann liom ar feadh bliana. Fear deas séimh cairdiúil ab ea an fear céanna agus sin mar a chuireann sé é féin i láthair fós ar na meáin chraolacháin fiú sa lá atá inniu ann. Fear mór Gaeilge is ea é gan aon agó a rinne agus a dhéanann a lán ar son chúis na teangan. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge uair amháin - eagraíocht ab ea í sin a aistríodh go Foras na Gaeilge - an comhlacht nua a bunaíodh ag deireadh na bliana 1999 i ndiaidh Chonradh Aoine an Chéasta ó thuaidh.
Léigh me chéad dhírbheathaisneis Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, From Dún Síon to Croke Park (Penguin Ireland, 2004) le déanaí . Léamh iontach deas comhráiteach atá sa leabhar seo - cheapfá go raibh Micheál ina shuí in aice leat ag insinst an scéil duit. I ndáiríre píre is scéalaí iontach é an Mícheál céanna. Sciobtar isteach sa scéal thú agus ní bhraitheann tú an t-am ag sleamhnú isteach is tú ag léamh na dírbheathaisnéise seo. Rugadh é i nDún Síon, sráidbhaile beag cúpla míle soir an bóthar ón Daingean, Contae Chiarraí. Breac-Ghaeltacht a bhí i nDún Síon agus bhí idir Ghaeilge is Bhéarla ag a chlann. Mar sin bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Caithfidh mé a rá go labhraíonn an Muircheartach binnbhriathrach deisbhéalach an Ghaeilge agus an Béarla leis na rithimeacha céanna. Uaireanta ní bheadh fhios agat cé acu an Béarla nó an Ghaeilge a bhíonn á labhairt aige, tá na rithimeacha chomh cosúil le chéile.
Anseo is ansiúd sa leabhar faightear nathanna traidisiúnta a d'úsáidí sa Ghaeltacht nuair a bhí an t-údar ag fás aníos, mar shampla an bheannacht seo leanas a thug comharsa d'Aintín May nuuair a d'fhill sí ar an mbaile tar éis beagnach caoga bliain a chaitheamh sna Stái;t Aontaithe: "Dé do bheatha-sa abhaile." Slí eile é sin chun "fáilte romhat abhaile a rá." Abairt iomlán eile as Gaeilge sa leabhar atá scríofa as Béarla gan aon agó ná "Is cinnte go bhfuil solas na bhFlaitheas ar Chonn scéalach anois." Ag tagairt do thaistealaí bóthair - nár thincéir é - d'arbh ainm Conn Riordan - fear fíor dheisbhéalach a raibh guth galánta Etonian aige.
Rud amháin eile a d'fhoghlaimíos ón leabhar ná gur smaoinigh an Muircheartach dul le múinteoireacht don chéad uair nuair a d'fhoghlaim sé go raibh scrúdú ann a thuill deontas nó scoláireacht i gcomhair an Choláiste Ullmhúcháin chlúitigh sin Coláiste Íosagáin a bhí suite cóngarach do Bhaile Mhic Íre. Sé an fáth gur tugadh coláiste ullmhúcháin ar an sórt sin scoile ná gurbh ullmhúchán do na Colaistí Ollúna na coláistí sin. Thagadh na scoláirí ó gach cearn den tír agus bhí gach canúint le cloisint ann - ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí, ó gach contae sa Mhumhain, Ó Chonamara, Ó Thír Chonaill, Ó Phort Láirge agus ó Bhaile Átha Cliath. Mar sin bhí cleachtadh ag gach ábhar múinteora ar gach canúint faoi leith - bhí sé nádurtha go leor nathanna mar "Conas ata tú?" "Conas taoi?" "Conas atánn tú?" "Cad é mar ata tú?" "Cén chaoi bhfuil tú?" a úsaid nuair a bhuailfeadh tú le duine ó na Gaeltachtaí éagsúla.

Saturday, August 28, 2010
Grá don Ghaeilge 3
![]() |
| Teach an tSolais, Árainn Mhór |
An fáth go luaim na sraitheanna seo ná gurbh amhlaidh gur fhéach gach uile chlann a bhí ar aithne agam ar na cláracha sin. Fáth eile a luaim na cláracha seo ná go ndeachaigh leabhar a scríobh Muiris Ó Súilleabháin (1904-1950) go mór i gcionn orm sé sin Twenty Years a-Growing (1933) a léigh mé nuair nach raibh mé ach deich mbliana d'aois. Caithfidh mé a rá gur léigh mé an leagan Béarla den leabhar ar dtús mar ní raibh mo chuid Ghaeilge chomh snasta líofa sin chun Gaeilge shaibhir órga Uí Shúilleabhain a láimhseáil, ach is cuimhin liom gur léas an leagan Gaeilge dhe nuair a bhí mé sé bhliana déag d'aois. Bhí múinteoir iontach agam don Ghaeilge ar scoil ag an uair sin, an tUasal Pádraig Ó Súilleabháin a raibh Gaeilge nádúrtha ó dhúchas aige - Ciarraíoch ab ea é ó bhaile beag éigint i gCorca Dhuibhne. Bhí a fhios agam ansin go raibh neart Gaeilge ar mo thoil agam chun dul i ngleic leis an mbunthéacs Gaeilge Fiche Bliain ag Fás don dara h-uair. Blianta ina dhiaidh sin d'athléas an leabhar arís nuair a bhí an Ghaeilge á déanamh agam mar ábhar sa chéim B.A. i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.
Tuesday, August 17, 2010
Grá don Ghaeilge 2
![]() |
| An Loch Thoir, Árainn Mhór, Iúl 2010 |
Sa mheánscoil rinneamar na h-ábhair go leir as Gaeilge don Mheán Teist. Bhí se sin cosúil le tumadh isteach i gceann domhain linn snámha gan cumas snámha ionat. Ach ba ghearr gur fhoghlaimíomar na téarmaí éagsúla a bhí bainteach le Mata, le Laidin, le Fraincís, le h-Eolaíocht agus le Tráchtáil i dteanga ár sinsear. Sar i bhfad bhíomar go léir ag labhairt Ghaeilge go nádúrtha. Go dtí an lá inniu fanann téarmaí mar thacair uilechumachtacha, fo-thacair, triantáin chomhshleasacha, ús, brabús, crios measartha, iompó Cancer, iompó Capricorn, an Mol Thuaidh is an Mol Theas agus a lán eile nach iad ar bharr mo theangan agam.
Bhí a lán múinteoirí iontacha againn dona h-ábhair go léir nach mór. Ba neamhghách ag an am drochmhúinteoir a bheith agat i Scoil Uí Chonaill a bhí mar long na brataí i measc scoileanna na mBráithre i mBaile Átha Cliath. Na múinteoirí Gaeilge a bhí ann lem' linnse ná Mícheál Ó Muircheartaigh - an mórthráchtaire ar chluichí de chuid an Chumann Lúthchleas Gael - Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh, agus Pádraig Uas. Ó Súilleabháin ó Chontae Chiarraí. Ba ó na sármhúinteoirí críochnúla seo a d'fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge go léir is fíor a rá.
![]() |
| Seanbhád Iascaigh, Árainn Mhór, Iúl 2010 |
Labels:
Cuimhní cinn,
Cultúr,
Gaeilge,
Múinteoirí,
Paisean
Saturday, August 07, 2010
Grá don Ghaeilge 1
![]() |
| Teach an tSolais, Arainn Mhór, Iúl, 2010 |
An bhliain chinniúnach míle naoi gcéad agus a seasca ceathair a bhí ann - deirim "cinniúnach" mar bíonn gach bliain cinniúnach, nach mbíonn? Ar aon nós is cuimhin liom mo chéad lá ar scoil leis na mná rialta - ba cheart agus ba chóir dom bheith ag dul isteach sa chéad rang ag an am mar bhí mé in aois dó. Chuir seanchailleadh de bhean rialta scrúdú léitheoireachta orm sa Bhéarla agus d'éirigh go geal liom leis sin. Ansin chuir sí téacsleabhar Gaeilge ós mo chomhair amach agus d'iarr orm léamh. Ambaist, ní raibh mé ábalta fiú is focal amháin a aithint agus d'fhanas im' thost neirbhíseach. "Amadán," ar sise liom, bhain sí craith mhór asam agus is féidir liom fós fiú a mhéaracha tanaí géara a bhraitstint im' lámha. "Caithfidh tú dara rang na naionán a dhéanamh arís, níl léamh agat!" Agus sin mar a thit se amach go ndeara mé dara rang na naionán faoi dhó - an chéad uair i Ros Cré agus an dara h-uair i mBaile Átha Cliath." Ag an uair sin ghlac na tuismitheoirí le moltaí na múinteoirí agus níor cheistigh siad aon rud. Ar aon nós níor chuir an eachtra seo isteach nó amach ar mo thuistí féin. Is cuimhin liom gur gháir m'athairse, agus dúirt go ndéanfadh an bhliain sa bhreis ar scoil maitheas mór dom. Mar a thit cúrsaí amach bhí an ceart ag mo dhaid.
Nuair a chuaigh mé ar an mbunscoil bhí mé bliain amháin ní ba shine ná na buachaillí eile ach bhí mé i bhfad ní b'aibí agus bhain mé sult agus taithneamh as bheith ag déanamh m'obair scoile is bhaile i ndiaidh blianta ag gabháil do cúrsaí na naíonán. Chuir na h-ábhair go léir iontas an domhain orm agus bhain mé taitneamh nach beag as iad a fhoghlaim. Bhí mé i mo scoláire maith mar bhí mé ábalta gach rud nach mór a thuiscint. Dúirt an chéad mhúinteoir a bhí agam, fear óg le folt maith mór gruaige rua air, nach cuimhin liom a ainm anois, go raibh bua na dteangacha agam, agus go raibh mé go maith ag an nGaeilge.
Ach an múinteoir ab fhearr a bhí agam riamh ná seanfhear d'arbh ainm an tUasal Ó Muirí, fear a bhí chomh maol le h-ubh. Sár-mhúinteoir a bhí ann agus d'fhoghlain mé mórán i ngach ábhar go h-éasca uaidh, agus duine mór ceoil ab ea é agus chuireamar a lán amhrán, idir Bhéarla agus Ghaeilge go glanmheabhar ina rang. Bhí O Muirí againn do rang a trí agus rang a ceathair agus b'uaidh a smaoinigh mé ar bheith i mo mhúinteoir don chéad uair i ndáiríre i mo shaol. Le linn an dá bhliain sin thagadh Bráthair Críostaí d'arbh ainm Ó Cathasaigh isteach chun faobhar agus snas a chuir ar ár gcuid Ghaeilge. Fear mór gramadaí ab ea é agus b'uaidh-sean a d'fhoghlaimigh mé na briathra go léir - gach aimsir, gach módh agus fiú An Módh Foshuiteach. Ag an uair sin bhí béim an-mhór ar an ngramadach. Bhí an t-ádh liom mar bhí an ceart ag an múinteoir rua go raibh bua na dteangacha agam. Is cuimhin liom go bhfaigheadh cuid des na daltaí laga nó iadsan nár fhoghlaimigh a chuid cheachtanna buille den leathar, gléas uafásach smachtaithe a bhí ag na múinteoirí ag an am sin.
![]() |
| Uair nó dhó roimh dhul faoi na gréine: Árainn Mhór |
Bhí clár dubh speisialta eile aige don ailgéabar agus don uimhiríocht. Ansin bhí clár beag tanaí ar leith aige d'fhoclóir na Gaeilge. Chuireadh sé nathanna úsáideacha a bhí orainn a chur go glanmheabhar ar an gclár dubh speisialta sin. Thugadh se "focla mairceálta" ar na nathanna cainte úsaideacha sin. Mar a dúirt mé fear searbh ab ea é a dúradh go raibh crosta cantalach agus baisteadh an t-ainm "An Tarbh" air ó na seanlaethanta. Bhí bata mór adhmaid aige ach ní chuimhin liom gur bhain se úsáid mhór as an mbata céanna ach dhá uair ar a mhéid nuair a thuill buachaillí dána an píonós sin. Mar sin is féidir liom a rá go raibh glam Uí Shé i bhfad ní ba mheasa ná a ghreim. Táimse fein ana-shásta go raibh múinteoirí den scoth sin againn - sár-mhúinteoirí críochnúla maithe, a raibh meas acu ar a gceárd is ar a ndaltaí. Muimhnigh nach mór a bhí sna múinteoirí a bhí againn ar scoil - mic fheirmeoirí beaga ó Chiarraí, ó Chorcaigh agus ón gClár. D'fhoghlaimigh mé a lán uatha, go speisialta mo ghrá d'ár gcultúr agus dár dteanga ársa.
Ar lean
Labels:
Ceol,
Cuimhní cinn,
Cultúr,
Dírbheathaisnéis,
Gaeilge,
Scríbhneoireacht
Thursday, July 29, 2010
Sos agus Saoire in Isca Marina
![]() |
| Ceann des na seanghiúirléidí ar taispeáint sna Due Casette |
Is amhlaidh go bhfuilim ag dul in aois, éirithe tuirseach de bheith sa tóir ar ardú céime i mo phost, nó dioplóma nua a bhaint amach nó carr níos fearr nó níos cumhachtaí a bheith agam nó pé rud nua eile atá sa bhfaisean ag an am seo. Ach, nuair a smaoiním air arís tá níos mó ná sin ag dul i bhfeidhm orm. Mar a deir na fealsaimh tá dhá mhódh ann chun an saol a chaitheamh – sé sin (i) rudaí a dhéanamh de shíor agus (ii) go simplí bheith beo, “to do” agus “to be” mar a thugtar orthu de ghnáth sa Bhéarla. I ndáiríre píre is é an chothromaíocht an rud is fearr – gach rud a bheith i gcothrom, gan a bheith ag dul thar fóir leis seo nó leis siúd. De ghnáth is é an chéad cheann a leanann an chuid is mó de dhaoine na nua h-aoise seo – daoine an aonú aois is fichead. Ta dearmad nach mór déanta acu ar an tarna módh maireachtála. Arís chun bheith praicticiúil agus réalaíoch caithfimid ár gcúraimí a chomhlíonadh, ár maireachtaint a thuilleamh, agus chucu-san caithfimíd bheith gníomhach agus ag déanamh. Admhaím sin ach caithfimid cothromaíocht a choiméad inár saol. Sin an fáth go mba cheart agus go mba chóir do gach éinne saoire mhaith a bheith acu, briseadh suntasach nó sos ó shaol na h-oibre d’fháilt go rialta. Sa tslí sin tugtar áird ar an sláinte mheabhrach
Labels:
Cultúr,
Fealsaimh,
Fealsúnacht,
Fealsúnacht Bhaile,
Gaeilge,
Iodáil,
Laethanta Saoire,
Machnamh,
Spioradáltacht,
taisteal,
teangacha
Friday, July 09, 2010
Árainn Mhór Abú
Bhuel, a chairde, táim díreach tar éis filleadh ar mo theach tar éis sos ró-bheag a chaitheamh istigh ar an oileán. Bhí an áit bríomhar beomhar mar is gnách ag an am seo den bhliain le glórtha geala na scoláirí óga atá ag freastal ar an chéad chúrsa foghlamtha. Bhí spiorad iontach, mar is gnách gan aon agó i measc na múinteoirí fosta. Agus chuala mé nuacht ana-shuntasach gurbh í Gaeltacht Árainn Mhóir an t-aon Ghaeltacht a raibh méadú (as cuimse) ar líon na scoláirí inti, agus go raibh na huimhreacha titithe beagnach i ngach aon Ghaeltacht eile. Bhuel, comhghairdeachas do Mhánas agus dá fhoireann iontach - tá sibh ag déanamh éachta thuas ansin. Cathfidh mé a rá go mbraithim uaim an t-oileán, na daoine cairdiúla ón oileán agus gan dabht an fhoireann bhreá mhaith atá thuas ag Mánas - tá an t-ádh leis na scolairí múinteoirí den scoth sin a bheith acu -aon uair a fhágaim í. Bím suite go brónach i mo charr ar an mbád farraingteoireachta ag amharc isteach ar an chloch ghalánta ghlas breactha le h-aol.
Is doiligh go leor na laethanta gruama seo nuair nach gcloistear aon rud ar na meáin seachas drochscéalta faoi oibrithe dá ligean chun siúil bheith in ísle brí. Is rí-dhoiligh fosta éirí siniciúil faoin bpolaitíocht, faoi gheileagar na tíre, faoi chaimiléireacht na mbaincéirí, faoi fhíor-dhrochstaid an chórais leighis, fiú faoi staid na Gaeilge agus faoi fhabhanna eile gan aon agó. Ach is amhlaidh gurb iad na daoine óga lena mbeocht, lena mbrí agus lena bhfuinneamh a choimeádann muid óg agus dearfach. Chomh maith leis sin is rí-dheas a fheiceáil go bhfuil suim fós ag an méid sin daoine óga sa Ghaeilge. Tugann sé instealladh dóchais dom tar éis beagnach ocht mbliana fichead a chaitheamh ag gabháil dá teagasc go bhfuil siad ann a bhfuil grá acu don Ghaeilge, seantheanga ár muintire. Sin an fáth go bhfuil scoileanna samhraidh chomh tábhachtach sin dúinn go léir mar Ghaeil agus mar chultúr atá i bhfad níos difriúla ná an cultúr Béarla a roinnimid leis na Sasanaigh. Agus nílim ag fáil aon lochta ar an dara cultúr sin atá againn.
Chun críoch a chur ar an bpost beag seo ba mhaith liom mo bheannachtaí a sheoladh siar ó thuaidh don Choláiste, dá fhoireann iontach uile agus do mhuintir an oileáin. Chuir sé idir bhrón agus inspioráid i mo chroí bhocht nuair a ghlaoigh mé isteach ar Kathleen Boyle, bean uasal cróga lena bhfanainn sna seanlaethanta dom nuair bhí mé ag teagasc sa choláiste. Mar is eol do chách tá Kathleen ag tabhairt togha na h-aire dá chéadmhac Neil sa bhaile. Bheannaigh mé don leaid bocht. Chaitheas uair a chloig léí agus caithfidh mé a rá go raibh mo chroí nach mór briste ar mo bhealach síos chun an bháid - a leithéid sin d'fhulaingt a fheiceáil ar láimh amháin agus a leithéid sin de ghrá máthara ar an láimh eile. Gheall mé di go bhfillfinn sara i bhfad.
Caithfidh mé iarphost a chur lena bhfuil ráite agam thuas. D'iarr Mánas orm léitheireacht bheag de mo chuid dhánta fein a thabhairt don dá ardrang i Scoil Athphoirt. Caithfidh mé a rá gur bhain me an taithneamh agus sult as sin a dhéanamh dó. Pribhléid domsa ab ea é scaifte chomh béasach, tuisceanach, múinte a bheith mar lucht éisteachta, agus gan dabht ar domhan scaifte a raibh an méid suime sin acu sa Ghaeilge. Bhí a fhios agam go raibh mé ar thalamh naofa an fhile dhúchais, talamh naofa Phroinsias Mhic an Bhaird, ach tá súil agam go maithfidh sé dom é. Mar a dúirt mé sa teideal ar an bpíosa beag omóis seo: Árainn Mhór abú!

Brón,
Cultúr,
Dánta,
Fealsúnacht Bhaile,
Filíocht,
Gaeilge,
Laethanta Saoire,
Machnamh,
Scríbhneoireacht
Tuesday, June 01, 2010
Ar Ais Arís!!
Bhuel a chairde, ní thuigim cé chomh scioptha is a ghabhann na laethanta tharainn. Seo sinn agus mí an Mheithimh buailte linn agus muid ar thairseach an tsamhraidh. An uair dheiridh a scríobhas ar phár na blagchruinne bhí an domhan Gaelach faoi mhórbhrat bán an tsneachta. Sleamhnaíonn an t-am isteach ró-thapaidh ar fad. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí i gcónaí is amhlaidh.
Táim díreach tagtha abhaile ó shocraid mo chol ceathar agus ualach an bhróin trom go leor ar mo ghuaillí. Fuair Briain bás go tobann an deireadh seachtaine seo d'imigh tharainn. Is amhlaidh gur bhuail taom titimis é - bhí an laige sin ann leis na blianta. Ní raibh sé ach cúpla bliain thar seasca agus é roinnt bhlianta éirithe as obair. Níor mhair sé fada go leor chun luach mhaith a shaothair a bhaint as a phinsean. Ach sin an saol.
Anois táim beagnach saor ó shrianta na bliana acadúla - faighimid laethanta saoire an tsamhraidh ar an Aoine seo. Bliain fhada thuirsiúil a bhí ann dom óir bhíos gafa le cúrsa acadúil - dioplóma san oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Mar sin ní bhfuir mé deis aon rud a chumadh nó a scríobh sa bhlag Gaeilge seo agam. Caithfidh mé a admháil gur bhraitheas uaim an Ghaeilge. Chomh maith leis sin táim éirithe as an Ghaeilge a mhúineadh agus is amhlaidh go gcuireann sé sin isteach agus amach ar mo chumas sa teanga chéanna. Ar an láimh eile dhe bainim sásamh thar na bearta as an post nua atá agam ag teagaisc macléinn le Siondróm Asperger, Uathachas,nó iad siúd a bhfuil míchumais eile mar dhisléicse, diospraicse nó míchumais fhoghlama ginearálta orthu, bíodh sé sin éadrom nó meánach. (Asperger's Syndrome, Autism, dyslexia, dyspraxia, general learning disability, whether mild or moderate.)
Bhuel, táim druidte anois chun deiridh. Caithfidh mé críoch de shórt éigin a chur leis na smaointe fánacha seo agam. Caithfidh mé filleadh ar thobar na Gaeilge, bíodh sé sin sa léitheoireacht nó sa scríbhneoireacht féin. Gan dabht ba cheart agus ba chóir dom blaganna as Gaeilge a léamh agus fiú machnamh a dhéanamh orthu. Uatha san cuirfidh mé le mo stór focal gan aon agó.

Bás,
Brón,
Dobhrón,
Fealsúnacht Bhaile,
Gaeilge,
Machnamh,
Scríbhneoireacht
Saturday, January 02, 2010
Athbhliain agus Athbheochan
Bhuel, a chairde, seo sinn agus bliain bhreá úr nua ós ár gcomhair amach agus áthas an domhain ar an bhformhór dúinn an bhliain dhubh dhorcha 2009 a adhlacadh i gcúinne breacscamallach ár n-aigní. Éinne a raibh an droch-ádh leis nó léi seal maith a chaitheamh in oispidéal - mar a chaitheas féin nuair a bhí mé in aois dhá scór dom - agus a éiríonn leo teacht slán sábháilte as an umar pianmhar sin - tugann siad faoin saol amhail is go rabhadar ag tosú as an nua. Ní réamhléiriú feistithe nó réamhchleachtadh atá i gceist againn ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo - ní fhaighimid ach seans amháin súp agus sult a fháisceadh as an mbeatha. Tagann an nath beag Laidine isteach im'aigne - "carpe diem" leis an seanfhile Rómánach Horáit a mhol dá léitheoirí gan ródhóchas a bheith acu as an todchaí éiginnte ach smaoineamh ar an am i láthair agus ar na buanna go léir ata againn anois díreach. ( = Carpe diem quam minimum credula postero). Dúirt seanchomhleacaí liom, atá éirithe as an mhúinteoireacht leis na blianta, go mbainimid an crannchur náisiúnta nó an lató gach lá nuair a éiríonn linn ár gcosa a leagadh ar an talamh fiú. B'fhíor dhó gan aon agó. Mhol seisean dom smathán uisce beatha a ól gach oíche. Mhol Horáit ina dhán clúiteach thuasluaite agam dul i muinín an fhíona. Gan dabht dob é Naomh Pól a mhol an rud ceannann céanna do na Críostaithe luatha chomh maith.
Bhuel, a chairde, táim i mo shuí in aice leis an bhfuinneoig thosaigh de mo theach ag breathnú amach anois is arís ar na páistí atá ag imirt leis an sneachta atá ina brat geal fíorbhán is grian leathchumasach an gheimhridh ag lonrú go dóchasach ann. Glacaim misneach agus dóchas as an bhliain úrnua atá ós ár gcomhair amach. Buíochas le Dia tá an Tíogar Ceilteach - miotas nimhneach na sainte is an chíocrais - básaithe agus adlactha. Táimid go léir, ceapaim, i bhfad níos réadúla faoi mhaoin agus saibhreas an tsaoil. Mar a deir an seanfhocal, agus bíonn neart gaoise agus eagna in sna seanfhocail chéanna - "Is fearr an tsláinte ná na táinte." Caithfidh mé deireadh a chur leis an bpost beag seo, cith d'fháilt agus m'aghaidh a thabhairt ar na bóithre sleamhaine geala agus cuairt a thabhairt ar mo mháthair ina teach banaltrais.
Guím athbhliain faoi shona is faoi mhaise oraibh go léir. Bainigí sult agus súp as an bhliain agus go raibh abheochan mhór in bhur saol agaibh!
Slán tamall.
Tá grianghraf den radhard ó m'fhuinneoig thosaigh curtha agam thuas ar barr an phoist
Labels:
Fealsúnacht Bhaile,
Ionraiceas,
Machnamh,
Seanfhocail,
Spioradáltacht
Monday, December 28, 2009
Fuinneamh an Fhocail

Is oth liom, a chairde, nach bhfuaireas aon deis scríobh ar bhlagchruinne na Gaeilge le linn thréimhse na Nollag. Mar sin, seolaim mo bheannachtaí chugaibh anois gidh is go bhfuil siad déanach go leor. Is séisiúr speisialta é an Nollaig, gan dabht ar domhan, séisiúr na síochána agus an dóchais, agus tá idir shíocháin agus dhóchas de dhíth ar an domhan seo i gcónaí.
Mar a dúras thuas is séisiúr speisialta é tréimhse na Nollag, agus is séisiúr é chomh maith atá lán d'fhilíocht agus de cheol - filíocht agus ceol an anama atá i gceist anseo agam. Ag an tráth seo den bhliain faighimid deis machnamh a dhéanamh ar ár saol tré chéile - ceisteanna doimhne a chur orainn féin faoin treo ina bhfuilimid ag druidim nó an bhfuil ár spriocanna áirithe pearsanta bainte amach againn. Sé mo bharúil gurb iad an ceol is an fhilíocht go h-áirithe a speagann sinn, a ardaíonn an spiorad is an mheanma, a thugann dóchas dúinn dul i ngleic le fadhbanna móra na linne agus fiú aghaidh a thabhairt ar an lá agus ar laethana uile na bliana romhainn amach.
Duine des na mórscríbhneoirí agus mórfhilí a chuaigh i bhfeidm go mór orm féin is mé i mo mhacléinn ar an ollscoil ná Samuel Taylor Coleridge, mórfhealsamh thréimhse na Rómánsaíochta i stair an Bhéarla. B'eisean a dúirt gurbh é an focal cuí san áit cuí croílár na stíle, "the right word in the right place," más buan mo chuimhne. Mar sin guím ceol is dánta agus cumhacht an cheoil is na ndánta oraibh go léir agus fuinneamh an fhocail don bhliain seo atá rohainn amach . I ndáiríre píre sin a thuigimse atá i geist i mBrollach Shoiscéal Naomh Eoin, agus gan dabht níos mó dóibhsin a chreideann i mBriathar Dé. Mar sin ba mhaith liom dán beag, lán d'fhuinneamh an fhocail agus lán de cheol a chur faoi bhúr mbráid anseo inniu, gídh is go bhfuil se pas beag déanach. Ach bíodh sin mar atá, teimís i muinín an fhocail fhileata: Seo dhaoibh dán beag de chuid Mháire Mhic an tSaoi duine de mhórfhilí na linne. Chomh maith leis sin tá nasc agam anseo ag bun an dáin do video beag ó YouTube leis an gcumadóir féin ag léamh an dáin:
OÍCHE NOLLAG
le Máire Mac an tSaoi
Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gnoc,
Adaigh an tine is téir chun na leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Fágfaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh scíth an bhóthair a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Brúigh ar an nasc seo a leannas chun guth breá binn an fhile a chlos ag léamh an dáin iontaigh seo: Oiche Nollag
Thuas tá pictiúr a ghlacas le mo fón póca i lár na cathrach cúpla lá ó shin.
Labels:
Ceol,
Dánta,
Fealsúnacht,
Filíocht,
Ionadh,
Laethanta Saoire,
Machnamh,
Spioradáltacht
Sunday, November 22, 2009
Randamacht agus Oirchill
Is amhlaidh gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann sceon orainn - agus uafás fiú - ná an randamacht neamhphearsanta a bhaineann leis an saol i gcoitinne. Tarlaíonn a lán rudaí de sheans nó de thaisme, ach táthar ann a deir nach dtarlaíonn aon rud faoin spéir saolta go randamach, gurb amhlaidh go dtiteann rudaí amach faoi stiúr phleananna doiléire dothuigthe rúndiamhaire Dé. Uair amháin agus mé im’ ógánach neamhurchóideach agus fiú im’ fhear óg soineanta chreid mé a leithéid siúd, sé sin nach dtarlódh aon rud de sheans nó de thaisme ar an saol seo ach go dtitfeadh gach rud amach ina am cuí féinig agus in a am cuí féinig arís faoi scáth diamhair mistéireach oirchill Dé. Séard atá i gceist ag na diagaithe le h-oirchill nó le deonú Dé ná go bhfuil plean nó cuspóir uileghábhálach ag an gCruthaithóir – cuspóir uileghabhálach nach bhfuilimid in inmhe a shamhlú fiú gan trácht ar é a thuiscint in aon chur. Sea cinnte, is daoine beaga neamhshuntasacha sinn i gcomparáid le fairsinge agus scóipiúlacht na cruinne féin. Tagann an rann clúiteach sin de chuid Shakespeare chun chuimhne dom, na focail a chuir sé i mbéal Gloucester i dtraigéide King Lear:
“As flies to wanton boys are we to th' gods,
They kill us for their sport.”
Bhuel bíodh sin nó na bíodh. Bíodh Dia ann nó ná bíodh. Is cuma sa tsioc ar shlí. Nílim chun Dia a dhiúltú nó a bhréagnú anseo mar a dhéanann a léitheidí mar Richard deisbhéalach binnbhriathrach Dawkins. Ar an láimh eile dhe nílim chun é nó í a chosaint ach an oiread – a rá go bhfuil oirchill de shaghas éigint taobh thiar den domhan tathagach seo ‘gainne.
Séard atá i gceist agam anseo ná an eispéireas dothuigthe, uafásach, scanrúil sin a bhriseann is a scriosann an duine daonna nuair a thiteann rudaí tragóideacha truamhéalacha amach cosúil leis an timpiste uafásach sin a tharla le déanaí ar bhóithre na Gaillimhe. Gan dabht tagraím don tionóisc chinniúnach sin (Feictear an nasc seo: Tragóid ) a tharla ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Ballindine i gContae na Gaillimhe Dé Máirt seo caite a d’fhág ceathrar scolaire óga – cailíní óga iad go léir ins na ficheadaí luatha – chomh marbh le clocha fuara ar an ród fuarchúiseach. Ba mhicléinn iad uile in Ollcoil na Gaillimhe. Ní raibh siad ach ag tairseach an tsaoil. Ba randamach tragóideach an buille dóibhsan agus dá muintir uilig. Tháinig cailín bocht amháin slán ach tá an créatúr bocht fós i mbaol - í sínte gan aithne gan urlabhra ar chlár a droma in oispidéal Beaumont anseo láimh liom i mBaile Atha Cliath. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuici agus chuig a muintir uilig in am seo a ngátair. Ní féidir linn a mbuairt ná a bhfulingt a thuiscint. Chuala mé nath éigint uair amháin a deir: "Scríobhann an Cruthaitheoir le línte cama nach féidir linn a léamh." Fágaim cíoradh an natha ait sin libh a leitheoirí díle.
Scriostar sinn i ndiaidh tragóide chomh h-uafásach leis an gceann a luaigh mé díreach ansin - agus ba cheart agus ba chóir go scriosfaí mar is fíor luachmhar leochailleach an bláth é an saol. Agus, a chairde croí, ní bláth ilbhliantiúil é ach an oiread.
Bainigí uile súp agus sult as an saol fad a mhaireann sibh! Mar a deir an seanrann sin:
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.”
Labels:
Bás,
Brón,
Dobhrón,
Fealsúnacht,
Fealsúnacht Bhaile,
Fulaingt,
Grá,
Macántacht,
Olc,
Seanfhocail,
Slad,
Taisme,
Timpiste,
Tionóisc,
Truamhéil,
Uafás
Saturday, November 14, 2009
Féith na Cruthaíochta
De réir mar a théim in aois déanaim iarracht nach beag an tsiniciúlacht a sheachaint. Dar liom gurb í an tsiniciúlacht chéanna ceann de na míbhuntaistí a bhaineann le sleamhnú isteach na mblianta. Uair dá raibh is cuimhin liom siúl isteach i seomra foirne amháin i meánscoil chlúiteach ins na h-ochtóidí luatha den aois seo caite agus mé in ard-ghiúmar faoi rang maith a bhí tar éis bheith agam agus gurbh é an freagra a fuair mé ó sheanmhúinteoir a bhí suite i gcúinne amháin ná: "Foghlaimeoidh tú an fhírinne sar i bhfar!" Caithfidh mé a rá gur bhain an ráiteas sin uaidh siar asam ag an am. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a rá leis go dtuigim dó anois tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag obair sa ghort, nó chun meafar eile a mhúnlú, tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag treabhadh na mara.
Ní thugtar mórán cúrsaí traenála do mhúinteoirí le linn a saoil mhúinteoireachta. Go deimhin tá méid beag cúrsaí tacaíochta ann maidir le h-ábhair an churaclaim ach ní thugtar aon inseirbhísí ar an gcéird fhéinig maidir le cúrsaí proifisiúnta mar bhainistíocht ranga, iompar nó mí-iompar na ndaltaí, forbairt phearsanta agus forbairt phroifisiúnta an mhúinteora féin, módhanna nua teagaisc, athraithe móra sóisialta na linne, rangannaí ar an siceolaíocht nó ar an soceolaíocht féin. Is mithid dom stopadh mar tá go leor lochtanna ar an gcóras oideachais taobh amuigh de na cinn a bhaineann leis an gcéird fhéinig - na gearrthaí siar go léir 7rl.
Ar aon nós ní hí an tsiniciúlacht atá mar ábhar an phoist bhig seo dom ach a frithnimh, sé sin féith na cruthaíochta. Tar eis tríocha bliain dom ag treabhadh na mara mar a mhúnlaigh mé an meafar sin thuas, táim anois díreach sáite i gcúrsa mór maith inseirbhíse, nó leis an fhírinne a rá, cúrsa traenála nua - táim ag déanamh cleachtadh múinteioreachta arís, ag ullmhú pleananna ranga, pleananna téarma agus ag déanamh staidéir ar mhódhanna nua múinte, ar bhainistíocht ranga, ar chur chuige nua maidir le Mata, Béarla, Cumarsáid agus mar a bhaineann siadsan le múineadh daltaí laga. Ní mór dúinn go léir iniúchadh a dhéanamh ar ár saol proifisiúnta chun athbhrí a chur ann nó chun é úrú nó fiú a athbheoú.
Taobh amuigh de sin caithfimid go léir caithimh aimsire a bheith againn a scaoileann an strus is an brú chun siúil, is cuma sa tsioc cad iad na caithimh aimsire céanna. Téigh amach ag siúl fá na bóithre nó fa na cnoic má bhíonn an deis sin agat. Nó fiú bí ag ceol nó ag canadh nó ag scríobh. Le linn na tríocha bliain sin ata caite agam im' mhúinteoir thugas fé ndear gurbh iad na múinteoirí cruthaitheacha na daoine a bhí in ann coinneáil ar siúl, na daoine a bhí in ann an tsiniciúlacht a sheachaint, a bhí in inmhe iad fein a athbheoú bliain i ndiaidh bliana.
Gan dabht ar domhan is e féith na cruthaíochta íocshláinte nó frithnimh na siniciúlachta.
Thuas, grianghraf a ghlacas ar chiumhais abhainn an Arno - lungarno - Firenze cúpla blian ó shin. Dar liom is í cathair Firenze croílár na cruthaíochta
Sunday, September 27, 2009
Déjà vu

"Is amhlaidh go raibh mé díreach san áit cheannann chéanna seo uair dá raibh," arsa mise liom féin ar dul isteach dom tré gheata tosaigh Choláiste Phádraig an Luan seo caite. Go deimhin is maith is cuimhin liom dul faoi agallamh iontrála sa bhliain chinniúnach san, míle naoi gcéad is a seachtó sé - bliain m'ardteise. Ag an uair sin bhí ar an ábhar múinteora amhrán a chanadh mar ceapadh go mba chóir don teagascóir bheith in inmhe canadh. Bhí an t-ádh liom bheith in ann é a dhéanamh agus is cuimhin liom an t-amhrán clúiteach sin "Preab san Ól" a cheol. D' éirigh go geal liom san agallamh ach dhiúltaigh mé an an t-ionad sa choláiste sin mar theastaigh uaim bheith im' mheánmhúinteoir. Mar a dúirt mé cheana sna poist ar an mblag seo'gam bhí Micheál Ó Muircheartaigh (an tráchtaire clúiteach sin ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar Raidio 1 gan aon agó atá faoi chaibidil agam anseo, agus é beagnach in aois a cheithre scór anois - go maire tú an céad, a Mhíchíl uasail) ó Chiarraí agus Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh agam mar mhúinteoirí Gaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad Mhícheál díobh san á rá nár cheart d'éinne dul isteach sa bhunmhúinteoireacht gan bheith sásta a shaol oibre a chaitheamh le páistí beaga agus nár cheart d'éinne dul le méanmhúinteoireacht gan bheith in ann cur suas le déagóirí. Dob é sin an chomhairle ab fhearr a fuair mé riamh faoi chéird an oide. Fear fíorphraiticiúil é an Mícheal céanna. Bhí an scoth den Ghaeilge ag an mbeirt acusan. Iarbhunmhúinteoirí ab ea iad sula ndeachadar isteach sa dara leibhéal. Bhíodar bheirt anseo i gColáiste Phádraig sna caogaidí luatha.
Ar aon nós, séard a bhí ar siúl agam ná gur thosnaigh mé ar chúrsa eile iarchéime - Dioplóma Iarchéime sna Riachtanais Speisialta Oideachais. Bhraith mé gurbh amadán ceart mé bheith ag tosnú as an nua ar phleananna ranga, scéimeanna oibre, nótaí agus níos mó nótaí, gan trácht ar dhiabhal na téarmaíochta uafásaí atá ag baint leis an diabhal-rud céanna. Sea amadán ceart mé ach is fíor le rá gur tosú nua é i mbliain mo dhara bliain caogad dom. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh a lán deiseanna agam scríobh ar phár na blagchruionne anseo mar ceapaim go mbeidh me ró-ghnóthach. Ach bíodh sin nó na bíodh leanfaidh mé ar aghaidh ag léamh an méid sin a scríobhann mo chairde dile ina mblaganna éagsúla. Slán beo leis na seanlaethe! Ní thiocfaidh siad ar ais choíche. Is maith is cuimhin liom an t-ógánach neamhurchóideach soineanta a bhí ionam na blianta ó shin agus mé ag siúl liom trén ngeata sin. Chuir sé ionadh, gliondar agus fiú sceon ar mó chroí an Luan cinniúnach seo caite go raibh an t-ógánach sin caillte leis na blianta agus é claochlóite anois ina fhear meánaosta le taithí na mblianta ar a sheanghuailne.
Thuas chuireas grianghraf den fheá mhaith mhór álainn a leagadh le déanaí. Bhí an fheá roinnt mhéadair lastuigh den gheata tosaigh. Moladh an leagadh toisc go raibh an crann ró-shean agus ana-chontúirteach. Feictear an nasc seo a leanas: Feá na Feasa
Labels:
Cuimhní cinn,
Dírbheathaisnéis,
Gaeilge,
Ionadh,
Macántacht,
múinteoireacht,
Paisean,
Teagasc.
Saturday, September 05, 2009
Cad is Grá Ann?

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fada go leor ar dhomchla an phlainéid bhig seo agus nach dtuigim in aon chor cad tá i gceist nuair a luaitear an focal "grá." Is amhlaidh go luaitear go ró-mhinic an focal seo agus go laghdaíonn an mhinicíocht sin an bhrí. Ní h-é sin le rá nar léigh mé leabhair faoin ábhar - idir dhiagacht agus fhealsúnacht, gan trácht ar na dánta is na h-úrscéalta go léir. Lena chois sin, gan dabht, bhíos sáite i gcúpla caidreamh ó am go chéile im 'am ar an saol seo agus adhmhaím gur mhothaigh mé go rabhas i ngrá. Gan dabht ar domhan is rud é an rómánsúlacht a d'eascair agus a d'fhás ó aimsir na dTroubadours i leith agus ceapaim gur rud nó feiniméan siceolaíochta é a chruthaítear inár samhlaíocht fhéin. Bíodh sé sin nó na bíodh is amhlaidh go n-aithnímid feiniméan an ghrá nuair a mhothaímid é nó nuair a bheirtear orainn ina líon. Ar aon nós seo dhaoibh an dara dán a chumas ar laethanta saoire dhom san Iodáil. Níl ann ach focail ach is leor iad na focail. Bíonn an bhrí is an míniú de shíor sna focail seachas i gcoincheapanna teibí na meitifisice.
Iomar an Ghrá
Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is páistí beaga ag léimt
In aghaidh na dtonnta
Tá beirt leannán ag pógadh -
Béal in aghaidh béil-
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.
Thíos ar thrá Isca
Is an ghrian fós go h-ard
Tá Iodálaigh dhonna dóite
Ag déanamh bolg le gréin.
Tá beirt fhear i mbád beag
Ag iomramh mar dhiabhail -
Ina bpáistí aríst.
Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is sinn uilig ag iarraidh
Fuascailt ón mbuairt
Tá an fharraige mar mhantra
Dár saoradh ón mbrú.
Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Tá an ghrian is an gaineamh,
An t-uisce is an ghaoth
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.
Thuas - cúr na farraige ar thrá Isca Marina i gCalabria na hIodáile!
Labels:
Dánta,
Fealsúnacht,
Fealsúnacht Bhaile,
Filíocht,
Grá,
Ionadh,
Laethanta Saoire,
Paisean,
taisteal
Saturday, August 29, 2009
Ní Bhíonn in aon rud ach Seal

Is í ceann de na mórfhabhanna a bhíonn againne mar dhaoine ná chomh tapaidh is a cheapaimid go sleamhnaíonn na laethanta uainn - is deacair i ndáiríre bhreith ar eireaball an am i láthair. Molann na daoine feasa dúinn conaí san am i láthair nó díreach i láthair na h-uaire gan a bheith caillte ar láimh amháin in aithreachas nó áiféala faoi rudaí a tharla san am atá caite agus nach féidir linn puinn a dhéanamh fúthu anois, agus ar an láimh eile dhe a bheith sáite in umar domhain na buartha faoin am atá le teacht. Má mhairimid faoi chathú nó faoi bhuairt nílimid saor dá laghad. Is é chroí-lár na saoirse é bheith in ann maireachtáil gan chathú agus gan bhuairt san am i láthair. Ach is fusa a rá ná a dhéanamh. Is obair saoil é i ndáiríre maireachtaint san am i láthair. Bhuel, ar aon nós, sin iad na smaointe a ritheann liom agus mé tagtha ar n-ais go hÉirinn tar éis cúig sheachtainí a chaitheamh san Iodáil Theas. Sin an fáth, i ndairíre, gur rith an seanfhocal sin thuas liom - Ní bhíonn in aon rud ach seal - mar theideal oiriúnach ar an bpost beag seo. Níor bhraith mé uaim an baile in aon chor mar is mó go mór a bhraithim mar Éireannach nó mar Ghael nuair a bhím thar lear. Níor scríobh mé mórán i nGaeilge nuair a bhí mé ann seachas cúpla dán. Seo ceann amháin díobh daoibh:
Im’ Aonar in Isca
Anseo in Isca na hIodáile
Is teanga mo dhúchais in easnamh
Is mé ag tóraíocht an fhocail iasachta
Braithim uaim aibítir mo chroí.
Anseo in Isca na hIodáile
Is Luke Kelly dá sheint
Ar mo ríomhaire glúine
Braithim pas beag uaigneach.
Ach is cuma sin is uile:
Is breá liom mo chomhluadar fhéinig
Is an ghrian dom’ dhó
Ag ruaigeadh uaim allas na sáighe.
Anseo in Isca na hIodáile
Fad ó spéartha liatha na gruaime
Suím faoi bhrat gorm gan scamall
Is ardaítear m’anam.
Anseo in Isca na hIodáile
Is teach beag nua agam faoin ngrian
Airím fréamhacha mo dhúchais
Ag bogadh faoin talamh tirim.
Chomh maith leis sin, a leitheoirí dile, feicim go bhfuil níos mó agaibh ann anois. Failte rómhaibh go léir.
Slán tamall.
Thuas chuireas pictiúr a ghlacas dena cnoic thart fá Isca i gCalabria na hIódáile
Labels:
Dánta,
Fealsúnacht Bhaile,
Filíocht,
Gaeilge,
Laethanta Saoire,
Seanfhocail,
Spioradáltacht
Monday, July 20, 2009
Sos Beag

Níl a fhios agam cá dtéann an t-am in aon chor - sleamhnaíonn sé chomh gasta sin uainn. Ar aon nós caithfidh mé sos míosa nó níos mó a ghlacadh ón mblag seo. An fáth ná go bhfuilim ag dul síos go dtí an Iodáil Theas - Isca Marina - sráidbhaile beag ar chósta Mhuir Ionio. Anois, táimid chomh fada sin thíos ar mhéar na coise mar a déarfá nach bhfuil mórán fáil againn ar an idirlíon. Ar aon chaoi, níl an t-árasán ach tar éis a bheith tógtha.
Ansin, tá sé beartaithe agam briseadh a thógáil roimh fhilleadh ar obair - ag teagasc buachaillí a bhfuil Asperger's orthu. Is post é atá an-díocasach go deo, ach ar a shon san is obair an-sásúil í. Ós rud é go bhfuil cúpla galar nó tinneas orm - brú fola, airtríteas agus colaistéaról ard chomh maith leis an ghruaim, bíonn orm mám mór drugaí a thógáil in aghaidh an lae. Lena chois sin bíonn mo dhochtúir de shíor ag tathaint ort dhá chloch de mheáchan a bhaint díom, agus caithfidh mé éalú uaidh ar feadh míosa ar a laghad. Ar aon nós coinníonn na piollaí ag gluaiseacht mé ar scor ar bith. Anois, nílim ag gearáin in aon chor. Mar a deireadh mo dhaid, slán beo lena anam uasal, tá a lán sínte sa reilig a thabharfadh aon rud bheith beo ar an saol fós - fiú is dá mbéadh na tinnis éagsúla atá orainne orthu mar fhulaingt. Is amhliadh gurbh fhíor dhó.
Bhuel, ó bhí me an-óg bhí suim riamh agam i scríbhneoireacht - i mBéarla agus i nGaeilge, an dá ábhar arbh fhearr liom ar scoil. Nuair a bhíos sa mhéanscoil thosaigh mé ag scríobh d'irisleabhar na scoile, agus fós im' scoilse anois is mise eagarthóir an irisleabhair bhliantúla. Chomh maith leis sin tá grúpa beag scríbhneoireachta agam ar scoil agus é beartaithe agam blag a chur suas le nasc dár suíomh scoile. Ar aon nós sin an plean atá agam.
Bhuel, is oth liom a rá go gcaithfidh mé scarúint le pé duine atá amuigh ansin ag léamh na bhfocal seo. Gurab míle maith agaibh as bheith im' chomhluadar. Is mór agam é leis an fhírinne a rá. Mar a dúras roimhe seo caithfidh mé a lán nithe praicticiúla a dhéanamh, mar shampla, cistin a cheannach dár n-arasán nua san Iodáil, cúntais bhainc a oscailt, cúntais leictreachais, gáis agus uisce a oscailt agus a íoc astu, troscáin agus leabaí a ordú 7rl Anois níl ach an tríú chuid nó trian den chostas le h - íoc agam mar tá beirt deartháireacha agam agus roinnimid gach rud eadrainn. Is árasán teaghlaigh é i ndáiríre píre.
Anois caithfidh mé ullmhúcháin a dhéanamh don turas, siopadóireacht agus a leithéid, gan trácht ar an bpacáil uafásach nach maith liom ar chor ar bith.
Bhuel, fágaim agaibh mó bhuíochas, mo dea-ghuí agus mo bheannachtaí, chomh maith le mo chuid dhánta agus guím samhradh mór maith oraibh go léir. Slán tamall.
Tim.
Thuas, chuir mé pictiúr eile a ghlacas den nóinín mór, bláth simpli álainn siméadrach a thaitníonn go mór liom.
Sunday, July 19, 2009
Seandánta 13

Bhuel, caithfidh mé a rá, go dtarlaíonn míorúiltí ó am go chéile. Sé sin le rá, go bhfuil roinnt leitheoirí amuigh ansin ar an mblagchrinne a léann na blaganna éagsúla. Táim tar éis cuireadh a fháil ó Shéamas Ó Neachtain, eagarthóir irise breá nua as Gaeilge agus í siúd foilsithe sna Stáit Aontaithe. Táim ag déanamh tagairte don iris nua An Gael. Feic an nasc seo le do thoil: An Gael . Ós rud é go bhfuilim ag tabhairt tagairtí anseo bhéadh sé oiriúnach nasc a chur anseo leis chuig bhlag Shéamuis fhéin: brúigh anseo le do thoil: Séamus Ó Neachtain. Ar aon nós d'iarr an t-eagarthóir orm dha dhán a sheoladh chuige don chéad eagrán den iris ghalánta seo. Is féidir an chéad chóip a iniúchadh ag an nasc seo: brúigh anseo le do thoil: An Chéad Eagrán .
Bhuel, mar a dúirt mé cúpla uair roimhe seo, táim ag dul siar ar seandánta a scríobh mé agus á gcur i gcló anseo. Seo ceann eile dhaoibh:
Dathanna uile na mBláthanna
Bláthanna úra agus dhá shoitheach díobh,
Coinnle agus soilse ísle agus muidne ar an tolg
Agus guth iontach tarraingteach Luca Carboni sa chúlra,
An rithim bhreá rialta Iodáileach –
Gutaí oscailte agus dúnta
Agus muid ag éisteacht le fadhbanna a chéile agus eile
Agus screadaíl na ngirseach ag an gceolchoirm bheo –
Agus an t-amhránaí ag díol a anama leis an slua –
Anam ar díol, anam ar díol, anam ar díol,
Quanti colori di sassi e di fiori, di strade e di muri
Agus an guth éadrom ag mealladh an lucht éisteachta
An síol a ithe as a lámha.
Tú mar éinín beag bídeach eaglach i mo lámha
Agus mise dod’ chiúiniú, dod’ chur ar do shuaimhneas
Agus ár dteangacha ag cuimilt a chéile
Ar thóir an chompóird spiordálta,
Ag iarraidh breith ar an ngaoth.
Tá boladh breá úr óna bláthanna is óna coinnle.
Sar i bhfad múchfar iad agus rachfar a luí.
Sa dorchadas ní thabharfar faoi deara
Dathanna uile na mbláthanna.

Thuas tá pitiúr curtha agam de nóinín mór fiáin a ghlacas cúpla bliain ó shin.
Labels:
An Léann Ceiltigh,
Dánta,
Filíocht,
Fírinne,
Grá,
Ionadh,
Ionraiceas,
Macántacht,
Paisean,
Scríbhneoireacht,
taisteal
Friday, July 17, 2009
Seandánta 12
Seo dhaoibh thíos dán beag simplí iontuigthe ar ábhar an cheoil is ar an ndóigh ina gcoraíonn sé muid. Deirtear gurb í an ceol teanga an chroí nó teanga an ghrá. Is teanga idirnaisiúnta é gan focail mhínithe ar bith ag gabháil leis. Is créatúir muid a dhéanann fuaimeanna. Samhlaím gur eascair teangacha sna seana phluiseanna inar chónaigh ár sinsir. Rinneadar fuaimeanna éagsúla chun a mianta a chur in iúl agus chun eolas a fháil. De réir a chéile d'fhás agus d'eascair teangacha agus ceol. Is rud ana-bhunúsach é fuaimeanna an tsaoil nó fuaimeanna a dhéantar chun dul i dteagmháil le duine eile. Is rud fíor-álainn é an ceol a dhéantar chun leanbh a chur a chodladh. Is rud ana-chorraitheach e an ceol a dhéantar chun fuascailt a thabhairt do chroí atá faoi bhrú. Is rud fíor-thabhachtach é an ceol a dhéantar nuair a bhíonn meitheal ag obair ar fheirm nó i láthair oibre eile. Smaoinigh ar na h-amhráin a chantar le linn oibre mar rabhcáin mharaí nó rabhcáin háilléir. Is leor é seo mar réamhrá.
Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Táim cosúil le h-aindiúlach – tugtha dó,
Ceol na céille agus na díchéille,
Ceol an bhrí is ceol na h-easpa.
Seo mise agus Dylan Live ag fáisceadh a chroí
Agus mo chroí-se leis sa Royal Albert Hall 1965.
Blianta ó shin – na seascaidí agus mise im’ pháiste –
Deacair a chreidiúint go mbéinn bogtha ‘gus corraithe
Daichead bliana i ndiaidh an taifeadta.
Ach sin mar atá agus mar a bheidh go brách -
Is deacair na fáithe a dhiúltú nó a sheachaint.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Taim cosúil le deisceabal Rí an cheoil,
Le mac léinn an mhisteachais,
Le seanadraoi na págántachta,
Le leantóir Chríost an Damhsa,
Táim ar oilithreacht an cheoil –
Ag lorg brí nach bhfaighim san ól
Ná fiú i bhfreagraí na n-intleachtach
Ná i gcallán mór an domhain.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!
Labels:
Ceol,
Dánta,
Fírinne,
Ionadh,
Laethanta Saoire,
Paisean,
Spioradáltacht,
taisteal
Subscribe to:
Posts (Atom)